An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 5 Liúntais do Mhná Áirithe) Ar Aghaidh (CUID IV Liúntais Leanaí)

1 1981

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981

CAIBIDIL 6

Liúntas Leasa Forlíontach

Léiriú.

[1975 LLF, a. 1, 10]

199. —Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “Acht 1939” an tAcht um Chongnamh Phuiblí, 1939 ;

ciallaíonn “leanbh cleithiúnach”, i ndáil le faighteoir, aon leanbh, nach cleithiúnaí aosaithe, nach bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige agus atá i gcleithiúnas ar an bhfaighteoir sin lena chothú;

ciallaíonn “cúnamh teaghlaigh” cúnamh teaghlaigh de réir bhrí Acht 1939;

ciallaíonn “údarás cúnaimh phoiblí” údarás cúnaimh phoiblí de réir bhrí alt 8 d'Acht 1939, arna leathnú le halt 7 den Acht um Údaráis Sláinte, 1960 , agus le halt 84 den Acht Sláinte, 1970 ;

ciallaíonn “faighteoir” duine atá i dteideal liúntais leasa fhorlíontaigh;

ciallaíonn “liúntas leasa forlíontach” liúntas in airgead nó liúntas comhchineáil arna dheonú faoin gCaibidil seo.

Teideal chun liúntais leasa fhorlíontaigh.

[1975 LLF, a. 2]

200. —Faoi réir na Caibidle seo, beidh gach duine sa Stát nach leor a acmhainn chun freastal dá riachtanais agus do riachtanais aon chleithiúnaí aosaithe nó aon linbh chleithiúnaigh leis i dteideal liúntais leasa fhorlíontaigh.

Daoine atá ag fáil oideachais lánaimsire a bheith eisiata.

[1975 LLF, a. 3]

201. —(1) Ní bheidh teideal chun liúntais leasa fhorlíontaigh ag aon duine atá ag fáil oideachais lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais.

(2) Is fo-alt é fo-alt (1) atá gan dochar do theideal aon duine liúntas leasa forlíontach a fháil i leith duine dá dtagraítear san fho-alt sin ar cleithiúnaí aosaithe nó leanbh cleithiúnach leis é.

(3) D'ainneoin fho-alt (1), féadfar liúntas leasa forlíontach a dheonú, i gcás imthosca neamhghnácha, do dhuine a bheadh i dteideal liúntas leasa forlíontach a fháil mura mbeadh an fo-alt sin.

Daoine i bhfostaíocht lánaimsire a bheith eisiata.

[1975 LLF, a. 4]

202. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), ní bheidh duine i dteideal liúntais leasa fhorlíontaigh i ndáil le haon tréimhse a bheidh sé fruilithe le hobair chúititheach lánaimsire.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, socrú a dhéanamh le gníomhú fho-alt (1) i leith aon aicme daoine a thiocfaidh chun bheith fruilithe le hobair chúititheach lánaimsire a chur siar go dtí cibé tréimhse tar éis tosú don fhruiliú a shonrófar sna rialacháin.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás aon duine a bheidh fruilithe le hobair chúititheach lánaimsire más lú, go substainteach, de bharr aon mhíchumais choirp nó mheabhrach, cumas tuillimh an duine sin i gcomórtas le cumas tuillimh daoine eile a bheidh fruilithe le hobair dá samhail.

Daoine dá ndéanfaidh aighnis cheirde difear.

[1975 LLF, a. 5]

203. —(1) In aon chás ina mbeidh duine, mar gheall ar shaotharstad de bharr aighnis cheirde ina áit fostaíochta, gan fostaíocht ar feadh aon tréimhse a leanfaidh an saotharstad agus nach mbeidh an duine sin, le linn an tsaotharstad sin, tagtha chun bheith fostaithe bona fide in áit eile lena ghnáthshlí bheatha nó tar éis dul ar fostú go rialta le slí bheatha éigin eile, déanfar neamhshuim dá riachtanais féin don tréimhse sin lena theideal chun liúntais leasa fhorlíontaigh a fhionnadh ach amháin a mhéid gur de na riachtanais sin an riachtanas soláthar a dhéanamh dá chleithiúnaithe aosaithe nó dá leanaí cleithiúnacha.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) le haon duine nach mbeidh páirteach san aighneas ceirde ba chúis leis an saotharstad nó nach mbeidh ag maoiniú an aighnis sin, nó nach mbeidh leas díreach aige san aighneas sin agus nach de ghrád ná d'aicme oibrithe é a raibh comhaltaí de nó di fostaithe, díreach roimh thosú don saotharstad, ina áit fostaíochta agus aon duine díobh páirteach san aighneas nó ag maoiniú an aighnis nó leas díreach aige san aighneas.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “áit fostaíochta”, i ndáil le haon duine, an mhonarcha, an cheardlann, an fheirm nó an t-áitreabh nó an áit eile ina raibh sé fostaithe, ach in aon chás ina ndéantar brainsí leithleacha oibre is gnách a sheoladh mar ghnóthaí leithleacha in áitribh leithleacha nó in áiteanna leithleacha a sheoladh i ranna leithleacha san áitreabh céanna nó san áit chéanna, measfar, chun críocha an ailt seo, gur monarcha nó ceardlann nó feirm leithleach nó áitreabh leithleach nó áit leithleach, de réir mar a bheidh, gach roinn acu sin;

