An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim, Forcháin, Cáin Acmhainne, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan CAIPITIÚIL) Ar Aghaidh (Caibidil III Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta)

14 1980

AN tACHT AIRGEADAIS, 1980

Caibidil II

Cánachas ar Dhaoine Pósta

Leasú ar Chuid IX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

18. —Maidir le measúnachtaí i leith cánach ioncaim don bhliain 1980-81 agus d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, leasaítear leis seo Cuid IX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an gcaibidil seo a leanas a chur in ionad Chaibidil I:

“Caibidil I

Forálacha Speisialta maidir le Daoine Pósta

Léiriú (Caibidil I).

192.—(1) Chun críocha cánach ioncaim measfar banchéile a bheith ina cónaí lena fearchéile mura rud é—

(a) go bhfuil siad idirscartha faoi ordú ó chúirt dlínse inniúla nó le gníomhas idirscartha, nó

(b) go bhfuil siad idirscartha iarbhír in imthosca inar dóigh don idirscaradh a bheith buan.

(2)  (a)  Sa Chaibidil seo folaíonn tagairtí d'ioncam banchéile tagairtí d'aon suim a bheadh, ar leith ón gCaibidil seo, le háireamh le linn a hioncam iomlán a bheith á ríomh, agus beidh éifeacht le forálacha na Caibidle seo i ndáil le haon suim den sórt sin d'ainneoin go gceanglaíonn achtachán éigin (lena n-áirítear, ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt go sainráite, achtachán a rithfear tar éis an tAcht seo a rith) nach n-áireofaí an tsuim mar ioncam de chuid aon duine seachas ise.

(b) Sna hAchtanna Cánach Ioncaim aon tagairt do dhuine a rinne rogha go cuí go ndéanfaí é a mheasúnú i leith cánach de réir fhorálacha ailt áirithe folaíonn sí tagairt do dhuine a mheastar a rinne rogha go ndéanfaí é a mheasúnú i leith cánach de réir fhorálacha an ailt sin agus aon tagairt d'fhearchéile a mheasúnaítear i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 do bhliain mheasúnachta folaíonn sí tagairt do chás ina ndéantar é féin agus a bhanchéile a mheasúnú i leith cánach, don bhliain sin, de réir fhorálacha alt 197.

(3) Sa Chaibidil seo ciallaíonn ‘an cigire’, i ndáil le fógra, aon chigire a bhféadfadh an duine a bheadh ag tabhairt an fhógra a mheas le réasún gur dóigh dó baint a bheith aige le hábhar an fhógra nó a dhearbhóidh go bhfuil sé ullamh ar an bhfógra a ghlacadh.

(4) Aon fhógra a cheanglaítear a sheirbheáil faoi aon alt sa Chaibidil seo, féadfar é a sheirbheáil leis an bpost.

Measúnú mar dhaoine singile.

193.—In aon chás ina measfar banchéile a bheith ina cónaí lena fearchéile, déanfar cáin ioncaim a mheasúnú, a mhuirearú agus a ghnóthú, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na hAchtanna Cánach Ioncaim, ar ioncam an fhearchéile agus ar ioncam an bhanchéile faoi is dá mbeadh siad gan a bheith pósta:

Ar choinníoll, i gcás éifeacht a bheith le rogha faoi alt 195 i ndáil le fearchéile agus banchéile do bhliain mheasúnachta, nach mbeidh éifeacht leis an alt seo i ndáil leis an bhfearchéile sin agus leis an mbanchéile sin don bhliain mheasúnachta sin.

Measúnacht ar fhearchéile i leith ioncam an dá chéile.

