|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil VII Frithsheachaint) | Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus MÁl) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1979
[EN] | |||
[EN] |
Caibidil VIII Cáin Ghnóchan Caipitiúil | ||
[EN] |
Leasú ar alt 25 (áit chónaí phríobháideach) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 . |
35. —Leasaítear leis seo alt 25 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9): | |
[EN] | “(9A) (a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘gaol cleithiúnach’, i ndáil le pearsa aonair, gaol don phearsa aonair, nó do bhanchéile nó d'fhearchéile na pearsan aonair, atá éagumasach mar gheall ar sheanaois nó easláinte ar é féin a chothabháil, nó máthair (agus í ina baintreach, bíodh nó nach bíodh sí éagumasach amhlaidh) na pearsan aonair nó bhanchéile nó fhearchéile na pearsan aonair. | ||
[EN] | (b) Más rud é, maidir le gnóchan a d'fhaibhrigh nó a fhaibhreoidh chuig pearsa aonair ar theach cónaí nó cuid de theach cónaí nó leas sa chéanna a dhiúscairt an 6ú lá d'Aibreán, 1979, nó dá éis, arb é, nó arbh é tráth ar bith le linn a thréimhse úinéireachta, aon-áit chónaí gaoil chleithiúnaigh de chuid na pearsan aonair, a soláthraíodh saor ó chíos agus gan aon chomaoin eile, go n-éileoidh an phearsa aonair amhlaidh, tabharfar an faoiseamh céanna ina leith agus i leith a ghairdín nó a thailte a thabharfaí faoin alt seo dá mba é an teach cónaí (nó an chuid den teach cónaí) aonáit nó príomh-áit chónaí na pearsan aonair i dtréimhse chónaí an ghaoil chleithiúnaigh, agus tabharfar amhlaidh é i dteannta aon fhaoisimh is inchomhairimh faoin alt seo ar leith ón bhfo-alt seo: | ||
[EN] | Ar choinníoll— | ||
[EN] | (i) nach bhféadfaidh níos mó ná teach cónaí (nó cuid de theach cónaí) amháin cáiliú le haghaidh faoisimh mar gur áit chónaí gaoil chleithiúnaigh de chuid an éilitheora é aon tráth áirithe ná, i gcás fear agus a bhanchéile a chónaíonn leis, mar gur áit chónaí gaoil chleithiúnaigh de chuid an éilitheora nó de chuid bhanchéile nó fhearchéile an éilitheora é aon tráth áirithe, agus | ||
[EN] | (ii) go bhféadfaidh an cigire, roimh éileamh a cheadú, a cheangal ar an éilitheoir a shuíomh— | ||
[EN] | (I) má thugtar an faoiseamh a éilítear, nach gcuirfidh sin cosc, faoi mhír (i), ar fhaoiseamh a thabhairt do bhanchéile nó d'fhearchéile an éilitheora, nó | ||
[EN] | (II) go bhfuil éirithe as éileamh ón mbanchéile nó ón bhfearchéile sin ar aon fhaoiseamh den sórt sin.”. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 27 (gnó nó feirm a dhiúscairt laistigh den teaghlach) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 . |
36. —Leasaítear leis seo alt 27 (a cuireadh isteach leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 ) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1) (c): | |
[EN] | “(d) Chun críocha mhír (a), leanbh neamhdhlisteanach nár dlisteanaíodh nó nár uchtaíodh mar a thuairiscítear in alt 36 (a) (ii) den Acht Airgeadais, 1977 , ar dháta na diúscartha nó roimhe, is leanbh lena mháthair é má rinne nó má dhéanann a mháthair an diúscairt chuige an 6ú lá d'Aibreán, 1979, nó dá éis.”. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 31 (iontaobhais aonad) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 . |
37. —(1) Dearbhaítear agus achtaítear leis seo nach mbeidh éifeacht, agus go measfar nach raibh éifeacht riamh, chun críocha aon mheasúnacht i leith cánach gnóchan caipitiúil a rinneadh nó a dhéanfar an 11ú lá de Bhealtaine, 1979, nó dá éis, le fo-alt (4) d'alt 31 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , maidir le hiontaobhas aonad lena mbaineann forálacha fho-alt (5A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) den alt sin. | |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo an t-alt sin 31 trí “maidir leis an mbliain sin” a chur isteach i ndiaidh “measfar” i bhfo-alt (5), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
[EN] | AN TABLA | ||
|