tá le “aighneas ceirde” an bhrí a shanntar le halt 35 (6).

Riarachán.

[1975 LLF, a. 6]

204. —(1) Faoi réir threorú agus rialú an Aire i gcoitinne, beidh gach bord sláinte freagrach, maidir lena limistéar feidhmiúcháin, i riaradh na bhfeidhmeanna a bhainfidh le liúntas leasa forlíontach agus feidhmeanna eile is infheidhmithe faoin gCaibidil seo.

(2) Deonóidh gach bord sláinte do gach duine ina limistéar feidhmiúcháin a bheidh cáilithe chuige cibé liúntas leasa forlíontach a chinnfear, de réir na Caibidle seo, a bheith dlite don duine sin.

(3) Cinnfidh an tAire aon amhras nó aighneas i dtaobh cén bord sláinte a bheidh freagrach i liúntas leasa forlíontach a sholáthar do dhuine áirithe nó do dhaoine d'aicme áirithe.

(4) Faoi réir alt 205, is feidhm de chuid an phríomhoifigigh feidhmiúcháin (de réir bhrí alt 13 den Acht Sláinte, 1970 ) don bhord sláinte aon fheidhm i ndáil le cinneadh a dhéanamh ar theideal aon duine chun liúntais leasa fhorlíontaigh agus ar mhéid aon liúntais den sórt sin.

Achomhairc.

[1975 LLF, a. 7]

205. —(1) I gcás ina mbeidh duine míshásta le cinneadh oifigigh bhord sláinte ar éileamh uaidh ar liúntas leasa forlíontach beidh ábhar achomhairc ann in aghaidh an chinnidh sin chun duine (is oifigeach eile don bhord sláinte nó duine nach oifigeach den sórt sin) a cheapfaidh nó a ainmneoidh an tAire.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin a dhéanfar faoi alt 219, socrú a dhéanamh le haghaidh achomhairc a dhéanamh agus a chinneadh faoin alt seo.

Coinníollacha ar a ndeonófar liúntas leasa forlíontach.

[1975 LLF, a. 8]

206. —Féadfaidh bord sláinte, faoi réir rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoi alt 219, a chinneadh nach mbeidh duine i dteideal liúntais leasa fhorlíontaigh—

(a) mura mbeidh sé cláraithe le haghaidh fostaíochta i cibé slí a bheidh forordaithe ag an Aire, agus

(b) mura ndéanfaidh sé iarratas ar aon sochair reachtúla nó sochair eile nó ar aon chúnamh a mbeidh teideal aige chucu nó chuige ar a n-áirítear sochair nó cúnamh den sórt sin ó thíortha seachas an Stát.

Liúntas leasa forlíontach a ríomh.

[1975 LLF, a. 9; 1980, a. 14]

207. —(1) Is é méid an liúntais leasa fhorlíontaigh a mbeidh teideal ag duine chuige an méid ar lú a acmhainn ná a riachtanais, agus chun an méid sin a fhionnadh—

(a) measfar, faoi réir aon íocaíochta de bhun fhorálacha alt 209, gurb iad riachtanais sheachtainiúla duine—

(i) i gcás duine gan acmhainn, an méid a ríomhfar de réir alt 208, nó

(ii) i gcás duine ag a bhfuil acmhainn, an méid a ríomhfar de réir alt 208 ab iomchuí ina chás dá mbeadh sé gan acmhainn, arna laghdú 5p sa tseachtain in aghaidh gach 5p nó cuid de 5p dá acmhainn sheachtainiúil,

(b) ríomhfar de réir fhorálacha alt 210 acmhainn sheachtainiúil aon duine.

