|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 2 Cúnamh Dífhostaíochta) | Ar Aghaidh (CAIBIDIL 4 Pinsin Bhaintrí agus Dílleachta (Neamhranníocach)) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981
[EN] | ||
[EN] |
CAIBIDIL 3 Pinsean Seanaoise agus Pinsean Dall (Neamhranníocach) | |
Pinsean Seanaoise | ||
[EN] |
Léiriú. [1974 (Uimh. 1), a. 6] [1952, a. 77] |
157. —Chun críocha na Caibidle seo— |
[EN] | ciallaíonn “leanbh cáilithe” i ndáil le héilitheoir nó le pinsinéir— | |
[EN] | (a) leanbh cáilithe, mar a mhínítear in alt 2 (1), atá ina chónaí go rialta leis an éilitheoir nó leis an bpinsinéir, nó | |
[EN] | (b) i gcás inar bean nach baintreach an t-éilitheoir nó an pinsinéir, leanbh cáilithe, mar a mhínítear amhlaidh, atá ina chónaí go rialta le fearchéile an éilitheora nó an phinsinéara nó le ceann an teaghlaigh ina bhfuil cónaí uirthi, nó | |
[EN] | (c) i gcás inar baintreach an t-éilitheoir nó an pinsinéir— | |
[EN] | (i) leanbh cáilithe, mar a mhínítear amhlaidh, nó | |
[EN] | (ii) duine os cionn 18 mbliana d'aois agus faoi bhun 21 bhliain d'aois, atá ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile agus ar leanbh cáilithe mar a mhínítear amhlaidh é dá mbeadh sé faoi bhun 18 mbliana d'aois, | |
[EN] | agus atá ina chónaí go rialta léi; | |
[EN] | is í an “acmhainn sheachtainiúil” an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar 52. | |
[EN] |
Ceart chun pinsin. [1908 OAP, a.1] [1974 (Uimh. 2), a. 10] |
158. —(1) Gach duine a mbeidh na coinníollacha atá leagtha síos leis an gCaibidil seo i leith pinsean seanaoise a fháil (dá ngairtear coinníollacha reachtúla sa Chaibidil seo) comhlíonta ina chás, beidh sé i dteideal pinsean den sórt sin faoin gCaibidil seo a fháil fad a leanfar de na coinníollacha sin a chomhlíonadh, agus fad nach mbeidh sé dícháilithe faoin gCaibidil seo chun an pinsean a fháil. |
[EN] | (2) Faoi réir alt 125, leanfar den phinsean a íoc go ceann tréimhse 6 sheachtain tar éis dáta báis pinsinéara a mbeidh méadú faighte aige faoi alt 162 (1) (d). | |
[EN] |
Coinníollacha reachtúla. [1908 OAP, a. 2; 1976 (Uimh. 2), a. 13; 1977, a. 13; 1978, a. 3] [1924 PSA, a. 8; 1980, a. 3] [1932 PSA, a.2] [1952, a. 80] |
159. —(1) Is iad na coinníollacha reachtúla chun aon duine d'fháil pinsin seanaoise— |
[EN] | (a) go mbeidh aois inphinsin slánaithe ag an duine; | |
[EN] | (b) nach mór don duine na húdaráis phinsin a shásamh go raibh sé ina chónaí sa Stát ar feadh tréimhse nach lú ná 15 bliana san iomlán; agus | |
[EN] | (c) nach mór don duine na húdaráis phinsin a shásamh nach mó a acmhainn arna ríomh de réir na Rialacha atá sa Tríú Sceideal ná an t-uasmhéid iomchuí acmhainne ag ar féidir pinsean a íoc leis an duine sin de réir alt 161. | |
[EN] | (2) Nuair a bheidh tréimhse chónaithe aon duine sa Stát á ríomh chun críocha na gcoinníollacha a fhorchuirtear le fo-alt (1) (b), déanfar aon seal a bhí sé as láthair go sealadach ón Stát agus nach faide ná 6 mhí sa tréimhse sin agus aon seal a raibh cónaí air i sean-Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann, sa tréimhse sin roimh an 6 Nollaig, 1922, agus aon seal a bhí sé as láthair ón Stát sa tréimhse sin inar chothaigh an duine sin aon chleithiúnaí sa Stát nó inar chuidigh sé le haon chleithiúnaí a chothú sa Stát, a áireamh sa tréimhse sin agus beidh siad ina gcuid di. | |
[EN] | (3) I gcás bean a bheith i dteideal díreach sular shlánaigh sí aois inphinsin, pinsean baintrí (neamhranníocach) a fháil, ní gá na coinníollacha reachtúla a fhorchuirtear le fo-alt (1) (b) a chomhlíonadh ina cás. | |
[EN] |
Coinníollacha speisialta maidir le pinsean a fháil. [1966 FI, a. 13; 1974 (Uimh. 2), a. 23] |
160. —I gcás duine a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige a bheith ag fáil nó i dteideal sochair bhanchéile thréigthe, pinsin bhaintrí (ranníocach) nó pinsin seanaoise (ranníocach) nó ar duine é a bhfuil méadú ar an bpinsean deiridh sin iníoctha leis de bhua alt 81 (1) agus a bheadh, mura mbeadh alt 163 (4), (5) agus (6), cáilithe chun pinsean seanaoise a fháil— |
[EN] | (a) féadfar, d'ainneoin aon ní san alt sin 163(4), (5) agus (6), an pinsean seanaoise a íoc leis an duine sin in aghaidh aon tréimhse ar mhó ráta an phinsin is iníoctha ná ráta an tsochair bhanchéile thréigthe, an phinsin bhaintrí (ranníocach), an phinsin seanaoise (ranníocach) nó an méadú ar an gcéanna, de réir mar a bheidh, ab iníoctha, agus | |
[EN] | (b) in aon chás ina n-íocfar amhlaidh an pinsean seanaoise, leanfar de bheith i dteideal sochair bhanchéile thréigthe, pinsin bhaintrí (ranníocach), pinsin seanaoise (ranníocach) nó an mhéadaithe ar an gcéanna, de réir mar a bheidh, ach aon sochar, pinsean nó méadú den sórt sin is iníoctha ar feadh aon tréimhse den sórt sin— | |
[EN] | (i) ní íocfar é leis an duine ná ina leith, agus | |
[EN] | (ii) íocfar é as an gCiste Árachais Shóisialaigh leis an Státchiste. | |
[EN] |
