An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide) Ar Aghaidh (Caibidil VII Frithsheachaint)

11 1979

AN tACHT AIRGEADAIS, 1979

Caibidil VI

Frithimghabháil

Teorainn ama le himeachtaí achomaire áirithe.

29. —Leasaítear leis seo na hAchtanna Cánach i ndáil le cionta a dhéanfar tar éis dáta an Acht seo a rith—

(a) trí “, 413” in alt 517 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a scriosadh, agus

(b) trí “10 mbliana” a chur i ionad “thrí bliana” san alt sin 517 agus in alt 148 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ,

agus tá na hailt sin 517 agus 148, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

517. D'ainneoin fo-alt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire faoi alt 128, 173 nó 516 a thionscnamh laistigh de 10 mbliana ón dáta a rinneadh an cion nó a tabhaíodh an pionós (cibé acu é).

148. D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire faoi alt 516 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (ráitis bhréagacha), arna fheidhmiú i ndáil le cáin chorparáide nó faoi alt 63 (doiciméid agus taifid a thabhairt ar aird: faoiseamh díolachán onnmhairí) a thionscnamh laistigh de 10 mbliana ón dáta a rinneadh an cion nó a tabhaíodh an pionós (de réir mar a bheidh).

Leasú ar alt 70 (cumhacht chun a cheangal tuairisceán a thabhairt i dtaobh bunaidh ioncaim comhpháirtíochta agus i dtaobh na méideanna a fuarthas ón gcéanna) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

30. —Leasaítear leis seo alt 70 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Déanfaidh comhpháirtí tosaíochta aon chomhpháirtíochta, nuair a chuirfear de cheangal air sin a dhéanamh trí fhógra a thabharfaidh cigire dó, ráiteas i scríbhinn, agus é sínithe aige, a ullmhú agus a sheachadadh don chigire laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra sin, a inseoidh méid na mbrabús nó na ngnóchan a d'eascair don chomhpháirtíocht ó gach aon agus gach uile bhunadh is inmhuirearaithe de réir na sceideal ar leithligh, ar iad a mheas don tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus de réir fhorálacha an Achta seo agus cuirfear dearbhú ag gabháil leis an ráiteas á rá go bhfuil na méideanna sin measta i leith na mbunadh ioncaim go léir a luaitear san Acht seo, agus tabharfar tuairisc ar an gcéanna, tar éis cibé suimeanna, agus gan ach cibé suimeanna, a bheidh ceadaithe a asbhaint.

(3B) Beidh éifeacht le halt 174 i ndáil le comhpháirtíocht a sheolann trádáil nó gairm ionann is dá ndéanfaí san alt sin—

(a) tagairt do chomhpháirtí tosaíochta a chur in ionad na tagartha do dhuine gach áit a bhfuil an tagairt sin,

(b) ‘chuig comhpháirtíocht’ a chur in ionad ‘chuige’ agus

(c) trí ‘nó i seilbh nó ar urláimh na comhpháirtíochta’ a chur isteach i ndiaidh ‘urláimh’.”

Cumhacht sonraí i dtaobh idirbhearta le cáiníocóirí agus doiciméid maidir le dliteanas cánach cáiníocóirí a fháil ó dhaoine áirithe.

31. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” cigire a bheidh údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo a fheidhmiú;

ciallaíonn “gnó” aon trádáil, gairm nó gnó (seachas gnó baincéireachta de réir bhrí Acht an Bhainc Ceannais, 1971 );

folaíonn “doiciméid” leabhair, cuntais agus taifid;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó cáin chorparáide.

(b) Beidh ar áireamh na ndaoine a bhféadfar déileáil leo mar “an cáiníocóir” faoin alt seo cuideachta nach ann di a thuilleadh agus pearsa aonair a d'éag; agus, i ndáil le pearsa aonair den sórt sin, is tagairt ansin don bhaintreach nó don bhaintreach fir an tagairt i bhfo-alt (2) don chéile (ní bhainfidh sé le hábhar chun críocha an fho-ailt sin gur phós sise nó seisean athuair).

(2) I gcás duine (dá ngairtear “an cáiníocóir” san alt seo) do sheachadadh ráiteas do chigire i dtaobh an ioncaim, na mbrabús nó na ngnóchan a d'eascair chuige—

(a) ó aon ghnó (san am a caitheadh nó san am i láthair) a sheol nó a sheolann sé féin nó a chéile, nó

(b) ó aon ghnó (san am a caitheadh nó san am i láthair) a raibh baint ag ceachtar díobh lena bhainistí tráth ábhartha,

agus nach mbeidh an cigire sásta leis an ráiteas, féadfaidh an cigire fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an gcáiníocóir á rá—

(i) nach bhfuil sé sásta leis an ráiteas a seachadadh dó, agus

(ii) go bhfuil iarrtha aige ar oifigeach údaraithe fógra faoin alt seo a sheirbheáil ar dhaoine atá, i ndáil leis an gcáinocóir, faoi réir an ailt seo.

