|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 9 Sochar Marthanóra) | Ar Aghaidh (CAIBIDIL 11 Pinsean Baintrí (Ranníocach).) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981
[EN] | ||
[EN] |
CAIBIDIL 10 Pinsean Easláine | |
[EN] |
Teideal chun pinsin. [1952, a. 25C; 1970, a. 6] [1974 (Uimh. 2), a. 10] |
88. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh duine i dteideal pinsin easláine— |
[EN] | (a) má tá sé buan-éagumasach chun oibre, agus | |
[EN] | (b) má chomhlíonann sé na coinníollacha ranníoca atá in alt 89. | |
[EN] | (2) Faoi réir alt 125, leanfar de phinsean easláine a íoc go ceann tréimhse 6 sheachtain tar éis dáta báis tairbhí a raibh cleithiúnaí aosaithe aige. | |
[EN] | (3) Sonrófar le rialacháin na coinníollacha ar faoina réir a measfar chun críocha an ailt seo duine a bheith buan-éagumasach chun oibre. | |
[EN] | (4) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndícháileofar duine chun pinsean easláine a fháil má mhainníonn sé gan cúis mhaith aon rialacha forordaithe iompair a chomhlíonadh. | |
[EN] |
Coinníollacha maidir le pinsean a fháil. [1952, Sc. 4; 1970, Sc.; 1978 L, a. 13] [1952, a. 14] [1952, a. 66B; 1970, a. 16] |
89. —(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás pinsin easláine— |
[EN] | (a) ranníocaí cáilitheacha i leith 156 sheachtain ranníoca ar a laghad ó tháinig sé faoi árachas a bheith ag an éilitheoir roimh an dáta iomchuí, agus | |
[EN] | (b) ranníocaí cáilitheacha nó ranníocaí creidiúnaithe i leith 48 seachtain ranníoca ar a laghad sa bhliain ranníoca iomlán dheiridh roimh an dáta sin a bheith ag an éilitheoir roimh an dáta iomchuí. | |
[EN] | (2) San alt seo ciallaíonn “dáta iomchuí” aon dáta i ndiaidh tréimhse iomlán bliana d'éagumas leanúnach chun oibre i gcás an duine árachaithe a bheith tar éis tosú ar thréimhse leanúnach éagumais chun oibre agus go mbeifear tar éis a chruthú ina dhiaidh sin é a bheith buan-éagumasach chun oibre. | |
[EN] | (3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go modhnófar na coinníollacha ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) ach, i gcás ina mbeartófar rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. | |
[EN] | (4) Aon ranníocaí a bheidh íoctha faoi na hAchta um Árachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952, ag ranníocóir fostaithe nó ina leith, féadfar iad a chur san áireamh ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha agus teorainneacha a bheidh forordaithe le haghaidh comhlíonadh na gcoinníollacha ranníoca i leith pinsin easláine. | |
[EN] |
Na rátaí pinsin. [1952, a. 14] |
90. —Faoi réir na Coda seo, is mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal a bheidh na rátaí seachtainiúla pinsin easláine. |
[EN] |
Méaduithe (lena n-áirítear méaduithe i leith cleithiúnaithe aosaithe agus leanaí cleithiúnacha). [1952, a. 26; 1970, a.8; 1980, a. 19] [1952, a. 27; 1960 L, a.9; 1970, a.9; 1976, a. 18] [1952, a. 26; 1974 (Uimh. 2), a. 19] [1977, a.14(2)] |
91. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin easláine a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (3) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse ina bhfuil cleithiúnaí aosaithe ag an tairbhí, faoi réir an tsriain nach mbeidh tairbhí i dteideal méadú pinsin faoin bhfo-alt seo in aghaidh na tréimhse céanna i leith níos mó ná duine amháin. |
[EN] | (2) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin easláine a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (4) de Chuid I den Dara Sceideal i leith libh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí agus, ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanbh den sórt sin a bheith ann, déanfar é a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt. | |
[EN] | (3) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin easláine a mhéadú, i gcás duine a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige, mar atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse— | |
[EN] | (i) a mbeidh an tairbhí chomh héagumasach sin go dteastaíonn cúram agus aire lánaimsire uaidh, | |
[EN] | (ii) a mbeidh gaol forordáithe leis an tairbhí ina chónaí leis an tairbhí chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus | |
[EN] | (iii) a gcomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe. | |
[EN] | (4) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin easláine a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (7) de Chuid I den Dara Sceideal i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine atá i dteideal an phinsin agus é ina chónaí ina aonar. |