Rátaí pinsin agus méaduithe i leith leanaí cleithiúnacha. [1952, a. 77; 1980, a. 3] |
161. —(1) Is é an ráta pinsin seanaoise (dá ngairtear an ráta sceidealta sa Chaibidil seo) an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal arna mhéadú, i gcás leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe a bheith ann, mar atá leagtha amach i gcolún (4) den Chuid sin i leith linbh cháilithe nó gach duine de bheirt leanbh cháilithe agus, ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanbh den sórt sin a bheith ann, mar atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt. |
[EN] | (2) Beidh an pinsean iníoctha— | |
[EN] | (a) i gcás nach mó ná £6 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara, de réir an ráta sceidealta, agus | |
[EN] | (b) i gcás ar mó ná £6 an acmhainn sheachtainiúil sin, de réir an ráta sceidealta arna laghdú mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £6, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1: ach más lú ná 50p an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an pinsean iníoctha, ní bheidh an pinsean iníoctha. | |
[EN] |
Méaduithe i leith pinsinéirí éagumasacha agus i leith pinsinéirí pósta. [1980, a. 3] [1977, a. 2] [1972, a. 2; 1979, a. 2] [1969 FI, a. 16] |
162. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin seanaoise is iníoctha de réir alt 161 a mhéadú— |
[EN] | (a) mar atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Cheathrú Sceideal in aghaidh aon tréimhse— | |
[EN] | (i) a mbeidh an pinsinéir chomh héagumasach sin go dteastóidh cúram agus aire lánaimsire uaidh, | |
[EN] | (ii) a mbeidh gaol forordaithe leis an bpinsinéir ina chónaí leis an bpinsinéir chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus | |
[EN] | (iii) a gcomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe, agus | |
[EN] | (b) mar atá leagtha amach i gcolún (7) de Chuid I den Cheathrú Sceideal i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine atá i dteideal an phinsin agus é ina chónaí ina aonar, agus | |
[EN] | (c) mar atá leagtha amach i gcolún (8) de Chuid I den Cheathrú Sceideal i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an bpinsinéir, agus | |
[EN] | (d) mar a ríomhfar de réir Chuid III den Cheathrú Sceideal i gcás ar duine de lánúin phósta an pinsinéir— | |
[EN] | (i) más fear an pinsinéir, i leith a bhanchéile má tá sé ina chónaí léi nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór agus nach bhfuil aon sochar, pinsean nó liúntas faoi Chuid II nó faoin gCuid seo á fháil aici, nó | |
[EN] | (ii) más bean an pinsinéir, i leith a fearchéile má tá sí á chothabháil go hiomlán nó go formhór agus go bhfuil seisean éagumasach de dheasca éiglíocht coirp nó meabhrach ar é féin a chothú agus nach bhfuil aon sochar, pinsean nó liúntas faoi Chuid II nó faoin gCuid seo á fháil aige. | |
[EN] | (2) Breithneoidh oifigeach breithiúnachta iarratas ar mhéadú faoi fho-alt (1) (a). | |
[EN] |
Dícháiliú. [1911 OAP, a. 5; 1932 PSA, a. 4; 1960 FI, a. 7] [1960 FI, a. 6] [1908 OAP, a. 3; 1919 OAP, a. 10] [1960 L, a. 20] [1974 (Uimh. 2), a. 22] |
163. —Ní íocfar aon suim ar cuntas pinsin seanaoise— |
[EN] | (a) le haon duine fad a bheidh sé as láthair ón Stát, nó | |
[EN] | (b) mura bhfaighfear íocaíocht na suime laistigh de 3 mhí nó, in aon chás inar cuí leis an Aire, laistigh de 6 mhí tar éis an dáta a tháinig an tsuim chun bheith iníoctha. | |
[EN] | (2) I gcás ina raibh duine, a rachaidh nó a chuaigh chun cónaithe i dTuaisceart Éireann, ag fáil pinsin seanaoise, díreach sula ndeachaigh sé chun cónaithe ann, féadfar an pinsean a íoc, d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) (a) ach faoi réir fho-alt (1) (b)— | |
[EN] | (a) go ceann tréimhse 5 bliana ó thosaigh an cónaí sin agus cónaí leanúnach a bheith ar an duine sin i dTuaisceart Éireann, nó | |
[EN] | (b) go bhfaighidh an duine íocaíocht mar phinsean seanaoise nó mar chúnamh poiblí ón údarás iomchuí i dTuaisceart Éireann, | |
[EN] | cibé acu is túisce a tharlóidh. | |
[EN] | (3) I gcás ina gciontófar duine in aon chion agus go n-ordófar é a phríosúnú gan rogha fíneála nó go n-ordófar é a chur faoi phionós is troime ná sin, beidh sé dícháilithe chun pinsean seanaoise a fháil nó leanúint dá fháil fad a bheidh sé ar coinneáil i bpríosún de dhroim an ordaithe. | |
[EN] | (4) Ach amháin mar a fhoráiltear in alt 160, má bhíonn duine ag fáil pinsin seanaoise (ranníocach) is dícháiliú é sin maidir leis an duine sin d'fháil pinsin seanaoise. | |
[EN] | (5) Aon duine lenar iníoctha sochar faoi alt 87 nó a ndéanfar an ráta seachtainiúil pinsin seanaoise (ranníocach) is iníoctha le duine eile a mhéadú ina leith de bhua alt 81 (1), beidh sé, ach amháin mar a fhoráiltear in alt 160, dícháilithe, in aghaidh aon tréimhse dá mbeidh an sochar sin faoin alt sin 87 iníoctha leis nó a ndéanfar ráta seachtainiúil an phinsin sin is iníoctha leis an duine eile sin a mhéadú amhlaidh ina leith, chun pinsean seanaoise a fháil. | |
