An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III CÚNAMH SÓISIALACH) Ar Aghaidh (CAIBIDIL 3 Pinsean Seanaoise agus Pinsean Dall (Neamhranníocach))

1 1981

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981

CAIBIDIL 2

Cúnamh Dífhostaíochta

Léiriú.

[1935 CD, a.4; 1952, a. 98; 1970, a. 25]

[1935 CD, a. 2]

[1940 CD, a. 1]

[1948, a. 31]

[1933 CD, a. 2]

[1952, a. 100]

[1933 CD, a. 4]

135. —(1) Chun críocha na Caibidle seo—

déanfar tagairtí do chleithiúnaithe, i ndáil le duine ar bith, a fhorléiriú mar thagairtí do chleithiúnaithe aosaithe nó do leanaí cáilithe a chónaíonn go rialta leis an duine sin, de réir mar is gá sa chás;

ciallaíonn “lá” tréimhse 24 huaire a chloig ó mheán oíche go meán oíche nó cibé tréimhse eile 24 huaire a chloig a fhorordófar, chun aon chríche ginearálta nó speisialta;

folaíonn “oidhreachtáin” gach talamh, tionóntán, foirgneamh, agus maoin eile, corpraithe nó neamhchorpraithe, is gá de réir na nAchtanna Luachála a luacháil faoi na hAchtanna sin, agus folaíonn siad freisin cuid d'aon mhaoin den sórt sin arna luacháil ar leithligh faoi na hAchtanna sin;

ciallaíonn “faighteoir” duine atá i dteideal cúnaimh dhífhostaíochta.

(2) Chun críocha na Caibidle seo, déanfar aon 3 lá dífhostaíochta, bíodh siad comhleanúnach nó ná bíodh, laistigh de thréimhse 6 lá chomhleanúnacha a áireamh mar thréimhse leanúnach dífhostaíochta, agus déanfar aon dá thréimhse den sórt sin nach bhfuil tréimhse is mó ná 20 seachtain eatarthu a áireamh mar thréimhse amháin leanúnach dífhostaíochta, agus forléireofar “ar dífhostú go leanúnach” dá réir sin.

(3) Faoi réir alt 156, is limistéar uirbeach gach ceann díobh seo a leanas chun críocha na Caibidle seo—

(a) gach contaebhuirg,

(b) buirg Dhún Laoghaire,

(c) gach ceantar uirbeach ar mó ná 7,000 a dhaonra (de réir an daonáirimh arb é an daonáireamh is deireanaí den sórt sin é de thuras na huaire).

(4) I gcás teach le bardas nó comhairle limistéir uirbigh a bheith lasmuigh den limistéar sin, measfar duine atá ina chónaí nó ina ghnáth-chónaí sa teach sin a bheith ina chónaí nó ina ghnáth-chónaí sa limistéar uirbeach sin.

(5) Ní mheasfar duine a bheith dífhostaithe de réir bhrí na Caibidle seo—

(a) lá ar bith a oibríonn sé ar pá nó ar luach saothair eile, cibé acu is in airgead nó in earraí nó in aon slí eile a íocfar é, ná

(b) i rith aon tréimhse is tréimhse fostaíochta i leith an duine sin de réir bhrí an ailt seo.

(6) Féadfaidh an tAire, le rialacháin arna ndéanamh aige faoin gCaibidil seo, aon tréimhse a fhorordú, go ginearálta nó maidir le haon aicme nó aicmí áirithe daoine nó aon cheantar nó ceantair áirithe, chun bheith ina tréimhse fostaíochta agus dá réir sin ní áireofar aon duine atá san aicme sin nó a chónaíonn sa cheantar sin le linn na tréimhse fostaíochta sin mar dhuine atá dífhostaithe de réir bhrí na Caibidle seo.

Deimhnithe cáilíochta.

[1933 CD, a. 10]

[1933 CD, a. 10; 1980, a. 8]

[1933 CD, a. 10]

136. —(1) Féadfaidh aon duine, faoi réir an ailt seo, deimhniú cáilíochta a iarraidh sa tslí fhorordaithe.

(2) I gcás ina ndéanfaidh duine iarratas go cuí ar dheimhniú cáilíochta agus ina suífidh sé sa tslí fhorordaithe go gcomhlíonann sé na coinníollacha, a mhéid is infheidhme iad, a luaitear i bhfo-alt (3), beidh sé i dteideal deimhniú (dá ngairtear deimhniú cáilíochta sa Chaibidil seo) a fháil á dheimhniú go gcomhlíonann sé na coinníollacha sin.

(3) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2) mar choinníollacha a bheidh le comhlíonadh ag duine a mbeidh deimhniú cáilíoctha á iarraidh aige—

(a) go bhfuil cónaí air sa Stát ar dháta an iarratais;

(b) go bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige agus nach bhfuil aois inphinsin slánaithe aige;

(c) nach bhfuil a acmhainn, arna ríomh de réir na Caibidle seo, níos mó ná méid sa bhliain is ionann agus 52 oiread—

(i) méid an chúnaimh dhífhostaíochta atá leagtha amach ag tagairt 1A (1) i gCuid I den Cheathrú Sceideal agus a bhaineann le duine a bhfuil cleithiúnaí aosaithe aige agus a chónaíonn i limistéar uirbeach, agus

(ii) i gcás leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe a bheith aige, cibé cion den chúnamh dífhostaíochta atá leagtha amach ag tagairt 1A (1) i gCuid I den Cheathrú Sceideal agus a bhaineann leis an duine arbh é an cion é ab iníoctha maidir leis an leanbh sin nó leis na leanaí sin, cibé acu é; agus

(d) i gcás mná pósta—

(i) go bhfuil a fearchéile i gcleithiúnas uirthi, nó

(ii) nach bhfuil sí féin ná a fearchéile i gcleithiúnas ar a chéile agus go bhfuil cleithiúnaí amháin nó níos mó aici.

(4) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh gach deimhniú cáilíochta agus beidh ráiteas ann i dtaobh an ráta sheachtainiúil, a fhreagraíonn don ráta bliantúil arna ríomh de réir na Caibidle seo, d'acmhainn an duine lena mbaineann an deimhniú sin.

Ceart chun cúnaimh.

[1933 CD, a. 14]

[1974 (Uimh. 2), a. 10]

137. —(1) Féadfaidh duine ar bith is sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta cúnamh dífhostaíochta a iarraidh sa tslí fhorordaithe, faoi réir an ailt seo.

