|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 3 Pinsean Seanaoise agus Pinsean Dall (Neamhranníocach)) | Ar Aghaidh (CAIBIDIL 5 Liúntais do Mhná Áirithe) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981
[EN] | ||
[EN] |
CAIBIDIL 4 Pinsin Bhaintrí agus Dílleachta (Neamhranníocach) | |
[EN] |
Léiriú. [1935 PBD, a. 3; 1952, a. 109; 1969 FI, a. 9; 1970, a. 29] [1952, a. 105 (2); 1980, a. 11] [1980, a. 9, 11] [1935 PBD, a. 2] |
176. —(1) Chun críocha na Caibidle seo— |
[EN] | ciallaíonn “leanbh cáilithe” leanbh cáilithe mar a mhínítear in alt 2(1) agus folaíonn sé duine atá os cionn 18 mbliana d'aois agus faoi bhun 21 bhliain d'aois agus é ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile agus a bheadh, dá mbeadh sé faoi bhun 18 mbliana d'aois, ina leanbh cáilithe mar a mhínítear amhlaidh; | |
[EN] | ní thagraíonn “fearchéile”, i ndáil le bean a phós níos mó ná uair amháin, ach don fhearchéile is déanaí aici; | |
[EN] | ciallaíonn “pinsean” pinsean baintrí (neamhranníocach) nó pinsean dílleachta (neamhranníocach) faoin gCaibidil seo de réir mar a éileoidh an cás; | |
[EN] | ríomhfar acmhainn de réir na Rialacha atá sa Tríú Sceideal; | |
[EN] | is í an “acmhainn sheachtainiúil” an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar 52. | |
[EN] | (2) I gcás ina n-athphósfaidh baintreach ní mheasfar, chun críocha na Caibidle seo, gurb í baintreach an fhearchéile a bhí aici roimhe sin í. | |
[EN] | Pinsean Baintrí | |
[EN] |
Ceart chun pinsin. [1935 PBD, a. 19; 1980, a. 10] [1935 PBD, a. 22; 1979, a. 7] |
177. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh pinsean baintrí (neamhranníocach) iníoctha le baintreach. |
[EN] | (2) Bean a bhfaighidh a fearchéile bás le linn di bheith ag fáil nó i dteideal liúntais bhanchéile thréigthe, beidh sí, faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, i dteideal, in ionad an liúntais sin, pinsin bhaintrí (neamhranníocach) de réir an ráta chéanna le ráta an liúntais bhanchéile thréigthe ab iníoctha léi. | |
[EN] | (3) Pinsean baintrí (neamhranníocach) is iníoctha le baintreach, leanfaidh sé, faoi réir na Caibidle seo, de bheith iníoctha mura n-athphósfaidh sí agus i gcás den sórt sin scoirfidh an pinsean ar a hathphósadh agus uaidh sin amach. | |
[EN] |
Rátaí pinsin agus méaduithe i leith leanaí cleithiúnacha. [1935 PBD, a. 20; 1980, a. 9] |
178. —(1) Is é an ráta pinsin bhaintrí (neamhranníocach) (dá ngairtear an ráta sceidealta san alt seo) an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal arna mhéadú i gcás leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe a bheith ann, mar atá leagtha amach i gcolún (4) nó (5) den Chuid sin i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an mbaintreach. |
[EN] | (2) Beidh pinsean baintrí (neamhranníocach) iníoctha— | |
[EN] | (a) i gcás nach mó ná £6 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara, de réir an ráta sceidealta, agus | |
[EN] | (b) i gcás ar mó ná £6 an acmhainn sheachtainiúil, de réir an ráta sceidealta arna laghdú mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £6, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1: ach más lú ná 50p an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, mura mbeadh an coinníoll seo, a bheadh an pinsean iníoctha, ní bheidh an pinsean iníoctha. | |
[EN] |
Méaduithe i leith pinsinéirí éagumasacha. [1980, a. 9] |