[EN] | (6) Duine a mbeidh aois inphinsin slánaithe aici agus pinsean baintrí (ranníocach) nó sochar banchéile thréigthe á fháil aice, beidh sí, ach amháin mar a fhoráiltear in alt 160, dícháilithe chun pinsean seanaoise a fháil in aghaidh aon tréimhse a mbeidh an pinsean baintrí (ranníocach) nó an sochar banchéile thréigthe á fháil aici ina leith. | |
[EN] |
Cinntí agus achomhairc. [1908 OAP, a. 7] [1978, a. 21] |
164. —(1) Is mar a leanas a bhreithneofar agus a chinnfear gach éileamh ar phinsin seanaoise agus gach ceist i dtaobh na coinníollacha reachtúla a bheith comhlíonta i gcás aon duine a mbeidh pinsean den sórt sin á éileamh aige, nó i dtaobh na coinníollacha sin a bheith á gcomhlíonadh i gcónaí i gcás duine a mbeidh an pinsean sin á fháil aige, nó i dtaobh duine a bheith dícháilithe chun pinsean a fháil nó pinsean a bheith á fháil aige i gcónaí— |
[EN] | (a) beidh aon éileamh nó ceist den sórt sin ar tarchur chuig an gcoiste pinsin áitiúil iomchuí de réir bhrí alt 165 (1), agus beidh ar an gcoiste (ach amháin i gcás ceist a thionscain an t-oifigeach leasa shóisialaigh agus a mbeidh an tuarascáil uirthi ón oifigeach sin faighte cheana ag an gcoiste), sula mbreithneoidh siad nó sula gcinnfidh siad an t-éileamh nó an cheist, í a tharchur chuig an oifigeach leasa shóisialaigh lena fiosrú agus le tuairisc a thabhairt uirthi, | |
[EN] | (b) beidh ar an oifigeach leasa shóisialaigh iomchuí a cheapfar faoi alt 165 (4) fiosrúchán a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt ar aon éileamh nó ceist a tharchuirfear chuige amhlaidh, agus ar thuarascáil an oifigigh sin a fháil agus tar éis aon fhaisnéis eile maidir leis an éileamh nó leis an gceist a fháil uaidh nó ó aon fhoinse eile déanfaidh an coiste pinsin áitiúil, más gá, an cás a bhreithniú agus tabharfaidh siad a gcinneadh ar an éileamh nó ar an gceist. | |
[EN] | (2) Is cinneadh críochnaitheach, dochloíte cinneadh an choiste phinsin áitiúil ar aon éileamh nó ceist nach dtarchuirfear chuig oifigeach achomhairc. | |
[EN] | (3) D'ainneoin aon ní sa Chaibidil seo, i gcás arb é tuairim oifigigh leasa shóisialaigh go bhfuil na coinníollacha reachtúla comhlíonta chun pinsean seanaoise a fháil, féadfar an pinsean sin a íoc de réir ráta a shonróidh an t-oifigeach gan dochar d'aon chinneadh ina dhiaidh sin a bhaineann leis an bpinsean sin (nó le ráta an phinsin) ó choiste pinsin áitiúil nó ó oifigeach achomhairc. | |
[EN] |
Coistí pinsin áitiúla agus oifigigh leasa shóisialaigh. [1908 OAP, a. 8, 11 (2)] [1908 OAP, a.8 (4); R & O.R. Uimh. 18 de 1947 ; 1960 FI, a. 24] |
165. —(1) Is é a bheidh sa choiste pinsin áitiúil coiste a bheidh ceaptha do gach buirg agus ceantar uirbeach, ina bhfuil, de thuras na huaire, daonra 10,000 nó os a chionn de réir an daonáirimh is deireanaí a foilsíodh, agus do gach contae (gan limistéar aon bhuirge nó ceantair den sórt sin a áireamh), ag comhairle na buirge, an cheantair nó an chontae. Ní gá, maidir leis na daoine a cheapfar chun bheith ina gcomhaltaí de choiste pinsin áitiúil, gur comhaltaí iad den chomhairle a cheapfaidh iad. |
[EN] | (2) Féadfaidh coiste pinsin áitiúil cibé fo-choistí agus cibé méid fo-choistí a cheapadh, arb é a bheidh iontu go hiomlán nó go páirteach comhaltaí an choiste amhail mar is cuí leis an gcoiste, agus féadfaidh coiste pinsin áitiúil aon chumhachtaí agus dualgais de chuid an choiste phinsin áitiúil faoin gCaibidil seo a tharmligean, go huile nó faoi cibé coinníollacha is cuí leo, chuig aon fho-choiste den sórt sin. | |
[EN] | (3) Déanfar aon tagairt sa Chaibidil seo d'údaráis phinsin a fhorléiriú mar thagairt don oifigeach leasa shóisialaigh, don choiste pinsin áitiúil agus don oifigeach achomhairc, nó d'aon cheann díobh sin, de réir mar is gá sa chás. | |
[EN] | (4) Ceapfaidh an tAire oifigigh leasa shóisialaigh agus féadfaidh an tAire cibé líon de na hoifigigh sin is cuí leis a cheapadh chun gníomhú do cibé limistéir a ordóidh sé. | |
[EN] |
Ceisteanna a thógáil. [1911 OAP, a. 6] |
166. —(1) Féadfar iarratas a dhéanamh tráth ar bith ar lamháil shealadach maidir le héileamh ar phinsean seanaoise a athrú nó a chúlghairm agus féadfar na ceisteanna seo a leanas a thógáil tráth ar bith— |
[EN] | (a) an raibh duine ag fáil pinsin seanaoise tráth ar bith nó le linn aon tréimhse nuair nach raibh na coinníollacha reachtúla comhlíonta, nó nuair a bhí sé dícháilithe chun an pinsean a fháil; agus | |
[EN] | (b) an raibh duine, tráth ar bith nó le linn aon tréimhse, ag fáil pinsin seanaoise de réir ráta áirithe nuair ba mhó a acmhainn ná an méid ar chall pinsean a íoc de réir an ráta sin, agus, má bhí, cad é an ráta ar dá réir ba cheart an pinsean (más ann) a íoc, agus | |
