Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL An Chomhairle)

30 1979


Uimhir 30 de 1979


AN tACHT UM CHOMHAIRLE NÁISIÚNTA NA gCÁILÍOCHTAÍ OIDEACHAIS, 1979

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO BHUNÚ COMHLACHT AR A dTABHARFAR, I nGAEILGE, COMHAIRLE NÁISIÚNTA NA gCÁILÍOCHTAÍ OIDEACHAIS AGUS, I mBÉARLA, THE NATIONAL COUNCIL FOR EDUCATIONAL AWARDS, DO SHAINIÚ A FHEIDHMEANNA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN ROIMHE SEO. [20 Samhain, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

tá le “bord staidéar” an bhrí a shanntar dó le halt 9 den Acht seo;

tá le “an Chomhairle” an bhrí a shanntar dó le halt 2 den Acht seo;

tá le “an Stiúrthóir” an bhrí a shanntar dó le halt 10 den Acht seo;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “foras lena mbaineann an tAcht seo”—

(a) an Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha,

(b) an Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas, Baile Átha Cliath,

(c) an Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas, Luimneach,

(d) Coláiste Oideachais Thuamhumhan, Luimneach,

(e) aon Cheard-Choláiste Réigiúnach,

(f) aon fhoras a shonrófar in ordú ón Aire faoi alt 20 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Oideachais;

ciallaíonn “foireann” foireann acadúil nó foireann riaracháin;

ciallaíonn “an tÚdarás” an tÚdarás um Ard-Oideachas.

(2) Folaíonn tagairt san Acht seo do chomhlíonadh feidhmeanna tagairt d'fheidhmiú cumhachtaí agus do chomhlíonadh dualgas.

An Chomhairle a bhunú.

2. —(1) Bunófar, de bhua an ailt seo, comhlacht ar a dtabharfar sa Ghaeilge Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais agus sa Bhéarla the National Council for Educational Awards chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh (comhlacht dá ngairtear “an Chomhairle” san Acht seo).

(2) Beidh an Chomhairle ina comhlacht corpraithe agus comharbas suthain aici agus beidh cumhacht agartha aici agus beidh sí inagartha faoina hainm corpraithe agus beidh cumhacht aici talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

(3) Bainfidh forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo leis an gComhairle.

Feidhmeanna na Comhairle.

3. —(1) Is iad feidhmeanna na Comhairle i gcoitinne oideachas teicniúil, tionscail, eolaíoch, teicneolaíoch agus tráchtála, mar aon le hoideachas in ealaín nó i ndearadh, a chuirtear ar fáil lasmuigh de na hollscoileanna, cibé acu is oideachas sainghairmiúil, gairmoideachas nó oideachas teicniúil é, a spreagadh, a éascú, a fhothú, a chomheagrú agus a fhorbairt, agus oideachas liobrálach a spreagadh agus a fhothú.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Chomhairle—

(a) céimeanna, dioplómaí, teastais nó cáilíochtaí eile oideachais a bhronnadh ar dhaoine, nó a dhámhadh nó a thabhairt do dhaoine—

(i) (I) ar deimhin leis an gComhairle gur fhreastail siad ar chúrsaí staidéir nó teagaisc, nó go ndearna nó gur lean siad, ar athrach dóigh, cúrsaí staidéir nó teagaisc, a sheol foras lena mbaineann an tAcht seo nó a cuireadh ar fáil faoi mhaoirseacht fhoras den sórt sin agus ar cúrsaí iad atá ceadaithe de thuras na huaire ag an gComhairle, agus

(II) (A) a bhfuil caighdeán a mheasann an Chomhairle a bheith sásúil sroichte acu i scrúduithe nó i dtástálacha eile eolais nó ábaltachta atá forordaithe nó leagtha amach ag an gComhairle nó atá ceadaithe amhlaidh de thuras na huaire agus a bhaineann leis na cúrsaí sin, nó

(B) a bhfuil cleachtais eile a bhaineann amhlaidh agus atá ceadaithe amhlaidh de thuras na huaire déanta acu ar dhóigh a mheasann an Chomhairle a bheith sásúil,

(ii) a bhfuil caighdeán a mheasann an Chomhairle a bheith sásúil sroichte acu i scrúduithe nó i dtástálacha eile eolais nó ábaltachta nó a bhfuil cleachtais eile déanta acu ar dhóigh a mheasann an Chomhairle a bheith sásúil agus a bhfuil, faoi mhaoirseacht fhoras lena mbaineann an tAcht seo, agus ar dhóigh a mheasann an Chomhairle a bheith sásúil, clár taighde atá ceadaithe ag an gComhairle déanta acu.