194.—(1) Más rud é, i gcás fearchéile agus banchéile, go mbeidh éifeacht maidir le bliain mheasúnachta le rogha faoi alt 195 go measúnófaí i leith cánach iad de réir fhorálacha an ailt seo—

(a) déanfar an fearchéile a mheasúnú agus a mhuirearú i leith cánach, ní amháin i leith a ioncam iomlán (más ann) don bhliain sin, ach freisin i leith ioncam iomlán a bhanchéile (más ann) d'aon chuid den bhliain mheasúnachta sin a mbeidh sí ina cónaí leis lena linn, agus, chun na críche sin agus chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, measfar gur ioncam dá chuidsean an t-ioncam deiridh sin a luadh;

(b) ní dhéanfaidh forálacha an ailt seo difear don cheist i dtaobh cé acu a bheidh aon ioncam de chuid an bhanchéile inchurtha faoi cháin d'aon bhliain mheasúnachta agus, má bhíonn, cad a mheastar is méid dó chun críocha cánach; agus

(c) aon cháin a bheidh le measúnú i leith aon ioncam a meastar, faoin alt seo, gur ioncam é de chuid fhearchéile mná, beidh sí, in ionad í a bheith inmheasúnaithe uirthise, nó ar a hiontaobhaithe, a caomhnóir nó a cúramaí, nó ar a seiceadóirí nó ar a riarthóirí, inmheasúnaithe airsean nó, sna cásanna iomchuí, ar a sheiceadóirí nó ar a riarthóirí.

(2) Aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim a údaraítear, le haon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim, a dheonú d'fhearchéile faoi threoir ioncam nó brabúis nó gnóchain nó caillteanais a bhanchéile nó faoi threoir aon íocaíocht a rinne sí, ní dheonófar d'fhearchéile é maidir le bliain mheasúnachta ach amháin i gcás é a bheith measúnaithe i leith cánach don bhliain sin de réir fhorálacha an ailt seo.

Rogha go ndéanfaí measúnú faoi alt 194.

195.—(1) Féadfaidh fearchéile agus a bhanchéile, i gcás an banchéile a bheith ina cónaí leis an bhfearchéile, aon tráth le linn bliana measúnachta, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire, rogha a dhéanamh go comhpháirteach go ndéanfaí iad a mheasúnú i leith cánach don bhliain mheasúnachta sin de réir fhorálacha alt 194, agus i gcás ina ndéanfar rogha den sórt sin déanfar ioncam an fhearchéile agus ioncam an bhanchéile a mheasúnú i leith cánach don bhliain sin de réir na bhforálacha sin.

(2) I gcás ina ndéanfar rogha faoi fho-alt (1) maidir le bliain mheasúnachta, beidh éifeacht leis an rogha maidir leis an mbliain sin agus le gach bliain mheasúnachta dá éis sin.

(3) D'ainneoin fho-ailt (1) agus (2), féadfaidh an fearchéile nó an banchéile, i ndáil le bliain mheasúnachta, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire roimh dheireadh na bliana, an rogha a tharraingt siar i leith na bliana sin agus, air sin, ní bheidh éifeacht leis an rogha maidir leis an mbliain sin ná le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

(4)  (a) Measfar rogha a bheith déanta go cuí ag fearchéile agus ag a bhanchéile, i gcás an banchéile a bheith ina cónaí lena fearchéile agus i gcás nach mbeidh rogha faoi fho-alt (1) déanta acu maidir le bliain mheasúnachta (ná le haon bhliain mheasúnachta roimhe sin) go ndéanfaí iad a mheasúnú i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 don bhliain sin mura rud é, roimh dheireadh na bliana sin, go dtabharfaidh ceachtar díobh fógra i scríbhinn don chigire gur mian leis nó léi go ndéanfaí iad a mheasúnú i leith cánach don bhliain sin mar dhuine singil de réir fhorálacha alt 193.

(b) I gcás fógra faoi mhír (a) a bheith tugtha go cuí ag fearchéile nó ag a bhanchéile, ní bheidh éifeacht leis an mír sin i ndáil leis an bhfearchéile agus leis an mbanchéile sin maidir leis an mbliain mheasúnachta ar tugadh an fógra ina leith ná le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin go dtí an bhliain mheasúnachta ina ndéanfaidh an duine a thug an fógra é a tharraingt siar trí fhógra eile i scríbhinn a thabhairt don chigire.