[EN] | (c) an bhfuil duine, atá ag fáil pinsin seanaoise de réir ráta áirithe, ag féachaint dá acmhainn, i dteideal pinsin de réir ráta is airde nó is ísle ná an ráta sin, agus, má tá, cad é an ráta ar dá réir ba cheart an pinsean (más ann) a íoc. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag alt 164 maidir le haon cheist nó iarratas den sórt sin amhail mar atá feidhm aige maidir le ceisteanna a luaitear san alt sin. | |
[EN] | (3) Féadfar aon cheist den sórt sin a thógáil d'ainneoin cinneadh maidir le cuibheas aon chinneadh roimhe sin ón gcoiste pinsin áitiúil nó ón oifigeach achomhairc, de réir mar a bheidh, a bheith ag gabháil le breithniú na ceiste, ach, i gcás ina bhfreaschuirfear cinneadh a tugadh roimhe sin le cinneadh is déanaí ná sin, beidh duine a mbeidh aon suimeanna faighte aige ar cuntas pinsin seanaoise de réir an chinnidh roimhe sin, d'ainneoin aon ní in alt 169 (3), agus d'uireasa aon chalaois ar a los féin i dteideal aon suim a choimeád a fuarthas amhlaidh go dtí dáta an chinnidh is déanaí i gcás gur suim í a bheadh sé i dteideal a choimeád murach an cinneadh roimhe sin a bheith freaschurtha. | |
[EN] | (4) I gcás ina dtógfar ceist i dtaobh duine a dhícháiliú chun pinsean seanaoise a fháil agus go líomhnaítear gur tharla an dícháiliú ó fuair an duine sin an pinsean, agus go bhfuil an dícháiliú ag dul ar aghaidh an tráth a thógfar an cheist, nó má bhíonn deireadh leis, gur cuireadh deireadh leis tráth ba ghiorra ná trí sheachtain roimh an am sin, scoirfear den phinsean a íoc, agus ní íocfar aon suim leis an bpinsinéir ar cuntas an phinsin tar éis an dáta a tógadh an cheist: ar choinníoll, má dhéantar cinneadh ar an gceist i bhfabhar an phinsinéara, go mbeidh sé i dteideal gach suim a fháil ab iníoctha leis dá mba rud é nár tógadh an cheist. | |
[EN] | (5) Má bhíonn scor pinsin seanaoise, nó laghdú ar an ráta ar dá réir a íoctar an pinsean ag gabháil leis an gcinneadh ar aon cheist, nó más rud é, i gcás ar scoireadh den phinsean a íoc nuair a tógadh an cheist, nach i bhfabhar an phinsinéara a dhéanfar cinneadh ar an gceist, ní bheidh an duine a ndéanfar an cinneadh i leith a phinsin i dteideal pinsean a fháil nó pinsean a fháil de réir ráta is airde ná an ráta a chinnfidh an coiste nó an t-oifigeach achomhairc, de réir mar a bheidh, d'ainneoin aon athrú ar na himthosca, mura ndéanfaidh sé éileamh nua chun na críche sin agus go lamhálfar an t-éileamh nó, i gcás ina líomhnóidh sé go bhfuil sé i dteideal pinsean de réir ráta is airde a fháil, mura dtógfaidh sé ceist chun na críche sin agus go lamhálfar an pinsean de réir ráta is airde. | |
[EN] |
Tosach feidhme pinsean. [1908 OAP, a. 5] [1919 OAP, a. 6] |
167. —(1) Déanfar pinsean seanaoise, faoi réir aon orduithe ón Aire i gcásanna speisialta, a íoc roimh ré go seachtainiúil i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha maidir le céannacht nó eile a ordóidh an tAire. |
[EN] | (2) Faoi réir rialacháin faoi alt 170 (4), má lamháiltear pinsean seanaoise den chéad uair, tosóidh an pinsean ag faibhriú, agus más rud é, de bhua cinneadh ar aon cheist a tógadh, go dtiocfaidh pinsean chun bheith iníoctha de réir ráta is airde, tiocfaidh an pinsean chun bheith iníoctha de réir an ard-ráta an chéad Aoine tar éis an dáta a bhfaighidh an t-oifigeach leasa shóisialaigh an t-éileamh ar an bpinsean nó a bhfaighidh an t-oifigeach sin an fógra i dtaobh na ceiste, de réir mar a bheidh, nó an chéad Aoine tar éis an dáta a dtiocfaidh an t-éilitheoir nó an pinsinéir chun bheith i dteideal an phinsin den chéad uair nó a dtiocfaidh an pinsean chun bheith iníoctha de réir an ardráta den chéad uair, cibé acu is déanaí, nó más Aoine an dáta is déanaí den dá dháta sin, an Aoine sin. | |
[EN] | (3) Más ar Aoine do lá saoire poiblí de réir bhrí an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973 , féadfaidh an tAire, más cuí leis, a ordú go ndéanfar suimeanna is iníoctha mar phinsean seanaoise an Aoine sin a íoc lá éigin eile, cibé acu is túisce nó is déanaí ná sin dó. | |
[EN] |
Forálacha ginearálta i dtaobh ionchúiseamh. [1960 FI, a. 20; 1976 (Uimh. 2), a. 5, 11] |
168. —(1)—Ní thionscnófar imeachtaí i leith cion faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin faoin gCaibidil seo ach amháin ag an Aire nó le toiliú an Aire nó ag oifigeach a bheidh údaraithe chuige sin le horduithe speisialta nó ginearálta ón Aire. |
[EN] | (2) Féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin faoin gCaibidil seo a thionscnamh ar agra an Aire. | |
[EN] | (3) D'ainneoin aon fhoráil in aon Acht a shonraíonn an tréimhse inar féidir imeachtaí a thionscnamh féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, na Caibidle seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in éag— | |
[EN] | (a) an tréimhse trí mhí dar tosach an dáta a dheimhneofar i scríbhinn arna séalú le séala oifigiúil an Aire gur tháinig fianaise ar dheis nó i seilbh an Aire ba leor le gur cheart an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó | |
[EN] | (b) an tréimshe dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion. | |