179. —Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin is iníoctha de réir alt 178 a mhéadú— |
[EN] | (a) mar atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Cheathrú Sceideal in aghaidh aon tréimhse— | |
[EN] | (i) ina mbeidh an bhaintreach tar éis aois inphinsin a shlánú agus ina mbeidh sí chomh héagumasach sin go dteastóidh cúram agus aire lánaimsire uaithi, | |
[EN] | (ii) ina mbeidh gaol forordaithe leis an mbaintreach ina chónaí leis an mbaintreach chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus | |
[EN] | (iii) ina gcomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe, agus | |
[EN] | (b) mar atá leagtha amach i gcolún (7) de Chuid I den Cheathrú Sceideal i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine atá i dteideal an phinsin agus í ina cónaí ina haonar, agus | |
[EN] | (c) mar atá leagtha amach i gcolún (8) de Chuid I den Cheathrú Sceideal i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an bpinsinéir. | |
[EN] |
Dícháiliú. [1935 PBD, a. 30; I.R. Uimh. 25 de 1953 ] |
180. —(1) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt le rialacháin, beidh baintreach dícháilithe chun pinsean baintrí (neamhranníocach) (lena n-áirítear aon mhéadú i leith linbh cháilithe) a fháil in aghaidh aon tréimhse a bheidh sí faoi phianseirbhís, faoi phríosúnacht nó faoi choinneáil i gcoimeád dleathach. |
[EN] | (2) Féadfar a fhoráil le rialacháin go bhfionrófar íocaíocht pinsin le haon bhaintreach nó ina leith in aghaidh aon tréimhse den sórt sin a luaitear i bhfo-ailt (1) a bheidh eiscthe ó oibriú an fho-ailt sin nó is iníoctha seachas i leith na tréimhse sin. | |
[EN] | (3) D'ainneoin duine a dhícháiliú de bhua fho-alt (1) chun pinsean a fháil lena ngabhann méadú i leith linbh cháilithe, déanfar an méadú sin, i cibé cásanna a fhorordófar, a íoc leis an duine forordaithe. | |
[EN] | (4) Má bhíonn baintreach, agus fad a bheidh sí, agus aon duine eile ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar lánúin phósta, ní bheidh teideal aici agus beidh sí dícháilithe chun íocaíocht pinsin bhaintrí (neamhranníocach) a fháil. | |
[EN] |
Forálacha i gcoinne pinsean dúbailte. [1935 PBD, a. 32; I.R. Uimh. 247 de 1966] |
181. —(1) I gcás ina mbeadh, faoin gCaibidil seo, teideal ag baintreach, mura mbeadh an fo-alt seo, chun pinsin bhaintrí (ranníocach) agus chun pinsin bhaintrí (neamhranníocach), ní bheidh an pinsean baintrí (neamhranníocach) iníoctha ach a mhéid a fhorálfar le rialacháin faoi alt 130. |
[EN] | (2) Ní bheidh níos mó ná pinsean baintrí (ranníocach) amháin nó pinsean baintrí (neamhranníocach) amháin iníoctha le haon bhaintreach áirithe. | |
[EN] | Pinsean Dílleachta | |
[EN] |
Ceart chun pinsin. [1935 PBD, a.24, 32; 1948, a. 52; 1952, a. 114] |
182. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh pinsean dílleachta (neamhranníocach) iníoctha i leith dílleachta. |
[EN] | (2) Ní bheidh níos mó ná pinsean amháin iníoctha i leith aon dílleachta áirithe. | |
[EN] | (3) Ní bheidh pinsean iníoctha i leith dílleachta a mbeidh méadú faoi alt 95 (1) nó 178 (1) inéilithe ina leith. | |
[EN] |
Na rátaí pinsin. [1980, a. 11] |
183. —Is é an ráta seachtainiúil pinsin dílleachta (neamhranníocach)— |
[EN] | (a) i gcás nach mó ná £1 acmhainn sheachtainiúil an dílleachta, an ráta atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal, agus | |