(3) I gcás ar seirbheáladh fógra faoi fho-alt (2) ar an gcáiníocóir, féadfaidh oifigeach údaraithe, d'fhonn fiosrú a dhéanamh faoi dhliteanas cánach an cháiníocóra, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheáil ar aon duine atá, i ndáil leis an gcáiníocóir, faoi réir an ailt seo, a cheangal air, laistigh den tréimhse a bheidh luaite san fhógra, nó laistigh de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an t-oifigeach údaraithe—

(a) sonraí a thabhairt dó i dtaobh aon idirbhearta gnó a bhí ag an duine sin leis an gcáiníocóir le linn tréimhse luaite, agus

(b) cibé doiciméid a sheachadadh dó nó, más rogha sin leis an duine dá dtabharfar an fógra, a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigeach údaraithe, is doiciméid a mbeidh a sonraí nó a dtuairisc tugtha san fhógra agus a bheidh ina sheilbh nó ar a urláimh agus a bhfuil iontu, nó ar féidir go bhfuil iontu, i dtuairim an oifigigh chéadluaite, faisnéis is faisnéis ábhartha maidir le haon dliteanas cánach a bhfuil, nó ar féidir go bhfuil nó go raibh, an cáiníocóir faoina réir, nó maidir le méid aon dliteanais chánach den sórt sin.

(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a cheanglaíonn ar dhuine atá i mbun gairme, agus ar seirbheáladh fógra faoi fho-alt (3) air, aon sonraí a bhaineann le cliant a thabhairt d'oifigeach údaraithe nó aon doiciméid a bhaineann le cliant a sheachadadh d'oifigeach údaraithe nó a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigeach údaraithe, seachas cibé sonraí nó doiciméid—

(a) a bhaineann le híoc táillí nó le hidirbhearta airgeadais eile, nó

(b) a bhaineann ar dhóigh eile go hábhartha le dliteanas cánach an chliaint,

agus, go háirithe, ní cheanglófar air aon fhaisnéis nó comhairle ghairmiúil de ghné rúnda a tugadh do chliant a nochtadh.

(5) I gcás a mainneoidh duine ceanglas a cuireadh go cuí ar an duine faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh laistigh den tréimhse a bheidh luaite san fhógra a mbeidh an ceanglas ann nó laistigh de cibé tréimhse bhreise a bheidh ceadaithe ag an oifigeach údaraithe áirithe, dlífear fíneáil £500 a chur ar an duine.

(6) I ndáil le cáiníocóir, is iad na daoine atá faoi réir an ailt seo aon duine atá ag seoladh gnó, nó a bhí ag seoladh gnó tráth ábhartha, agus aon chuideachta cibé acu atá gnó á sheoladh aici nó nach bhfuil.

(7) Chun críocha fho-alt (2), measfar, maidir le gach stiúrthóir cuideachta, go bhfuil baint aige le bainistí aon ghnó a sheolann an chuideachta, agus is tráth ábhartha aon tráth is ábhar, nó arbh fhéidir dó bheith ina ábhar, i dtuairim an oifigigh údaraithe, le linn aon dliteanas cánach de chuid an cháiníocóra san am a caitheadh nó san am i láthair a bheith á fhionnadh.

(8) I gcás doiciméid a bheith le seachadadh d'oifigeach údaraithe de bhun cheanglas a cuireadh go cuí faoi fho-alt (3), féadfar cóipeanna de na doiciméid sin a sheachadadh i ionad na gceann bunaidh; ach—

(a) ní foláir gur cóipeanna fótagrafacha, nó cóipeanna a rinneadh trí mhacasamhlú ar shlí eile, na cóipeanna; agus

(b) má cheanglaíonn an t-oifigeach údaraithe é, ní foláir na doiciméid bhunaidh a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigeach údaraithe agus má mhainnítear an fhoráil sin a chomhlíonadh déileálfar leis mar mhainneachtain an ceanglas a chomhlíonadh.

(9) Féadfaidh oifigeach údaraithe aon doiciméid a tugadh nó a cuireadh ar fáil lena n-iniúchadh faoin alt seo a scrúdú agus féadfaidh sé cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu.

(10) Nuair a bheidh oifigeach údaraithe ag feidhmiú aon chumhachtaí a thugtar leis an alt seo déanfaidh sé, má iarrann aon duine lena mbaineann air é, deimhniú ó na Coimisinéirí Ioncaim á údarú dó na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú a thabhairt ar aird don duine sin.