An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 16 Sochar Cóireála) Ar Aghaidh (CAIBIDIL 18 Forálacha Ilghnéitheacha)

1 1981

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981

CAIBIDIL 17

Riarachán, Imeachtaí Dlíthiúla agus Airgeadas

Riarachán

Cinntí.

[1952, a. 42; 1961 FI, a. 16]

[1966 DC, a. 36]

111. —(1) Gach ceist a éireoidh—

(a) i ndáil le héileamh ar shochar,

(b) i dtaobh duine a bheith dícháilithe chun sochair,

(c) i dtaobh tréimhse aon dícháilíochta chun sochair,

(d) i dtaobh fostaíocht a bheith ina fostaíocht inárachaithe nó ina fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde),

(e) i dtaobh duine a bheith fostaithe i bhfostaíocht inárachaithe nó i bhfostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde),

(f) i dtaobh an ráta ranníoca fhostaíochta is iníoctha nó ab iníoctha ag fostóir i leith ranníocóra fhostaithe,

(g) i dtaobh cé hé nó cérbh é fostóir ranníocóra fhostaithe,

(h) i dtaobh teideal a bheith ag duine bheith ina ranníocóir saorálach, nó

(i) i dtaobh aon ní eile den sórt sin a bhaineann leis an gCuid seo agus a bheidh forordaithe;

is oifigeach breithiúnachta a chinnfidh í de réir Chuid VIII.

(2) Aon tagairt san alt seo do cheist a éireoidh i ndáil le héileamh ar shochar folaíonn sí tagairt do cheist i dtaobh sochar a bheith iníoctha nó gan a bheith iníoctha.

Riaradh sochair

[1952, a. 47]

[1960, L, a. 12 1966, DC, a. 30; 1970, a. 15; 1973, a. 17]

[1972, a. 9]

112. —(1) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin maidir le ham agus modh íoctha sochair, agus maidir leis an bhfaisnéis agus leis an bhfianaise a bheidh le tabhairt ag tairbhithe nuair a bheidh siad á iarraidh go n-íocfar sochar agus, le toiliú an Aire Poist agus Telegrafa, go n-íocfar sochar i gcásanna sonraithe trí Oifig an Phoist.

(2) Féadfar, le rialacháin a dhéanfar faoin alt seo maidir le ham íoctha sochair—

(a) a fhoráil go bhféadfaidh duine a mbeidh sochar iníoctha leis duine eile a ainmniú chun an sochar a ghlacadh thar a cheann,

(b) maidir le pinsean seanaoise (ranníocach), pinsean scoir, pinsean easláine, pinsean baintrí (ranníocach), liúntas dílleachta (ranníocach), sochar banchéile thréigthe nó sochar díobhálacha ceirde (seachas sochar díobhála) a fhoráil, d'ainneoin aon ní sa Chuid seo, go ndéanfar coigeartú ar thosú agus ar chríochnú sochair nó athruithe ar na rátaí sochair, ionas nach ndéanfar íocaíochtaí i leith tréimhsí is lú ná seachtain ná de réir rátaí éagsúla in aghaidh codanna éagsúla de sheachtain,

(c) a fhoráil go múchfar an ceart chun aon suim is iníoctha mar shochar i gcás nach bhfaightear íocaíocht uirthi laistigh de 6 mhí nó cibé tréimhse is giorra ná sin a fhorordófar ón am is inghlactha an tsuim sin de réir na rialachán.

(3) Féadfar freisin a fhoráil le rialacháin—

(a) go bhféadfar duine a cheapadh chun go bhfeidhmeoidh sé, thar ceann éilitheoir nó tairbhí atá faoi bhun 16 bliana d'aois nó atá nó a d'fhéadfadh a bheith éagumasach de thuras na huaire ar ghníomhú, aon cheart nó cumhacht a bhfuil teideal ag an éilitheoir nó ag an tairbhí é a fheidhmiú faoin gCuid seo, agus go n-údarófar do dhuine a cheapfar amhlaidh aon suim is iníoctha mar shochar a ghlacadh, agus déileáil léi, thar ceann an éilitheora nó an tairbhí,

(b) go bhféadfar, i gcás inar dóigh leis an Aire gur cóir sin sna himthosca, duine a cheapadh le go nglacfaidh agus go ndéileálfaidh sé thar ceann éilitheora nó tairbhí le sochar nó pinsean mar a leanas—