(2) Má dhéanann duine iarratas go cuí ar chúnamh dífhostaíochta agus teideal aige de thuras na huaire faoi fho-alt (1) iarratas den sórt sin a dhéanamh agus go seachadfaidh an duine a dheimhniú cáilíochta d'oifigeach breithiúnachta agus go sásóidh sé an t-oifigeach sin sa tslí fhorordaithe go gcomhlíonann sé na coinníollacha reachtúla, beidh an duine, fad a leanfaidh sé de na coinníollacha reachtúla a chomhlíonadh agus nach mbeidh sé dícháilithe faoin gCaibidil seo chun cúnamh dífhostaíochta a fháil, i dteideal, faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, íocaíochtaí (dá ngairtear cúnamh dífhostaíochta sa Chaibidil seo) a fháil cibé tráthanna, i cibé slí agus de réir cibé ráta a cheaptar nó a cheapfar leis an gCaibidil seo nó fúithi.

(3) Nuair a bheidh duine de thuras na huaire ag fáil cúnaimh dhífhostaíochta, coimeádfar a dheimhniú cáilíochta san áit fhorordaithe, le linn an ama fhorordaithe agus sa tslí fhorordaithe.

(4) Faoi réir alt 125, leanfar de chúnamh dífhostaíochta a íoc go ceann tréimhse 6 sheachtain tar éis dáta báis faighteora a raibh cleithiúnaí aosaithe aige.

Coinníollacha reachtúla.

[1933 CD, a. 15; 1935 CD, a. 8; 1978, a. 5]

[1962 FI, a. 6]

[1933 CD, a. 15]

138. —(1) Sa Chaibidil seo gairtear na coinníollacha reachtúla de na coinníollacha seo a leanas agus is é a bheidh iontu, faoi réir na Caibidle seo (lena n-áirítear an t-alt seo), na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh ag sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta le bheith i dteideal cúnamh dífhostaíochta a fháil—

(a) go ndearna sé iarratas ar chúnamh dífhostaíochta sa tslí fhorordaithe agus go gcruthóidh sé sa tslí fhorordaithe go raibh sé dífhostaithe go leanúnach ó dháta a iarratais ar chúnamh dífhostaíochta;

(b) go bhfuil sé ábalta obair a dhéanamh agus go bhfuil sé ar fáil i gcóir fostaíochta a bheadh oiriúnach dó agus go bhfuil fostaíocht den sórt sin á lorg dáiríre aige ach nach bhfuil sé in ann í a fháil ag féachaint dá aois, dá ghnéas, dá neart coirp, dá oideachas, dá ghnáth-shlí bheatha, dá áit chónaithe agus d'imthosca a theaghlaigh;

(c) ó eisíodh a dheimhniú cáilíochta chuige nach ndearna sé rud ar bith agus nár tharla aon athrú imthosca ná imeacht eile a d'fhágfadh an deimhniú sin neamhbhailí nó a bhainfeadh teideal de deimhniú den sórt sin a shealbhú;

(d) má cheangail oifigeach breithiúnachta go cuí air freastal ar chúrsa teagaisc a ceapadh nó a ceadaíodh le rialacháin faoin gCaibidil seo, gur fhreastail sé go cuí ar an gcúrsa de réir an cheanglais.

(2) Ní mheasfar nár chomhlíon duine na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (a) agus i bhfo-alt (1) (b) de bhíthin amháin go bhfuil sé ag déanamh cúrsa oiliúna athshlánúcháin a sholáthraigh eagras (is eagras a cheadaigh an tAire Sláinte chun an oiliúint sin a sholáthar) bíodh nó ná bíodh an cúrsa sin ina chúrsa a bhfuil sé ag fáil liúntas oiliúna ina leith in airgead atá á íoc ag an eagras.

(3) Ní mheasfar nár chomhlíon duine na coinníollacha reachtúla de bhíthin amháin gur dhiúltaigh sé tairiscint fostaíochta i bpost atá folamh mar gheall ar shaotharstad de bharr aighnis cheirde.

Na rátaí cúnaimh.

[1933 CD, a. 17; 1980, a. 6]

139. —Faoi réir alt 140, is é a bheidh sa ráta cúnaimh dhífhostaíochta (dá ngairtear an ráta sceidealta sa Chaibidil seo) an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal, arna mhéadú—

(a) mar atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin in aghaidh aon tréimhse a mbeidh cleithiúnaí aosaithe ag an iarratasóir nó ag an bhfaighteoir, faoi réir an tsriain nach mbeidh teideal ag an iarratasóir ná ag an bhfaighteoir méadú ar chúnamh a fháil faoin mír seo i leith níos mó ná duine amháin, agus

(b) mar atá leagtha amach i gcolún (4) den Chuid sin i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an iarratasóir nó leis an bhfaighteoir agus, ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanbh den sórt sin a bheith ann, mar atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt.

Éifeacht acmhainne ar rátaí.

[1933 CD, a. 17; 1966 FI, a. 3]

140. —(1) Aon uair a bheidh duine i dteideal cúnamh dífhostaíochta a fháil faoin gCaibidil seo, tabharfar an cúnamh sin dó i bhfoirm íocaíochta airgid de réir cibé ráta díobh seo a leanas is infheidhme—

(a) má bhíonn sé gan acmhainn, de réir an ráta sceidealta, agus

(b) má bhíonn acmhainn aige, de réir ráta is ionann agus an ráta sceidealta arna laghdú 5p sa tseachtain in aghaidh gach 5p nó cuid de 5p dá acmhainn.

(2) Aon uair a tharlóidh, le linn an ráta a bheith á ríomh ar dá réir a bheidh cúnamh dífhostaíochta iníoctha le duine, go mbeidh an méid seachtainiúil a laghdófar an ráta sceidealta comhionann le méid seachtainiúil an ráta sceidealta nó níos mó ná an méid sin, ní bheidh aon chúnamh dífhostaíochta iníoctha leis an duine.

(3) Measfar gurb í acmhainn duine ar bith chun críche an ailt seo acmhainn an duine sin mar a bheidh luaite sa deimhniú cáilíochta a bheidh aige de thuras na huaire.

Deimhnithe cáilíochta a chúlghairm agus a leasú.

[1935 CD, a. 7; 1976 (Uimh. 2), a.9]

141. —(1) Aon uair a mbeidh scortha ag sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta de na coinníollacha a shonraítear sa deimhniú a chomhlíonadh nó a mbeidh méid a acmhainne tar éis méadú thar an bhfigiúr a sonraítear sa deimhniú gurb í a acmhainn í, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) déanfaidh sé, laistigh de 7 lá tar éis an scoir sin nó tar éis an dáta ar méadaíodh a acmhainn amhlaidh, an scor sin agus an chúis atá leis nó an méadú (de réir mar a bheidh) a chur in iúl d'oifigeach breithiúnachta, agus

(b) má mhainníonn sé nó má fhaillíonn sé forálacha mhír (a) a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar é a chiontú go hachomair ann dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(2) Aon uair a chinnfear nach raibh aon duine i dteideal a dheimhniú cáilíochta a fháil nó deimhniú cáilíochta den chineál a bhí ina sheilbh a shealbhú, déanfaidh an té is sealbhóir ar an deimhniú, ar éileamh ó oifigeach breithiúnachta, an deimhniú a sheachadadh láithreach don oifigeach sin.

