An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 15 Deontas Báis) Ar Aghaidh (CAIBIDIL 17 Riarachán, Imeachtaí Dlíthiúla agus Airgeadas)

1 1981

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981

CAIBIDIL 16

Sochar Cóireála

Forálacha ginearálta maidir le sochar.

[1952, a. 25; 1964 FI, a. 7]

110. —(1) Beidh teideal ag duine, faoi réir é do chomhlíonadh na gcoinníollacha forordaithe, chun cibé sochar cóireála a bheidh sonraithe le rialacháin.

(2) Féadfaidh rialacháin chun críocha an ailt seo a shonrú go n-íocfar costas iomlán, nó aon chuid de chostas, aon ní acu seo a leanas—

(a) cóireáil déidliachta,

(b) cóireáil ospidéil agus cóireáil tí théarnaimh,

(c) fearais liachta agus mháinliachta,

(d) cóireáil agus fearais súil-liachta,

(e) sainchóireáil liachta agus sainchóireáil mháinliachta,

(f) aon sochair eile d'aon-ghné le haon cheann acu sin a luaitear sna míreanna sin roimhe seo.

(3) Ní bheidh na híocaíochtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (2) níos mó san iomlán ná cibé suimeanna ar a gcomhaontóidh an tAire agus an tAire Airgeadais ó am go ham.

(4) Leanfaidh an t-alt seo i bhfeidhm go dtí an lá a cheapfar faoi fho-alt (5) agus rachaidh sé in éag ansin.

(5) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh mar lá a rachaidh an t-alt seo in éag.