Forálacha speisialta maidir le cáin ar ioncam banchéile.

196.—(1) I gcás—

(a) measúnacht i leith cánach ioncaim (dá ngairtear ‘an mheasúnacht bhunaidh’ san alt seo) a bheith déanta d'aon bhliain mheasúnachta ar fhear, nó ar iontaobhaí, caomhnóir nó cúramaí fir, nó ar sheiceadóirí nó riarthóirí fir,

(b) arb é tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, dá mba go raibh iarratas ar mheasúnacht ar leithligh faoi alt 197 i bhfeidhm i leith na bliana measúnachta sin, go mbeadh measúnacht i leith an ioncaim chéanna nó i leith coda de le déanamh ar bhean arb í banchéile an fhir sin í nó arbh í a bhanchéile í an bhliain mheasúnachta sin nó ar iontaobhaí, ar chaomhnóir nó ar chúramaí na mná sin, nó ar sheiceadóirí nó ar riarthóirí na mná sin, agus

(c) an méid go léir nó cuid den mhéid is iníoctha faoin measúnacht bhunaidh a bheith fós gan íoc ar ocht lá is fiche a bheith caite ón am a raibh sé dlite.

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra a thabhairt di, nó, i gcás í a bheith marbh, dá seiceadóirí nó dá riarthóirí, nó, i gcás ina bhféadfaí measúnacht den sórt dá dtagraítear i mír (b) a dhéanamh, sna himthosca dá dtagraítear sa mhír sin, ar a hiontaobhaí, ar a caomhnóir nó ar a cúramaí, féadfaidh siad fógra a thabhairt di-se nó dá hiontaobhaí, dá caomhnóir nó dá cúramaí, is fógra—

(i) ina luafar sonraí na measúnachta bunaidh agus sonraí faoin méid a fágadh gan íoc faoin measúnacht sin, agus

(ii) ina luafar sonraí na measúnachta, de réir mar is fearr a mheasann siad, a bheadh le déanamh mar a dúradh,

agus á cheangal ar an duine dá dtabharfar an fógra an méid a íoc a bheadh le híoc faoin measúnacht is deireanaí atá luaite dá mbeadh sé de réir na sonraí sin, nó an méid a íoc a fágadh gan íoc faoin measúnacht bhunaidh, cibé méid díobh is lú.

(2) Leanfaidh na hiarmhairtí céanna maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) forchur dliteanais chun cáin, le hús nó gan ús, a íoc agus a ghnóthú,

(b) tosaíocht don cháin i bhféimheacht nó le linn eastát duine éagtha a bheith á riar,

(c) achomhairc chun na gCoimisinéirí Achomhairc, athéiseacht na n-achomharc sin agus sonrú cásanna chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil, agus

(d) titim an dliteanais a forchuireadh, faoi dheoidh,

as fógra a thabhairt faoi fho-alt (1) do bhean, nó dá hiontaobhaí, dá caomhnóir, nó dá cúramaí, nó dá seiceadóirí nó dá riarthóirí, is a leanfadh as measúnacht den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) (b) a dhéanamh uirthi, nó ar a hiontaobhaí, ar a caomhnóir nó ar a cúramaí, nó ar a seiceadóirí nó a riarthóirí, de réir mar bheidh, ar measúnacht í—

(i) a rinneadh an lá a tugadh an fógra,

(ii) a mhuirearaigh an méid céanna cánach a ceanglaíodh leis an bhfógra a íoc,

(iii) a bhí le déanamh ag an údarás, agus a rinne an t-údarás, a rinne an mheasúnacht bhunaidh, agus

(iv) a rinne an t-údarás sin de réir mar is fearr a mheas sé nó siad,

agus beidh éifeacht dá réir sin, fara cibé oiriúnuithe is gá, leis na forálacha den Acht seo a bhaineann leis na nithe a shonraítear i míreanna (a) go (d).