(3) Gach duine, ar oifigeach breithiúnachta á éileamh air faoi fho-alt (2) a dheimhniú cáilíochta a sheachadadh, a mhainneoidh an deimhniú a sheachadadh láithreach don oifigeach sin, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar é a chiontú go hachomair ann dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(4) I gcás ina gciontófar duine i gcion faoi fho-alt (3) féadfaidh an chúirt a chiontóidh é, más gá sin sna himthosca, cibé ordú a dhéanamh is cuí leis an gcúirt chun a áirithiú go seachadfar d'oifigeach breithiúnachta an deimhniú cáilíochta a ndearnadh an cion sin ina leith.

Dícháiliú.

[1933 CD, a. 16(6); 1935 CD, a.9; 1952, Sc. 6; 1977, a. 7(2)]

[1948, a. 35; 1967 FI, a. 15]

[1933 CD, a. 16(5); 1967 FI, a. 15(a)]

[1935 CD, a. 10]

142. —(1) Beidh duine dícháilithe chun cúnamh dífhostaíochta a fháil—

(a) le linn cónaí a bheith air, go sealadach nó go buan, lasmuigh den Stát, nó

(b) le linn dó bheith faoi phianseirbhís, faoi phríosúnacht nó faoi choinneáil i gcoimeád dleathach, nó

(c) le linn dó bheith ina iostaí i bhforas a chothabháiltear go hiomlán nó go páirteach as airgead poiblí nó ag údarás áitiúil, nó

(d) le linn dó bheith ag fáil nó i dteideal pinsean dall faoi alt 175, nó aon sochar míchumais, liúntas máithreachais nó sochar dífhostaíochta faoi Chuid II.

(2) Aon duine a chaillfidh a fhostaíocht trína mhí-iompar féin, nó a fhágfaidh a fhostaíocht dá dheoin féin gan cúis chóir nó a dhiúltóidh nó a mhainneoidh gan cúis mhaith glacadh le haon deis réasúnach ar oiliúint a fháil a sholáthraigh nó a cheadaigh An Chomhairle Oiliúna mar oiliúint oiriúnach ina chás, beidh sé dícháilithe chun cúnamh dífhostaíochta a fháil in aghaidh na tréimhse trí mhí nó cibé tréimhse is giorra ná sin (nach lú ná seachtain amháin) a chinnfear faoin gCaibidil seo ón dáta a chaill sé nó a d'fhág sé a fhostaíocht amhlaidh nó a dhiúltaigh sé nó a mhainnigh sé amhlaidh.

(3) (a) Duine a chaillfidh fostaíocht mar gheall ar shaotharstad de bharr aighnis cheirde ag an monarcha, ag an gceardlann nó ag an áitreabh eile ina raibh sé ar fostú, beidh sé dícháilithe chun cúnamh dífhostaíochta a fháil fad a leanfaidh an saotharstad, ach amháin i gcás ina mbeidh sé, le linn an tsaotharstad, tar éis fostú bona fide a fháil in áit eile sa tslí bheatha ar gnách dó bheith ag gabháil di nó tar éis gabháil go rialta le slí bheatha éigin eile.

(b) Ní bhainfidh mír (a) le duine—

(i) nach bhfuil páirteach, nó nach bhfuil leas díreach aige, san aighneas ceirde ba chúis leis an saotharstad nó nach bhfuil ag íoc chuige, agus

(ii) nach duine de ghrád nó d'aicme oibrithe é a raibh comhaltaí de nó di díreach roimh thosach an tsaotharstad, ar fostú ina áit fostaíochta agus aon duine díobh páirteach san aighneas nó leas díreach aige ann nó ag íoc chuige.

(4) In aon chás ina ndéantar brainsí leithleacha oibre, is gnáth a sheoladh mar ghnóthaí leithleacha in áitribh leithleacha, a sheoladh i ranna leithleacha san áitreabh céanna, measfar, chun críocha fho-alt (3), gur monarcha nó ceardlann leithleach nó áitreabh leithleach, de réir mar a bheidh, gach roinn acu sin.

(5) Ní bheidh cúnamh dífhostaíochta agus sochar dífhostaíochta iníoctha i leith an lae nó na laethanta céanna.

Dáta feidhme cinntí áirithe.

[1965 FI, a. 16]

[1964, FI, a. 11]

[1935 CD, a. 12]

143. —(1) Nuair a dhéanfaidh duine iarratas mar a fhorordaítear ar dheimhniú cáilíochta agus go gcinnfidh oifigeach breithiúnachta nó oifigeach achomhairc go bhfuil an duine i dteideal deimhniú cáilíochta a shealbhú—

(a) measfar, chun críocha na Caibidle seo, éifeacht a bheith ag an gcinneadh amhail ar dháta an iarratais a dhéanamh agus ón dáta sin nó ar cibé dáta ina dhiaidh sin is iomchuí agus ón dáta sin, agus

(b) measfar, chun críocha na Caibidle seo, an duine a bheith ina shealbhóir ar dheimhniú cáilíochta amhail ar an dáta agus ón dáta a tháinig an cinneadh in éifeacht.

(2) An t-iarratas ar chúnamh dífhostaíochta a dhéanfaidh duine, a thiocfaidh chun bheith i dteideal deimhniú cáilíochta, féadfar a mheas go ndearnadh é ar an dáta ónar tháinig an cinneadh i ndáil le hiarratas an duine ar an deimhniú in éifeacht nó ó cibé dáta ina dhiaidh sin is iomchuí.

(3) Más rud é, de dhroim cinneadh a fhreaschur nó a athbhreithniú, go dtiocfaidh duine chun bheith i dteideal deimhniú cáilíochta a shealbhú faoin gCaibidil seo, measfar, chun críocha na Caibidle seo, go raibh an duine ina shealbhóir ar dheimhniú cáilíochta amhail ar an dáta agus ón dáta a tháinig an cinneadh arna fhreaschur nó arna athbhreithniú amhlaidh, in éifeacht.

(4) Más rud é, de dhroim cinneadh a fhreaschur nó a athbhreithniú, go gcúlghairfear deimhniú cáilíochta a bheidh eisithe chun duine faoin gCaibidil seo, measfar, chun críocha na Caibidle seo, nach raibh an duine ina shealbhóir ar dheimniú cáilíochta amhail ar an dáta agus ón dáta a tháinig an cinneadh, arna fhreaschur agus arna athbhreithniú amhlaidh, in éifeacht.

