|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 12 Liúntas Dílleachta Ranníocach) | Ar Aghaidh (CAIBIDIL 14 Deontas Máithreachais) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981
[EN] | ||
[EN] |
CAIBIDIL 13 Sochar Banchéile Thréigthe | |
[EN] |
Teideal chun sochair. [1952, a.25E; 1973, a. 17; 1978 L, a. 13] |
100. —(1) Faoir réir an Achta seo, beidh sochar banchéile thréigthe iníoctha le bean— |
[EN] | (a) atá tréigthe ag a fearchéile, | |
[EN] | (b) más lú a haois ná 40 bliain, a gcónaíonn leanbh cáilithe amháin ar a laghad léi, | |
[EN] | (c) a chomlíonann na coinníollacha ranníoca in alt 101, agus | |
[EN] | (d) a chomhlíonann cibé coinníollacha eile atá forordaithe. | |
[EN] | (2) Déanfar na himthosca ina mbeidh sé le meas chun críocha an ailt seo go bhfuil bean tréigthe ag a fearchéile a chinneadh de réir rialacháin arna ndéanamh faoi alt 195 (4) (a). | |
[EN] | (3) Is leanbh cáilithe chun críocha an ailt seo maidir le bean leanbh más rud é, á chur i gcás nár bheo dá fearchéile, gur leanbh cáilithe maidir léi chun críocha pinsin bhaintrí (ranníocach) faoin gCuid seo an leanbh sin. | |
[EN] | (4) Chun críocha na Caibidle seo ciallaíonn “meánmhéid bliantúil” an meánmhéid, i ngach bliain ranníoca, de sheachtainí ranníoca a bhfuil ranníocaí cáilitheacha, ranníocaí saorálacha nó ranníocaí creidiúnaithe ag an bhfearchéile (nó ag an éilitheoir) ina leith sa tréimhse iomchuí a shonraítear in alt 101 (1) (b). | |
[EN] |
Coinníollacha maidir le sochar a fháil. [1952, Sc. 4; 1974 (Uimh. 2), a. 20; 1978 L, a. 13] [1952, a. 14] [1952, a. 28C; 1973, a. 17] [1974 (Uimh. 2), a. 11] [1975, a. 10] [1977, a. 13] |
101. —(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás sochair bhanchéile thréigthe— |
[EN] | (a) ranníocaí cáilitheacha i leith 156 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an bhfearchéile sa tréimhse dar tosach dáta a theacht faoi árachas agus dar críoch dáta díreach roimh an am iomchuí, agus | |
[EN] | (b) má bhíonn, ag an am iomchuí, 4 bliana nó tréimhse is faide ná sin caite ó theacht faoi árachas don fhearchéile— | |
[EN] | (i) nach lú ná 39 an meánmhéid bliantúil do na 3 bliana ranníoca, nó (más gá sin de réir a thaifid árachais) do na 5 bliana ranníoca, dar críoch deireadh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh an am iomchuí, nó | |
[EN] | (ii) nach lú ná 48 an meánmhéid bliantúil i leith na tréimhse dar tosach tús na bliana ranníoca ar tharla dó teacht faoi árachas agus dar críoch deireadh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh an am iomchuí, | |
[EN] | ach, mura mbeidh na coinníollacha sin roimhe seo comhlíonta de réir thaifead árachais an fhearchéile, féadfar iad a chomhlíonadh de réir thaifead árachais na mná (gan aird a thabhairt ar thaifead árachais an fhearchéile). | |
[EN] | (2) San alt seo ciallaíonn “am iomchuí”— | |
[EN] | (a) an dáta a shlánaigh an fearchéile aois inphinsin nó an dáta, roimh shlánú na haoise sin dó, a cinneadh an bhean a bheith tréigthe aige, nó | |
[EN] | (b) más ar thaifead árachais na mná atá na coinníollacha á gcomhlíonadh— | |
[EN] | (i) i gcás inar shlánaigh sí aois inphinsin roimh an dáta a cinneadh í a bheith tréigthe ag a fearchéile, an dáta a shlánaigh sí an aois sin, nó | |
[EN] | (ii) an dáta a cinneadh í a bheith tréigthe ag a fearchéile. | |
[EN] | (3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar bhrí meánmhéid bhliantúil atá in alt 100 (4) nó ar na coinníollacha ranníoca atá san alt seo ach, i gcás ina mbeartófar rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. | |
[EN] | (4) Faoi réir fho-alt (5), féadfar a fhoráil le rialacháin go dtabharfar teideal chun sochair bhanchéile thréigthe do dhaoine a bheadh ina theideal mura mbeadh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) a bheith gan chomhlíonadh. | |
[EN] | (5) Forálfar le rialacháin faoi fho-alt (4) go mbeidh sochar banchéile thréigthe is iníoctha de bhua na rialachán sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta sin a shonraítear sa Dara Sceideal, agus féadfaidh an ráta a shonrófar leis na rialacháin athrú de réir an méid a bheidh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) comhlíonta, ach is é an méadú sochair céanna a bheidh iníoctha faoi alt 103 (1) ab iníoctha dá mbeadh an coinníoll sin comhlíonta go hiomlán. | |