(3) I gcás ina dtabharfar fógra faoi fho-alt (1), scoirfidh cáin go feadh an méid a cheanglaítear a íoc leis an bhfógra de bheith inghnóthaithe faoin measúnacht bhunaidh agus, i gcás ús a bheith ag gabháil leis an gcáin a muirearaiodh leis an measúnacht bhunaidh faoi alt 550, déanfar cibé coigeartú ar an méid is iníoctha faoin alt sin i ndáil leis an measúnacht sin, agus déanfar cibé méideanna a íocadh roimhe sin faoin alt sin ina leith sin a aisíoc, is gá chun a áirithiú gur mar a chéile don tsuim iomlán, más ann, a íocadh nó is iníoctha faoin alt sin i ndáil leis an measúnacht agus don tsuim a bheadh ann dá mba rud é nár muirearaíodh riamh an méid a scoirfidh de bheith inghnóthaithe.

(4) I gcás ina laghdófar an méid is iníoctha faoi fhógra faoi fho-alt (1) mar thoradh ar achomharc nó ar chás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil—

(a) cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi deara, más rud é, ag féachaint don toradh sin, gur deimhin leo go raibh an mheasúnacht bhunaidh iomarcach, cibé faoiseamh a thabhairt i modh aisíoca nó eile a mheasfaidh siad a bheith cóir; ach

(b) faoi réir aon fhaoiseamh a thabharfar amhlaidh, beidh suim is ionann agus an laghdú ar an méid is iníoctha faoin bhfógra inghnóthaithe arís faoin measúnacht bhunaidh.

(5) Beidh ag na Coimisinéirí Ioncaim agus ag an gcigire nó ag an oifigeach cuí eile na cumhachtaí céanna chun faisnéis a fháil d'fhonn fógra faoi fho-alt (1) a thabhairt, agus chun críocha eile i ndáil le fógra den sórt sin, a bheadh acu d'fhonn measúnacht a dhéanamh den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) (b) agus chun críocha eile i ndáil le measúnacht den sórt sin, dá mba rud é gur comhlíonadh na coinníollacha a bhí riachtanach chun an mheasúnacht sin a dhéanamh.

(6) I gcás bean d'fháil bháis ar bhanchéile í a bhí, aon tráth roimh a bás, ina cónaí lena fearchéile, féadfaidh seisean, nó i gcás é a bheith marbh, féadfaidh a sheiceadóirí nó a riarthóirí, tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis an dáta ar a ndeonófar probháid nó litreacha riaracháin i leith a heastáit nó, le toiliú a seiceadóirí nó a riarthóirí, aon dáta is déanaí ná sin, fógra i scríbhinn a thabhairt dá seiceadóirí nó dá riarthóirí agus don chigire á dhearbhú, a mhéid a cheadaíonn an t-alt seo é, go séanann seisean nó siadsan freagracht maidir le cáin ioncaim neamhíoctha i leith gach uile ioncam dá cuidse d'aon bhliain mheasúnachta nó d'aon chuid de bhliain mheasúnachta, arb éard í bliain mheasúnachta nó cuid de bhliain mheasúnachta ar measadh ina leith gur ioncam dá chuidsean aon ioncam dá cuidse agus ar measúnaíodh i leith cánach faoi alt 194 i ndáil leis an ioncam sin é.

(7) Ní mheasfar gur fógra bailí fógra a thabharfar de bhun fho-alt (6) don chigire mura sonróidh sé ainmneacha agus seoltaí seiceadóirí nó riarthóirí na mná..