(5) Más rud é, de dhroim cinneadh a fhreaschur nó a athbhreithniú, go n-athrófar an ráiteas ar an ráta seachtainiúil acmhainne i ndeimhniú cáilíochta a eiseofar chun duine faoin gCaibidil seo, measfar, chun críocha na Caibidle seo, go raibh an duine sin ina shealbhóir ar cibé deimhniú a bheidh sé i dteideal a shealbhú faoin gcinneadh, arna fhreaschur nó arna athbhreithniú amhlaidh amhail ar an dáta agus ón dáta a tháinig an cinneadh arna fhreaschur nó arna athbhreithniú amhlaidh, in éifeacht.

(6) An t-iarratas ar chúnamh dífhostaíochta a dhéanfaidh duine a thiocfaidh chun bheith i dteideal deimhniú cáilíochta de dhroim cinneadh a fhreaschur nó a athbhreithniú, féadfar a mheas go ndearnadh é ar an dáta a tháinig an cinneadh, arna fhreaschur nó arna athbhreithniú amhlaidh, in éifeacht, nó ar aon dáta ina dhiaidh sin.

(7) San alt seo ciallaíonn “cinneadh” cinneadh ag oifigeach breithiúnachta nó ag oifigeach achomhairc i ndáil le deimhniú cáilíochta faoin gCaibidil seo.

(8) I gcás ina gcinnfear nár chomhlíon sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta an coinníoll reachtúil atá in alt 138 (1) (b) ní gá go gcinnfí faoi alt 296 aon iarratas ar chúnamh dífhostaíochta ina dhiaidh sin a dhéanfaidh sé roimh dheireadh 6 sheachtain ón dáta a mhainnigh sé an coinníoll reachtúil sin a chomhlíonadh.

Ráitis bhréagacha agus cionta.

[1933 CD, a. 29; 1935 CD, a. 14; 1976 (Uimh. 2), a.9]

[1938 CD, a. 8; 1976 (Uimh. 2), a. 9]

[1961 FI, a. 10, 14]

[1976 (Uimh. 2), a. 12]

144. —(1) Más rud é, chun deimhniú cáilíochta nó aon íocaíocht chúnaimh dhífhostaíochta a fháil dó féin nó d'aon duine eile nó chun aon aisíoc faoin gCaibidil seo aige féin nó ag aon duine eile a sheachaint, go ndéanfaidh duine aon ráiteas nó uirríoll (scríofa nó ó bhéal) is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó go gceilfidh sé aon fhíoras ábhartha, beidh sé ciontach i i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(2) Má chabhraíonn nó má neartaíonn duine (dá ngairtear an fostóir san alt seo) le duine (dá ngairtear an fostaí san alt seo) atá ar fostú aige nó má chomhairlíonn dó nó má thugann air cion faoi fho-alt (1) a dhéanamh nó má chomhcheilgeann sé leis an bhfostaí chun an fostaí do dhéanamh ciona faoin bhfo-alt sin, beidh an fostóir ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(3) Aon duine a chiontófar i gcion faoin alt seo—

(a) más cion é i ndáil le cúnamh dífhostaíochta a íoc nó a aisíoc, beidh sé dícháilithe chun cúnamh dífhostaíochta a fháil go ceann tréimhse sé mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe, agus

(b) más cion é i ndáil le deimhniú cáilíochta, beidh sé dícháilithe chun deimhniú cáilíochta a fháil nó a shealbhú go ceann tréimhse sé mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe.

(4) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin gCaibidil seo i dtaobh cionta is sárú nó neamhchomhlíonadh ar na rialacháin sin agus i dtaobh fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a ghearradh, de rogha na cúirte, i gcás ciontú go hachomair i gcion den sórt sin.

Ionchúisimh.

[1933 CD, a. 30; 1976 (Uimh. 2), a.5, 11]

[1935 CD, a. 18]

[1976 (Uimh. 2), a. 11]

145. —(1) Ní thionscnófar imeachtaí i leith cion faoi aon alt den Chaibidil seo ach amháin ag an Aire nó le toiliú an Aire.

(2) Féadfar ionchúiseamh i leith cion faoi aon alt den Chaibidil seo a thionscnamh ar agra an Aire.

(3) D'ainneoin aon fhoráil in aon Acht a shonraíonn an tréimhse ar féidir imeachtaí a thionscnamh lena linn, féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, na Caibidle seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in éag—

(a) an tréimhse trí mhí dar tosach an dáta a ndeimhneofar i scríbhinn arna séalú le séala oifigiúil an Aire gur tháinig fianaise ar dheis nó i seilbh an Aire ba leor le gur cheart an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó

(b) an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion.

(4) D'ainneoin aon ní in alt 1 den Acht Breithiúnais Choiriúla (Fianaise), 1924 , féadfar banchéile nó fearchéile duine a chúiseofar i gcion faoin gCaibidil seo a ghlaoch mar fhinné don ionchúiseamh nó don chosaint agus sin gan toiliú an duine a bheidh á chúiseamh.

(5) Má tharlaíonn in ionchúiseamh i leith cion faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, na Caibidle seo, go suífear chun sástacht na cúirte—

(a) go bhfuil iarratas déanta ag duine (dá ngairtear an cosantóir san alt seo) ar chúnamh dífhostaíochta, agus

(b) go ndearnadh de thoradh an iarratais sin cúnamh dífhostaíochta a íoc le haon duine (cibé acu arbh é an cúnamh sin a iarradh nó nárbh é agus cibé acu ar leis an gcosantóir a íocadh é nó nár leis),

toimhdeofar gur thug an cosantóir aon fhaisnéis a bheidh san iarratas (nó gur chuir sé faoi deara í a thabhairt thar a cheann) agus, i gcás ar faisnéis bhréagach an fhaisnéis sin, gurb eol dó go hiomlán gurbh fhaisnéis bhréagach í agus gur thug sé í le hintinn go meabhlódh sí; ach féadfar an toimhde sin a fhrisnéis.

Acmhainn a ríomh.

