An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 17 Riarachán, Imeachtaí Dlíthiúla agus Airgeadas) Ar Aghaidh (CUID III CÚNAMH SÓISIALACH)

1 1981

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981

CAIBIDIL 18

Forálacha Ilghnéitheacha

Méadú dúbailte a chosc i leith gaoil fhorordaithe.

[1968 FI, a.9; 1972, a. 8; 1980, a. 3, 9]

124. —D'ainneoin ailt 81 (3), 86 (3), 91 (3), 95 (2), 103 (2), 162 (1) (a), 179 (a), 195 (2), 196 (2) agus 197 (2), ní bheidh ach méadú amháin pinsin, sochair nó liúntais iníoctha i leith gaoil fhorordaithe.

Íocaíochtaí tar éis bháis.

[1974 (Uimh. 2), a. 10]

125. —(1) San alt seo ciallaíonn “sochar”—

(a) sochar míchumais (lena n-áirítear aon mhéid is iníoctha mar shochar pá-choibhneasa más iomchuí),

(b) sochar dífhostaíochta (lena n-áirítear aon mhéid is iníoctha mar shochar pá-choibhneasa más iomchuí),

(c) sochar díobhála (lena n-áirítear aon mhéid is iníoctha mar shochar pá-choibhneasa más iomchuí),

(d) pinsean seanaoise (ranníocach),

(e) pinsean scoir,

(f) pinsean easláine,

(g) cúnamh dífhostaíochta faoi Chuid III,

(h) pinsean faoi Chaibidil 3 de Chuid III.

(2) D'ainneoin aon fhorálacha dá mhalairt sa Chuid seo nó i gCuid III nó i rialacháin faoi na Codanna sin—

(a) i gcás duine atá ag fáil sochair lena n-áirítear méadú i leith cleithiúnaí aosaithe, nó lena n-áireofaí méadú den sórt sin mura mbeadh an cleithiúnaí aosaithe ag fáil sochair as a cheart féin d'fháil bháis, leanfar den sochar sin a íoc go ceann tréimhse 6 sheachtain tar éis dáta an bháis agus i gcaitheamh na tréimhse sin íocfar é le cibé duine agus faoi réir cibé coinníollacha a bheidh forordaithe, agus

(b) in aon chás ina dtabharfar íocaíocht faoin alt seo, ní thiocfaidh duine i dteideal pinsin bhaintrí (ranníocach), pinsin bhaintrí (neamhranníocach), liúntais dílleachta (ranníocach), pinsin dílleachta (neamhranníocach), sochair faoi alt 87 nó sochair bháis faoi alt 50 nó 52 nó go mbeidh an tréimhse 6 sheachtain a luaitear i mír (a) caite mura bhforáiltear agus a mhéid a fhoráiltear a mhalairt le rialacháin.

Forálacha maidir le cothabháil.

[1952, a. 36]

126. —Féadfar a fhoráil le rialacháin go gcinnfear na himthosca ina measfar, chun críocha na Coda seo, duine a bheith nó gan bheith ag cothabháil duine eile go hiomlán nó go formhór.

Deimhnithe in aisce.

[1952, a. 38]

127. —(1) Féadfaidh an tAire socrú a dhéanamh chun deimhnithe liachta nó deimhnithe ar luí seoil tuartha nó luí seoil iarbhír a eisiúint saor in aisce chun críocha na Coda seo.

(2) Ní bheidh na caiteachais faoina rachfar ag tabhairt éifeachta don alt seo níos mó ná cibé suimeanna ar a gcomhaontóidh an tAire agus an tAire Airgeadais ó am go ham.

Éilimh.

[1952, a. 29]

128. —(1) Is coinníoll a ghabhfaidh le ceart aon duine chun aon sochair go ndéanfaidh sé éileamh ar an sochar sa tslí fhorordaithe.

(2) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndícháileofar duine chun aon sochar a fháil má mhainníonn sé a éileamh ar an sochar sin a dhéanamh laistigh den am forordaithe, ach féadfar a fhoráil le haon rialacháin den sórt sin go bhfadófar faoi réir aon choinníollacha forordaithe, an t-am chun an t-éileamh a dhéanamh.

(3) Chun críocha na Coda seo, measfar, i gcás aon éilimh a cuireadh leis an bpost, gur ar an lá a cuireadh sa phost é a rinneadh é.

Duine a bheith as láthair ón Stát nó i bpríosún.

