|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 4 Pinsin Bhaintrí agus Dílleachta (Neamhranníocach)) | Ar Aghaidh (CAIBIDIL 6 Liúntas Leasa Forlíontach) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981
[EN] | ||
[EN] |
CAIBIDIL 5 Liúntais do Mhná Áirithe | |
[EN] |
Liúntas banchéile thréigthe. [1970, a. 22; 1972, a. 19; 1979, a. 7] |
195. —(1) Déanfar, faoi réir rialachán, liúntas banchéile thréigthe a íoc le bean— |
[EN] | (a) atá tréigthe ag a fearchéile, | |
[EN] | (b) a bhfuil, i gcás í a bheith faoi bhun 40 bliain d'aois, leanbh cáilithe amháin ar a laghad ina chónaí léi, agus | |
[EN] | (c) a chomhlíonann na coinníollacha maidir le hacmhainn atá sonraithe chun críocha an fho-ailt seo le rialacháin. | |
[EN] | (2) Beidh ráta liúntais bhanchéile thréigthe comhionann le ráta an phinsin bhaintrí (neamhranníocach) ab iníoctha leis an mbean faoi Chaibidil 4 dá mba bhaintreach í. | |
[EN] | (3) Is leanbh cáilithe chun críocha an ailt seo i ndáil le bean leanbh dá mba rud é, ar é a ghlacadh ina áirithe gur bhaintreach í, gur leanbh cáilithe an leanbh i ndáil léi chun críocha Chaibidil 4. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le liúntas banchéile thréigthe agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, féadfaidh na rialacháin sin— | |
[EN] | (a) na dálaí a shonrú ina mbeidh sé le meas chun críocha an ailt seo go bhfuil bean tréigthe ag a fearchéile, | |
[EN] | (b) aon fhorálacha de chuid, nó aon fhorálacha arna ndéanamh faoi réim, Chodanna I, II agus VIII a chur chun feidhme (modhnaithe nó gan mhodhnú), nó forálacha ar comhréir leo (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhéanamh, agus | |
[EN] | (c) a fhoráil gurb amhlaidh a bheidh, le linn forálacha alt 300 a chur chun feidhme agus d'ainneoin aon ní atá san alt sin, go mbeidh, i gcás ar bith ina ndílamhálfar nó ina laghdófar liúntas banchéile thréigthe de bhua cinneadh athbhreithnithe ó oifigeach breithiúnachta nó ó oifigeach achomhairc, cibé méid a ordóidh an tAire d'aon chuid den liúntas a bheidh íoctha thar an ráta a chinnfear leis an gcinneadh sin a bheith iníoctha, inghnóthaithe mar fhiach atá dlite don Stát. | |
[EN] |
Liúntas do bhanchéile príosúnaigh. [1974 (Uimh. 2), a.9; 1979, a. 7] [1979, a.8] |
196. —(1) Déanfar, faoi réir rialachán, liúntas do bhanchéile príosúnaigh a íoc le bean— |
[EN] | (a) a ndearnadh a fearchéile, is príosúnach, a chimiú i gcoimeád chun príosúin nó áite coinneála ar feadh tréimhse nach lú ná 6 mhí féilire, | |
[EN] | (b) a bhfuil, i gcás í a bheith faoi bhun 40 bliain d'aois, leanbh cáilithe amháin ar a laghad ina chónaí léi, agus | |
[EN] | (c) a chomhlíonann na coinníollacha maidir le hacmhainn atá sonraithe chun críocha an fho-ailt seo le rialacháin. | |
[EN] | (2) Beidh ráta an liúntais do bhanchéile príosúnaigh comhionann le ráta an phinsin bhaintrí (neamhranníocach) ab iníoctha leis an mbean faoi Chaibidil 4 dá mba bhaintreach í. | |
[EN] | (3) Leanfar de liúntas do bhanchéile príosúnaigh a íoc go ceann tréimhse 4 sheachtain tar éis an príosúnach a scaoileadh saor as príosún nó as áit choinneála. | |
[EN] | (4) Is leanbh cáilithe chun críocha an ailt seo i ndáil le bean leanbh dá mba rud é, ar é a ghlacadh ina áirithe gur bhaintreach í, gur leanbh cáilithe an leanbh i ndáil léi chun críocha Chaibidil 4. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire rialacháin, a dhéanamh i ndáil le liúntas do bhanchéile príosúnaigh agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, féadfaidh na rialacháin aon fhorálacha de chuid, nó aon fhorálacha arna ndéanamh faoi réim, Chodanna I, II agus VIII a chur chun feidhme (modhnaithe nó gan mhodhnú), nó forálacha ar comhréir leo (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhéanamh. | |