(2) Le linn méid an liúntais leasa fhorlíontaigh is iníoctha le haon duine a bheith á ríomh, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(a) i gcás inar daoine den teaghlach céanna fearchéile agus banchéile, comhiomlánófar a riachtanais agus a n-acmhainn agus measfar gurb iad riachtanais agus acmhainn an fhearchéile, nó an bhanchéile, más ise an t-éilitheoir, iad;

(b) i gcás duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach, measfar go bhfolaíonn riachtanais an duine sin riachtanais an linbh chleithiúnaigh sin;

(c) i gcás ina gcuirfear riachtanais aon duine i gcuntas le linn teideal aon duine eile chun liúntais leasa fhorlíontaigh a bheith á chinneadh, ní bheidh i dteideal liúntais ach an duine eile sin.

Méideanna seachtainiúla liúntais leasa fhorlíontaigh do dhaoine gan acmhainn.

[1975 LLF, a. 10; 1980, a. 14]

208. —(1) I gcás duine gan acmhainn mar a bheidh cinnte leis an gCaibidil seo agus faoi réir aon íocaíochta de bhun alt 209, is é a bheidh sa mhéid seachtainiúil de liúntas leasa forlíontach is iníoctha an méid atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal, arna mhéadú—

(a) mar atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin in aghaidh aon tréimhse a mbeidh cleithiúnaí aosaithe ag an bhfaighteoir, agus

(b) mar atá leagtha amach i gcolún (4) den Chuid sin i leith linbh chleithiúnaigh nó i leith beirt leanbh den sórt sin agus, ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanbh den sórt sin a bheith ann, mar atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt.

(2) Chun críocha an ailt seo, déanfar an míniú ar chleithiúnaí aosaithe atá in alt 2 (1) agus i gcolúin (4) agus (5) de Chuid I den Cheathrú Sceideal a fhorléiriú amhail is dá gcuirfí “leanbh cleithiúnach”, “leanaí cleithiúnacha”, “linbh chleithiúnaigh” agus “leanbh chleithiúnacha”, faoi seach, in ionad “leanbh cáilithe”, “leanaí cáilithe”, “linbh cháilithe”, “leanbh cháilithe”.

Breisithe le méid seachtainiúil liúntais leasa fhorlíontaigh agus ioncaim eile.

[1975 LLF, a. 11]

209. —(1) Mura leor méid seachtainiúil liúntais leasa fhorlíontaigh, más ann, is iníoctha le duine de bhun alt 207, agus aon ioncaim eile, ar a n-áirítear aon íocaíocht faoin Acht seo nó faoi aon reacht eile, de chuid an duine sin le freastal dá riachtanais, ansin—

(a) i gcás liúntas leasa forlíontach a bheith á fháil ag an duine sin, féadfar, faoi réir an ailt seo, méid seachtainiúil an liúntais sin is iníoctha leis an duine sin a mhéadú, nó

(b) in aon chás eile, féadfar íocaíocht liúntais leasa fhorlíontaigh a íoc in aghaidh na seachtaine, faoi réir an ailt seo, d'fhorlíonadh ar ioncam eile an duine sin.

(2) Féadfaidh an tAire na nithe seo a leanas a fhorordú—

(a) na himthosca ina bhféadfar íocaíocht a dhéanamh le haon duine de bhun fho-alt (1), agus

(b) méideanna na n-íocaíochtaí a bheidh le déanamh i gcoitinne nó i ndáil le haicme áirithe daoine.

(3) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoi fho-alt (2) i dtaobh liúntais chomhchineáil a dheonú i ndáil le riachtanais shonraithe agus i dtaobh na n-ábhar go léir a ghabhfaidh le liúntais den sórt sin, nó a leanfaidh as liúntais den sórt sin, a sholáthar.

Acmhainn a ríomh.

[1975 LLF, a. 12]

[1979, a. 18]

210. —(1) Le teideal duine chun liúntais leasa fhorlíontaigh a fhionnadh, déanfar a acmhainn sheachtainiúil a ríomh de réir fho-alt (2).