[EN] | (4) Chun críocha fho-alt (3), beidh deimhniú, a bheidh séalaithe le séala oifigiúil an Aire, i dtaobh an dáta a fuair sé an fhianaise sin ina fhianaise dhochloíte air sin. | |
[EN] | (5) Má tharlaíonn in ionchúiseamh i leith cion faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, na Caibidle seo, go suífear chun sástacht na cúirte— | |
[EN] | (a) go bhfuil iarratas déanta ag duine (dá ngairtear an cosantóir san alt seo) ar phinsean seanaoise, agus | |
[EN] | (b) go ndearnadh de thoradh an iarratais sin pinsean a íoc le haon duine (cibé acu arbh é an pinsean sin a iarradh nó nárbh é agus cibé acu ar leis an gcosantóir a íocadh é nó nár leis), | |
[EN] | toimhdeofar gur thug an cosantóir aon fhaisnéis a bheidh san iarratas (nó gur chuir sé faoi deara í a thabhairt thar a cheann) agus, i gcás ar faisnéis bhréagach an fhaisnéis sin, gurb eol dó go hiomlán gurbh fhaisnéis bhréagach í agus gur thug sé í le hintinn go meabhlódh sí; ach féadfar an toimhde sin a fhrisnéis. | |
[EN] |
Imeachtaí dlíthiúla. [1908 OAP, a.9; 1960 FI, a.22; 1976 (Uimh. 2), a.9, 10] [1908 OAP, a. 9] [1976 (Uimh. 2), a. 12] [1911 OAP, a. 7] [1961 FI, a. 7] [1960 FI, a. 21] [1960 FI, a. 23] |
169. —(1) Gach duine— |
[EN] | (a) a dhéanfaidh go feasach aon ráiteas nó uiríoll (scríofa nó ó bhéal) is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, nó a cheilfidh go feasach aon fhíoras is eol dó a bhaineann le hábhar, chun pinsean seanaoise a fháil nó a choimeád i bhfeidhm dó féin nó d'aon duine eile, nó chun pinsean a fháil nó a choimeád i bhfeidhm dó féin nó d'aon duine eile, is pinsean ar mó a mhéid ná an méid is iomchuí don chás, nó | |
[EN] | (b) a gheobhaidh go feasach, íocaíocht pinsin, nó a leanfaidh dá fháil, gan teideal aige chuige nó is pinsean ar mó a mhéid ná an méid a bhfuil teideal aige chuige, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear— | |
[EN] | (i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó | |
[EN] | (ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air. | |
[EN] | (2) Duine a chiontófar i gcion faoi fho-alt (1), beidh sé dícháilithe chun pinsean seanaoise a fháil go ceann tréimhse 6 mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe. Ní bhainfidh an fo-alt seo le haon chion a rinneadh roimh an 12 Iúil, 1976. | |
[EN] | (3) Má fhaightear amach tráth ar bith go raibh duine ag fáil pinsin seanaoise fad a bhí na coinníollacha reachtúla gan comhlíonadh ina chás nó fad a bhí sé dícháilithe chun pinsean a fháil, dlífear den duine sin nó, i gcás é d'fháil bháis, dlífear dá ionadaí pearsanta, aon suimeanna a íocadh leis i leith an phinsin fad a bhí na coinníollacha reachtúla gan comhlíonadh nó fad a bhí sé dícháilithe chun an pinsean a fháil a aisíoc leis an Aire, agus féadfar méid na suimeanna sin a ghnóthú mar fhiach atá dlite don Stát. | |
[EN] | (4) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin gCaibidil seo i dtaobh cionta is sárú nó neamhchomhlíonadh ar na rialacháin sin agus i dtaobh fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a ghearradh, de rogha na cúirte, i gcás ciontú go hachomair i gcion den sórt sin. | |
[EN] | (5) Beidh feidhm ag fo-alt (3), fara na modhnuithe is gá, maidir le cásanna ina bhfaighfear pinsean seanaoise de réir ráta is airde ná an ráta sin is iomchuí don chás amhail mar atá feidhm aige maidir le cásanna ina raibh duine ag fáil pinsin seanaoise fad a bhí na coinníollacha reachtúla gan comhlíonadh. | |
[EN] | (6) Chun críocha fho-ailt (3), (5), (7) agus an fho-ailt seo, beidh aon chinneadh ón gcoiste pinsin áitiúil faoi alt 164 ar aon cheist nach mbeidh tarchurtha chuig oifigeach achomhairc agus an cinneadh ón oifigeach achomhairc sin ar aon cheist a bheidh tarchurtha chuige de réir alt 298, ina bhfianaise dhochloíte ar aon ábhair a chinnfidh an coiste nó an t-oifigeach sin. Déanfar cóip d'aon chinneadh ón gcoiste pinsin áitiúil nó ó oifigeach achomhairc, má fhíordheimhnítear í mar a fhoráiltear le rialacháin arna ndéanamh chun na críche faoi alt 170, a ghlacadh i bhfianaise. | |
[EN] | (7) Má dhlíonn aon duine atá ag fáil pinsin seanaoise aon suimeanna faoi fho-alt (3) a aisíoc leis an Aire mar gheall ar chinneadh an choiste phinsin áitiúil, nó oifigigh achomhairc i gcás ceist a tharchuirfear chuige, beidh an tAire, gan dochar dá chumhachtaí faoin bhfo-alt sin, i dteideal a ordú go mbainfear na suimeanna sin as aon suimeanna a mbeidh teideal ag an duine sin chucu ar cuntas pinsin seanaoise, mar a fhoráiltear le rialacháin arna ndéanamh chun na críche faoi alt 170: ar choinníoll, i gcás ionadaí phearsanta, gur as aon suimeanna a mbeidh teideal ag an duine sin chucu mar ionadaí pearsanta a dhéanfar an asbhaint. | |
[EN] | (8) Féadfar an chumhacht a thugtar don Aire le fo-alt (7) a fheidhmiú d'ainneoin imeachtaí a bheith tionscanta i gcúirt chun na suimeanna a ghnóthú a bheidh dlite den duine a aisíoc leis an Aire mar a dúradh nó ordú a bheith déanta ag cúirt á cheangal ar an duine na suimeanna a íoc a bheidh dlite de a aisíoc leis an Aire mar a dúradh, agus, chun críocha an fho-ailt sin (7), measfar gur suimeanna a bheidh dlite den duine a aisíoc leis an Aire faoi fho-alt (3) aon chostais a cheanglóidh an t-ordú réamhráite a íoc leis an Aire. | |