[EN] |
Liúntas cúnaimh. shóisialaigh. [1973, a. 8; 1979, a. 7] |
197. —(1) Déanfar, faoi réir rialachán, liúntas cúnaimh shóisialaigh a íoc le bean— |
[EN] | (a) atá gan phósadh, | |
[EN] | (b) a gcónaíonn leanbh cáilithe amháin ar a laghad léi, agus | |
[EN] | (c) a chomhlíonann na coinníollacha maidir le hacmhainn atá sonraithe chun críocha an fho-ailt seo le rialacháin. | |
[EN] | (2) Beidh ráta an liúntais chúnaimh shóisialaigh comhionann le ráta an phinsin bhaintrí (neamhranníocach) ab iníoctha leis an mbean faoi Chaibidil 4 dá mba bhaintreach í. | |
[EN] | (3) Is leanbh cáilithe chun críocha an ailt seo i ndáil le bean leanbh más í máthair an linbh í agus dá mba rud é, ar é a ghlacadh ina áirithe gur bhaintreach í, gur leanbh cáilithe an leanbh i ndáil léi chun críocha Chaibidil 4. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le liúntas cúnaimh shóisialaigh agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, féadfaidh na rialacháin— | |
[EN] | (a) na dálaí a shonrú ina mbeidh sé le meas chun críocha an ailt seo go bhfuil bean ina máthair neamhphósta, | |
[EN] | (b) aon fhorálacha de chuid, nó aon fhorálacha arna ndéanamh faoi réim, Chodanna I, II agus VIII a chur chun feidhme (modhnaithe nó gan mhodhnú), nó forálacha ar comhréir leo (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhéanamh, agus | |
[EN] | (c) a fhoráil gurb amhlaidh a bheidh, le linn forálacha alt 300 a chur chun feidhme agus d'ainneoin aon ní atá san alt sin, go mbeidh, i gcás ar bith ina ndílamhálfar nó ina laghdófar liúntas cúnaimh shóisialaigh de bhua cinneadh athbhreithnithe ó oifigeach breithiúnachta nó ó oifigeach achomhairc, cibé méid a ordóidh an tAire den liúntas a bheidh íoctha thar an ráta a chinnfear leis an gcinneadh sin. inghnóthaithe mar fhiach atá dlite don Stát. | |
[EN] |
Liúntas do bhean shingil. [1974 (Uimh. 2), a.8]. [1980, a. 13] |
198. —(1) Déanfar, faoi réir rialachán, liúntas do bhean shingil a íoc le bean— |
[EN] | (a) atá singil, | |
[EN] | (b) a bhfuil 58 mbliana d'aois slánaithe aici ach nach bhfuil aois inphinsin slánaithe aici, agus | |
[EN] | (c) a chomhlíonann na coinníollacha maidir le hacmhainn atá sonraithe chun críocha an fho-ailt seo le rialacháin. | |
[EN] | (2) Beidh liúntas do bhean shingil iníoctha— | |
[EN] | (a) i gcás nach mó ná £1 a hacmhainn sheachtainiúil, de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal, agus | |
[EN] | (b) i gcás ar mó ná £1 a hacmhainn sheachtainiúil, de réir an ráta sin arna laghdú mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £1, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1: ach, más lú ná 50p an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an liúntas iníoctha, ní bheidh an liúntas iníoctha. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le liúntas do bhean shingil agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, féadfaidh na rialacháin aon fhorálacha de chuid, nó aon fhorálacha arna ndéanamh faoi réim, Chodanna I, II agus VIII a chur chun feidhme (modhnaithe nó gan mhodhnú), nó forálacha ar comhréir leo (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhéanamh. |