(i) maidir le sochar míchumais, sochar dífhostaíochta, pinsean seanaoise (ranníocach), pinsean scoir nó pin sean easláine, cibé cion den sochar nó den phinsean is iníoctha de bhua ailt 21, 32, 81, 86 agus 91, faoi seach,

(ii) maidir le pinsean baintrí (ranníocach), cibé cion den phinsean is iníoctha de bhua alt 95 (1),

(iii) maidir le sochar díobhála nó pinsean míthreorach, cibé cion den chéanna is iníoctha de bhua alt 44,

(c) i ndáil le bás aon duine, chun go bhféadfar éileamh ar shochar a dhéanamh nó a chur ar aghaidh ina ainm.

(4) Féadfar freisin a fhoráil le rialacháin go bhféadfar probháid nó cruthúnas eile ar theideal ionadaí pearsanta aon duine éagtha a ligean thar ceal i gcás íocaíocht aon suime i leith sochair, agus go bhféadfar, in aon chás den sórt sin, an tsuim a íoc leis na daoine nó a dháileadh ar na daoine a dhealraíonn, amhail mar a fhoráiltear leis na rialacháin, a bheith i dteideal an tsuim sin nó aon chuid di a fháil, mar dhaoine a bhfuil teideal tairbhiúil acu chuici faoi aon ionstraim thiomnach nó mar neasghaolta, nó mar chreidiúnaithe an duine éagtha, nó a íoc le haon duine nó daoine áirithe nó a dháileadh ar aon daoine áirithe d'eisiamh na coda eile, nó i gcás aon neamhdhlisteanacht bheith ag baint leis an duine éagtha nó le haon leanbh leis, í a íoc le cibé duine nó daoine nó a dháileadh ar cibé daoine a ordófar leis na rialacháin.

Íocaíochtaí eatramhacha, riaráistí agus aisíocaíochtaí.

[1952, a. 48]

[1961 FI, a. 17; I.R. Uimh. 227 de 1970, 190 de 1973, 209 agus 220 de 1974]

113. —(1) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin i ndáil le nithe a éireoidh—

(a) sula ndéanfar an cinneadh faoin gCuid seo nó faoi Chuid VIII (cibé acu is ar an gcéad chéim nó ar achomharc nó ar tarchur é, agus cibé acu is cinneadh bunaidh nó cinneadh de dhroim athbhreithnithe é) ar aon éileamh ar shochar nó ar aon cheist a bhaineann le ceart aon duine chun sochair nó chun sochar a ghlacadh nó le dliteanas aon duine maidir le ranníocaí, nó

(b) as éifeacht aon achomhairc nó athbhreithnithe ar aon chinneadh faoin gCuid seo nó faoi Chuid VIII maidir le haon éileamh nó ceist den sórt sin.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar a fhoráil, le rialacháin arna ndéanamh faoin bhfo-alt sin,

(a) go bhfionrófar sochar má dhealraíonn sé don Aire go bhfuil, nó go mbeidh ceist ann i dtaobh na coinníollacha chun sochar a fháil, de réir chinnidh, a bheith comhlíonta nó ar chóir an cinneadh a athbhreithniú,

(b) go n-áireofar aon sochar a íocadh le haon duine faoin gcinneadh nó de bhua aon fhorálacha de na rialacháin agus a gcinnfear ina dhiaidh sin nárbh iníoctha é mar shochar a íocadh ar cuntas aon sochair eile a gcinntear gur shochar é a bhí iníoctha leis, nó, i gcás dá dtagraítear in alt 300 (5) (a) go n-aisíocfar aon sochar den sórt sin agus go ngnóthófar é trína bhaint as aon sochar nó aon chúnamh (seachas pinsean dílleachta (neamhranníocach), liúntas leasa forlíontach nó liúntas leanaí) de réir mar a shonrófar, nó ar shlí eile.

Cigirí.

[1952, a. 49]

[1966 DC, a. 36]

[1976 (Uimh. 2), a. 3]

[1976 (Uimh. 2), a. 3]

114. —(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí, cibé daoine agus cibé méid daoine is cuí leis a cheapadh ina gcigirí chun críocha na Coda seo.