[EN] | (b) i gcás ar mó ná £1 a acmhainn sheachtainiúil, an ráta sin arna laghdú mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £1, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1: ach más lú ná 50p an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, mura mbeadh an coinníoll seo, a bheadh an pinsean iníoctha, ní bheidh an pinsean iníoctha. | |
[EN] | Ilghnéitheach | |
[EN] |
Éilimh. [1952, a. 29; I.R. Uimh. 25 de 1953 ] |
184. —Chun críche na Caibidle seo, measfar, maidir le haon éileamh nó fógra a dhéanfar nó a chuirfear leis an bpost, gur ar an lá a cuireadh sa phost é a rinneadh nó a tugadh é. |
[EN] |
Ceapadh agus dualgais oifigeach leasa shóisialaigh. [1935 PBD, a. 47, 48; 1960 FI, a. 24] |
185. —(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí, cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh leasa shóisialaigh chun críocha na Caibidle seo. |
[EN] | (2) Déanfaidh gach oifigeach den sórt sin imscrúdú agus tabharfaidh sé tuarascáil don Aire i dtaobh aon éilimh ar phinsean nó i leith pinsin agus i dtaobh aon cheist maidir le pinsean nó i ndáil le pinsean a tharchuirfidh an tAire chuige, agus féadfaidh sé, chun críche an imscrúdaithe agus na tuarascála sin, a cheangal ar éilitheoir ar phinsean nó ar phinsinéir nó aon fhostóir de chuid an éilitheora nó an phinsinéara cibé faisnéis a thabhairt dó agus cibé doiciméid a bhaineann leis an éilitheoir nó leis an bpinsinéir sin a theastóidh uaidh le réasún a thabhairt ar aird dó lena n-iniúchadh. | |
[EN] | (3) Má mhainníonn duine, is éilitheoir ar phinsean nó pinsinéir nó fostóir éilitheoir ar phinsean nó fostóir pinsinéara, cibé faisnéis a thabhairt d'oifigeach leasa shóisialaigh a cheanglaítear air a thabhairt dó leis an alt seo nó cibé doiciméid a thabhairt ar aird d'oifigeach leasa shóisialaigh a cheanglaítear air a thabhairt ar aird dó leis an alt seo, beidh an duine ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £5 a chur air. | |
[EN] |
Duine a bheith as láthair ón Stát. [1935 PBD, a. 29; 1937 PBD, a. 18; 1978, a. 8] |
186. —(1) I gcás ina mbeidh duine, le linn tréimhse ar bith, ina chónaí lasmuigh den Stát, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas— |
[EN] | (a) ní dheonófar pinsean don duine sin ná i leith an duine sin, | |
[EN] | (b) má deonaíodh pinsean don duine sin nó i leith an duine sin, ní bheidh aon suim iníoctha le linn na tréimhse sin ar cuntas an phinsin sin. | |
[EN] | (2) Ní oibreoidh aon ní i bhfo-alt (1) chun go gcoiscfear, i gcás duine a bheith ina chónaí ar feadh tréimhse ar bith lasmuigh den Stát— | |
[EN] | (a) pinsean a dheonú don duine sin nó i leith an duine sin más rud é go ndearnadh éileamh ar an bpinsean sin sular tháinig an duine sin chun bheith ina chónaí amhlaidh, nó | |
[EN] | (b) pinsean a dheonófar de bhua mhír (a) a íoc in aghaidh aon tréimhse roimh theacht don duine sin chun bheith ina chónaí amhlaidh (ach ní ina dhiaidh sin), nó | |
[EN] | (c) aon riaráiste pinsin a dheonófar don duine sin nó i leith an duine sin (is riaráiste a bheidh dlite in aghaidh tréimhse roimh theacht don duine sin chun bheith ina chónaí amhlaidh) a íoc. | |
[EN] |
Tosach feidhme pinsean. [1935 PBD, a. 35; 1937 PBD, a. 19] |
187. —(1) Faoi réir rialachán faoi alt 189 (3), i gcás ina dtiocfaidh duine chun bheith i dteideal pinsin, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas— |