(b) aitheantas a thabhairt do chéim, dioplóma, teastas nó cáilíocht eile oideachais a bhronnfar ar dhaoine, nó a dhámhfar nó a thabharfar do dhaoine, a chríochnóidh na cúrsaí sin go sásúil, nó d'eile, an cúrsa staidéir nó teagaisc sin a cheadú, más deimhin léi go bhfuil an caighdeán i gcoitinne—

(i) i gcúrsa áirithe staidéir nó teagaisc a sheolann foras lena mbaineann an tAcht seo nó atá curtha ar fáil faoi mhaoirseacht fhoras den sórt sin agus a bhaineann le hoideachas sainghairmiúil, le hoideachas eolaíoch nó le gairmoideachas (ar cúrsa é a bhféadfaidh baint a bheith aige leis na healaíona liobrálacha), agus

(ii) sna scrúduithe nó sna tástálacha eile eolais nó ábaltachta a sheoltar i ndáil leis an gcúrsa sin,

ar comhréir nó ar comhréim le haon chaighdeáin iomchuí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire in ollscoileanna,

(c) an caighdeán a mheasúnú atá á choimeád de thuras na huaire ag aon fhoras lena mbaineann an tAcht seo maidir le haon chúrsa staidéir nó teagaisc atá ceadaithe ag an gComhairle,

(d) d'fhonn céimeanna, dioplómaí, teastais nó cáilíochtaí eile oideachais a bhronnann nó a dhámhann nó a thugann sí a fhothú—

(i) cibé bearta is iomchuí léi a dhéanamh sa Stát nó lasmuigh den Stát,

(ii) comheagar a chur, nó cabhrú lena chur, i cibé slí is iomchuí léi, ar aon dá chúrsa, nó ar aon chuid is mó ná dhá chúrsa, staidéir nó teagaisc den sórt sin a sheolann foras nó forais, nó a chuirtear ar fáil faoi mhaoirseacht foras nó forais, lena mbaineann an tAcht seo,

(iii) d'fhonn a chur ar a gcumas freastal ar aon chúrsa den sórt sin nó é a dhéanamh nó a leanúint, cabhrú le mic léinn a aistriú ó fhoras amháin den sórt sin go dtí foras eile den sórt sin,

(e) comhairle a thabhairt, tríd an Údarás, don Aire i ndáil leis an gcostas a ghabhann le haon chúrsa staidéir nó teagaisc a bheidh ceadaithe ag an gComhairle a chur ar fáil, nó le leanúint dá chur ar fáil, nó lena mhaoiniú, nó i ndáil leis an gcostas a ghabhann le haon chúrsa staidéir nó teagaisc a mhodhnú a mhéid is gá chun a áirithiú go gceadóidh an Chomhairle é.

(3) (a) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí agus tar éis comhairle a ghlacadh le cibé Aire Rialtais eile (más ann) a measfaidh an tAire baint a bheith aige leis, cibé feidhmeanna is oiriúnach leis an Aire i ndáil le hoideachas teicniúil, tionscail, eolaíoch, teicneolaíoch nó tráchtála, nó le hoideachas in ealaín nó dearadh, a shannadh le hordú don Chomhairle (ar feidhmeanna iad de bhreis ar na feidhmeanna a shanntar leis an Acht seo).

(b) I gcás a mbeartófar ordú faoin alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu.

(4) Ag comhlíonadh a feidhmeanna don Chomhairle coimeádfaidh sí i gcuimhne i gcónaí na haidhmeanna náisiúnta atá ann an Ghaeilge a aisiriú agus an tasíocht náisiúnta a chaomhnú agus a fhorbairt agus féachfaidh sí le cabhrú leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích.

(5) (a) Aon chéim, dioplóma, teastas nó cáilíocht eile oideachais a bhronn an comhlacht daoine a ghair Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais de féin díreach roimh thosach feidhme an Achta seo ar dhuine, nó a dhámh nó a thug sé do dhuine, measfar, amhail ón tosach feidme sin amach, gurbh í an Chomhairle a bhronn, a dhámh nó a thug é.