(2) Chun an Chuid seo a fhorghníomhú beidh cumhacht ag cigire gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh nó áit a fhéadfar a iniúchadh faoin alt seo;

(b) cibé scrúdú agus fiosrú a dhéanamh is gá chun a fháil amach an ndéantar nó an ndearnadh forálacha na Coda seo a chomhlíonadh in aon áitreabh nó áit den sórt sin;

(c) scrúdú a dhéanamh, ina aonar nó i láthair aon duine eile, de réir mar is cuí leis, i ndáil le haon nithe faoin gCuid seo a dteastóidh, le réasún, aon fhaisnéis uaidh ina dtaobh, ar gach duine a gheobhaidh sé in aon áitreabh nó áit den sórt sin, nó a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil nó go raibh sé ina dhuine árachaithe agus a cheangal go scrúdófar amhlaidh gach duine den sórt sin agus go síneoidh gach duine den sórt sin dearbhú ar fhírinne na nithe a scrúdófar é amhlaidh, ina dtaobh;

(d) cibé cumhachtaí eile a fheidhmiú is gá chun an Chuid seo a chur in éifeacht.

(3) Déanfaidh áititheoir aon áitribh nó áite a fhéadfar a iniúchadh faoin alt seo, agus aon duine a bhfuil nó a raibh aon duine ar fostú aige i bhfostaíocht inárachaithe nó i bhfostaíocht inaráchaithe (díobhálacha ceirde), agus seirbhísigh agus gníomhairí aon áititheora nó duine eile den sórt sin, agus aon duine árachaithe, aon éilitheoir ar shochar nó aon duine a bhfuil sochar á éileamh ina leith, an fhaisnéis sin go léir a thabhairt do chigire agus na cláir, na cártaí, na leatháin phá, na taifid phá agus na doiciméid eile sin go léir a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh, a theastóidh le réasún ón gcigire chun a fháil amach an bhfuil nó an raibh ranníocaí iníoctha, nó ar íocadh ranníocaí go cuí, i leith aon duine, nó an bhfuil nó an raibh sochar iníoctha le haon duine nó ina leith.

(4) Duine ar bith—

(a) a mhoilleoidh nó a bhacfaidh cigire go toiliúil agus é ag feidhmiú aon chumhachta faoin alt seo, nó

(b) a dhiúltóidh nó a fhailleoidh aon cheist a fhreagairt nó aon fhaisnéis a thabhairt nó aon doiciméad a thabhairt ar aird nuair a cheanglófar air sin a dhéanamh faoin alt seo, nó

(c) a dhéanfaidh aon duine a cheilt nó a chosc, nó a fhéachfaidh le haon duine a cheilt nó a chosc, ar láithriú os comhair duine a bheidh ceaptha faoin alt seo, nó ar a scrúdú ag duine den sórt sin,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air,

ach ní bheidh ceangal faoin alt seo ar dhuine ar bith aon cheist a fhreagairt ná aon fhianaise a thabhairt a d'ionchoireodh é féin.

(5) Tabharfar deimhniú a cheaptha do gach cigire, agus aon uair a iarrfaidh sé cead dul isteach in aon áitreabh nó áit chun críocha na Coda seo tabharfaidh sé an deimhniú sin ar aird má iarrtar sin air.

(6) Is iad na háitribh agus na háiteanna a fhéadfar a iniúchadh faoin alt seo aon áitribh nó áiteanna a bhfuil cúis réasúnach ag cigire a chreidiúint go bhfuil nó go raibh aon daoine ar fostú iontu agus aon áitribh nó áiteanna a bhfuil cúis réasúnach ag cigire a chreidiúint go bhfuil aon chártaí árachais nó aon doiciméid eile a bhaineann le daoine ar fostú á gcoimeád iontu.

(7) I gcás aon áitreabh nó áit a bheith le hiniúchadh ag cigire nó oifigeach a bheidh ceaptha nó ar fostú ag Aire eile, nó a bheidh faoi urláimh Aire eile, féadfaidh an tAire comhshocraíochtaí a dhéanamh leis an Aire eile sin chun cigire nó ofiigeach atá ar fostú ag an Aire eile sin d'fheidhmiú aon cheann de chumhachtaí nó de dhualgais chigirí a cheapfar faoin alt seo, agus, i gcás ina ndéanfar comhshocraíocht den sórt sin, beidh ag na cigirí nó na hoifigigh sin cumhachtaí uile cigire arna cheapadh faoin alt seo.