[1952, a. 31; 1966 DC, a. 1]

1970, a. 12]

129. —(1) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt le rialacháin, beidh duine dícháilithe chun aon sochar (lena n-áirítear aon mhéadú air) a fháil in aghaidh aon tréimhse a mbeidh an duine sin—

(a) as láthair ón Stát, nó

(b) faoi phianseirbhís, faoi phríosúnacht nó faoi choinneáil i gcoimeád dleathach.

(2) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt le rialacháin, má ghabhann le haon sochar a bhfuil teideal ag duine chuige méadú faoi alt 21 (1), 32 (1), 44, 81 (1), 86 (1) nó 91 (1) i leith fearchéile nó banchéile an duine sin, ní bheidh an méadú iníoctha in aghaidh aon tréimhse a mbeidh an fearchéile nó an banchéile—

(a) as láthair ón Stát, nó

(b) faoi phianseirbhís, faoi phríosúnacht nó faoi choinneáil i gcoimeád dleathach.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go bhfionrófar íocaíocht le haon duine nó ina leith i gcaitheamh aon tréimhse den sórt sin a luaitear i bhfo-alt (1) nó (2) agus a eisctear ó oibriú an fho-ailt sin nó is iníoctha seachas i leith na tréimhse sin.

(4) D'ainneoin dícháiliú de bhua fho-alt (1) chun sochar lena ngabhann méadú a fháil, déanfar, i cibé cásanna a fhorordófar, an méadú a íoc leis an duine forordaithe.

(5) Féadfaidh rialacháin chun críocha an ailt seo a bheith ceaptha sa tslí gur faoi réir aon choinníollacha, teorainneacha nó srianta sonraithe a íocfar deontas báis, pinsean easláine agus pinsean scoir agus, go háirithe, i gcás daoine a bheidh as láthair ón Stát, féadfaidh siad na tréimhsí a mhodhnú a fhéadfar a áireamh chun críocha alt 83 mar thréimhsí scoir.

Forálacha forluiteacha, etc.

1952, a. 32, 75; 1966 FI, a. 7; 1960 DC, a. 37; I.R. Uimh. 227 de 1970, 190 de 1973, 209 agus 220 de 1974]

[I.R. Uimh. 168 de 1977]

130. —(1) Féadfar maidir le cásanna inarb iníoctha le duine—

(a) níos mó ná aon sochar amháin, nó

(b) níos mó ná aon chúnamh amháin (seachas liúntas leasa forlíontach), nó

(c) aon teaglaim orthu seo a leanas—

(i) aon sochar,

(ii) aon chúnamh (seachas liúntas leasa forlíontach), agus

(iii) liúntas leanaí

a fhoráil le rialacháin go gcoigeartófar aon sochar, cúnamh nó liúntas (lena n-áirítear a íoc a dhícheadú go hiomlán nó go páirteach) is iníoctha leis an duine sin nó go gcúiteofar leis an Státchiste as an gCiste Árachais Shóisialaigh nó as Ciste na nDíobhálacha Ceirde, de réir mar a bheidh, suimeanna (nó cibé cuid díobh a fhorordófar) a íocadh mar chúnamh dífhostaíochta in aghaidh tréimhsí nach bhfuarthas sochar, nó suimeanna is iníoctha mar phinsean baintrí (ranníocach) in aghaidh tréimhsí a roghnóidh an duine pinsean baintrí (neamhranníocach) a fháil.

(2) Chun críocha fho-alt (1), féadfar méadú sochair a áireamh mar shochar ar leithligh, agus féadfar aon sochar, pinsean, liúntas nó cúnamh, de réir mar a bheidh, is iníoctha i leith duine a áireamh mar shochar, pinsean, liúntas nó cúnamh is iníoctha leis an duine sin.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin—

(a) go gcúiteofar le bord sláinte as an gCiste Árachais Shóisialaigh nó as Ciste na nDíobhálacha Ceirde, de réir mar a bheidh, suimeanna (nó cibé cuid díobh a fhorordófar) a íocadh mar liúntas leasa forlíontach in aghaidh tréimhsí nach bhfuarthas sochar, agus

(b) go gcúiteofar le bord sláinte as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, suimeanna (nó cibé cuid díobh a fhorordófar) a íocadh mar liúntas leasa forlíontach in aghaidh tréimhsí nach bhfuarthas cúnamh dífhostaíochta, pinsean seanaoise nó pinsean dall, ná liúntas leanaí.

Íocaíochtaí sochar a choigeartú.