(b) Aon chúrsa staidéir nó teagaisc a sheol foras, nó a cuireadh ar fáil faoi mhaoirseacht fhoras, lena mbaineann an tAcht seo agus a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ceadaithe ag an gcomhlacht daoine dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, measfar, chun críocha an Achta, é a bheith ceadaithe ag an gComhairle díreach tar éis tosach feidhme an Achta seo.

(6) Féadfaidh an Chomhairle coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha á cheangal comhshocraíochtaí a dhéanamh agus a choimeád chun a chumasú do dhaoine a fhreastalaíonn ar chúrsaí staidéir nó teagaisc, nó a dhéanann nó a leanann cúrsaí staidéir nó teagaisc ar athrach dóigh, taithí thionscail nó thráchtála a fháil) a chur ag gabháil le haon cheadú nó aitheantas a thabharfar faoin Acht seo, coinníollacha den sórt sin a athrú agus aon cheadú nó aitheantas den sórt sin a tharraingt siar.

Comhaltaí na Comhairle.

4. —Is iad comhaltaí na Comhairle cathaoirleach, an Stiúrthóir agus trí chomhalta is fiche eile.

Gnáthchomhaltaí a cheapadh.

5. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, is é an Rialtas a cheapfaidh gach duine de chomhaltaí na Comhairle, seachas an cathaoirleach nó an Stiúrthóir agus as na comhaltaí sin—

(a) ceapfar naonúr amhlaidh ar mholadh ón Aire,

(b) ceapfar beirt amhlaidh ar mholadh ó Chomhlacht Ceannais an Fhorais Náisiúnta um Ard-Oideachas, Baile Átha Cliath,

(c) ceapfar beirt amhlaidh ar mholadh ó Chomhlacht Ceannais an Fhorais Náisiúnta um Ard-Oideachas, Luimneach,

(d) ceapfar beirt amhlaidh ar mholadh ó Chomhlacht Ceannais Choláiste Oideachais Thuamhumhan, Luimneach,

(e) ceapfar duine amháin amhlaidh ar mholadh ó Bhord an Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha,

(f) ceapfar ceathrar amhlaidh ar mholadh ón Aire as líon na ndaoine atá ina gcomhaltaí d'fhoireann aon ollscoil sa Stát, nó d'fhoireann aon choláiste nó aon fhorais is comhcholáiste d'ollscoil den sórt sin nó atá aitheanta ag ollscoil den sórt sin, is ollscoil, coláiste nó foras atá ainmnithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo ag an Aire, agus

(g) ceapfar triúr amhlaidh ar mholadh ón Aire as líon na ndaoine atá ina gcomhaltaí de chomhlacht ceannais nó bainistíochta, nó d'fhoireann, aon fhorais lena mbaineann an tAcht seo nó is mic léinn i bhforas den sórt sin.

(2) Sula ndéanfaidh an tAire moladh de bhun fho-alt (1) (a) den alt seo maidir le ceapachán ag an Rialtas faoin alt seo, breithneoidh sé cá mhéid is gá do thionscal, do thalmhaíocht, d'iascaigh, do thráchtáil, d'aon cheann de na gairmeacha, nó do bhainistíocht, d'fhoireann agus do mhic léinn aon fhorais lena mbaineann an tAcht seo, ionadaíocht a bheith acu ar an gComhairle.

(3) (a) I gcás corrfholúntas do tharlú i measc comhaltaí na Comhairle seachas an cathaoirleach nó an Stiúrthóir, líonfar an folúntas tríd an Rialtas do cheapadh duine ar mholadh ón Aire nó ón gcomhlacht a mhol an comhalta ba chúis leis an bhfolúntas.

(b) Beidh duine a cheapfar faoin bhfo-alt seo i seilbh oifige, mura túisce a éireoidh sé as oifig nó a thiocfaidh sé faoi dhícháilíocht, ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse a mbeadh an comhalta den Chomhairle ba chúis leis an bhfolúntas i seilbh oifige ar a feadh dá leanfadh seisean de bheith ina chomhalta amhlaidh.

Cathaoirleach agus leas-chathaoirleach na Comhairle.

6. —(1) Déanfaidh an Rialtas ó am go ham de réir mar is gá sa chás duine a cheapadh i gcáil pháirtaimsire chun bheith ina chathaoirleach ar an gComhairle, agus oibreoidh ceapachán faoin bhfo-alt seo, más gá, chun comhalta den Chomhairle a dhéanamh den duine lena mbaineann sé.