(8) I gcás fógra faoi fho-alt (6) a bheith tugtha do sheiceadóirí nó do riarthóirí mná agus don chigire—

(a) is é dualgas na gCoimisinéirí Ioncaim agus na gCoimisinéirí Achomhairc cibé cumhachtaí a fheidhmiú a bheidh siad i dteideal a fheidhmiú an tráth sin nó tráth dá éis sin faoi fho-ailt (1) go (5) i ndáil le haon mheasúnacht a rinneadh ar an dáta nó roimh an dáta a mbeidh críoch le tabhairt an fhógra sin, ar measúnacht í i leith aon chuid den ioncam lena mbaineann an fógra sin, agus

(b) na measúnachtaí (más ann) i leith cánach, a dhéanfar tar éis an dáta sin, is é a bheidh iontu, i ngach slí agus go háirithe maidir leis na daoine is inmheasúnaithe agus leis an gcáin is iníoctha, na measúnachtaí sin a bheadh le déanamh dá mba rud é—

(i) go raibh iarratas ar mheasúnacht ar leithligh faoi alt 197 i bhfeidhm i leith na bliana measúnachta atá i gceist, agus

(ii) gur dá réir sin a rinneadh gach uile mheasúnacht a rinneadh roimhe sin.

Iarratas ar mheasúnachtaí ar leithligh.

197.—(1) I gcás éifeacht i ndáil le bliain mheasúnachta a bheith le rogha ag fearchéile agus ag banchéile go ndéanfaí iad a mheasúnú i leith cánach de réir fhorálacha alt 194, agus, i ndáil leis an mbliain mheasúnachta sin, go ndéanfaidh an fearchéile nó an banchéile iarratas chun na críche faoin alt seo i cibé slí agus foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, déanfar cáin ioncaim don bhliain sin a mheasúnú, a mhuirearú agus a ghnóthú ar ioncam an fhearchéile agus ar ioncam an bhanchéile ionann is dá mba nach raibh siad pósta agus beidh feidhm, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, ag forálacha uile an Achta seo maidir leis an méasúnú, leis an muirearú agus leis an ngnóthú cánach, ionann is dá mba nach raibh siad pósta ach amháin—

(a) gurb ionann na hasbhaintí iomlána as ioncam iomlán a lamháiltear don fhearchéile agus don bhanchéile mar fhaoisimh phearsanta agus na hasbhaintí a dhéanfaí dá mbeadh an t-iarratas gan éifeacht a bheith leis maidir leis an mbliain sin,

(b) gurb ionann an cháin iomlán is iníoctha ag an bhfearchéile agus ag an mbanchéile don bhliain sin agus an cháin iomlán a bheadh iníoctha acu dá mbeadh an t-iarratas gan éifeacht a bheith leis maidir leis an mbliain sin, agus

(c) go mbeidh éifeacht leis na forálacha atá leagtha amach in alt 198.

(2) Féadfar iarratas faoin alt seo maidir le bliain mheasúnachta a dhéanamh—

(a) i gcás daoine a phósfaidh i rith na bliana sin, roimh an 6ú lá d'Iúil an bhliain dar gcionn, agus

(b) in aon chás eile, laistigh de 6 mhí roimh an 6ú lá d'Iúil an bhliain sin.

(3) I gcás ina ndéanfar iarratas faoi fho-alt (1), beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin ní amháin maidir leis an mbliain mheasúnachta a ndéanfar an t-iarratas ina leith, ach freisin maidir le gach bliain mheasúnachta dá éis sin:

Ar choinníoll, i ndáil le bliain mheasúnachta dá éis sin, go bhféadfaidh an duine a rinne an t-iarratas, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire roimh an 6ú lá d'Iúil an bhliain sin, an rogha sin a tharraingt siar, agus, air sin, ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) maidir leis an mbliain mheasúnachta ar i ndáil léi a tugadh an fógra ná le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

(4) Féadfaidh an fearchéile nó an banchéile tuairisceán a thabhairt, chun críocha an ailt seo, ar ioncaim iomlána an fhear chéile agus an bhanchéile ach, mura mbeidh aon tuairisceán den sórt sin chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, féadfaidh siad a cheangal ar an mbanchéile nó ar an bhfearchéile, de réir mar bheidh, tuairisceán a thabhairt.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra a cheangal go dtabharfar tuairisceáin chun críocha an ailt seo tráth ar bith.