Imeachtaí Dlíthiúla

Cionta, lena n-áirítear cionta a bhaineann le comhlachtaí corpraithe.

[1952, a. 52; 1976 (Uimh. 2), a.4]

[1966 DC, a. 37]

[1966 DC, a. 37]

[1976 (Uimh. 2), a. 6]

115. —(1) (a) Duine ar bith—

(i) a cheannóidh, a dhíolfaidh nó a thairgfidh le díol, a ghlacfaidh nó a thabharfaidh ar malairt, nó a gheallearbfaidh nó a ghlacfaidh ar geallearbadh aon chárta árachais nó aon stampa árachais úsáidte,

(ii) a ghreamóidh aon stampa árachais úsáidte d'aon chárta árachais, nó

(iii) a ghreamóidh aon stampa brionnaithe nó góchumtha d'aon chárta árachais,

beidh sé ciontach i gcion.

(b) Duine ar bith, chun aon sochar nó íocaíocht eile a fháil faoin gCuid seo, dó féin nó do dhuine éigin eile, nó chun aon chríche a bhaineann leis an gCuid seo—

(i) a dhéanfaidh go feasach aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach nó a cheilfidh go feasach aon fhíoras ábhartha, nó

(ii) a thabharfaidh ar aird nó a sholáthróidh, nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh go feasach go dtabharfar ar aird nó go soláthrófar, aon doiciméad nó faisnéis is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha,

beidh sé ciontach i gcion.

(c) Má chabhraíonn nó má neartaíonn duine le fostaí dá chuid, nó má chomhairlíonn dó nó má thugann air, aon chion faoi mhír (a) nó (b) a dhéanamh, nó má chomhcheilgeann sé leis an bhfostaí chun an fostaí do dhéanamh aon chiona den sórt sin, beidh an duine sin ciontach i gcion.

(d) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(e) In aon imeachtaí faoin bhfo-alt seo maidir le stampaí árachais úsáidte, measfar go ndearnadh stampa árachais a úsáid má greamaíodh de chárta árachais é nó má cealaíodh nó má aghloiteadh in aon slí é, agus cibé acu a úsáideadh nó nár úsáideadh é iarbhír chun ranníoc a íoc.

(f)      (i) Aon duine a chiontófar i gcion faoin bhfo-alt seo i ndáil le sochar seachas liúntas dílleachta (ranníocach), sochar máithreachais, deontas báis nó sochar báis faoi alt 52 nó 53, beidh sé dícháilithe chun an sochar sin a fháil go ceann tréimhse 6 mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe.

(ii) Ní bheidh éifeacht le fomhír (i) maidir le cion (seachas cion a bhaineann le sochar dífhostaíochta) a rinneadh roimh an 12 Iúil, 1976.

(2) (a) Má mhainníonn aon fhostóir aon ranníoc fostaíochta a íoc am forordaithe nó laistigh d'am forordaithe a bheidh dlite de faoin gCuid seo a íoc, beidh sé ciontach i gcion.

(b) Má dhéanann aon fhostóir iomlán aon ranníoca fostóra, nó aon chuid de ranníoc fostóra, i leith duine a bhaint as luach saothair an duine sin, nó má fhéachann sé leis sin a dhéanamh, beidh an fostóir ciontach i gcion.

(c) Má dhéanann aon fhostóir asbhaint as luach saothair duine i leith aon ranníoc fostaíochta a dhlíonn an fostóir faoin gCuid seo a íoc agus go mainneoidh sé an ranníoc fostaíochta a ndearnadh an asbhaint ina leith a íoc am forordaithe nó laistigh d'am forordaithe, beidh an fostóir ciontach i gcion.

(d) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó cibé suim ar cóimhéid le dhá oiread na suime a bheidh gan íoc nó asbhainte amhlaidh, cibé acu is mó, nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(3) Féadfar le rialacháin foráil a dhéanamh i dtaobh cionta is sárú nó neamhchomhlíonadh rialachán agus a fhoráil go ndéanfar, de rogha na cúirte—

(a) i gcás duine a chiontú go hachomair i gcionta den sórt sin fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £500, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) i gcás duine a chiontú ar díotáil i gcionta den sórt sin, fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £2,000 nó príosúnacht ar feadh téarmaí nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil bhreise den sórt sin i leith gach lá a leanfar den chion, a chur air.