[EN] | (6) (a) Féadfar teideal duine chun sochair bhanchéile thréigthe atá le cinneadh faoi threoir thaifead árachais duine a shlánaigh 69 mbliana d'aois roimh an 5 Eanáir, 1976, a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Iúil, 1974, más buntáiste don éilitheoir é sin. | |
[EN] | (b) Banchéile tréigthe a ndearnadh, faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Iúil 1974, sochar banchéile thréigthe a dhámhadh di ar fhoras a taifid árachais féin nó taifead árachais a fearchéile ar an dáta ar shlánaigh sise nó seisean aois inphinsin na huaire sin, beidh ceart aici, an 1 Iúil, 1974, agus dá éis, chun an tsochair sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil a bheidh comhionann leis an meánmhéid bliantúil arna ríomh ina cás faoi na forálacha sin. | |
[EN] | (7) (a) Féadfar teideal duine chun sochair bhanchéile thréigthe atá le cinneadh faoi threoir thaifead árachais duine a shlánaigh 68 mbliana d'aois roimh an 3 Eanáir, 1977, a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Aibreán, 1975, más buntáiste don éilitheoir é sin. | |
[EN] | (b) Banchéile tréigthe a ndearnadh, faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Aibreán, 1975, sochar banchéile thréigthe a dhámhadh di ar fhoras a taifid árachais féin nó taifead árachais a fearchéile ar an dáta ar shlánaigh sise nó seisean aois inphinsin na huaire sin, beidh ceart aici, an 1 Aibreán, 1975, agus dá éis, chun an tsochair sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil a bheidh comhionann leis an meánmhéid bliantúil arna ríomh ina cás faoi na forálacha sin. | |
[EN] | (8) (a) Féadfar teideal chun sochair bhanchéile thréigthe atá le cinneadh faoi threoir thaifead árachais duine a shlánaigh 67 mbliana d'aois roimh an 1 Eanáir, 1979, a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Deireadh Fómhair, 1977, más buntáiste don éilitheoir é sin. | |
[EN] | (b) Banchéile tréigthe a ndearnadh, faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Deireadh Fómhair, 1977, sochar banchéile thréigthe a dhámhadh di ar fhoras a taifid árachais féin nó taifead árachais a fearchéile ar an dáta ar shlánaigh sise nó seisean aois inphinsin na huaire sin, beidh ceart aici, an 1 Deireadh Fómhair, 1977, agus dá éis, chun an tsochair sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil a bheidh comhionann leis an meánmhéid bliantúil arna ríomh ina cás faoi na forálacha sin. | |
[EN] |
Na rátaí sochair. [1952, a. 14] |
102. —Faoi réir na Coda seo, is mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal a bheidh na rátaí seachtainiúla sochair bhanchéile thréigthe. |
[EN] |
Méaduithe (lena n-áirítear méaduithe i leith leanaí cleithiúnacha). [1952, a. 27; 1973, a. 17; 1976, a. 18] [1952, a. 26; 1974 (Uimh. 2), a. 19] [1977, a. 14(2)] |
103. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair bhanchéile thréigthe a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (4) nó (5) de Chuid I den Dara Sceideal i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí. |
[EN] | (2) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair bhanchéile thréigthe, i gcás duine a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige, a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse— | |
[EN] | (i) a mbeidh an tairbhí chomh héagumasach sin go dteastaíonn cúram agus aire lánaimsire uaidh, | |
[EN] | (ii) a mbeidh gaol forordaithe leis an tairbhí ina chónaí leis an tairbhí chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus | |
[EN] | (iii) a gcomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe. | |
[EN] | (3) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair bhanchéile thréigthe a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (7) de Chuid I den Dara Sceideal i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine atá i dteideal an tsochair agus é ina chónaí ina aonar. |