[1933 CD, a. 13]

[I.R. Uimh. 168 de 1977]

[1952, Sc. 6; 1944 LL, a. 15; 1973, a. 18]

[1960 FI, a. 10]

[1968 FI, a. 13]

[1962 FI, a. 7]

[1964 FI, a. 12; 1980, a. 7]

[1967 FI, a. 13]

[1933 CD, a. 13; 1979, a. 18]

146. —(1) Nuair a bheidh acmhainn duine á ríomh chun críche na Caibidle seo, measfar gurb iad na nithe seo a leanas agus iad sin amháin a bheidh in acmhainn an duine—

(a) an luach bliantúil, arna fhionnadh sa tslí fhorordaithe, a bhaineann le gach maoin dá chuid (nach maoin a úsáideann sé nó a theachtann sé go pearsanta) atá infheistithe nó atá á húsáid go tairbhiúil ar mhodh eile nó a d'fhéadfaí a infheistiú nó a úsáid go tairbhiúil ach nach ndéantar amhlaidh;

(b) gach ioncam a bhféadfaidh sé súil a bheith aige go réasúnach é a fháil in airgead i gcaitheamh na bliana ina dhiaidh sin, lena n-áirítear méid iarbhír nó measta aon ioncaim a bhféadfaidh sé súil a bheith aige go réasúnach é a fháil i rith na bliana sin ina dhiaidh sin mar cheann an teaghlaigh, cibé acu mar ranníocaí in aghaidh chaiteachais an teaghlaigh nó ar shlí eile, ach gan na nithe seo a leanas a áireamh—

(i) aon ioncam nó airgead faoi réim aon mhíre eile den fho-alt seo,

(ii) an t-airgead go léir a thuillfidh sé i leith fostaíocht reatha pearsanta faoi chonradh seirbhíse,

(iii) aon airgead a gheofar mar chúnamh dífhostaíochta faoin gCaibidil seo,

(iv) aon airgead a gheofar mar liúntas leasa forlíontach,

(v) aon airgead a gheofar mar shochar míchumais, mar shochar dífhostaíochta, mar shochar máithreachais nó mar liúntas leanaí,

(vi) aon ioncam ó bhónas faoi scéim a riarann Aire na Gaeltachta chun deontais speisialta a thabhairt do dhaoine a chónaíonn sa Ghaeltacht nó sa Bhreac-Ghaeltacht (arna míniú sa scéim sin) agus is tuismitheoirí nó caomhnóirí le leanaí a fhreastalaíonn bunscoileanna,

(vii) méid aon liúntais, liúntais chleithiúnaí (nach liúntas cleithiúnaí lena mbaineann mír (viii)), pinsin mhíchumais nó pinsin chréachta faoi na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1980, nó na liúntais agus na pinsin sin i dteannta a chéile a mhéid nach mó ná £80 sa bhliain an méid sin,

(viii) liúntas cleithiúnaí faoi na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1980, de bhun seirbhíse sa tréimhse ón 23 Aibreán, 1916, go dtí an 30 Meán Fómhair, 1923,

(ix) aon airgead a gheofar mar liúntas oiliúna ó eagras fad a bheifear faoi chúrsa oiliúna athshlánúcháin a sholáthraigh eagras (is eagras a bheidh ceadaithe ag an Aire Sláinte chun an oiliúint sin a sholáthar),

(x) aon airgead, ach amháin sa mhéid go mbeidh sé níos mó ná £104 sa bhliain, a gheobhaidh an duine sin nó céile an duine sin i leith obair den chineál dá dtagraítear i mír 7 de Chuid I den Chéad Sceideal, faoi scéim atá, dar leis an Aire, carthanúil ó cháilíocht agus ó chuspóir,

(xi) i gcás duine a bheith ag gabháil de réir séasúir d'iascaireacht mar shlí bheatha, leath an oiread sin den ioncam a fhaightear uaithi nach dtéann thar £120 sa bhliain agus an tríú cuid den oiread sin den ioncam a théann thar £120 sa bhliain ach nach dtéann thar £300 sa bhliain,

(xii) aon airgead a gheofar faoi scéim reachtúil a riarann an tAire Saothair i leith iomarcaíochta nó mar chúnamh airgid do dhaoine dífhostaithe a athraíonn áit chónaithe;

(c) an luach bliantúil arna fhionnadh sa tslí fhorordaithe d'aon tairbhe a fhaibhreoidh chuige as úsáid maoine (seachas teach cónaithe nó foirgneamh feirme ar úinéireacht agus ar áitiú, troscán agus earraí pearsanta) atá á húsáid agus á teachtadh go pearsanta aige;

(d) an t-ioncam go léir agus luach bliantúil, arna fhionnadh sa tslí fhorordaithe, na maoine go léir a cheil sé air féin go díreach nó go neamhdhíreach le cáiliú chun cúnamh dífhostaíochta a fháil;

(e) luach bliantúil aon sochair nó pribhléide a theachtann sé.

(2) Chun críocha fho-alt (1) (b), measfar gurb é atá in ioncam duine, in éagmais aon dóigh eile lena fhionnadh, an t-ioncam a gheofar iarbhír i gcaitheamh na bliana díreach roimh dháta an ríofa.

Acmhainn a ríomh — modh eile.

[1965 FI, a. 8, 9; 1979, a. 4]

[1977, a. 5]

[1976, a. 4]

[1979, a. 5]

147. —(1) Faoi réir fho-alt (5), measfar, chun críocha alt 146 (1)(c), gurb é luach bliantúil aon tairbhe a fhaibhreoidh chun duine a mbeidh cónaí air i limistéar a bheidh sonraithe de thuras na huaire in ordú faoi fho-alt (3) as talamh a úsáid atá á úsáid nó á theachtadh go pearsanta ag an duine méid arna ríomh—

(a) de réir £30 in aghaidh gach punt de luacháil inrátaithe na talún in aon chás nach mó ná £10 an luacháil agus de réir ráta chomhréirigh in aghaidh aon chuid de £1 den luacháil,

(b) de réir £50 in aghaidh gach punt de luacháil inrátaithe na talún in aon chás ar mó ná £10 ach nach mó ná £15 an luacháil agus de réir ráta chomhréirigh in aghaidh aon chuid de £1 den luacháil,

(c) de réir £60 in aghaidh gach punt de luacháil inrátaithe na talún in aon chás ar mó ná £15 ach nach mó ná £20 an luacháil agus de réir ráta chomhréirigh in aghaidh aon chuid de £1 den luacháil,

(d) de réir fhorálacha Rialachán 3 (3) den Ordú um Chongnamh Dhíomhaointis (Rialacháin um Áireamh Acfuinne), 1934 (R. & O.R. Uimh. 34 de 1934 ) in aon chás ar mó ná £20 an luacháil.

(2) (a) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) nó luacháil inrátaithe a shonraítear amhlaidh i ndáil le ráta den sórt sin a athrú, agus féadfaidh, le hordú, foráil a dhéanamh le haghaidh ráta nó rátaí breise i dteannta na rátaí dá bhforáiltear san fho-alt sin agus féadfaidh sé luacháil bhreise nó luachálacha breise a shonrú i ndáil leis an ráta nó leis na rátaí sin.

(b) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin mír seo, a chúlghairm nó a leasú.

(3) (a) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, limistéir a shonrú chun críocha fho-alt (1).

(b) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin mír seo, a chúlghairm nó a leasú.