(2) Le linn acmhainn sheachtainiúil duine a bheith á ríomh, cuirfear i gcuntas an méid seo a leanas—

(a) an t-ioncam airgid go léir, ar a n-áirítear glanluach airgid aon tuillimh nach tuilleamh airgid ó luain phearsanta agus méid iarbhír nó méid measta aon ioncaim mar cheann an teaghlaigh, cibé acu mar ranníocaí i leith chostais an teaghlaigh nó eile, ach gan na suimeanna seo a leanas a áireamh—

(i) aon suimeanna a fuarthas mar liúntas leanaí faoi Chuid IV,

(ii) aon suimeanna a fuarthas mar liúntas as aire a thabhairt, faoi alt 61 den Acht Sláinte, 1970 , ina dteaghaisí féin do leanaí éislinneacha, agus

(iii) aon suimeanna ó mhaoin (nach maoin a úsáideann nó a theachtann an duine sin féin) a infheistiú nó a úsáid go sochrach;

(b) luach aon mhaoine leis an duine sin (nach maoin a úsáideann nó a theachtann sé féin) atá infheistithe nó, cé gur féidir í a infheistiú nó a úsáid go sochrach, nach bhfuil infheistithe ná á húsáid go sochrach amhlaidh, agus á mheas gurb é luach bliantúil an chéad £400 den mhaoin an fichiú cuid den luach caipitiúil agus á mheas gurb é luach bliantúil an oiread sin is fiú thar £400 de luach caipitiúil na maoine an deichiú cuid den luach caipitiúil; agus á ríomh gurb é luach seachtainiúil na maoine an caoga dóú cuid den luach bliantúil arna ríomh amhlaidh;

(c) luach aon bhuntáiste a fhaibhríonn chun an duine sin ó úsáid nó ó theachtadh maoine (seachas teach cónaithe nó foirgneamh feirme atá ar úinéireacht agus ar áitiú, nó troscán agus éifeachtaí pearsanta) a úsáideann nó a theachtann an duine sin féin;

(d) luach aon sochair nó pribhléide a theachtann an duine sin;

(e) an t-ioncam uile agus luach na maoine uile ar scar an duine sin leis go díreach nó go hindíreach le cáiliú chun liúntas leasa forlíontach a fháil.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin athrú a dhéanamh ar fhorálacha fho-alt (2).

Liúntais chomhchineáil.

[1975 LLF, a. 13]

211. —(1) Aon uair is dealraitheach do bhord sláinte gur fearr is féidir, mar gheall ar imthosca neamhghnácha, freastal do riachtanais duine trí earraí nó seirbhísí a sholáthar in ionad na híocaíochta uile, nó coda den íocaíocht, a mbeadh teideal aige chuici ar shlí eile faoin gCaibidil seo, féadfaidh an bord sláinte a chinneadh go soláthrófar na hearraí sin nó na seirbhísí sin don duine sin de réir comhshocraíochtaí a dhéanfaidh an bord.

(2) Le linn cinneadh faoin alt seo a dhéanamh chun freastal do riachtanas obann, práinneach, féadfaidh an bord sláinte fiosrú faoin acmhainn nó imthosca eile agus comhlíonadh aon rialachán a rinneadh faoin gCaibidil seo a ligean thar ceal.

(3) I ndáil le haon earraí nó seirbhísí a sholáthróidh bord sláinte de bhun fho-alt (1) den alt seo, measfar gur tagairtí do luach na n-carraí nó na seirbhísí a sholáthrófar amhlaidh na tagairtí sa Chaibidil seo do mhéid liúntais leasa fhorlíontaigh.

Cumhacht íocaíocht aonair a dhéanamh le freastal do riachtanas neamhghnách.

[1975 LLF, a. 14]

212. —Féadfaidh bord sláinte, in aon chás inar dóigh leis, ag féachaint dó d'imthosca uile an cháis, gur réasúnach sin a dhéanamh, a chinneadh go ndéanfar liúntas leasa forlíontach ina íocaíocht aonair le duine chun freastal do riachtanas neamhghnách.

Liúntas leasa forlíontach a dheonú i gcásanna práinne.

[1975 LLF, a. 15]

213. —(1) Ní choiscfidh aon ní in alt 201, 202 nó 203 liúntas leasa forlíontach a íoc i gcás práinne agus, le linn cinneadh a bheith á dhéanamh arb iníoctha liúntas de bhua an ailt seo agus cé mhéad de liúntas é nó cad é an cineál liúntais é, ní bheidh an bord sláinte faoi cheangal ag aon ní atá in ailt 206 go 210 nó in aon rialacháin faoin gCaibidil seo is míchuí, dar leis, in imthosca an cháis.

(2) I gcás ina ndéanfar, de bhun fho-alt (1), liúntas leasa forlíontach a íoc le duine a bheidh fruilithe le hobair chúititheach lánaimsire, féadfaidh bord sláinte, más deimhin leis in imthosca uile an cháis gur den chothromas sin a dhéanamh, a chinneadh go mbeidh an liúntas uile a íocadh amhlaidh, nó cuid de, inghnóthaithe ón duine lenar íocadh é.

