|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 11 Pinsean Baintrí (Ranníocach).) | Ar Aghaidh (CAIBIDIL 13 Sochar Banchéile Thréigthe) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981
[EN] | ||
[EN] |
CAIBIDIL 12 Liúntas Dílleachta Ranníocach | |
[EN] |
Teideal chun liúntais. [1952, a. 23] |
96. —Faoi réir an Achta seo, beidh liúntas dílleachta (ranníocach) iníoctha i leith dílleachta má chomhlíontar an coinníoll ranníoca atá in alt 97. |
[EN] |
Coinníoll maidir le liúntas a fháil. [1952, Sc. 4; 1978 L, a. 13] [1952, a. 14] [1969 FI, a.9; 1970, a. 29] |
97. —(1) Is é an coinníoll ranníoca i gcás liúntais dílleachta (ranníocach) ranníocaí cáilitheacha i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag duine amháin de na daoine seo a leanas— |
[EN] | (a) tuismitheoir an dílleachta, | |
[EN] | (b) leas-tuismitheoir an dílleachta. | |
[EN] | (2) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar an gcoinníoll ranníoca seo ach, i gcás ina mbeartófar rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. | |
[EN] | (3) Nuair a bheifear á chinneadh an bhfuil liúntas dílleachta (ranníocach) iníoctha, measfar duine os cionn 18 mbliana d'aois, ar leanbh cáilithe é dá mbeadh sé faoi bhun na haoise sin, a bheith ina leanbh cáilithe ar feadh aon tréimhse a mbeidh sé faoi bhun 21 bhliain d'aois agus é ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais. | |
[EN] |
An ráta liúntais. [1952, a. 14] |
98. —Faoi réir na Coda seo, is mar atá leagtha amach i gCuid I den Dara Sceideal a bheidh an ráta seachtainiúil liúntais dílleachta (ranníocach). |
[EN] |
Liúntas a íoc. [1952, a. 24] |
99. —(1) Faoi réir fho-alt (2), íocfar liúntas dílleachta (ranníocach) le caomhnóir an dílleachta a bhfuil an liúntas iníoctha ina leith. |
[EN] | (2) Féadfar, más cuí leis an Aire, liúntas dílleachta (ranníocach) a íoc le duine éigin eile chun tairbhe an dílleachta, in ionad é a íoc le caomhnóir an dílleachta a bhfuil an liúntas iníoctha ina leith. |