15 1980


Uimhir 15 de 1980


AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÍOCAÍOCHTAÍ BREISE NACH MÓ NÁ MÉID IOMLÁN SONRAITHE A DHÉANAMH THAR CEANN AN RIALTAIS LEIS AN gCOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA. [25 Meitheamh, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 .

1. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Déanfar na híocaíochtaí seo a leanas, amhail mar agus nuair is iomchuí iad a íoc thar ceann an Rialtais, a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis:

(a)  íocaíochtaí faoi fho-ailt (a) go (d) d'Alt 2 d'Airteagal II den Chomhaontú,

(b)  íocaíochtaí faoi Alt 1 d'Airteagal III den Chomhaontú,

(c)  íocaíochtaí faoi mhír (a) d'Alt 2 d'Airteagal IV den Chomhaontú,

(d)  íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná méid is comhionann in airgead reatha na hÉireann le 4 mhilliún dollar de chuid na Stát Aontaithe den mheáchan agus den ghlaine a bhí i bhfeidhm an 1ú lá d'Eanáir, 1960, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais,

(e)  íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná £3,100,070 de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais,

(f)  íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná £5,819,705, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais,

(g)  íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná £6,230,000, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais,

(h)  íocaíochtaí faoi fhomhír (i) de mhír (c) d'Alt 4 d'Airteagal VII den Chomhaontú.”

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1980 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1980, a ghairm de na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1978, agus den Acht seo le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960

1960, Uimh. 35

Na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1978