(4) (a) I gcás fostóir a chiontú faoin alt seo sa chion gur mhainnigh sé aon ranníocaí fostaíochta a íoc a dhlitear de faoin gCuid seo a íoc, dlífidh sé suim a íoc leis an gCiste Árachais Shóisialaigh nó le Ciste na nDíobhálacha Ceirde, de réir mar a bheidh, ar cóimhéid leis an tsuim a mhainnigh sé a íoc agus, ar chiontú den sórt sin, má rinneadh fógra i dtaobh é a bheith beartaithe sin a dhéanamh a sheirbheáil leis an toghairm nó leis an mbarántas, féadfar fianaise a thabhairt gur mhainnigh an fostóir ranníocaí fostaíochta eile a íoc i leith an duine chéanna i rith na dtrí bliana roimh an dáta a seirbheáladh an fógra amhlaidh, agus ar an mainneachtain sin a bheith cruthaithe féadfaidh an chúirt a ordú don fhostóir suim a íoc leis an gCiste Árachais Shóisialaigh nó le Ciste na nDíobhálacha Ceirde, de réir mar a bheidh, ar cóimhéid le hiomlán na ranníocaí fostaíochta go léir a mbeidh cruthaithe air amhlaidh gur mhainnigh sé iad a íoc, agus áireofar ar cheart an fhostóra achomharc a dhéanamh in aghaidh an chiontaithe faoin alt ceart achomharc a dhéanamh in aghaidh ordaithe den sórt sin.

(b) Aon suim a íocfaidh fostóir faoin bhfo-alt seo déileálfar léi mar íocaíocht do shásamh na ranníocaí fostaíochta neamhíoctha, agus ní fhéadfaidh an fostóir cuid an duine árachaithe de na ranníocaí fostaíochta sin a ghnóthú ón duine árachaithe.

(5) Ní dhéanfar aon ní san alt seo ná aon ní i rialacháin faoin alt seo a fhorléiriú mar ní a choisceann ar an Aire aon suimeanna atá dlite don Chiste Árachais Shóisialaigh nó do Chiste na nDíobhálacha Ceirde a ghnóthú trí imeachtaí sibhialta.

(6) Má dhéanann comhlacht corpraithe cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoin gCuid seo, beidh gach duine a bhí, tráth déanta an chiona, ina stiúrthóir nó ina bhainisteoir nó ina rúnaí nó ina oifigeach eile don chomhlacht corpraithe, nó a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú in aon cháil díobh sin, ciontach freisin sa chion sin.

(7) Is cosaint mhaith ar ionchúiseamh i leith cion faoi fho-alt (6) do dhuine a shuíomh gur gan fhios dó a rinneadh an cion agus go ndearna sé gach dícheall ba chóir dó a dhéanamh chun an cion a chosc, ag féachaint dá phost mar stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile agus do na himthosca go léir.

(8) Aon toghairm nó doiciméad eile is gá chun críche imeachtaí faoin gCuid seo a sheirbheáil ar chomhlacht corpraithe féadfar an céanna a sheirbheáil—

(a) trína fhágáil in oifig chláraithe an chomhlachta chorpraithe nó trína chur leis an bpost go dtí an oifig sin,

(b) trína fhágáil in aon áit sa Stát ina ndéanann an comhlacht corpraithe gnó nó trína chur leis an bpost go dtí an áit sin, nó

(c) trína chur leis an bpost chuig aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile don chomhlacht corpraithe nó a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú in aon cháil díobh sin san áit a gcónaíonn an duine sin.

Forálacha ginearálta maidir le hionchúisimh.

[1952, a. 53]

[1976 (Uimh. 2), a. 5, 11]

116. —(1) Ní dhéanfar imeachtaí i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Coda seo a thionscnamh ach amháin ag an Aire nó le toiliú an Aire nó ag oifigeach a bheidh údaraithe chuige sin le treoracha speisialta nó ginearálta ón Aire.