[EN] | (9) Más rud é, in aon imeachtaí sibhialta in aon chúirt, go suífear chun sástacht na cúirte gur lamháladh nó gur dámhadh pinsean seanaoise de bhun éilimh ó dhuine nó thar ceann duine nó gur athraíodh méid an phinsin ab iníoctha le duine nó i leith duine agus go raibh an pinsean a lamháladh nó a dámhadh amhlaidh nó a athraíodh amhlaidh i gcúrsa a íoctha tráth ar bith leis an duine lenarbh iníoctha an pinsean, toimhdeofar, i ngach cás, mura suífear a mhalairt, go raibh an duine sin ag fáil pinsean den mhéid a lamháladh nó a dámhadh amhlaidh, nó a athraíodh amhlaidh, de réir mar a bheidh, ón dáta a tháinig an pinsean den mhéid a lamháladh nó a dámhadh amhlaidh nó a athraíodh amhlaidh, de réir mar a bheidh, chun bheith iníoctha, go dtí an dáta, más aon dáta é, a n-athrófar méid an phinsin nó a n-athrófar tuilleadh é, de réir mar a bheidh, nó an dáta a scoirfidh an pinsean de bheith iníoctha, cibé acu mar gheall ar bhás an duine nó cúis eile é, cibé dáta acu is túisce. | |
[EN] | (10) Aon fhiach a bheidh dlite don Stát nó don Aire faoin gCaibidil seo i leith íocaíochtaí pinsin seanaoise a íocadh le daoine tráthanna nach raibh teideal acu iad a fháil nó íocaíochtaí pinsin a íocadh le daoine de bhreis ar na méideanna a raibh teideal acu iad a fháil, féadfaidh an tAire, gan dochar d'aon leigheas eile, é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. | |
[EN] |
Rialacháin. [1908 OAP, a. 10] [1961 FI, a. 6] [1919 OAP, a. 7] [1952, a. 84] |
170. —(1) Féadfaidh an tAire, i gcomhar leis an Aire Poist agus Telegrafa (a mhéid a bhainfidh le hOifig an Phoist), rialacháin a dhéanamh chun críocha na Caibidle seo— |
[EN] | (a) ina sonrófar an fhianaise a éileofar maidir le coinníollacha reachtúla a chomhlíonadh; | |
[EN] | (b) ina sonrófar an tslí a bhféadfar éilimh ar phinsin a dhéanamh, agus an nós imeachta a bheidh le leanúint tráth a bheidh breithniú agus cinneadh á dhéanamh ar éilimh agus ceisteanna a bheidh le breithniú agus le cinneadh ag oifigigh leasa shóisialaigh agus coistí pinsin áitiúla nó ag oifigeach achomhairc, agus an modh a bhféadfar aon cheist a thógáil maidir le leanúint, i gcás pinsinéara, ag comhlíonadh na gcoinníollacha reachtúla, agus maidir le dícháiliú pinsinéara; agus | |
[EN] | (c) maidir le líon, córam, téarma oifige agus imeachtaí i gcoitinne an choiste phinsin áitiúil agus maidir leis an gcoiste d'úsáid, le híocaíocht nó gan í, aon oifigí de chuid údaráis áitiúil, agus maidir leis an bhforáil a dhéanfar i dtaobh aon chaiteachais de chuid an choiste a bheidh le híoc faoi dheoidh ag an Aire a íoc láithreach. | |
[EN] | (2) Forálfar le rialacháin go gcumasófar d'éilitheoirí ar phinsin a n-éilimh a dhéanamh agus faisnéis i dtaobh pinsean seanaoise faoin gCaibidil seo a fháil trí Oifig an Phoist, agus go lamhálfar éilimh ar phinsin go sealadach roimh an dáta a thiocfaidh an t-éilitheoir chun bheith iarbhír i dteideal an phinsin i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha a leagfar sios leis na rialacháin, agus go n-éascófar, a mhéid is féidir, an nós imeachta i dtaobh aon éileamh ar phinsean nó ceist maidir le pinsean seanaoise faoin gCaibidil seo a bhreithniú agus a chinneadh. | |
[EN] | (3) Féadfar a fhoráil le rialacháin freisin go gcumasófar do choiste pinsin áitiúil duine a cheapadh a dhéanfaidh, thar ceann aon éilitheora nó pinsinéara nach bhfuil in ann gníomhú, de dheasca aon éagumais mheabhrach nó éagumais eile, aon cheart a fheidhmiú a mbeidh teideal ag an éilitheoir nó ag an bpinsinéir sin chuige faoin gCaibidil seo agus go n-údarófar d'aon duine a bheidh ceaptha amhlaidh aon suimeanna is iníoctha mar phinsean seanaoise a ghlacadh thar ceann agus chun tairbhe an éilitheora nó an phinsinéara. | |
[EN] | (4) Féadfar, le rialacháin, aon cheann d'fhorálacha ailt 112, 113, 128, 297, 298, 299 agus 300 nó d'fhorálacha arna ndéanamh faoi na hailt sin a chur chun feidhme maidir le pinsin faoin gCaibidil seo, agus féadfaidh aon fheidhm den sórt sin a bheith ina feidhm mhodhnaithe nó ina feidhm gan mhodhnú agus a bheith i dteannta nó in ionad forálacha láithreacha na Caibidle seo nó Chuid VIII. | |
[EN] |
Pinsin daoine i bhforais mheabhairghalar áirithe. [1960 FI, a. 8] [1965 FI, a. 11; 1969 FI, a. 17] |
