An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 8 Pinsean Scoir) Ar Aghaidh (CAIBIDIL 10 Pinsean Easláine)

1 1981

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981

CAIBIDIL 9

Sochar Marthanóra

Teideal chun sochair.

[1952, a. 26; 1963 FI, a.11; 1976, a. 17]

87. —(1) Faoi réir an Achta seo, ar bhás mná a raibh pinsean seanaoise (ranníocach) nó pinsean scoir iníoctha léi ar ráta méadaithe seachtainiúil de bhua alt 81 (1) nó 86 (1) in aghaidh tréimhse dar críoch dáta an bháis sin, beidh a fearchéile i dteideal sochair arb ionann a ráta seachtainiúil agus an ráta pinsin bhaintrí (ranníocach) lena n-áirítear méaduithe i leith leanaí cáilithe, más iomchuí, a bheadh iníoctha leis faoi fhorálacha na Coda seo dá mba bhaintreach é.

(2) Ní bheidh sochar faoin alt seo iníoctha in aghaidh aon tréimhse tar éis athphósadh don duine a raibh sé iníoctha leis, nó in aghaidh aon tréimhse tar éis dó scor de bheith éagumasach ar é féin a chothabháil de dheasca éiglíocht éigin coirp nó meabhrach.

(3) Beidh fear dícháilithe chun sochar faoin alt seo a fháil má bhíonn, agus fad a bheidh, sé féin agus aon duine eile in aontíos le chéile mar lánúin phósta.

(4) I gcás ina mbeadh sochar faoin alt seo agus pinsean seanaoise (ranníocach) nó pinsean scoir iníoctha, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, in aghaidh aon tréimhse—

(i) ní bheidh sochar faoin alt seo iníoctha in aghaidh na tréimhse sin mura mó ráta an tsochair sin ná ráta an phinsin,

(ii) ní bheidh an pinsean iníoctha in aghaidh na tréimhse sin mura bhfuil ráta an phinsin sin ar cóimhéid le ráta an tsochair faoin alt seo nó níos mó ná é.