(2) Déanfaidh an Chomhairle ó am go ham de réir mar is gá sa chás duine a cheapadh as líon a comhaltaí (seachas an cathaoirleach nó an Stiúrthóir) chun bheith ina leas-chathaoirleach ar an gComhairle.

(3) Beidh leas-chathaoirleach na Comhairle i seilbh oifige go dtí deireadh a thréimhse oifige mar chomhalta den Chomhairle mura túisce a dhéanfar cathaoirleach de nó a éireoidh sé as oifig an leaschathaoirligh nó a scoirfidh sé de bheith ina leas-chathaoirleach faoi fho-alt (8) den alt seo.

(4) Féadfaidh cathaoirleach nó leas-chathaoirleach na Comhairle éirí as a oifig tráth ar bith mar chathaoirleach nó mar leas-chathaoirleach trí litir a sheolfar chun an Aire agus glacfaidh an t-éirí as éifeacht, mura mbeidh sé tarraingthe siar i scríbhinn roimhe sin, ag tosach an chéad chruinnithe den Chomhairle a bheidh ann tar éis don Chomhairle scéala faoin éirí-as a fháil ón Aire.

(5) Féadfaidh an Rialtas, ar mholadh ón Aire, cathaoirleach na Comhairle a chur as oifig an chathaoirligh.

(6) I gcás duine do scor de bheith i seilbh oifig chathaoirleach na Comhairle, scoirfidh sé an tráth céanna de bheith ina chomhalta den Chomhairle.

(7) I gcás cathaoirleach na Comhairle do scor de bheith i seilbh oifige seachas trí imeacht aimsire, líonfar an folúntas a luaithe is féidir trí cheapachán arna dhéanamh ag an Rialtas faoi fho-alt (1) den alt seo agus beidh an duine a cheapfar amhlaidh i seilbh oifig an chathaoirligh, mura túisce a éireoidh sé as oifig nó a thiocfaidh sé faoi dhícháilíocht, ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse a mbeadh an duine ba chúis leis an bhfolúntas i seilbh oifige ar a feadh dá leanfadh seisean de bheith ina chathaoirleach ar an gComhairle.

(8) I gcás leas-chathaoirleach na Comhairle do scor le linn a théarma oifige mar leas-chathaoirleach de bheith ina chomhalta den Chomhairle, scoirfidh sé ansin freisin de bheith ina leas-chathaoirleach ar an gComhairle.

Cáilíocht chomhaltaí na Comhairle.

7. —Ní bheidh duine i dteideal bheith ina chomhalta den Chomhairle—

(a) má bhíonn sé de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin,

(b) más féimheach gan urscaoileadh é,

(c) má rinne sé, sa tréimhse trí bliana díreach roimhe sin, faoi choimirce nó faoi nós imeachta cúirte, imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe,

(d) má chuir cúirt dlínse inniúla, sa tréimhse cúig bliana díreach roimhe sin, téarma príosúnachta air.

Téarmaí oifige agus luach saothair chomhaltaí na comhairle (seachas an Stiúrthóir) agus a n-éirí as oifig.

8. —(1) (a) Faoi réir fho-ailt (2), (3), (5) agus (6) den alt seo, ceapfar an cathaoirleach nó aon chomhalta eile den Chomhairle, seachas an Stiúrthóir, go ceann téarma nach faide ná cúig bliana agus féadfar a cheapachán a athnuachan go ceann téarma breise nach faide ná cuig bliana.

(b) Faoi réir mhír (a) den fho-alt seo agus fho-ailt (2), (4), (5) agus (6) den alt seo, beidh comhalta den Chomhairle i seilbh a oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Rialtas tráth an cheaptha agus ar mholadh ón Aire.

(2) Tar éis tréimhse leanúnach deich mbliana a chaitheamh in oifig ní bheidh comhalta den Chomhairle, ach amháin an cathaoirleach nó an Stiúrthóir, cáilithe lena cheapadh mar chomhalta den Chomhairle go dtí go mbeidh tréimhse dhá bhliain caite dar tosach an lá a mbeidh scortha aige de bheith i seilbh oifige.

