12 1980


Uimhir 12 de 1980


AN tACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA TALMHAÍOCHTA, 1931 GO 1974. [11 Meitheamh, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Talmhaíochta, 1931 , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

Coistí talmhaíochta a cheapadh.

2. —(1) Déanfaidh gach comhairle contae, ag an gcéad chruinniú eile den chomhairle a thionólfar tar éis dáta a chinnfidh an tAire Talmhaíochta chun críche an ailt seo, coiste talmhaíochta don chontae a cheapadh de réir fhorálacha an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

(2) Tosóidh téarma oifige gach comhalta de choiste talmhaíochta a cheapfar amhlaidh ag deireadh an chruinnithe ag a gceapfar é agus beidh gach comhalta den sórt sin i seilbh oifige, mura túisce a éagfaidh sé, a éireoidh sé as oifig nó a thiocfaidh sé faoi dhícháilíocht, go dtí an chéad chruinniú bliantúil eile den chomhairle a gceanglaítear ar an gcomhairle leis an bPríomh-Acht comhaltaí de choiste den sórt sin a cheapadh aige (seachas chun corrfholúntas a líonadh).

(3) Gach duine ar comhalta de choiste talmhaíochta do chontae é díreach roimh thosach an chruinnithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) de chomhairle an chontae sin críochnóidh a théarma oifige ar thosú don chruinniú sin.

Foráil iarmhartach.

3. —An cruinniú dá dtagraítear in alt 2 (1) de gach comhairle contae—

(a) measfar, chun críocha an Phríomh-Achta, gur cruinniú bliantúil de chuid na comhairle sin é a thionólfar i mbliain toghcháin agus

(b) measfar, chun críocha alt 26 (2) den Acht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979 , gurb é an cruinniú bliantúil dá dtagraítear ansin é.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1980 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1980, a ghairm de na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1974, agus den Acht seo le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Talmhaíochta, 1931

1931, Uimh. 8

An tAcht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979

1979, Uimh. 9