(6) San alt seo agus in alt 198 ciallaíonn ‘faoisimh phearsanta’ faoiseamh:

(a) faoi ailt 138 go 145 agus 151 agus 152,

(b) faoi alt 12 den Acht Airgeadais, 1967 ,

(c) faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1969 ,

(d) faoi alt 11 den Acht Airgeadais, 1971 ,

(e) faoi alt 8 den Acht Airgeadais, 1974 , agus

(f) faoi alt 7 den Acht Airgeadais, 1979 .

An modh chun faoisimh a chionroinnt agus cáin a mhuirearú i gcásanna measúnachtaí ar leithligh.

198.—(1) Más rud é, de bhun iarratas faoi alt 197, go measúnófar fearchéile agus banchéile i leith cánach do bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha an ailt sin—

(a) faoi réir fho-alt (2), féadfar an sochar ó na faoisimh phearsanta a thabhairt mar laghdú ar an méid cánach a bheidh le híoc, nó trí aon bhreis chánach a íocadh a aisíoc, nó ar an dá mhodh sin, de réir mar is gá sa chás, agus leithroinnfear é ar an bhfearchéile agus ar an mbanchéile—

(i) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi ailt 138 agus 141 (seachas fo-alt (2)), faoi alt 11 den Acht Airgeadais, 1971 , agus faoi alt 8 den Acht Airgeadais, 1974 , sa chomhréir leath má leath,

(ii) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 138B, ar an bhfearchéile nó ar an mbanchéile de réir mar is díolaíochtaí de chuid an fhearchéile nó de chuid an bhanchéile na díolaíochtaí as a ndearnadh an asbhaint faoin alt sin,

(iii) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó i leith leanbh faoi alt 141 (2) nó faoiseamh i leith gaol cleithiúnach faoi alt 142, ar an bhfearchéile nó ar an mbanchéile de réir mar a dhéanann seisean nó sise an leanbh nó an gaol a chothabháil,

(iv) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi ailt 143, 145, 151 agus 152, ar an bhfearchéile nó ar an mbanchéile de réir mar is eisean nó ise a rinne an íocaíocht ar dá bharr an faoiseamh,

(v) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 12 den Acht Airgeadais, 1967 , sa chomhréir inar íoc siad an caiteachas ar dá bharr an faoiseamh,

(vi) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1969 , sa chomhréir ina n-íocann siad an costas a bhaineann le fostú an duine a dtugtar an faoiseamh ina leith,

(vii) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 7 den Acht Airgeadais, 1979 , sa chomhréir inar thabhaigh siad an caiteachas ar dá bharr an faoiseamh,

(b) faoi réir fho-alt (3), beidh feidhm ag alt 8 den Acht Airgeadais, 1980 , maidir leis an mbliain sin, i ndáil le gach duine de na céilí lena mbaineann, ionann is dá mba éard í an chuid den ioncam inchánach a shonraítear i gCuid II den Tábla a ghabhann leis an alt sin agus atá le muirearú i leith cánach de réir aon cheann de na rátaí a shonraítear ann (seachas an ráta a shainítear a bheith inmhuirearaithe ar fhuílleach an ioncaim inchánach) leath den chuid a shonraítear amhlaidh.