(3) Íocfar leis an gcathaoirleach nó le haon chomhalta eile den Chomhairle (seachas an Stiúrthóir), as cistí a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé luach saothair (más ann) agus cibé liúntais le haghaidh caiteachas a chinnfidh an tAire le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) I gcás cathaoirleach na Comhairle nó aon chomhalta eile den Chomhairle, seachas an Stiúrthóir, do shlánú seachtó bliain d'aois, scoirfidh sé air sin de bheith i seilbh oifige.

(5) Féadfaidh an Rialtas, ar mholadh ón Aire, comhalta den Chomhairle, seachas an cathaoirleach nó an Stiúrthóir, a chur ó bheith ina chomhalta den Chomhairle.

(6) I gcás, maidir le comhalta den Chomhairle—

(a) go mbreithneofar ina fhéimheach é nó go ndéanfaidh sé, faoi choimirce nó faoi nós imeachta cúirte, imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe,

(b) go gcuirfidh cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta air,

scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Chomhairle.

(7) Féadfaidh comhalta den Chomhairle, seachas an cathaoirleach nó an Stiúrthóir, éirí as a oifig trí litir a sheolfar chun an Aire, agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht amhail ar an agus ón dáta a gheofar an litir.

Boird staidéar.

9. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, féadfaidh an Chomhairle ó am go ham cibé comhlachtaí daoine agus cibé líon de chomhlachtaí daoine is cuí léi (a ngairtear “bord staidéar” san Acht seo de gach comhlacht díobh) a cheapadh chun cabhrú leis an gComhairle i cibé slí a ordóidh an Chomhairle.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Chomhairle socrú a dhéanamh go gcomhlíonfaidh bord staidéar thar a ceann aon cheann dá feidhmeanna, seachas na feidhmeanna a luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo, is dóigh léi a fhéadfaidh coiste a chomhlíonadh níos fearr nó níos acraí, agus faoi réir forálacha an Achta seo féadfaidh sí nós imeachta aon bhoird den sórt sin a rialú.

(3) Féadfaidh an Chomhairle a iarraidh ar bhord staidéar, i ndáil le hábhair shonraithe, cúrsaí staidéir nó brainsí, réimsí, gnéithe nó rannáin shonraithe oideachais nó taighde, moltaí a dhéanamh don Chomhairle maidir le haon cheann nó níos mó díobh seo a leanas:

(a) na cúrsaí staidéir nó teagaisc iontu a bheidh le déanamh ag daoine chun cáilíocht oideachais a fháil ón gComhairle,

(b) na caighdeáin a bheidh le coimeád maidir le haon chúrsa den sórt sin nó na coinníollacha ar faoina réim nó ar dá réir a sheolfar aon chúrsa den sórt sin,

(c) na caighdeáin a bheidh le cur i bhfeidhm agus le coimeád i ndáil le scrúduithe nó tástálacha a sheasfaidh daoine a bheidh ag freastal ar aon chúrsa den sórt sin nó á dhéanamh nó á leanúint ar athrach dóigh.

(4) Le linn do bhord staidéar bheith á chinneadh an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh sé moltaí don Chomhairle tabharfaidh sé aird speisialta ar an méid seo a leanas:

(a) caighdeán na hoibre agus na saoráidí atá ar fáil de thuras na huaire in aon fhoras a bhfuil an cúrsa staidéir nó teagaisc atá faoi bhreithniú á sheoladh ann nó a bhfuil beartaithe an cúrsa atá faoi bhreithniú a sheoladh ann, de réir mar is iomchuí,

(b) cúrsa léinn agus siollabas na gcúrsaí staidéir nó teagaisc atá faoi bhreithniú,

(c) na cáilíochtaí atá riachtanach nó na cáilíochtaí a bheartaítear a bheith riachtanach do dhaoine a bheidh ag seoladh cúrsa den sórt sin,

(d) na socruithe agus na saoráidí atá curtha ar fáil, nó le cur ar fáil, chun oiliúint phraiticiúil a thabhairt do dhaoine a bheidh ag freastal ar chúrsaí den sórt sin, nó á ndéanamh nó á leanúint ar athrach dóigh,

(e) na socruithe agus na saoráidí atá curtha ar fáil, nó le cur ar fáil, chun daoine den sórt sin a scrúdú nó a thástáil,

(f) na caighdeáin atá riachtanach nó atá beartaithe chun bheith istigh ar chúrsaí den sórt sin, agus