171. —(1) Faoi réir fho-alt (2), déanfar iomlán aon mhéideanna is iníoctha ar scór pinsin seanaoise le duine fad a bheidh an duine ar coinneáil in ospidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhfo-ospidéal meabhair-ghalar de réir bhrí an Achta Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 , nó fad a bheidh sé ar coinneáil in aon áit mar othar cáilithe de réir bhrí an Achta sin, nó sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar, a leithreasú mar chabhair chun costas cothabhála an duine san áit ina mbeidh sé ar coinneáil a íoc. |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfar pinsean duine a leithreasú faoi fho-alt (1), féadfaidh an duine is feighlí, de réir bhrí an Achta sin, ar an áit ina bhfuil an duine ar coinneáil, nó, má bhíonn an duine ar coinneáil sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar, féadfaidh Lia Cónaitheach agus Gobharnóir an Phríomh-Ospidéil sin, dá rogha féin amháin, ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh— | |
[EN] | (a) cibé cuid den phinsean is cuí leis sna himthosca áirithe a íoc leis an duine chun a úsáide féin, más rud é, de réir a thuairime, gur féidir leis an duine an chuid a íocfar amhlaidh a úsáid i gceart, | |
[EN] | (b) íocaíocht a dhéanamh as an bpinsean san iomlán nó sa chuid den oiread sin de na híocaíochtaí seo a leanas is cuí leis an bhfeighlí a dhéanamh sna himthosca agus a thagann chun bheith le déanamh ag an duine, is é sin le rá, cíos, bunchíos, rátaí (lena n-áirítear rátaí uisce), blianachtaí talamh-cheannaigh, íocaíochtaí i leith muirear nó morgáistí, blianachtaí ceannaigh iostán, tráthchodanna is iníoctha faoi chomhaontuithe fruilcheannaigh nó díola creidmheasa agus préimheanna árachais. | |
[EN] |
Fógra i dtaobh méadú ar acmhainn. [1960, FI, a. 16] [1979, a. 27] |
172. —(1) I gcás— |
[EN] | (a) pinsean seanaoise a bheith á fháil ag duine nó éileamh ar phinsean nár cinneadh go críochnaitheach a bheith déanta aige, agus | |
[EN] | (b) (i) ioncam an duine sin in airgead, nó | |
[EN] | (ii) an méid maoine atá ag an duine sin nó a úsáideann nó a theachtann sé go pearsanta, | |
[EN] | a bheith méadaithe ón dáta deiridh a rinne oifigeach leasa shóisialaigh imscrúdú faoi nó, mura ndearnadh aon imscrúdú den sórt sin, ón dáta a rinneadh an t-éileamh, déanfaidh an duine, sula mbeidh an tréimhse 3 mhí tar éis deireadh na míosa inar tharla an méadú sin caite, fógra i dtaobh an mhéadaithe a thabhairt, nó a chur faoi deara go dtabharfar é, d'oifigeach leasa shóisialaigh. | |
[EN] | (2) Dlífidh duine a sháróidh fo-alt (1) nó, má bhíonn sé marbh, a ionadaí pearsanta, mura gcruthófar chun sástacht an Aire nárbh eol don duine an méadú lenar bhain an sárú, agus d'ainneoin aon ní in alt 166 (3), go n-íocfaidh sé leis an Aire ar an Aire á éileamh sin— | |
[EN] | (a) má bhí an duine, de dheasca an tsáraithe, ag fáil pinsin seanaoise am nach raibh sé i dteideal é a fháil, na suimeanna a íocadh leis ar scór an phinsin i rith an ama sin, agus | |
[EN] | (b) má bhí an duine, de dheasca an tsáraithe, ag fáil pinsin de mhéid ba mhó ná an méid a raibh teideal aige é a fháil, cibé codanna de na suimeanna a íocadh leis ar scór an phinsin agus ar bhreis iad ar na suimeanna a bhí sé i dteideal a fháil. | |
[EN] | (3) Aon suim is iníoctha ag duine leis an Aire faoin alt seo, is fiach í a bheidh dlite den duine sin don Aire. | |
[EN] | (4) I gcás fo-alt (1) a bheith sáraithe ag duine agus gur deimhin leis an Aire nach raibh, i ndáil leis an sárú, aon chalaois ar intinn ag an duine agus nach bhfuil aon acmhainní suntasacha ar fáil ag an duine sin, ní bheidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) i ndáil leis an méadú dá dtagraítear i bhfo-alt (1). | |
[EN] |
Faisnéis a thabhairt d'oifigigh leasa shóisialaigh. [1960 FI, a. 17] |
173. —(1) Duine a bheidh ag fáil pinsin seanaoise, déanfaidh sé, ar oifigeach leasa shóisialaigh dá iarraidh sin air i gcúrsa imscrúdaithe i dtaobh acmhainn an duine, agus laistigh de cibé tréimhse (nach giorra ná 30 lá) a shonrófar san iarraidh— |
[EN] | (a) cibé faisnéis, leabhair agus doiciméid a bheidh ar urláimh nó i seilbh an duine nó ar fáil aige agus a iarrfaidh an t-oifigeach le réasún a thabhairt dó, agus a cheadú dó sleachta a thógáil as na leabhair agus as na doiciméid agus cibé faisnéis a thabhairt dó a iarrfaidh sé le réasún i ndáil leis na sleachta sin, agus | |
[EN] | (b) údarás a thabhairt don oifigeach aon taifid a bhaineann le gnó an duine i leabhair aon bhainc (lena n-áirítear aon bhanc taisce) a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh de na taifid sin agus cibé faisnéis a thabhairt don oifigeach a bheidh ar urláimh nó i seilbh an duine nó ar fáil aige agus a iarrfaidh sé le réasún i ndáil leis na taifid sin. | |
[EN] | (2) Má mhainníonn duine a bheidh ag fáil pinsin seanaoise iarraidh faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh, déanfaidh an tAire, nó oifigeach don Aire a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an Aire, íoc an phinsin a fhionraí, agus | |
[EN] | (a) mairfidh an fhionraí go dtí cibé tráth (más ann) a gcomhlíonfar an iarraidh nó ar deimhin leis an Aire— | |
[EN] | (i) nach bhfuil aon chuid den fhaisnéis, de na leabhair nó de na doiciméid lenar bhain an iarraidh ar urláimh ná i seilbh an duine nó nach bhfuil fáil aige ar an gcéanna, | |