(2) Féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Coda seo a thionscnamh ar agra an Aire.

(3) D'ainneoin aon fhoráil in aon Acht a shonraíonn an tréimhse ar féidir imeachtaí a thionscnamh lena linn, féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Coda seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in éag—

(a) an tréimhse trí mhí dar tosach an dáta a ndeimhneofar i scríbhinn arna séalú le séala oifigiúil an Aire gur tháinig fianaise ar dheis nó i seilbh an Aire ba leor le gur cheart an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó

(b) an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion.

(4) Chun críocha fho-alt (3), is fianaise dhochloíte ar an dáta a fuair an tAire amach an fhianaise sin a dúradh a bheith ann deimhniú arna shéalú le séala oifigiúil an Aire ag lua an dáta sin.

(5) In aon imeachtaí i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Coda seo, beidh banchéile nó fearchéile an duine a cúisíodh sa chion inniúil, d'ainneoin aon Achta eile, ar fhianaise a thabhairt, cibé acu ar son nó i gcoinne an duine sin é, ach ní inordaithe don bhanchéile ná don fhearchéile fianaise a thabhairt ná, le linn fianaise a thabhairt, aon eolas a nochtadh a thug an duine sin di nó dó, de réir mar a bheidh, le linn iad a bheith pósta.

(6) Má tharlaíonn in ionchúiseamh i leith cion faoin gCuid seo, nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Coda seo, go suífear chun sástacht na cúirte—

(a) go bhfuil iarratas déanta ag duine (dá ngairtear an cosantóir san alt seo) ar shochar faoin gCuid seo, agus

(b) go ndearnadh de thoradh an iarratais sin sochar faoin gCuid seo a íoc le haon duine (cibé acu arbh é an sochar sin a iarradh nó nárbh é agus cibé acu ar leis an gcosantóir a íocadh é nó nár leis),

toimhdeofar gur thug an cosantóir aon fhaisnéis a bheidh san iarratas (nó gur chuir sé faoi deara í a thabhairt thar a cheann) agus, i gcás ar faisnéis bhréagach an fhaisnéis sin, gurb eol dó go hiomlán gurbh fhaisnéis bhréagach í agus gur thug sé í le hintinn go meabhlódh sí; ach féadfar an toimhde sin a fhrisnéis.

Suimeanna a bheidh dlite don Chiste Árachais Shóisialaigh a ghnóthú trí imeachtaí sibhialta.

[1952, a. 54; 1966 DC, a. 37]

117. —Na suimeanna go léir a bheidh dlite don Chiste Árachais Shóisialaigh nó do Chiste na nDíobhálacha Ceirde beidh siad inghnóthaithe mar fhiacha atá dlite don Stát agus, gan dochar d'aon leigheas eile, féadfaidh an tAire iad a ghnóthú mar fhiach faoi reacht in aon chúirt dlínse inniúla.

Feidhm an Probation of Offenders Act, 1907.

[1952, a. 55]

118. —I gcás—

(a) ina gcúiseofar fostóir ranníocóra fhostaithe i gcion i ndáil le híoc ranníocaí fostaíochta i leith an ranníocóra sin, agus

(b) ina mbeartóidh an chúirt ordú a dhéanamh faoi alt 1 (1) den Probation of Offenders Act, 1907,

ní dhéanfaidh an chúirt an t-ordú sin go dtí gur deimhin léi na riaráistí go léir i leith na ranníocaí sin a bheith íoctha ag an bhfostóir sin.

An éifeacht a bheidh le cinneadh.

[1952, a. 57; 1966 DC, a. 37]

119. —In aon imeachtaí i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Coda seo nó in aon imeachtaí ina mbeidh aon saincheist maidir le híoc ranníocaí nó in aon imeachtaí chun aon suimeanna a ghnóthú a bheidh dlite don Chiste Árachais Shóisialaigh nó do Chiste na nDíobhálacha Ceirde, beidh cinneadh a dhéanfar de réir na Coda seo nó Chuid VIII ar aon cheist a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí ina chinneadh críochnaitheach chun críche na n-imeachtaí sin, mura mbeidh achomharc nó tarchur ar feitheamh i leith an chinnidh nó nár caitheadh an tréimhse chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh, agus—