(g) an caighdeán atá riachtanach nó atá beartaithe chun aon chéim, dioplóma, teastas nó cáilíocht eile oideachais a dhámhadh ag deireadh an chúrsa nó ag aon chéim eile den chúrsa:

Ar choinníoll go mbeidh aird ag bord staidéar, le linn dó moltaí a dhéanamh faoin bhfo-alt seo i ndáil leis an gcaighdeán atá riachtanach nó atá beartaithe chun bheith istigh ar chúrsa le haghaidh céime, dioplóma, deimhnithe nó cáilíochta eile oideachais, nó le haghaidh an céanna a bhronnadh, a dhámhadh nó a thabhairt, ar aon chaighdeán comhréire a éilíonn ollscoil sa Stát agus nach molfaidh sé caighdeán is ísle ná caighdeán den sórt sin (más ann).

(5) Bainfidh forálacha an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le gach bord staidéar.

(6) Is iad na feidhmeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo cáilíochtaí, dioplómaí, nó céimeanna a dhámhadh, aon luach saothair a shocrú, aon liúntais a thabhairt le haghaidh caiteachas, eisíocaíochtaí a dhéanamh nó aon ní eile a bhaineann le caiteachas a bhreithniú agus oifigigh (lena n-áirítear an Stiúrthóir) nó seirbhísigh na Comhairle a cheapadh, a mhaoirsiú nó a dhífhostú.

(7) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann difear do chumhacht na Comhairle, ar leith ón alt seo, coistí a cheapadh.

An Stiúrthóir.

10. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, déanfaidh an Chomhairle, le ceadú an Aire, duine a cheapadh ó am go ham i gcáil lánaimsire chun bheith ina phríomh-oifigeach don Chomhairle agus “an Stiúrthóir” a ghairtear san Acht seo den oifigeach sin.

(2) Má bhíonn an duine a bheidh, tráth an Achta seo a rith, fostaithe ag an gcomhlacht daoine dá dtagraítear in alt 3(5) (a) den Acht seo mar phríomh-oifigeach ar an gcomhlacht sin (cibé acu is Príomh-Oifigeach nó eile a thabharfar de thuairisc ar an oifigeach sin) fostaithe amhlaidh fós díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ansin, faoi réir é féin do thoiliú leis, is é an duine sin a chéad-cheapfar le bheith ina Stiúrthóir.

(3) (a) Déanfaidh an Stiúrthóir, de réir aon ordachán a thabharfaidh an Chomhairle dó chuige sin, gníomhaíochtaí na Comhairle agus foireann na Comhairle a rialú agus a stiúradh.

(b) Féadfaidh an Stiúrthóir ó am go ham cibé tograí a mheasfaidh sé is iomchuí a dhéanamh chun na Comhairle i dtaobh feidhmeanna na Comhairle.

(c) Breithneoidh an Chomhairle aon togra ón Stiúrthóir faoin bhfo-alt seo.

(4) I gcás an Stiúrthóir do scor, de bhua alt 8 (6) den Acht seo, de bheith ina chomhalta den Chomhairle, scoirfidh sé an tráth céanna de bheith i seilbh oifig an Stiúrthóra.

Oifigigh agus seirbhísigh.

11. —(1) Féadfaidh an Chomhairle cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh (i dteannta an Stiúrthóra) agus ina seirbhísigh di is cuí léi ó am go ham faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(2) Beidh oifigeach (lena n-áirítear an Stiúrthóir) nó seirbhíseach don Chomhairle i seilbh a oifige nó a fhostaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham, faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) Ní fhéadfaidh an Chomhairle aon oifigeach dá cuid (lena n-áirítear an Stiúrthóir) a chur as oifig ná a fhionraí ach amháin le toiliú an Aire.

(4) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo, íocfaidh an Chomhairle lena hoifigigh (lena n-áirítear an Stiúrthóir) agus lena seirbhísigh cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham le ceadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(5) I gcás a ndéanfar duine is oifigeach (lena n-áirítear an Stiúrthóir) nó seirbhíseach don Chomhairle a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht na Comhairle agus ní íocfaidh an Chomhairle leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gComhairle, aon luach saothair ná liúntais—

(a) i gcás é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniú agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin,

(b) i gcás é a ainmniú lena thoghadh chun ceachtar Tí acu sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí,

agus i dteannta a bhfuil ráite anseo roimhe seo ní bheidh sé i dteideal iomlán na tréimhse sin ná aon chuid di a ríomh le haghaidh aon sochair is iníoctha faoi aon scéim faoi alt 14 den Acht seo.