[EN] | (ii) nach ndearna an duine aon cheann de na leabhair nó de na doiciméid sin a dhiúscairt, ó rinneadh an iarraidh, chun faisnéis i ndáil lena acmhainn a cheilt, agus | |
[EN] | (iii) má iarradh an t-údarás dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b), gur tugadh an t-údarás sin, | |
[EN] | (b) ní bheidh teideal ag an duine tráth ar bith aon íocaíocht a fháil ar scór an phinsin in aghaidh tréimhse fionraí an phinsin, ach amháin, i gcás ina n-atosófar faoi mhír (c) ar an bpinsean a íoc, cibé íocaíocht (más ann) a dhéanfar leis faoin mír sin, agus | |
[EN] | (c) cibé tráth (más ann) a chomhlíonfar an iarraidh nó a mbeidh an tAire deimhneach mar a dúradh, agus má bhíonn teideal ag an duine an tráth sin, ag féachaint dá acmhainn, chun an pinsean a fháil, atosófar ar an bpinsean a íoc, de réir an ráta is iomchuí an tráth sin, ag féachaint dá acmhainn, agus íocfar leis an duine cibé suim (más ann) i leith tréimhse fionraí an phinsin is cuí leis an Aire sna himthosca. | |
[EN] |
Ionadaithe pearsanta do thabhairt faisnéise d'oifigigh leasa shóisialaigh. [1960 FI, a. 18; 1976 (Uimh. 2), a. 9] [1960 FI, a. 19] |
174. —(1) Déanfaidh ionadaí pearsanta duine a bhí, tráth ar bith, ag fáil pinsin seanaoise, ar oifigeach leasa shóisialaigh á iarraidh sin air chun críocha fiosrúcháin agus tuarascála i ndáil leis an bpinsean, agus laistigh de cibé tréimhse (nach giorra ná 30 lá) a shonrófar san iarraidh— |
[EN] | (a) cibé faisnéis, leabhair agus doiciméid a bhaineann le gnó an duine a bheidh ar urláimh nó i seilbh an ionadaí phearsanta nó ar fáil aige agus a iarrfaidh an t-oifigeach le réasún a thabhairt dó agus a cheadú don oifigeach sleachta a thógáil as na leabhair agus as na doiciméid, agus cibé faisnéis a thabhairt dó a iarrfaidh sé le réasún i ndáil leis na sleachta sin, agus | |
[EN] | (b) údarás a thabhairt don oifigeach aon taifid a bhaineann le gnó an duine i leabhair aon bhainc (lena n-áirítear aon bhanc taisce) a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh de na taifid sin agus cibé faisnéis a thabhairt don oifigeach a bheidh ar urláimh nó i seilbh an ionadaí phearsanta nó ar fáil aige agus a iarrfaidh sé le réasún i ndáil leis na taifid sin. | |
[EN] | (2) Duine a mhainneoidh iarraidh faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear— | |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air. | |
[EN] | (3) Déanfaidh ionadaí pearsanta duine a bhí, tráth ar bith, ag fáil pinsin, sula ndáilfidh sé sócmhainní an duine, a chur in iúl don Aire, trí fhógra i scríbhinn a sheachadfar don Aire tráth nach giorra ná trí mhí sula dtosóidh an dáileadh, go bhfuil ar intinn aige na sócmhainní a dháileadh. | |
[EN] | (4) Ionadaí pearsanta a sháróidh fo-alt (3) agus a dháilfidh sócmhainní an duine arb é ionadaí a eastáit é gan aon suim a íoc a bheidh dlite don Aire i leith— | |
[EN] | (a) íocaíochtaí pinsin a íocadh leis an duine nuair nach raibh an duine i dteideal an pinsean a fháil, nó | |
[EN] | (b) íocaíochtaí pinsin a íocadh leis an duine de bhreis ar na méideanna a raibh teideal ag an duine iad a fháil, | |
[EN] | dlífidh sé go pearsanta méid a aisíoc leis an Aire is comhionann leis an méid (más ann) a bheadh faighte ag an Aire dá ndéanfaí, agus eastát an duine á riaradh, an tsuim a dúradh a chur san áireamh go cuí agus a aisíoc leis an Aire a mhéid (más ann) is iomchuí, ag féachaint do shócmhainní an duine, agus beidh an méid sin ina fhiach a bheidh dlite den ionadaí pearsanta don Aire. | |
[EN] | Pinsean Dall | |
[EN] |
Ceart chun pinsin agus coinníollacha reachtúla. [1976 (Uimh. 2), a. 13; 1980, a. 4] |
175. —(1) Beidh gach dall a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige i dteideal cibé pinsean (dá ngairtear pinsean dall san Acht seo) a fháil, agus leanúint dá fháil, a bheadh sé i dteideal a fháil faoin gCaibidil seo dá mbeadh aois inphinsin slánaithe aige, agus beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo agus alt 4 i dtaobh caiteachas ar gach bealach i gcás an duine sin faoi réir na modhnuithe seo a leanas— |
[EN] | (a) cuirfear in ionad an choinníll reachtúil atá in alt 159 (1) (a) an coinníoll nach foláir nó gur duine é an duine sin a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige agus go sásóidh sé na húdaráis phinsin go bhfuil sé chomh dall sin nach féidir leis aon obair a dhéanamh a bhfuil radharc na súl riachtanach di nó nach féidir leis leanúint dá ghnáth-shlí bheatha; agus | |
[EN] | (b) cuirfear in ionad an choinníll reachtúil atá in alt 159(1)(b) coinníoll go sásóidh an duine na húdaráis phinsin go raibh sé, ó shlánaigh sé 10 mbliana d'aois, ina chónaí sa Stát ar feadh 5 bliana san iomlán, agus beidh ag forálacha alt 159 (2) i ndáil le léiriú alt 159 (1) feidhm maidir le léiriú an choinníll a fhorchuirtear leis an mír seo. | |
[EN] | (2) Ní bheidh dall a bhfuil pinsean iníoctha ina leith faoin alt seo ina leanbh cáilithe chun críocha an Achta seo. |