(a) mura bhfuarthas aon chinneadh den sórt sin a d'fhéadfaí a thabhairt amhlaidh agus gur gá an cinneadh chun na himeachtaí a chríochnú, cuirfear an cheist faoi chinneadh de réir na Coda seo agus Chuid VIII, agus

(b) má bhíonn aon achomharc nó tarchur den sórt sin ar feitheamh nó murar caitheadh an tréimhse chun achomharc a dhéanamh amhlaidh nó má cuireadh aon cheist faoi chinneadh faoi mhír (a), cuirfidh an chúirt a bheidh ag breithniú an cháis na himeachtaí ar atráth go dtí go bhfaighfear cinneadh críochnaitheach ar an gceist.

Foirceannadh agus féimheacht.

[1976 (Uimh. 2), a. 7]

[1952, a.58(3); 1972, a. 10]

120. —(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1889” an Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889.

(2) Aon suim a bhainfidh fostóir as luach saothair fostaí dá chuid i leith ranníoc fostaíochta a bheidh dlite den fhostóir agus a bheidh gan íoc ag an bhfostóir i leith an ranníoca sin, ní bheidh sí ina cuid de shócmhainní cuideachta teoranta i bhfoirceannadh faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus i bhfoirceannadh den sórt sin déanfar, d'ainneoin aon ní san Acht sin, suim ar cóimhéid leis an tsuim a asbhaineadh amhlaidh a íoc leis an gCiste Árachais Shóisialaigh i dtosaíocht ar na fiacha a shonraítear in alt 285 (2) den Acht sin.

(3) Aon suim a bhainfidh fostóir as luach saothair fostaí dá chuid i leith ranníoc fostaíochta a bheidh dlite den fhostóir agus a bheidh gan íoc ag an bhfostóir i leith an ranníoca sin roimh dháta an ordaithe bhreithnithe nó roimh dháta comhdaithe na hachainí comhshocraíochta (cibé acu é), ní bheidh sí ina cuid de mhaoin an fhéimhigh nó an fhéichiúnaí comhshocraíochta sa dóigh go ndéanfaí í a áireamh ar na fiacha a bheidh, faoi alt 4 d'Acht 1889, le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile nuair a bheidh an mhaoin sin á dáileadh, ach déanfar, roimh an dáileadh sin agus d'ainneoin aon ní in Acht 1889, í a íoc leis an gCiste Árachais Shóisialaigh i dtosaíocht ar na fiacha a shonraítear in alt 4 d'Acht 1889.

(4) Ní gá cruthúnas foirmiúil maidir le fiach dá dtugtar tosaíocht leis an alt seo ach amháin i gcás ina gceanglaítear sin le hAcht 1889, nó faoi, nó le hAcht na gCuideachtaí, 1963 , nó faoi.

(5) Áireofar ar na fiacha a bheidh, faoi alt 4 d'Acht 1889, le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile nuair a bheidh maoin féimhigh nó féichiúnaí comhshocraíochta á dáileadh, na ranníocaí fostaíochta go léir is iníoctha ag an bhféimheach nó ag an bhféichiúnaí comhshocraíochta i gcaitheamh an dá mhí dhéag roimh dháta an ordaithe bhreithnithe i gcás féimhigh nó roimh dháta comhdaithe na hachainí comhshocraíochta i gcás féichiúnaí comhshocraíochta, agus beidh éifeacht dá réir sin leis an Acht sin, agus ní gá cruthúnas foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo ach amháin i gcásanna a bhforáiltear a mhalairt le horduithe ginearálta faoin Acht sin.

Mná pósta.

[1952, a. 59]

121. —Maidir le ranníocaí fostaíochta, beidh bean phósta—

(a) inniúil ar agra a dhéanamh agus ar bheith inagartha (lena n-áirítear agra a dhéanamh agus bheith inagartha faoi alt 132), agus

(b) faoi réir an dlí a bhaineann le féimheacht agus le breithiúnais agus orduithe a chur i bhfeidhm,

ar gach slí amhail is nach mbeadh sí pósta.

Airgeadas

An Ciste Árachais Shóisialaigh.

[1952, a. 39]

122. —(1) Leanfaidh an Ciste Árachais Shóisialaigh (dá ngairtear an Ciste san alt seo agus in alt 123), a bunaíodh faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, ar marthain agus is é a bheidh ann fós cuntas reatha agus cuntas infheistíochta.