[1952, a. 32]

[1970, a. 13]

[1960 L, a. 19]

131. —(1) Féadfar, maidir le cásanna ina mbeidh duine faoi chóireáil liachta nó cóireáil eile, nó ina iostaí, i cibé ospidéal, teaghais nó foras eile a fhorordófar, a fhoráil le rialacháin—

(a) go gcoigeartófar na coinníollacha chun sochar a fháil,

(b) go bhfionrófar íoc sochair,

(c) go laghdófar rátaí sochair, nó

(d) go n-íocfar sochar ar shlí seachas leis an duine sin.

(2) Féadfar a fhoráil le rialacháin go gcoigeartófar aon sochar míchumais nó pinsean easláine (lena n-áirítear a íoc a dhícheadú go hiomlán nó go páirteach) is iníoctha le duine atá ag fáil pinsean nó liúntas ar bith i leith aon mhíchumais a bhain dó i bhfórsaí armtha an Stáit nó aon Stáit eile, is pinsean sa ghrád is airde nó, i gcás liúntais, is liúntas sa ghrád is airde nó liúntas arna dheonú do dhuine atá ag dul faoi chúrsa speisialta cóireála liachta in aon fhoras nó atá ag fáil oiliúna i bhforas teicniúil.

(3) Féadfar maidir le cásanna ina bhfuil nó ina raibh teideal chun aon chúitimh i leith aon díobhála nó galair faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre ag duine, a fhoráil le rialacháin—

(a) go gcoigeartófar sochar míchumais nó pinsean easláine (lena n-áirítear a íoc a dhícheadú go hiomlán nó go páirteach) is iníoctha leis an duine sin i leith na díobhála nó an ghalair sin, nó

(b) go ndéanfar airleacain (faoi réir cibé forálacha a fhorordófar maidir lena ngnóthú) leis an duine sin go dtí go bhfaighidh sé an cúiteamh sin.

(4) I bhfo-alt (3), folaíonn an tagairt do dhuine a bhfuil nó a raibh teideal aige chun cúitimh tagairt do chás ina ndearnadh comhaontú nó comhréiteach (cibé acu i dteannta nó d'éagmais dliteanas a admháil) i leith éilimh ar chúiteamh.

(5) I gcás duine a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige agus atá ag fáil pinsin faoi Chaibidil 3 de Chuid III agus dá ndámhfar pinsean seanaoise (ranníocach) nó pinsean baintrí (ranníocach), déanfar aon íocaíocht ar scór an phinsin chéadluaite sin i leith tréimhse ar iníoctha an pinsean seanaoise (ranníocach) nó an pinsean baintrí (ranníocach), de réir mar a bheidh, ina leith a áireamh mar íocaíocht ar cuntas an phinsin seanaoise (ranníocach) nó an phinsin bhaintrí (ranníocach), de réir mar a bheidh.

(6) I gcás duine atá ag fáil pinsin faoi Chaibidil 3 de Chuid III, a bheith ina dhuine a ndéanfar an ráta seachtainiúil pinsin seanaoise (ranníocach) is iníoctha le duine eile a mhéadú ina leith de bhua alt 81 (1), déanfar aon íocaíocht ar scór an phinsin chéadluaite i leith tréimhse a ndéanfar an pinsean seanaoise (ranníocach) a mhéadú ina leith a áireamh mar íocaíocht ar cuntas an phinsin seanaoise (ranníocach).

Sochar a chailleadh mar gheall ar mhainneachtain fostóra.

[1952, a. 35]

[1971, a. 9]

[1966 FI, a. 8]

132. —(1) Má mhainnigh nó má d'fhailligh fostóir—

(a) aon ranníoc fostaíochta a íoc a dhlíonn sé faoin gCuid seo a íoc i leith ranníocóra fhostaithe ina fhostaíocht, nó

(b) i ndáil le haon ranníocóir fostaithe den sórt sin, aon cheanglas, den Chuid seo nó de rialacháin, a chomhlíonadh a bhaineann le ranníocaí fostaíochta a íoc nó a bhailiú,

agus mar gheall air sin gur chaill an ranníocóir fostaithe nó aon duine eile, go hiomlán nó go páirteach, aon sochar a mbeadh teideal aige chuige, beidh an ranníocóir nó an duine eile sin i dteideal suim ar cóimhéid le méid an tsochair a cailleadh amhlaidh a ghnóthú ón bhfostóir mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(2) Má chaill ranníocóir fostaithe nó duine eile sochar i gcás dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus nár thionscain sé imeachtaí faoin bhfo-alt sin, féadfaidh an tAire, in ainm agus thar ceann an ranníocóra nó an duine eile sin, suim ar cóimhéid le méid an tsochair a cailleadh a ghnóthú ón bhfostóir mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) I gcás inar tharla, de bhua rialacháin a rinneadh faoi alt 14—

(a) gur áiríodh gur íocadh ranníocaí fostaíochta nár íocadh, nó

(b) gur áiríodh gur íocadh ar na dátaí a bhí siad dlite ranníocaí fostaíochta a íocadh mall,

agus gur íocadh dá dhroim sin sochar a bheadh caillte mura mbeadh sin, dlífear den fhostóir don Chiste Árachais Shóisialaigh méid an tsochair a bheadh caillte amhlaidh.

