|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 10 Pinsean Easláine) | Ar Aghaidh (CAIBIDIL 12 Liúntas Dílleachta Ranníocach) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981
[EN] | ||
[EN] |
CAIBIDIL 11 Pinsean Baintrí (Ranníocach). | |
[EN] |
Teideal chun pinsin. [1952, a. 22; 1960 L, a.6; 1974 (Uimh. 2), a.18] [1979, a. 24] [1935 PBD, a.3; 1952, a. 109; 1969 FI, a.9; 1970, a. 29] |
92. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh baintreach i dteideal pinsin bhaintrí (ranníocach) má chomhlíonann a hárachas féin nó árachas a fearchéile na coinníollacha ranníoca atá leagtha amach in alt 93 nó má bhí a fearchéile i dteideal pinsin seanaoise (ranníocach) nó pinsin scoir de réir ráta sheachtainiúil mhéadaithe de bhua alt 81 (1) nó alt 86 (1) i leith tréimhse a chríochnaigh lena bhás. |
[EN] | (2) Ní bheidh pinsean baintrí (ranníocach) iníoctha in aghaidh aon tréimhse tar éis athphósadh di. | |
[EN] | (3) Beidh baintreach dícháilithe chun pinsean baintrí (ranníocach) a fháil má bhíonn, agus fad a bheidh, sí féin agus aon duine eile in aontíos le chéile mar lánúin phósta. | |
[EN] | (4) Bean a thiocfaidh chun bheith ina baintreach le linn di bheith ag fáil nó i dteideal sochair bhanchéile thréigthe, beidh sí, ar theacht di chun bheith ina baintreach, i dteideal pinsin bhaintrí (ranníocach) de réir an ráta chéanna le ráta an tsochair bhanchéile thréigthe ab iníoctha léi, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh na coinníollacha ranníoca iomchuí chun bheith i dteideal an phinsin sin comhlíonta ina cás. | |
[EN] | (5) Sa Chaibidil seo— | |
[EN] | ciallaíonn “leanbh cáilithe” leanbh cáilithe mar a mhínítear in alt 2 (1) agus folaíonn sé duine atá os cionn 18 mbliana d'aois agus faoi bhun 21 bhliain d'aois agus é ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais agus a bheadh, dá mbeadh sé faoi bhun 18 mbliana d'aois, ina leanbh cáilithe mar a mhínítear amhlaidh; | |
[EN] | ní thagraíonn “fearchéile”, i ndáil le bean a phós níos mó ná uair amháin, ach don fhearchéile is déanaí aici. | |
[EN] | (6) Chun críocha na Caibidle seo ciallaíonn “meánmhéid bliantúil” an meánmhéid i ngach bliain ranníoca de sheachtainí ranníoca a bhfuil ranníocaí cáilitheacha, ranníocaí saorálacha nó ranníocaí creid iúnaithe ag an bhfearchéile (nó ag an éilitheoir) ina leith sa tréimhse iomchuí a shonraítear in alt 93 (1) (b). | |
[EN] |
Coinníollacha maidir le pinsean a fháil. [1952, Sc. 4; 1966 FI, a. 12; 1978 L, a. 13] [1960 L, a. 16] [1952, a. 14] [1952, a. 28A; 1960 L, a. 10; 1966 FI, a.6] [1966 FI, a.6] [1967 FI, a. 11] [1974 (Uimh. 2), a. 11] [1975, a. 10] [1977, a. 13] |
93. —(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás pinsin bhaintrí (ranníocach)— |
[EN] | (a) ranníocaí cáilitheacha i leith 156 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an bhfearchéile sa tréimhse dar tosach dáta a theacht faoi árachas agus dar críoch dáta díreach roimh an am iomchuí, agus | |
[EN] | (b) má bhíonn, ag an am iomchuí, 4 bliana nó tréimhse is faide ná sin caite ó theacht faoi árachas don fhearchéile— | |
[EN] | (i) nach lú ná 39 an meánmhéid bliantúil do na 3 bliana ranníoca, nó (más gá sin de réir a thaifid árachais) do na 5 bliana ranníoca, dar chríoch deireadh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh an am iomchuí, nó | |
[EN] | (ii) nach 1ú ná 48 an meánmhéid bliantúil i leith na tréimhse dar tosach tús na bliana ranníoca ar tharla dó teacht faoi árachas agus dar críoch deireadh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh an am iomchuí, | |
[EN] | ach, mura mbeidh na coinníollacha sin comhlíonta de réir thaifead árachais an fhearchéile, féadfar iad a chomhlíonadh de réir thaifead árachais na baintrí (agus gan aird a thabhairt ar thaifead árachais an fhearchéile). | |
[EN] | (2) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “am iomchuí”— | |
[EN] | (a) an dáta a shlánaigh an fearchéile aois inphinsin nó a fuair sé bás faoin aois sin, nó | |
[EN] | (b) más ar thaifead árachais na baintrí atá na coinníollacha á gcomhlíonadh— | |
[EN] | (i) dáta báis an fhearchéile, nó | |
[EN] | (ii) má shlánaigh an bhaintreach aois inphinsin roimh an dáta a fuair an fearchéile bás, an dáta a shlánaigh sí an aois sin. | |
[EN] | (3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar bhrí meánmhéid bhliantúil atá in alt 92 (6) nó ar na coinníollacha ranníoca atá san alt seo ach, i gcás ina mbeartófar rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. | |
[EN] | (4) Faoi réir fho-alt (5), féadfar a fhoráil le rialacháin go dtabharfar teideal chun pinsin bhaintrí (ranníocach) do dhaoine a bheadh ina theideal mura mbeadh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) a bheith gan chomhlíonadh. | |
