|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil VI Frithimghabháil) | Ar Aghaidh (Caibidil VIII Cáin Ghnóchan Caipitiúil) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1979
[EN] | |||
[EN] |
Caibidil VII Frithsheachaint | ||
[EN] |
Alt 144 (díolúine nuair nach mó ná £240 an t-ioncam iomlán, agus faoiseamh marghanach) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a aisghairm. |
32. —(1) Aisghairtear leis seo alt 144 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | |
[EN] | (2) Chun deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear agus achtaítear leis seo, maidir le haon bhliain mheasúnachta iomchuí, nach mbeidh feidhm, agus go measfar nach raibh feidhm riamh, ag alt 144 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le pearsa aonair ar mhó ná £15,000 a ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta sin. | ||
[EN] | (3) San alt seo ciallaíonn “aon bhliain mheasúnachta iomchuí” aon cheann de na blianta 1974-75, 1975-76 agus 1976-77. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 439 (ioncam faoi dhiúscairtí ar feadh gearr-thréimhsí) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
33. —Maidir le cáin ioncaim don bhliain 1979-80 agus d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, leasaítear leis seo alt 439 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |
[EN] | “(1A) (a) Baineann an mhír seo le diúscairt nó diúscairtí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a rinne duine (dá ngairtear an ‘diúscróir’ san fho-alt seo), go díreach nó go neamhdhíreach, a mhéid atá, de bhua nó de dhroim an chéanna, ioncam iníoctha le haon duine, nó infheidhmithe chun sochair aon duine, de shliochtaigh an diúscróra i mbliain mheasúnachta sa tslí dá dtagraítear i mír (iii) nó (iv) den fho-alt sin (1). | ||
[EN] | (b) D'ainneoin fhorálacha an fho-ailt sin (1), i ndáil le diúscróir, aon ioncam is iníoctha nó is infheidhmithe de bhua nó de dhroim diúscairt nó diúscairtí lena mbaineann mír (a) is mó ná 5 faoin gcéad d'ioncam iomlán an diúscróra don bhliain mheasúnachta measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é ioncam an diúscróra é, más beo dó, agus nach é ioncam aon duine eile é. | ||
[EN] | (c) I gcás a mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo, i ndáil le haon diúscróir, chun an méid ioncaim a chinneadh, chun críocha cánach ioncaim, a fhanann ina ioncam de chuid sliochtaigh an diúscróra do bhliain mheasúnachta de bhua nó de dhroim diúscairt nó diúscairtí dá dtagraítear san fho-alt sin (1), déanfar méid comhiomlán an ioncaim a fhanann amhlaidh a chionroinnt ar na sliochtaigh i gcomhréir lena dteideal faoin diúscairt nó faoi na diúscairtí sin don bhliain sin. | ||
[EN] | (d) San fho-alt seo ciallaíonn ‘sliochtach’ leanbh, nó leanbh linbh, seachas leanbh, nó leanbh linbh, atá éagumasaithe go buan de bhíthin éiglíocht coirp nó meabhrach. | ||
[EN] |
Leasú ar Sceideal 12 (díbhinní a measfar gurb as brabúis a carnadh roimh dháta áirithe a íocadh iad) a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
34. —Leasaítear leis seo Sceideal 12 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 — | |
[EN] | (a) tríd an gclásal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh chlásal (a) d'fhomhír (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) de mhír 5— | ||
[EN] | “(aa) aon ghrúp-fhaoiseamh a tugadh don chuideachta de réir fhorálacha Chuid XI den Acht Cánach Corparáide, 1976 , d'aon tréimhse chuntasaíochta sa tréimhse,” | ||
[EN] | agus | ||
[EN] | (b) trí “na tagairtí sa chéanna do mhéid in aghaidh” a chur in ionad “an tagairt sa chéanna do cháin bhrabús corparáide nó do cháin chorparáide is iníoctha in aghaidh aon” i mír 6 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ), | ||
[EN] | agus tá an mhír sin 6, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
[EN] | AN TABLA | ||
|