(4) Féadfar imeachtaí a thionscnamh faoin alt seo d'ainneoin gur tionscnaíodh imeachtaí faoi aon fhoráil eile den Chuid seo i leith na mainneachtana nó na faillí céanna.

(5) Nuair a bheidh méid an tsochair a chaill ranníocóir fostaithe nó duine eile mar gheall ar mhainneachtain nó faillí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) á dhéanamh amach chun críocha an ailt seo, ní áireofar aon

chúnamh a íocadh leis an ranníocóir nó leis an duine eile sin ar feadh tréimhse a bhí sé ag cailleadh sochair mar gheall ar an mainneachtain nó ar an bhfaillí sin.

(6) Féadfaidh an tAire méid an chúnaimh a íocadh le ranníocóir fostaithe nó le duine eile ar feadh tréimhse a bhí sé ag cailleadh sochair mar gheall ar mhainneachtain nó faillí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a ghnóthú—

(a) i gcás an ranníocóir nó an duine eile sin do ghnóthú méid iomlán an tsochair a cailleadh, ón ranníocóir sin nó ón duine eile sin—

(i) trí shuim a bhaint as aon sochar nó cúnamh a bhfuil nó a mbeidh an ranníocóir nó an duine eile sin ina theideal, nó

(ii) mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla, nó

(b) in aon chás eile, ón bhfostóir a bhí ciontach sa mhainneachtain nó san fhaillí mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla,

agus, má ghnóthaíonn an tAire méid an chúnaimh ón bhfostóir, déanfar an tsuim is inghnóthaithe ag an ranníocóir sin nó ag an duine eile sin ón bhfostóir faoin alt seo a laghdú méid an chúnaimh sin.

(7) Íocfar isteach sa Státchiste aon suimeanna a ghnóthóidh an tAire faoi fho-alt (6).

(8) San alt seo ciallaíonn “cúnamh” pinsean seanaoise nó pinsean dall, cúnamh dífhostaíochta nó pinsean baintrí (neamhranníocach) nó pinsean dílleachta (neamhranníocach) faoi Chuid III.

Árachas faoi na seanchórais do leanúint ar marthain.

[1952, a. 66]

[1952, a. 69]

133. —(1) Féadfar, faoi réir cibé modhnuithe, breisithe agus eisceachtaí a shonrófar, rialacháin a dhéanamh á áirithiú go bhféadfaidh daoine a bhí, nó a mheastar a bhí, nó a áirítear mar dhaoine a bhí, árachaithe sa tréimhse fhorordaithe roimh an 5 Eanáir, 1953, faoin National Insurance Act, 1911, faoin Unemployment Insurance Act, 1920 (nó aon scéim faoin Acht sin) nó faoin Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 , leanúint de bheith árachaithe faoi fhorálacha na Coda seo nó ar shlí eile chun na cearta a thugtar dóibh de bhua na n-achtachán sin a chaomhnú.

(2) Forálfar, go háirithe, le rialacháin faoi fho-alt (1), ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha a shonrófar, i ndáil le daoine a bhí árachaithe amhlaidh, go modhnófar na coinníollacha ranníoca chun sochar a fháil faoin gCuid seo ionas go gcuirfear i gcuntas ranníocaí a íocadh, nó a meastar a íocadh, nó a áirítear mar ranníocaí a íocadh, faoi na hachtacháin sin agus tréimhsí árachais faoi na hachtacháin sin.

(3) Gan dochar d'aon chumhacht shonrach a thugtar le fo-ailt (1) agus (2), féadfar rialacháin a dhéanamh chun a n-oibriú a éascú nó chun an córas árachais a bhunaítear leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, a thabhairt i bhfeidhm, lena n-áirítear, go háirithe, rialacháin á fhoráil—

(a) go modhnófar maidir leis an tréimhse roimh an 5 Eanáir, 1953, aon fhorálacha in aon achtachán, nó a rinneadh faoi aon achtachán, a aisghairtear nó a leasaítear le Cuid V den Acht sin, nó

(b) go ndéanfar aon chosaintí nó aon chosaintí breise in aghaidh éifeacht aon aisghairme nó leasaithe a dhéantar leis an Acht sin.