(6) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina oifigeach (lena n-áirítear an Stiúrthóir) nó ina sheirbhíseach don Chomhairle.

Sainchomhairleoirí, measúnóirí, scrúdaitheoirí, etc.

12. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, féadfaidh an Chomhairle cibé saincomhairleoirí, scrúdaitheoirí, measúnóirí nó comhairleoirí is dóigh léi is gá a fhruiliú chun a feidhmeanna a chomhlíonadh agus íocfaidh an Chomhairle as airgead a bheidh faoina réir aici aon táillí a bheidh dlite do shainchomhairleoir, do scrúdaitheoir, do mheasúnóir nó do chomhairleoir a fhruileofar de bhua an ailt seo.

(2) Ní fhruileoidh an Chomhairle scrúdaitheoir de bhun an ailt seo chun bheith páirteach i scrúdú nó i dtástáil eile eolais nó ábaltachta mura mbeidh an cúrsa staidéir nó teagaisc lena mbaineann an scrúdú ceadaithe de thuras na huaire ag an gComhairle.

(3) Déanfar an chumacht a dhílsítear don Chomhairle le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú, a mhéid is praiticiúil sin a dhéanamh, d'fhonn a áirithiú go mbeidh an caighdeán in aon chúrsa staidéir nó teagaisc, nó in aon scrúdú nó tástáil eile eolais nó ábaltachta, a bhfeidhmítear an chumhacht ina leith nó a shiollabas ar comhréir nó ar comhréim le haon chaighdeáin iomchuí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire in ollscoileanna.

Foireann aistrithe.

13. —(1) Déanfar gach duine a bheidh, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, fostaithe go lánaimseartha ag an gcomhlacht daoine a ghairfidh Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais de féin an tráth sin a aistriú, ar an tosach feidhme sin, chun na Comhairle agus tiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach, de réir mar is iomchuí, don Chomhairle, agus na daoine go léir a aistreofar amhlaidh beidh siad, fad a fhanfaidh siad i bhfostaíocht na Comhairle, ina gcomhaltaí d'fhoireann aistrithe na Comhairle agus “foireann aistrithe na Comhairle” a ghairtear díobh san Acht seo.

(2) (a) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, ní bhfaighidh comhalta d'fhoireann aistrithe na Comhairle, le linn dó bheith i seirbhís na Comhairle, luach saothair is lú ná ní bheidh sé faoi réir coinníollacha seirbhíse is lú tairbhe ná an luach saothair a raibh teideal aige chuige agus na coinníollacha seirbhíse a raibh sé faoina réir sa tseirbhís ónar aistríodh é de bhua an ailt seo.

(b) Na coinníollacha seirbhíse, na sriantachtaí, na ceanglais agus na hoibleagáidí a raibh comhalta d'fhoireann aistrithe na Comhairle faoina réir díreach sular aistríodh é chun seirbhís na Comhairle, bainfidh siad i gcónaí leis mura n-athrófar iad trí chomhaontú, agus féadfaidh an Chomhairle nó an Stiúrthóir, de réir mar is iomchuí, iad a fheidhmiú nó a fhorchur le linn dó bheith i seirbhís na Comhairle.

(3) Ní bheidh comhalta d'fhoireanna aistrithe na Comhairle, le linn dó bheith i seirbhís na Comhairle, faoi réir coinníollacha is lú fabhar i ndáil le deonú aoisliúntas (cibé acu trí chnapshuim, pinsean nó aisce, nó cúiteamh i leith cailleadh oifige) ná na coinníollacha a bhain leis díreach sular aistríodh é de bhua an ailt seo chun seirbhís na Comhairle.

(4) (a) Féadfaidh an Chomhairle, tar éis comhairle a ghlacadh le haon chomhlachais foirne aitheanta nó ceardchumainn lena mbaineann, athdháileadh nó athchóiriú a dhéanamh ar na dualgais a bheidh le comhlíonadh ag comhaltaí d'fhoireann aistrithe na Comhairle a fhostaítear i ngrád nó in aicme fostaíochta áirithe agus beidh de cheangal ar gach comhalta den sórt sin na dualgais a chuirfear air in aon athdháileadh nó athchóiriú den sórt sin a chomhlíonadh.