[EN] | (a) i gcás ina ndéanfar éileamh ar an bpinsean roimh dheireadh trí mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an duine chun bheith i dteideal an phinsin, tosóidh an pinsean ag faibhriú an dáta sin, | |
[EN] | (b) in aon chás eile, tosóidh an pinsean ag faibhriú an dáta a dhéanfar an t-éileamh. | |
[EN] | (2) Maidir leis an dáta a thosódh pinsean ag faibhriú faoi fho-alt (1) más lá é den tseachtain seachas lá a bheidh forordaithe mar an lá sa tseachtain a mbeidh na híocaíochtaí seachtainiúla ar cuntas pinsean den aicme sin le déanamh, ní thosóidh an pinsean ag faibhriú go dtí cibé lá forordaithe sa tseachtain díreach tar éis an lae chéadluaite. | |
[EN] |
Pionós mar gheall ar ráitis bhréagacha. [1935 PBD, a. 58; 1961 FI, a. 13; 1976 (Uimh. 2), a. 9, 10] [1976 (Uimh. 2), a. 5] [1976 (Uimh. 2), a. 11] [1960 FI, a. 21] [1976 (Uimh. 2), a. 12] |
188. —(1) Gach duine— |
[EN] | (a) a dhéanfaidh, go feasach, aon ráiteas nó uiríoll (scríofa nó ó bhéal) is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, nó a cheilfidh go feasach aon fhíoras a bhaineann le hábhar, chun pinsean a fháil nó a choimeád i bhfeidhm dó féin nó d'aon duine eile, nó chun pinsean a fháil nó a choimeád i bhfeidhm dó féin nó d'aon duine eile de réir ráta is airde ná an ráta is iomchuí don chás, nó | |
[EN] | (b) a gheobhaidh, go feasach, íocaíocht pinsin, nó a leanfaidh de bheith á fháil, agus é dícháilithe chun an pinsean sin a fháil nó gan teideal aige chuige nó is pinsean ar mó a mhéid ná an méid atá sé i dteideal a fháil, nó | |
[EN] | (c) a gheobhaidh nó a ghlacfaidh go feasach aon íocaíocht pinsin ar cuntas pinsin nach bhfuil iníoctha leis ar chúis ar bith, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear— | |
[EN] | (i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó | |
[EN] | (ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air. | |
[EN] | (2) Duine a chiontófar i gcion faoi fho-alt (1) i ndáil le pinsean baintrí (neamhranníocach), beidh sé dícháilithe chun an pinsean sin a fháil go ceann tréimhse 6 mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe. Ní bhainfidh an fo-alt seo le haon chion a rinneadh roimh an 12 Iúil, 1976. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag an alt seo, fara na modhnuithe is gá, i gcás duine a n-íocfar pinsean nó méadú i leith linbh cháilithe leis faoi aon cheann d'fhorálacha na Caibidle seo i leith aon duine nó chun tairbhe d'aon duine. | |
[EN] | (4) D'ainneoin aon fhoráil in aon Acht a shonraíonn an tréimhse inar féidir imeachtaí a thionscnamh, féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCaibidil seo, nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, na Caibidle seo, a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in éag— | |
[EN] | (a) an tréimhse trí mhí dar tosach an dáta a ndeimhneofar i scríbhinn arna séalú le séala oifigiúil an Aire gur tháinig fianaise ar dheis nó i seilbh an Aire ba leor le gur cheart an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó | |
[EN] | (b) an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion. | |
[EN] | (5) Má tharlaíonn in ionchúiseamh i leith cion faoin gCaibidil seo, nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, na Caibidle seo, go suífear chun sástacht na cúirte— | |
[EN] | (a) go bhfuil iarratas déanta ag duine (dá ngairtear an cosantóir san alt seo) ar phinsean, agus | |