(2) I gcás inar mó méid an fhaoisimh a leithroinnfear ar an bhfearchéile faoi fho-alt (1) (a) ná an cháin ioncaim is inmhuirearaithe ar ioncam an fhearchéile don bhliain mheasúnachta, úsáidfear an t-iarmhéid chun an cháin ioncaim is inmhuirearaithe ar ioncam an bhanchéile don bhliain sin a laghdú, agus i gcás inar mó méid an fhaoisimh a leithroinnfear ar an mbanchéile faoin mír sin ná an cháin ioncaim is inmhuirearaithe ar a hioncam don bhliain mheasúnachta, úsáidfear an t-iarmhéid chun an cháin ioncaim is inmhuirearaithe ar ioncam an fhearchéile don bhliain sin a laghdú.

(3) I gcás inar lú an chuid d'ioncam inchánach céile is inmhuirearaithe i leith cánach de réir fho-alt (1) (b) de réir ráta áirithe a shonraítear i gCuid II den Tábla a ghabhann le halt 8 den Acht Airgeadais, 1980 , ná an chuid d'ioncam inchánach an chéile eile agus inar lú í ná an chuid d'ioncam inchánach a shonraítear i gcolún (1) den Chuid sin (dá ngairtear ‘an chuid iomchuí’ dó anseo ina dhiaidh seo) a bhfuil an céile céadluaite inchurtha faoi mhuirear cánach amhlaidh ina leith de réir an ráta sin, déanfar an chuid d'ioncam inchánach an chéile eile atá, de bhua an fho-ailt sin, le cur faoi mhuirear cánach de réir an ráta sin a mhéadú an méid ar lú ná an chuid iomchuí ioncam inchánach an chéile chéadluaite is inchurtha faoi mhuirear cánach de réir an ráta sin.”.

Leasuithe iarmhartacha.

19. —Beidh éifeacht le Cuid III den Chéad Sceideal, maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin, chun an Chaibidil seo a fhorlíonadh.

Toirmeasc ar aisíocaíochtaí cánach áirithe do 1979-80 agus do bhlianta roimhe sin.

20. —(1) San alt seo ciallaíonn “bliain iomchuí” an bhliain 1979-80 nó aon bhliain mheasúnachta roimhe sin.

(2) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim, sna rialacháin fúthu nó in aon mheasúnacht arna déanamh (roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis) de réir na nAchtanna sin nó na rialachán sin, ní dhéanfar aon aisíoc cánach le duine ná ní lamhálfar aon chreidmheas dó maidir le haon ró-íocaíocht cánach (a íocadh trí asbhaint nó ar dhóigh eile) a d'fhulaing sé maidir le haon bhliain iomchuí, ar ró-íocaíocht í a tharla de bhua ioncam an duine sin agus ioncam a chéile a chomhshuimiú, mura rud é, roimh thosach na bliana iomchuí sin, go raibh imeachtaí dlí tionscanta aige chun a dhearbhú gurbh fhorálacha míbhunreachtúla na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a airbheartaíonn an comhshuimiú sin a údarú.

Measúnachtaí do 1979-80 agus do bhlianta roimhe sin arna ndéanamh tar éis dáta an Achta a rith.

21. —(1) San alt seo—

folaíonn “measúnacht” measúnacht bhreise;

ciallaíonn “measúnacht lena mbaineann an t-alt seo” measúnacht i leith cánach a dhéanfar, ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, ar phearsa aonair do bhliain iomchuí;

ciallaíonn “bliain iomchuí” an bhliain 1979-80 nó aon bhliain mheasúnachta roimhe sin;

ciallaíonn “an ráta iomchuí”, maidir le haon cheann de na blianta 1974-75 go 1979-80, an ráta is airde de na hard-rátaí a bhí i bhfeidhm don bhliain mheasúnachta sin agus, maidir le haon bhliain iomchuí eile, an ráta ar cóimhéid le comhshuim an ráta chaighdeánaigh cánach ioncaim don bhliain sin agus an ráta is airde ar dá réir a bhí forcháin inmhuirearaithe don bhliain sin;

ciallaíonn “an cháin iomchuí”, i ndáil le pearsa aonair, an méid cánach do bhliain iomchuí—