(4) Gach ordú a dhéanfaidh an Rialtas faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(5) D'ainneoin fho-ailt (1) go (4), féadfaidh duine a mbeidh cónaí air i limistéar a bheidh sonraithe in ordú faoi fho-alt (3) é a ghlacadh de rogha go ndéanfar, chun críocha alt 146 (1) (c), luach bliantúil aon tairbhe a fhaibhreoidh chuige as talamh a úsáid a bheidh á usáid nó á theachtadh go pearsanta aige a ríomh de réir fhorálacha mhír (3) de Rialachán 3 den Ordú um Chongnamh Dhíomhaointis (Rialacháin um Áireamh Acfuinne), 1934 (R. & O. R., Uimh 34 de 1934 ).

Rialacháin— ginearálta.

[1933 CD, a. 7]

[1933 CD, a. 8]

[1952, a. 101]

148. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag forordú aon ní nó rud a údaraítear go sainráite leis an gCaibidil seo a fhorordú le rialacháin a bheidh arna ndéanamh aige faoin gCaibidil seo.

(2) Féadfar le rialacháin a bheidh arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo ag forordú foirme iarratais chun aon chríche faoin gCaibidil seo a cheangal go ndéanfar na ráitis go léir, nó aon cheann díobh, a dhéanfaidh an t-iarratasóir san fhoirm sin, a fhíorú le dearbhú reachtúil.

(3) I gcás ina gceanglófar le haon rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo na ráitis go léir, nó aon cheann díobh, a dhéanfaidh iarratasóir i bhfoirm iarratais a fhorordaítear leis na rialacháin sin chun aon chríche faoin gCaibidil seo, a fhíorú le dearbhú reachtúil, féadfaidh oifigeach breithiúnachta nó aon oifigeach eile don Aire arna údarú ag an Aire chuige sin an dearbhú reachtúil sin a thógáil agus a ghlacadh.

(4) Féadfar, le rialacháin aon cheann d'fhorálacha ailt 111, 112, 113, 128, 295, 296, 297, 298, 299 agus 300 nó d'fhorálacha arna ndéanamh faoi na hailt sin a chur chun feidhme maidir le cúnamh dífhostaíochta, agus féadfaidh aon fheidhm den sórt sin a bheith ina feidhm mhodhnaithe nó ina feidhm gan mhodhnú agus a bheith i dteannta nó in ionad forálacha láithreacha na Caibidle seo nó Chuid VIII.

Rialacháin— sonrach

[1935 CD, a. 17]

[1933 CD, a. 22]

[1940 CD, a. 6]

149. —Féadfaidh an tAire—

(a) le rialacháin, a fhoráil go gceapfar duine chun aon suimeanna a ghlacadh thar ceann iarratasóra nó mar ionadaí d'iarratasóir a thiocfaidh chun bheith mímheabhrach nó a éagfaidh, ar suimeanna iad is iníoctha mar chúnamh dífhostaíochta leis an iarratasóir sin nó ina leith;

(b) le rialacháin, socrú a dhéanamh tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, maidir le daoine dífhostaithe do dhéanamh freastail ar chúrsaí teagaisc de bhun ceanglas ó oifigeach breithiúnachta agus féadfaidh sé leis na rialacháin sin cúrsaí teagaisc a bhunú nó a cheadú chun na críche sin;

(c) a fhorordú go ginearálta nó i leith aon aicme nó aicmí áirithe daoine nó i leith aon cheantar nó ceantar áirithe, go ndéanfar, i gcás duine a bheith fostaithe chun obair a dhéanamh go leanúnach ó am áirithe lá amháin go dtí am áirithe an lá dár gcionn, an duine sin a áireamh, chun críocha na Caibidle seo, mar dhuine atá, de bhua na fostaíochta sin, fostaithe ar cibé ceann de na laethanta sin a bheidh forordaithe agus an lá sin amháin.

Cúnamh dífhostaíochta a íoc.

[1933 CD, a. 19; 1952, a. 96]

[1960 FI, a. 11; 1974 (Uimh. 2), a.25]

150. —(1) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil le cúnamh dífhostaíochta a íoc—

(a) ní bheidh aon chúnamh dífhostaíochta iníoctha i leith na chéad 3 lá de dhífhostaíocht leanúnach in aon tréimhse leanúnach dífhostaíochta;

(b) ní íocfar aon chúnamh dífhostaíochta in aghaidh aon tréimhse is giorra ná lá amháin;

(c) chun críocha an ailt seo, ní dhéanfar aon tráth roimh an iarratas cuí ar chúnamh dífhostaíochta a áireamh mar thréimhse dífhostaíochta nó mar chuid de thréimhse dífhostaíochta;

(d) ní dhéanfar aon tráth a mbeidh duine dícháilithe chun cúnamh dífhostaíochta a fháil a áireamh nuair a bheidh aon tréimhse dífhostaíochta a bhaineann leis an duine sin á ríomh;

(e) faoi réir fhorálacha na Caibidle seo (lena n-áirítear forálacha an ailt seo) íocfar cúnamh dífhostaíochta ag na tráthanna forordaithe agus sa tslí fhorordaithe.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (a) i ndáil le cúnamh dífhostaíochta a íoc le duine a scoir, tráth nach luaithe ná 20 seachtain roimh an lá ar ina leith a dhéanfar a iarratas ar chúnamh dífhostaíochta, de theideal a bheith aige chun sochair dhífhostaíochta—

(a) toisc a theideal chun an tsochair sin a bheith caite aige, de bhua alt 34 (1), nó

(b) má bhíonn an duine os cionn 65 bliana d'aois, toisc gan an coinníoll ranníoca atá leagtha amach in alt 30 (1) (b) a bheith comhlíonta aige.

Ró-íocaíochtaí.

[1933 CD, a. 28]

151. —(1) Maidir le gach íocaíocht cúnaimh dhífhostaíochta a bheidh faighte ag aon duine le linn dó a bheith dícháilithe chun cúnamh dífhostaíochta a fháil nó fad a bhí na coinníollacha reachtúla gan comhlíonadh aige nó a bhí sé as teideal ar dhóigh eile í a fháil, beidh sí inaisíoctha ag an duine sin leis an Aire ar éileamh arna dhéanamh chuige sin ag oifigeach breithiúnachta agus, mura n-aisíocfar amhlaidh í, féadfaidh an tAire í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla nó trína baint as aon íocaíocht nó íocaíochtaí cúnaimh dhífhostaíochta a mbeidh teideal ag an duine sin chuici nó chucu ina dhiaidh sin.

(2) Déanfar gach suim a aisíocfar leis an Aire nó a ghnóthóidh an tAire faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Cúnamh dífhostaíochta a dheonófar do dhaoine a bheidh ag fáil liúntais leasa fhorlíontaigh.