[EN] | (b) go ndearnadh de thoradh an iarratais sin pinsean a íoc le haon duine (cibé acu arbh é an pinsean sin a iarradh nó nárbh é agus cibé acu ar leis an gcosantóir a íocadh é nó nár leis), | |
[EN] | toimhdeofar gur thug an cosantóir aon fhaisnéis a bheidh san iarratas (nó gur chuir sé faoi deara í a thabhairt thar a cheann) agus, i gcás inar faisnéis bhréagach an fhaisnéis sin, gurb eol dó go hiomlán gurbh fhaisnéis bhréagach í agus gur thug sé í le hintinn go meabhlódh sí; ach féadfar an toimhde sin a fhrisnéis. | |
[EN] | (6) Más rud é, in aon imeachtaí sibhialta in aon chúirt, go suífear chun sástacht na cúirte gur lamháladh nó gur dámhadh pinsean de bhun éilimh ó dhuine nó thar ceann duine nó gur athraíodh méid an phinsin ab iníoctha le duine nó i leith duine agus go raibh an pinsean a lamháladh nó a dámhadh amhlaidh nó a athraíodh amhlaidh i gcúrsa a íoctha tráth ar bith leis an duine lenarbh iníoctha an pinsean, toimhdeofar, i ngach cás, mura suífear a mhalairt, go raibh an duine sin ag fáil pinsean den mhéid a lamháladh nó a dámhadh amhlaidh nó a athraíodh amhlaidh, de réir mar a bheidh, ón dáta a tháinig an pinsean den mhéid a lamháladh nó a dámhadh amhlaidh nó a athraíodh amhlaidh, de réir mar a bheidh, chun bheith iníoctha go dtí an dáta, más aon dáta é, a n-athrófar an pinsean nó a n-athrófar tuilleadh é, de réir mar a bheidh, nó an dáta a scoirfidh an pinsean de bheith iníoctha, cibé acu mar gheall ar bhás an duine nó cúis eile é, cibé dáta acu is túisce. | |
[EN] | (7) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin gCaibidil seo i dtaobh cionta is sárú nó neamhchomhlíonadh ar na rialacháin sin agus i dtaobh fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a ghearradh, de rogha na cúirte, i gcás ciontú go hachomair i gcion den sórt sin. | |
[EN] |
Rialacháin. [1935 PBD, a. 65] [1952, a. 121] |
189. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh— |
[EN] | (a) lena sonrófar an modh a bhféadfar éilimh ar phinsin a dhéanamh, agus an modh a n-íocfar pinsin; | |
[EN] | (b) lena sonrófar an nós imeachta a leanfar i gcás tarchur faoin gCaibidil seo, agus chun aon cheann d'fhorálacha an Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1856, a chur i bhfeidhm chun críocha aon tarchuir den sórt sin, agus chun feidhmiú aon cheann d'fhorálacha eile an Achta sin a eisiamh; | |
[EN] | (c) lena n-údarófar, i cibé cásanna a bheidh forordaithe, aon suim a íoc mar phinsean le linn aon tréimhse idir an tráth a ndéanfar aon éileamh nó a dtarchuirfear aon cheist agus an tráth a gcinnfear an t-éileamh nó an cheist go críochnaitheach; | |
[EN] | (d) lena bhféadfar duine a cheapadh a dhéanfaidh, thar ceann aon éilitheora nó duine atá i dteideal nó ag fáil pinsin ach nach bhfuil in ann gníomhú, de dheasca aon éagumais mheabhrach nó éagumais eile, aon cheart a fheidhmiú a mbeidh teideal ag an éilitheoir nó ag an duine sin chuige faoin gCaibidil seo, agus chun a údarú d'aon duine arna cheapadh amhlaidh aon phinsean a ghlacadh thar ceann agus chun tairbhe an éilitheora nó an duine; | |
[EN] | (e) lena bhforálfar, d'ainneoin aon ní in alt 190 nó 191 a bhaineann le teorainn ama chun íocaíochtaí ar cuntas pinsean a fháil, ach faoi réir na rialachán— | |