[EN] | (5) Forálfar le rialacháin chun críocha fho-alt (4) go mbeidh pinsean baintrí (ranníocach) is iníoctha de bhua na rialachán sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta sin a shonraítear sa Dara Sceideal, agus féadfaidh na rátaí a shonrófar leis na rialacháin athrú de réir an méid a bheidh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) comhlíonta, ach is é an méadú sochair céanna a bheidh iníoctha faoi alt 95 (1) ab iníoctha dá mbeadh an coinníoll sin comhlíonta go hiomlán. | |
[EN] | (6) I gcás ina dtiocfaidh duine chun bheith ina ranníocóir fostaithe de bhua alt 65 (1), agus nár ranníocóir é ar leithligh ón alt sin, measfar nach teacht faoi árachas chun críocha fho-alt (1) den alt seo a theacht faoi árachas de bhua an ailt sin agus chun na gcríocha sin measfar a theacht faoi árachas tarlú nuair a thiocfaidh sé i gcéadóir chun bheith ina ranníocóir fostaithe de bhua alt 5. | |
[EN] | (7) (a) Féadfar teideal duine chun pinsin bhaintrí (ranníocach) atá le cinneadh faoi threoir thaifead árachais duine a shlánaigh 69 mbliana d'aois roimh an 5 Eanáir, 1976, a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Iúil, 1974, más buntáiste don éilitheoir é sin. | |
[EN] | (b) Baintreach a ndearnadh, faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Iúil, 1974, pinsean baintrí (ranníocach) a dhámhadh di ar fhoras a taifid árachais féin nó taifead árachais a fearchéile ar an dáta ar shlánaigh sise nó seisean aois inphinsin na huaire sin, beidh ceart aici, an 1 Iúil, 1974, agus dá éis, chun an phinsin sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil a bheidh comhionann leis an meánmhéid bliantúil arna ríomh ina cás faoi na forálacha sin. | |
[EN] | (8) (a) Féadfar teideal duine chun pinsin bhaintrí (ranníocach) atá le cinneadh faoi threoir thaifead árachais duine a shlánaigh 68 mbliana d'aois roimh an 3 Eanáir, 1977, a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Aibreán, 1975, más buntáiste don éilitheoir é sin. | |
[EN] | (b) Baintreach a ndearnadh, faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Aibreán, 1975, pinsean baintrí (ranníocach) a dhámhadh di ar fhoras a taifid árachais féin nó taifead árachais a fearchéile ar an dáta ar shlánaigh sise nó seisean aois inphinsin na huaire sin, beidh ceart aici, an 1 Aibreán, 1975, agus dá éis, chun an phinsin sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil a bheidh comhionann leis an meánmhéid bliantúil arna ríomh ina cás faoi na forálacha sin. | |
[EN] | (9) (a) Féadfar teideal chun pinsin bhaintrí (ranníocach) atá le cinneadh faoi threoir thaifead árachais duine a shlánaigh 67 mbliana d'aois roimh an 1 Eanáir, 1979, a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Deireadh Fómhair, 1977, más buntáiste don éilitheoir é sin. | |
[EN] | (b) Baintreach a ndearnadh, faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Deireadh Fómhair, 1977, pinsean baintrí (ranníocach) a dhámhadh di ar fhoras a taifid árachais féin nó taifead árachais a fearchéile ar an dáta ar shlánaigh sise nó seisean aois inphinsin na huaire sin, beidh ceart aici, an 1 Deireadh Fómhair, 1977, agus dá éis, chun an phinsin sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil a bheidh comhionann leis an meánmhéid bliantúil arna ríomh ina cás faoi na forálacha sin. | |
[EN] |
Na rátaí pinsin. [1952, a. 14] |
94. —Faoi réir na Coda seo, is mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal a bheidh na rátaí seachtainiúla pinsin bhaintrí (ranníocach). |
[EN] |
Méaduithe (lena n-áirítear méaduithe i leith leanaí cleithiúnacha). [1976, a. 18] [1952, a. 26; 1974 (Uimh. 2), a.19] [1977, a.14 (2)] |
95. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin bhaintrí (ranníocach) a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (4) nó (5) de Chuid I den Dara Sceideal i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí. |
[EN] | (2) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin bhaintrí (ranníocach), i gcás duine a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige, a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse— | |
[EN] | (i) a mbeidh an tairbhí chomh héagumasach sin go dteastaíonn cúram agus aire lánaimsire uaidh, | |
[EN] | (ii) a mbeidh gaol forordaithe leis an tairbhí ina chónaí leis an tairbhí chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus | |
[EN] | (iii) a gcomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe. | |
[EN] | (3) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin bhaintrí (ranníocach) a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (7) de Chuid I den Dara Sceideal i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine atá i dteideal an phinsin agus é ina chónaí ina aonar. |