An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 13 Sochar Banchéile Thréigthe) Ar Aghaidh (CAIBIDIL 15 Deontas Báis)

1 1981

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981

CAIBIDIL 14

Deontas Máithreachais

Teideal chun deontais.

[1952, a. 19]

[1952, a. 21]

104. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh teideal ag bean a bhí i luí seoil—

(a) má chomhlíonann sí na coinníollacha ranníoca in alt 105 agus nach gcomhlíonann a fearchéile iad nó má chomhlíonann a fearchéile na coinníollacha ranníoca sin agus nach gcomhlíonann sise iad—chun aon deontais mháithreachais amháin, agus

(b) má chomhlíonann sí na coinníollacha ranníoca sin agus go gcomhlíonann a fearchéile iad freisin — chun dhá dheontas mháithreachais.

(2) Chun críocha an ailt seo folaíonn “fearchéile” fearchéile éagtha baintrí i gcás ina raibh sí torrach tráth a bháis agus i gcás gur i leith luí seoil a lean as an toircheas sin a éilítear an sochar.

(3) Sa Chaibidil seo, d'fhonn teideal chun deontais mháithreachais a chinneadh—

(a) ciallaíonn “luí seoil” íona tuismidh dá dtagann leanbh beo a bhreith, nó íona tuismidh tar éis 28 seachtain toirchis dá dtagann leanbh, beo nó marbh, a bhreith, agus forléireofar “i luí seoil” dá réir sin,

(b) aon tagairtí a dhéantar don dáta luí seoil, measfar, i gcás íona tuismidh tosú lá amháin agus leanbh a bhreith dá dtoradh lá eile, gur tagairtí iad do dháta breithe an linbh nó, má bhíonn bean i luí seoil le cúpla nó le huimhir leanaí is mó ná sin, gur tagairtí iad do dháta breithe an linbh is déanaí acu.

(4) Nuair a bheidh an Breitheamh á chinneadh cé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh sé ordú faoi Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , á ordú na caiteachais a bhain le breith linbh a íoc, ní chuirfidh sé san áireamh go bhfuil máthair an linbh i dteideal deontais mháithreachais.

Coinníollacha maidir le deontas a fháil.

[1952, Sc. 4; 1978 L, a. 13]

[1952, a. 14]

105. —(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás deontais mháithreachais—

(a) ranníocaí cáilitheacha i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an duine iomchuí i leith na tréimhse dar tosach an dáta a tháinig an duine sin faoi árachas agus dar críoch dáta díreach roimh an dáta luí seoil, agus

(b) ranníocaí cáilitheacha nó ranníocaí creidiúnaithe i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an duine iomchuí sa bhliain ranníoca iomlán dheiridh roimh thús na bliana sochair ina bhfuil an t-am iomchuí nó i leith bliana ranníoca iomláine dá éis sin roimh an am iomchuí.

(2) San alt seo ciallaíonn “duine iomchuí” an duine a bhfuil na coinníollacha le comhlíonadh aige agus ciallaíonn “am iomchuí” an dáta luí seoil nó, i gcás inarb é an duine iomchuí an fearchéile agus é os cionn aoise inphinsin nó bheith marbh ar an dáta sin, an dáta a shlánaigh sé aois inphinsin nó a fuair sé bás faoi bhun na haoise sin.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar na coinníollacha ranníoca san alt seo ach, i gcás ina mbeartófar rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Méid an deontais.

[1952, a. 14]

106. —Faoi réir na Coda seo, is mar atá leagtha amach i gCuid VI den Dara Sceideal a bheidh méid deontais mháithreachais.