[EN] | (i) i gcás duine a bhí ag fáil pinsin d'fháil bháis, go bhféadfar aon suim a íoc a tháinig chun bheith iníoctha laistigh de thrí mhí roimh dháta a bháis ar cuntas an phinsin, ach nár íocadh; agus | |
[EN] | (ii) i gcás duine a rinne éileamh ar phinsean ó tharla teideal a bheith aige chuige d'fháil bháis, go bhféadfar aon suim a íoc a thiocfadh, dá mba rud é gur lamháladh a éileamh díreach roimh a bhás, chun bheith iníoctha ar cuntas an phinsin amach go dtí dáta a bháis; | |
[EN] | (f) lena bhforálfar, faoi réir na rialachán, go bhféadfar probháid nó cruthúnas eile ar theideal ionadaithe pearsanta an duine éagtha a ligean thar ceal i gcás aon suim den sórt sin atá luaite i mír (e) agus go bhféadfar aon suim den sórt sin a íoc leis na daoine nó a dháileadh ar na daoine a dhealraíonn, amhail mar a fhoráiltear leis na rialacháin a bheith i dteideal an tsuim sin nó aon chuid di a fháil, mar dhaoine a bhfuil teideal tairbhiúil acu chuici faoi aon ionstraim thiomnach nó mar neasghaolta, nó mar chreidiúnaithe an duine éagtha, nó a íoc le haon duine nó daoine áirithe nó a dháileadh ar aon daoine áirithe d'eisiamh na coda eile, nó, i gcás aon neamhdhlisteanacht a bheith ag baint leis an duine éagtha nó le haon leanbh leis, í a íoc le cibé duine nó daoine nó a dháileadh ar cibé daoine a ordófar leis na rialacháin. | |
[EN] | (2) Is le toiliú an Aire Poist agus Telegrafa a dhéanfar rialacháin faoin alt seo ina sonrófar an modh a n-íocfar pinsin. | |
[EN] | (3) Féadfar, le rialacháin, aon cheann d'fhorálacha ailt 111, 112, 113, 128, 129, 295, 296, 297, 298, 299 agus 300 nó d'fhorálacha arna ndéanamh faoi na hailt sin a chur chun feidhme maidir le pinsin, agus féadfaidh aon fheidhm den sórt sin a bheith ina feidhm mhodhnaithe nó ina feidhm gan mhodhnú agus a bheith i dteannta nó in ionad forálacha láithreacha na Caibidle seo nó Chuid VIII. | |
[EN] |
Pinsin bhaintreach a íoc. [1935 PBD, a. 33; 1952, a. 118] [1935 PBD, a. 37] [1935 PBD, a. 36; 1979, a. 7] [1935 PBD, a. 31; I.R. Uimh. 25 de 1953 ] |
190. —(1) Faoi réir fho-alt (2), íocfar pinsean baintrí (neamhranníocach) leis an bpinsinéir. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, dá rogha féin, ó am go ham, a ordú— | |
[EN] | (a) go ndéanfar pinsean, in ionad é a íoc leis an bpinsinéir, a íoc le duine éigin eile chun tairbhe don phinsinéir, agus go ndéanfar aon mhéadú i leith linbh cháilithe, ar cuid den phinsean sin é, in ionad é a íoc leis an bpinsinéir, a íoc le duine éigin eile chun tairbhe don leanbh ar ina leith atá an méadú sin iníoctha, nó | |
[EN] | (b) go ndéanfar aon mhéid i leith linbh cháilithe, in ionad é a íoc leis an bpinsinéir, a íoc le duine éigin eile chun tairbhe don leanbh ar ina leith atá an méid sin iníoctha. | |
[EN] | (3) Faoi réir aon orduithe ón Aire i gcásanna speisialta, déanfar pinsean a íoc roimh ré go seachtainiúil i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha maidir le céannacht nó eile a ordóidh an tAire. | |
[EN] | (4) I gcás ar lá den tseachtain seachas an lá díreach roimh an lá sa tseachtain a bhforordaítear gurb é an lá é a n-íocfar íocaíochtaí seachtainiúla ar cuntas an phinsin an dáta a scoirfeadh pinsean de bheith iníoctha, leanfaidh an pinsean de bheith iníoctha i leith na laethanta sa tseachtain amach go dtí an lá forordaithe, ach gan an lá sin a áireamh. | |