(b) Ní mheasfar gur cur as oifig ná díothú oifige chun críche aon scéime nó achtacháin a bhaineann le haoisliúntas nó le cúiteamh i leith cailleadh oifige athdháileadh nó athchóiriú dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo.

Aoisliúntas.

14. —(1) A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, déanfaidh an Chomhairle, faoi réir alt 13 (3) den Acht seo, scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú do cibé fostaithe dá cuid nó i leith cibé fostaithe dá cuid (lena n-áirítear an Stiúrthóir) is cuí leis an gComhairle ar scor dóibh nó ar iad d'fháil bháis.

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine uile a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha eagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an Chomhairle tráth ar bith scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire do leasú scéim a cuireadh faoi bhráid an Aire agus coinníollacha eágsúla agus a ceadaíodh roimhe sin faoin alt seo.

(4) Déanfaidh an Chomhairle scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(5) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas nó i dtaobh méid aon phinsin, aisce nó liúntais, is iníoctha de bhun scéim faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire lena cinneadh ach sin faoi réir chomhaontú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(6) Ní dheonóidh an Chomhairle aon phinsean, aisce, liúntas ná íocaíocht eile do chomhalta dá foireann (lena n-áirítear an Stiúrthóir) ná ina leith ach amháin faoi réim agus de réir scéim faoin alt seo, ná ní dhéanfaidh an Chomhairle aon socrú gan ceadú ón Aire, arna thabhairt le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, chun pinsean, aisce, liúntas nó íocaíocht eile a chur ar fáil seachas ag an gComhairle ar chomhalta dá foireann d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis.

(7) Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Tuarascáil agus eolas don Aire.

15. —(1) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais dá cuid, ullmhóidh an Chomhairle, agus cuirfidh sí faoi bhráid an Aire, tuarascáil ar a himeachtaí i gcaitheamh na bliana sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Tabharfaidh an Chomhairle don Aire cibé eolas a iarrfaidh sé ó am go ham maidir le comhlíonadh a feidhmeanna.

Deontais.

16. —Íocfaidh an tÚdarás leis an gComhairle gach bliain, de réir alt 12 (2) d'Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 1971 , as airgead a gheobhaidh sé faoi alt 12 (1) den Acht sin, deontas nó deontais ina mbeidh cibé méid is oiriúnach leis an Údarás.

Cuntais agus iniúchadh.

17. —(1) Coimeádfaidh an Chomhairle, i cibé foirm a bheidh ceadaithe ag an Aire, gach cuntas is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a fuair sí nó ar na caiteachais a thabhaigh sí, agus, go háirithe, coimeádfaidh sí san fhoirm sin a dúradh cibé cuntais speisialta a ordóidh an tAire, nó a ordóidh an tAire ar iarratas ón Aire Airgeadais, ó am go ham.

(2) Déanfaidh an Chomhairle na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh, ar dháta nach déanaí ná an tríochadú lá d'Aibreán an bhliain díreach tar éis na bliana lena mbaineann na cuntais agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfaidh an Chomhairle cóip de na cuntais agus d'aon chuntas eile, más ann, a d'ordaigh an tAire a choimeád, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na Cuntais, a thíolacadh don Aire.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais a thíolaic an Chomhairle dó faoin alt seo, mar aon le cóipeanna de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Táillí.

18. —Féadfaidh an Chomhairle táillí a mhuirearú, a ghlacadh agus a ghnóthú i leith aon cheadú a thabharfaidh sí i ndáil le scrúdú nó tástáil eile eolais nó ábaltachta nó i ndáil le haon cheadú a thabharfaidh sí, nó aon mheasúnacht a dhéanfaidh sí, maidir le cúrsa staidéir nó teagaisc.

Bronntanais.

19. —(1) Féadfaidh an Chomhairle bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Chomhairle bronntanas má bhíonn na hiontaobhais nó na coinníollacha a bheidh curtha ag gabháil leis ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna na Comhairle.

Cumhacht an tAcht a fheidhmiú maidir le coláistí áirithe, etc.

20. —(1) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, agus tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle agus le cibé Aire eile den Rialtas (más ann) a measfaidh an tAire baint a bheith aige leis, aon choláiste, scoil nó foras eile oideachais seachas ollscoil a ainmniú le hordú mar fhoras lena mbaineann an tAcht seo.

(2) Féadfaidh an tAire ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

Caiteachais.

21. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

22. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.