[1935 CD, a. 16; 1953 AS, a. 69; I.R. Uimh. 168 de 1977]

152. —Más rud é—

(a) i leith aon tréimhse go mbeidh liúntas leasa forlíontach deonaithe ag bord sláinte do dhuine nó ar cuntas duine nach mbeidh an tráth sin, cé go mbeidh sé i dteideal cúnaimh dhífhostaíochta, ag fáil íocaíochtaí ar a chuntas sin, agus

(b) go mbeidh an liúntas sin níos mó ná an méid a dheonófaí don duine sin dá mbeadh sé ag fáil íocaíochta ar cuntas cúnaimh dhífhostaíochta, agus

(c) go dtiocfaidh aon suim (dá ngairtear an riaráiste san fho-alt seo) a fhaibhreoidh i leith aon chuid den tréimhse sin ar cuntas cúnaimh dhífhostaíochta chun bheith iníoctha ina dhiaidh sin leis an duine sin, agus

(d) go mbeidh an bord sláinte, sula n-íocfar an riaráiste leis an duine sin, tar éis an méid breise (dá ngairtear an bhreis san fho-alt seo) a d'íoc an bord amhlaidh in aghaidh na tréimhse ar ina leith a d'fhaibhrigh an riaráiste, a dheimhniú don Aire,

féadfaidh an tAire méid nach mó ná méid na breise a bhaint as an riaráiste agus, sa chás sin, íocfaidh sé leis an mbord sláinte an méid a asbhaineadh amhlaidh.

Íocaíochtaí leis an Aire ó údaráis áitiúla.

[1935 CD, a. 26; 1938 CD, a. 6; 1940 CD, a. 2]

[1940 CD, a. 2; 1971 RA, a. 1]

[I.R. Uimh. 215 de 1974]

[I.R. Uimh. 215 de 1974]

[1933 CD, a. 26]

[1933 CD, a. 27]

153. —(1) Gach bliain airgeadais íocfar na suimeanna seo a leanas leis an Aire i cibé slí a ordóidh sé—

(a) íocfaidh bardas gach contaebhuirge agus bardas bhuirg Dhún Laoghaire, suim ar cóimhéid leis an séú cuid de 49p sa phunt ar an luach inrátaithe i dtosach na bliana airgeadais áitiúla díreach roimhe sin don chontaebhuirg sin nó do bhuirg Dhún Laoghaire, de réir mar a bheidh;

(b) íocfaidh bardas nó comhairle, de réir mar a bheidh, gach limistéir uirbigh (seachas limistéar uirbeach is contaebhuirg nó buirg Dhún Laoghaire), suim ar cóimhéid leis an gceathrú cuid de 15p sa phunt ar an luach inrátaithe i dtosach na bliana airgeadais áitiúla díreach roimhe sin don limistéar uirbeach sin.

(2) (a) I bhfo-alt (1) ciallaíonn “luach inrátaithe” i ndáil le haon limistéar uirbeach méid iomlán na luachálacha faoi na hAchtanna Luachála atá ar na hoidhreachtáin go léir atá sa limistéar uirbeach sin a bhfuil aon ráta iníoctha ina leith nó, i gcás oidhreachtáin neamháitithe, a mbeadh aon ráta iníoctha ina leith dá mbeadh an t-oidhreachtán ar áitiú, cibé acu is iníoctha an ráta sin le bardas nó comhairle an limistéir uirbigh sin nó le húdarás éigin eile a bhfuil cumhacht aige le reacht rátaí a leagan agus a thobhach, agus cibé acu is iníoctha an ráta sin, i gcás aon oidhreachtáin áirithe, ar a luacháil faoi na hAchtanna sin nó ar chodán den luacháil sin.

(b) Aon uair a bheidh luach inrátaithe limistéir uirbigh i dtosach bliana airgeadais á ríomh chun críocha an ailt seo, tabharfar aird ar gach achomharc faoi na hAchtanna Luachála a chinnfear an 31ú lá de Mhárta nó roimh an lá sin sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin agus ní thabharfar aon aird ar aon achomharc den sórt sin a chinnfear i ndiaidh an dáta sin.

(3) Beidh de dhualgas ar gach bardas nó comhairle, de réir mar a bheidh, ag a mbeidh airgead iníoctha leis an Aire faoin alt seo i mbliain airgeadais áitiúil, an t-airgead sin a íoc leis an Aire ina cheithre thráthchuid chothroma, an 31 Márta, an 30 Meitheamh, an 30 Meán Fómhair, agus an 31 Nollaig an bhliain sin.

(4) Déanfar aon airgead is iníoctha leis an Aire faoin alt seo a chruinniú tríd an ráta bardasach.

(5) Más rud é, faoin alt seo, go mbeidh aon airgead dlite don Aire agus iníoctha leis ag údarás áitiúil, féadfar méid an airgid sin a bhaint as aon airgead is iníoctha leis an údarás áitiúil sin ó chistí a sholáthróidh an tOireachtas chun críche ar bith.

(6) Aon airgead a aistreofar chun an Aire nó a íocfar leis faoin alt seo déanfar é a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Deimhniú luachála.

[1940 CD, a. 5]

[1960 FI, a. 12]

154. —(1) Tabharfaidh an Coimisinéir Luachála don Aire, cibé uair a iarrfaidh an tAire sin air, deimhniú ina luafar, ag féachaint go cuí d'fhorálacha na Caibidle seo, an luach inrátaithe, chun críocha alt 153 i dtosach aon bhliana airgeadais áirithe a shonrófar in iarraidh den sórt sin, d'aon limistéar uirbeach áirithe a shonrófar amhlaidh.

(2) Beidh deimhniú a thabharfaidh an Coimisinéir Luachála don Aire de bhun an ailt seo ina fhianaise dhochloíte chun críocha na

Caibidle seo ar luach inrátaithe an limistéir uirbigh lena mbaineann an deimhniú sin i dtosach na bliana airgeadais a shonrófar chuige sin sa deimhniú sin.

(3) I gcás inar deimhin leis an gCoimisinéir Luachála aon deimhniú a bheidh tugtha aige faoin alt seo nó leasaithe aige faoin bhfo-alt seo a bheith earráideach, toisc dearmad a bheith ann i ndáil le haon phointe dlí nó fíorais ar ar thug an Coimisinéir aird nuair a bhí an deimhniú á dhéanamh amach aige, nó mar is léir ó aon fhíoras a tháinig ar a aird ó thug sé an deimhniú, féadfaidh an Coimisinéir an deimhniú a leasú chun an earráid a bheidh ann a cheartú agus beidh éifeacht le fo-alt (2) i ndáil le deimhniú arna leasú faoin bhfo-alt seo ionann agus dá mba thagairtí do dheimhniú arna leasú faoin bhfo-alt seo na tagairtí atá ann do dheimhniú.