[EN] | (5) Múchfar an ceart chun aon suim is iníoctha mar phinsean mura bhfaighfear íoc na suime sin laistigh de 3 mhí nó, má cheadaíonn an tAire amhlaidh in aon chás áirithe, laistigh de 6 mhí ón dáta ar infhaighte an tsuim sin faoi Airteagal 5 den Ordú um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe (Rialacháin um Éilithe agus Íocaíochta), 1935 (R. & O.R., Uimh. 678 de 1935). | |
[EN] |
Pinsin dílleachtaí a íoc. [1935 PBD, a. 34] [1935 PBD, a. 37] [1935 PBD, a. 36; 1937 PBD, a. 20] [1935 PBD, a. 31; I.R. Uimh. 25 de 1953 ] |
191. —(1) Faoi réir an ailt seo, íocfar pinsean dílleachta (neamhranníocach) le caomhnóir an dílleachta a bhfuil an pinsean sin iníoctha ina leith. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, má mheasann sé gurb inmholta déanamh amhlaidh, a ordú go ndéanfar pinsean, in ionad é a íoc le caomhnóir an dílleachta a bhfuil an pinsean sin iníoctha ina leith, a íoc le duine éigin eile chun tairbhe don dílleachta. | |
[EN] | (3) Faoi réir aon orduithe ón Aire i gcásanna speisialta, déanfar pinsean a íoc roimh ré go seachtainiúil i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha maidir le céannacht nó eile a ordóidh an tAire. | |
[EN] | (4) I gcás ar lá den tseachtain seachas an lá díreach roimh an lá sa tseachtain a bhforordaítear gurb é an lá é a n-íocfar íocaíochtaí seachtainiúla ar cuntas an phinsin an dáta a scoirfeadh pinsean de bheith iníoctha, leanfaidh an pinsean sin de bheith iníoctha i leith na laethanta sa tseachtain amach go dtí an lá forordaithe, ach gan an lá sin a áireamh. | |
[EN] | (5) Múchfar an ceart chun aon suim is iníoctha mar phinsean mura bhfaighfear íoc na suime sin laistigh de 3 mhí nó, má cheadaíonn an tAire amhlaidh in aon chás áirithe, 6 mhí ón dáta ar infhaighte an tsuim sin faoi Airteagal 5 den Ordú um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe (Rialacháin um Éilithe agus Íocaíochta), 1935 (R. & O.R. Uimh. 678 de 1935). | |
[EN] |
Pinsean a ró-íocadh a aisíoc. [1935 PBD, a. 57] [1952, a. 61] [1961 FI, a. 12] |
192. —(1) Má fhaightear amach tráth ar bith go raibh duine ag fáil pinsin le linn aon tréimhse nach raibh teideal ag an duine sin chuige, nó go raibh sé ag fáil pinsin de réir ráta is airde ná an ráta ab iomchuí don chás, ansin, dlífear den duine sin nó, i gcás an duine sin a bheith marbh, dlífear d'ionadaí pearsanta an duine sin, aon suimeanna a íocadh leis an duine sin i leith an phinsin le linn na tréimhse sin nó, de réir mar a bheidh, suim arb é a bheidh inti an difríocht idir pinsean de réir an ráta a íocadh iarbhír agus pinsean de réir an ráta is iomchuí don chás, a íoc leis an Aire ar é á iarraidh sin. |
[EN] | (2) Aon suim is iníoctha ag duine leis an Aire faoin alt seo is fiach í a bheidh dlite den duine don Aire agus féadfaidh an tAire é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla nó trína bhaint as aon íocaíocht nó íocaíochtaí ar cuntas pinsin a mbeidh teideal aige chuige ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (3) Gach suim a íocfar leis an Aire, nó a ghnóthóidh an tAire, faoin alt seo, íocfar isteach sa Státchiste í nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste í i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm ag an alt seo, fara na modhnuithe is gá, i gcás duine a n-íocfar pinsean leis faoi aon cheann d'fhorálacha na Caibidle seo i leith aon duine nó chun tairbhe d'aon duine. | |