(a) ab iníoctha ag an bpearsa aonair don bhliain sin, nó

(b) i gcás ar banchéile an phearsa aonair ar measadh go raibh sí ina cónaí lena fearchéile an bhliain sin, ab iníoctha don bhliain sin ag fearchéile na pearsan aonair,

dá mba rud é go raibh measúnacht maidir le hioncam iomlán na pearsan aonair agus a chéile don bhliain sin déanta an 6ú lá de Dheireadh Fómhair an bhliain sin ar an bpearsa aonair nó ar fhearchéile na pearsan aonair, de réir mar a bheidh, ar measúnacht í a rinneadh ar fhoras agus de réir an chleachtais a bhí i bhfeidhm an tráth sin;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó forcháin nó cáin ioncaim agus forcháin de réir mar a éilíonn an comhthéacs.

(2) Más rud é, maidir le bliain iomchuí, go mbeidh measúnacht lena mbaineann an t-alt seo le déanamh ar phearsa aonair (is fearchéile ar measadh go raibh a bhanchéile ina cónaí leis an bhliain iomchuí nó is banchéile ar measadh go raibh sí ina cónaí lena fearchéile an bhliain sin) agus, dá dhroim sin, gur lú comhshuim na cánach, ab iníoctha don bhliain iomchuí sin ag an bpearsa aonair agus ag céile na pearsan aonair, ná méid na cánach iomchuí i ndáil leis an bpearsa aonair don bhliain iomchuí sin, beidh feidhm ag forálacha fho-alt (3) i ndáil leis an measúnacht sin.

(3) I gcás feidhm a bheith ag forálacha an fho-ailt seo i ndáil le measúnacht do bhliain iomchuí, ansin, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim ach faoi réir fhorálacha fho-alt (4)—

(a) déanfar méid an ioncaim a mbeidh cáin le muirearú ar an bpearsa aonair ina leith a fhionnadh ar an bhforas nach raibh alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i bhfeidhm agus nach raibh éifeacht leis don bhliain sin.

(b) déanfar an mheasúnacht ar an bhforas go mbeidh cáin le muirearú ar an bpearsa aonair i leith a ioncaim inchánach don bhliain de réir an ráta iomchuí, agus

(c) i gcás ar duine pósta an phearsa aonair ar a mbeidh an mheasúnacht le déanamh, déanfar an mheasúnacht ar an bhforas nach bhfuil sé pósta agus déanfar cibé measúnachtaí nó cibé coigeartuithe ar mheasúnachtaí is gá chun a áirithiú go muirearófar cáin ar an bpearsa aonair agus ar a chéile don bhliain iomchuí ar gach slí faoi is dá mba nach raibh siad pósta:

Ar choinníoll nach n-áireofar gur ioncam de chuid aon duine eile aon ioncam i measúnacht arna déanamh ar fhearchéile ar measadh, roimh an 12ú lá de Dheireadh Fómhair, 1979, de réir an chleachtais a bhí i bhfeidhm tráth na measúnachta a dhéanamh, gurbh ioncam dá chuidsean é.

(4) I gcás feidhm a bheith ag forálacha fho-alt (3) i ndáil le haon mheasúnacht ar phearsa aonair do bhliain iomchuí, tabharfar cibé faoiseamh, más ann, ó cháin is gá chun a áirithiú nach mó méid comhiomlán na cánach is iníoctha ag an bpearsa aonair agus ag a chéile don bhliain sin ná an cháin iomchuí don bhliain sin, agus, i gcás measúnachtaí lena mbaineann an t-alt seo a bheith arna ndéanamh ar an bhfearchéile agus ar a chéile, déanfar an faoiseamh a bheidh le tabhairt faoin bhfo-alt seo a chionroinnt eatarthu ar cibé slí a bheidh cóir réasúnach.