Brí “limistéar uirbeach” a leathnú.

[1938 CD, a.3; I.R. Uimh. 215 de 1974]

155. —(1) Cibé uair, agus a mhinice, is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire le hordú, a dhéanfar le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Comhshaoil, agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhairle aon cheantair uirbigh nach mó ná 7,000 a dhaonra (de réir an daonáirimh arb é an daonáireamh is deireanaí den sórt sin é de thuras na huaire), a ordú go mbeidh an ceantar uirbeach sin ina limistéar uirbeach an 1ú lá d'Eanáir tar éis dáta an ordaithe sin chun críocha na Caibidle seo, agus ar an ordú sin a bheith déanta amhlaidh beidh an ceantar uirbeach sin, agus leanfaidh sé de bheith, ina limistéar uirbeach chun na gcríoch sin go dtí go bhforálfar a mhalairt le hordú faoi fho-alt (2).

(2) Cibé uair a bheidh ordú déanta ag an Aire faoi fho-alt (1) i leith ceantair uirbigh, féadfaidh sé tráth ar bith ina dhiaidh sin, más cuí leis é, le hordú a dhéanfar le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Comhshaoil agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhairle an cheantair uirbigh sin, a ordú go scoirfidh an ceantar uirbeach sin an lú lá d'Eanáir tar éis dáta an ordaithe de bheith ina limistéar uirbeach chun críocha na Caibidle seo, agus ar an ordú sin a bheith déanta amhlaidh scoirfidh an ceantar uirbeach sin an lú lá sin d'Eanáir de bheith ina limistéar uirbeach chun na gcríoch sin.

Dáta feidhme daonáirimh.

[1938 CD, a.2; I.R. Uimh. 215 de 1974]

156. —(1) Chun an daonáireamh a chinneadh arb é an daonáireamh is deireanaí den sórt sin é chun críocha ailt 135 (3) (c) agus 155, déanfaidh an tAire, cibé uair a bheidh daonáireamh déanta, dáta foilsithe thoradh an daonáirimh sin a dheimhniú le hordú, agus measfar chun na gcríoch sin ach ní mheasfar ar athrach dóigh ná i slí ar bith eile, gach daonáireamh den sórt sin a bheith déanta ar an dáta foilsithe a dheimhneofar amhlaidh i leith an daonáirimh sin.

(2) Cibé uair a gheofar amach, ar dhaonáireamh a dhéanamh, nach mó ná 7,000 daonra ceantair uirbigh ar léir ón daonáireamh deireanach den sórt sin roimhe sin a dhaonra a bheith níos mó ná 7,000, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) leanfaidh an ceantar uirbeach sin, d'ainneoin an laghdaithe sin ar a dhaonra, de bheith ina limistéar uirbeach chun críocha na Caibidle seo go dtí an 1ú lá d'Eanáir (ach gan an lá sin a áireamh) tar éis an dáta foilsithe a bheidh deimhnithe faoin alt seo i leith an daonráirimh sin agus (mura bhforáiltear a mhalairt le hordú faoin bhfo-alt seo) scoirfidh sé an 1ú lá sin d'Eanáir de bheith ina limistéar uirbeach chun na gcríoch sin;

(b) féadfaidh an tAire, le hordú, a dhéanfaidh sé roimh an 1ú lá sin d'Eanáir le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhairle an cheantair uirbigh sin, a ordú go leanfaidh an ceantar uirbeach sin, d'ainneoin an laghdú sin ar a dhaonra, de bheith ina limistéar uirbeach chun críocha na Caibidle seo, agus ar an ordú sin a bheith déanta amhlaidh leanfaidh an ceantar uirbeach sin de bheith ina limistéar uirbeach chun na gcríoch sin go dtí go bhforálfar a mhalairt le hordú faoi mhír (c);

(c) cibé uair bheidh ordú déanta ag an Aire faoi mhír (b) maidir le ceantar uirbeach, féadfaidh sé tráth ar bith ina dhiaidh sin, más cuí leis é, le hordú a dhéanfaidh sé le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhairle an cheantair uirbigh sin, a ordú go scoirfidh an ceantar uirbeach sin, an 1ú lá d'Eanáir tar éis dáta an ordaithe sin, de bheith ina limistéar uirbeach chun críocha na Caibidle seo, agus ar an ordú sin a bheith déanta amhlaidh scoirfidh an ceantar uirbeach sin an 1ú lá sin d'Eanáir de bheith ina limistéar uirbeach chun na gcríoch sin.

(3) Cibé uair a gheofar amach, ar dhaonáireamh a dhéanamh, gur mó ná 7,000 daonra cheantair uirbigh ar léir ón daonáireamh deireanach den sórt sin roimhe sin a dhaonra a bheith níos 1ú ná 7,000 beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) leanfaidh an ceantar uirbeach sin, d'ainneoin an mhéadaithe sin ar a dhaonra, de bheith ina limistéar nach limistéar uirbeach chun críocha na Caibidle seo go dtí an 1ú lá d'Eanáir (ach gan an lá sin a áireamh) tar éis an dáta foilsithe a bheidh deimhnithe faoin alt seo i leith an daonáirimh sin agus (mura bhforáiltear a mhalairt le hordú faoin bhfo-alt seo) déanfar, an 1ú lá sin d'Eanáir, limistéar uirbeach de chun na gcríoch sin;

(b) féadfaidh an tAire, le hordú, a dhéanfaidh sé an 1ú lá sin d'Eanáir le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhairle an cheantair uirbigh sin, a ordú go leanfaidh an ceantar uirbeach sin, d'ainneoin an mhéadaithe sin ar a dhaonra, de bheith ina limistéar nach limistéar uirbeach chun críocha na Caibidle seo, agus ar an ordú sin a bheith déanta amhlaidh leanfaidh an ceantar uirbeach sin de bheith ina limistéar nach limistéar uirbeach chun na gcríoch sin go dtí go bhforálfar a mhalairt le hordú faoi mhír (c);

(c) cibé uair a bheidh ordú déanta ag an Aire faoi mhír (b) maidir le ceantar uirbeach, féadfaidh sé, tráth ar bith ina dhiaidh sin, más cuí leis é, le hordú a dhéanfaidh sé le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhairle an cheantair uirbigh sin, a ordú go ndéanfar, an 1ú lá d'Eanáir tar éis dáta an ordaithe sin, limistéar uirbeach den cheantar uirbeach sin chun críocha na Caibidle seo, agus ar an ordú sin a bheith déanta amhlaidh déanfar limistéar uirbeach den cheantar uirbeach sin an 1ú lá sin d'Eanáir chun na gcríoch sin.