[EN] | (5) An chumhacht a thugtar don Aire leis an alt seo chun aon suimeanna is iníoctha ag duine leis an Aire faoin alt seo a bhaint as aon íocaíochtaí ar cuntas pinsin a dtiocfaidh duine chun bheith ina theideal, féadfar í a fheidhmiú d'ainneoin imeachtaí a bheith tionscanta i gcúirt chun na suimeanna a ghnóthú a bheidh dlite den duine a aisíoc leis an Aire mar a dúradh nó ordú a bheith déanta ag cúirt á cheangal ar an duine na suimeanna a íoc a bheidh dlite de a íoc leis an Aire faoin alt seo, agus, chun críocha an ailt seo, measfar gur suimeanna is iníoctha ag an duine leis an Aire faoin alt seo aon chostais a cheanglóidh an t-ordú sin a íoc leis an Aire. | |
[EN] |
Pinsean a dheonófar do dhuine a bheidh ag fáil cúnaimh dhífhostaíochta. [1935 PBD, a. 56; 1952, a. 61] |
193. —Más rud é— |
[EN] | (a) i leith aon tréimhse, go mbeidh cúnamh dífhostaíochta íoctha le duine a dtarlóidh dó bheith i dteideal pinsin, ach nach mbeidh, an tráth sin, ag fáil íocaíochtaí ar cuntas an phinsin sin, agus | |
[EN] | (b) nach n-íocfaí an cúnamh dífhostaíochta dá dtarlódh don duine sin bheith an tráth sin ag fáil íocaíochta ar cuntas an phinsin, agus | |
[EN] | (c) go dtiocfaidh aon suim (dá ngairtear an riaráiste san alt seo) a fhaibhreoidh i leith aon chuid den tréimhse sin ar cuntas an phinsin chun bheith iníoctha leis an duine sin ina dhiaidh sin, | |
[EN] | féadfaidh an tAire an riaráiste a laghdú méid nach mó ná an méid a bheidh íoctha mar chúnamh dífhostaíochta. | |
[EN] |
Pinsean a dheonófar do dhuine a bheidh ag fáil liúntais leasa fhorlíontaigh. [1935 PBD, a. 55; 1953 AS, a. 69; I.R. Uimh. 168 de 1977] [1952, a. 61] |
194. —(1) Más rud é— |
[EN] | (a) i leith aon tréimhse go mbeidh liúntas leasa forlíontach deonaithe ag bord sláinte do dhuine nó ar cuntas duine a dtarlóidh dó bheith i dteideal pinsin, ach nach mbeidh, an tráth sin, ag fáil íocaíochtaí ar cuntas an phinsin sin, agus | |
[EN] | (b) gur mó an liúntas sin ná an méid a dheonófaí don duine sin dá dtarlódh dó bheith ag fáil íocaíochta ar cuntas pinsin, agus | |
[EN] | (c) go dtiocfaidh aon suim (dá ngairtear an riaráiste san fho-alt seo) a fhaibhreoidh i leith aon chuid den tréimhse sin ar cuntas pinsin chun bheith iníoctha leis an duine sin ina dhiaidh sin, agus | |
[EN] | (d) go mbeidh an bord sláinte, sula n-íocfar an riaráiste leis an duine sin, tar éis deimhniú a thabhairt don Aire i dtaobh an méid (dá ngairtear an bhreis san fho-alt seo) a d'íoc an bord de bhreis in aghaidh na tréimhse ar fhaibhrigh an riaráiste ina leith, | |
[EN] | féadfaidh an tAire an riaráiste a laghdú méid nach mó ná méid na breise agus déanfaidh sé, i gcás den sórt sin, suim ar cóimhéid leis an méid a laghdófar an riaráiste amhlaidh a íoc leis an mbord sláinte as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
[EN] | (2) Sroichfidh an t-alt seo go dtí cás ina dtiocfaidh aon suim chun bheith iníoctha ina dhiaidh sin ar cuntas méid is iníoctha i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe faoin gCaibidil seo nó go dtí pinsean is iníoctha i leith dílleachta a mbeidh aon liúntas leasa forlíontach a luaitear i bhfo-alt (1) deonaithe ar a chuntas amhail mar shroicheann sé go dtí cás ina dtiocfaidh suim ar cuntas pinsin chun bheith iníoctha ina dhiaidh sin le duine a mbeidh an liúntas leasa forlíontach sin deonaithe ina leith nó ar a chuntas, agus beidh feidhm aige i gcás den sórt sin faoi réir na modhnuithe is gá. |