(2) Is é an tAire a bhainisteoidh agus a rialóidh cuntas reatha an Chiste.

(3) Is é an tAire Airgeadais a bhainisteoidh agus a rialóidh cuntas infheistíochta an Chiste.

(4) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sonrach—

(a) déanfar suimeanna is iníoctha isteach sa Chiste a íoc isteach i gcuntas reatha an Chiste, agus

(b) déanfar suimeanna is iníoctha amach as an gCiste a íoc amach as an gcuntas sin.

(5) Aon airgead a bheidh chun creidiúna do chuntas reatha an Chiste agus nach mbeidh ag teastáil faoi chomhair caiteachais reatha aistreofar é go dtí cuntas infheistíochta an Chiste.

(6) Aon uair nach leor an t-airgead i gcuntas reatha an Chiste faoi chomhair dhliteanais an chuntais sin, aistreofar chun an chuntais sin ó chuntas infheistíochta an Chiste cibé suimeanna is gá chun na dliteanais sin a ghlanadh.

(7) Faoi réir fho-alt (6), aon airgead a bheidh chun creidiúna do chuntas infheistíochta an Chiste infheisteoidh an tAire Airgeadais é agus íocfar isteach sa chuntas sin aon ioncam ó aon infheistíocht den sórt sin.

(8) Aon infheistíocht a dhéanfar faoi fho-alt (7), féadfar í a dhéanamh in aon urrúis a mbeidh cumhacht ag iontaobhaithe de thuras na huaire de réir dlí cistí iontaobhais a infheistiú iontu nó in aon chuid de na stoic, de na cistí agus de na hurrúis a bheidh de thuras na huaire údaraithe le dlí mar infheistíochtaí do Chistí Bhanc Taisce an Phoist.

(9) (a) Déanfar an méid a bheidh ioncam an Chiste in aghaidh aon bhliana airgeadais níos lú ná a chaiteachas a íoc isteach sa Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(b) Déanfaidh an tAire ioncam agus caiteachas an Chiste in aghaidh bliana airgeadais a chinneadh chun críocha an fho-ailt seo ar cibé foras ar a gcomhaontóidh sé féin agus an tAire Airgeadais.

(10) Déanfar aon suim is iníoctha isteach sa Chiste faoi fho-alt (9) (a) a íoc i cibé slí agus cibé tráthanna a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(11) Déanfar cuntais an Chiste a ullmhú i cibé foirm, i cibé slí agus cibé tráthanna a ordóidh an tAire Airgeadais agus déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach cuntas den sórt sin a scrúdú agus a dheimhniú agus déanfar cóip de, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste air, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Íocaíochtaí as an gCiste chun talamh, etc., a fháil.

[1950, a. 21; 1952, a. 68]

123. —(1) Féadfar íocaíochtaí a dhéanamh as an gCiste i leith caiteachais ag an Aire chun talamh, áitreabh, troscán nó trealamh a fháil nó chun áitreabh a fhoirgniú nó a athfhoirgniú, agus sealbhóidh an tAire aon talamh, áitreabh, troscán nó trealamh den sórt sin thar ceann an Chiste.

(2) Ní dhéanfar íocaíocht faoi fho-alt (1) ach amháin le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Beidh gnóchan infheistíochta ann i leith íocaíochtaí a dhéanfar as an gCiste faoi fho-alt (1) agus is i bhfoirm ranníocaí leis an gCiste i leith na n-íocaíochtaí a dhéanfar as an gCiste a bheidh an gnóchan sin.

(4) Na ranníocaí a bheidh le déanamh faoi fho-alt (3) beidh siad de réir rátaí ar a gcomhaontóidh an tAire agus an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Chiste iad as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Féadfaidh an tAire aon talamh, áitreabh, troscán nó trealamh a dhiúscairt a bheidh faighte, foirgnithe nó athfhoirgnithe aige faoin alt seo agus íocfar isteach sa Chiste aon airgead a gheobhaidh sé i leith aon diúscartha den sórt sin.

(6) Ní dhéanfar diúscairt faoi fho-alt (5) ach amháin le toiliú an Aire Airgeadais.