Dliteanas cleithiúnaithe a chothabháil.

[1975 LLF, a. 16]

214. —(1) Chun críocha na Caibidle seo, agus gan dochar d'aon oibleagáidí a fhorchuirtear leis an dlí nó ar shlí eile, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) dlífidh gach fear gach duine dá chlann dlisteanach faoi 16 bliana d'aois a chothabháil;

(b) dlífidh gach bean gach duine dá clann faoi 16 bliana d'aois a chothabháil;

(c) dlífidh gach fear pósta a bhanchéile agus aon leanbh lena bhanchéile, a rugadh sular phós sí eisean agus atá faoi 16 bliana d'aois, a chothabháil; agus

(d) dlífidh gach bean phósta a fearchéile a chothabháil.

(2) Déanfar gach tagairt sa Chaibidil seo do dhuine a dhlíonn duine eile a chothabháil a fhorléiriú mar thagairt a chiallaíonn duine a dhlíonn, de bhua fho-alt (1), an duine eile sin a chothabháil.

Liúntas leasa forlíontach a ghnóthú agus ranníocaí a íoc ina leith.

[1975 LLF, a. 17]

215. —(1) I gcás ina ndeonóidh bord sláinte liúntas leasa forlíontach d'aon fhaighteoir, dlífidh gach duine a dhlífidh an faighteoir sin a chothabháil ranníoc ar feadh a chumais a íoc leis an mbord sláinte i leith aon liúntais a dheonófar amhlaidh.

(2) I gcás aon duine a dhlíonn ranníoc a íoc i leith liúntais leasa fhorlíontaigh a deonaíodh don fhaighteoir do mhainniú nó d'fhaillí an ranníoc sin a íoc, féadfaidh an bord sláinte lena mbainfidh ordú a iarraidh ar an gCúirt Dúiche á ordú don duine a dhlíonn ranníoc a dhéanamh an ranníoc sin a íoc i leith an liúntais a deonaíodh amhlaidh.

(3) Sula ndéanfaidh an bord sláinte lena mbainfidh iarratas chun na Cúirte Dúiche de bhun fho-alt (2), seirbheálfaidh sé fógra faoin iarratas ar an duine a dhlíonn ranníoc a dhéanamh.

(4) Aon uair is deimhin leis an gCúirt Dúiche an duine atá faoi dhliteanas ranníoc a dhéanamh i leith liúntas leasa forlíontach a dheonú don fhaighteoir a bheith, tráth iarratas ó bhord sláinte faoi fho-alt (2) a éisteacht, i gcumas ranníoc a íoc i leith an liúntais a deonaíodh amhlaidh, socróidh an Chúirt Dúiche méid an ranníoca a íocfaidh an duine atá faoi dhliteanas amhlaidh agus ordóidh sí an ranníoc sin a íoc leis an mbord sláinte ina chnapíocaíocht nó ina thráthchodanna seachtainiúla nó míosúla de réir mar is cuí leis an gCúirt.

(5) Ní ghnóthóidh bord sláinte trí iarratas faoi fho-alt (2) i ndáil le liúntas leasa forlíontach a deonaíodh do dhuine méid is mó ná an liúntas a deonaíodh amhlaidh mar aon le costais na n-imeachtaí nó, i gcás ranníoc a bheith íoctha de bhun an ailt seo gan aon iarratas den sórt sin, méid is mó ná an difear idir an ranníoc sin agus an liúntas a deonaíodh amhlaidh mar aon le costais na n-imeachtaí.

Socruithe adhlactha.

[1975 LLF, a. 18]

216. —(1) Féadfaidh bord sláinte socrú a dhéanamh i dtaobh aon duine de na daoine seo a leanas a adhlacadh—

(a) duine a fuair bás i limistéar feidhmiúcháin an bhord sláinte agus nach mbeidh socruithe oiriúnacha lena adhlacadh á ndéanamh ar aon slí eile,

(b) duine a báthadh agus a tháinig faoi thír ina limistéar feidhmiúcháin nó ar bás eile a bhain dó agus a fuarthas marbh sa limistéar feidhmiúcháin sin agus (i gceachtar cás) nár iarradh a chorp lena adhlacadh.

(2) Féadfaidh bord sláinte, in aon chás inar cuí leis é, corp duine a bhí cáilithe le haghaidh liúntais leasa fhorlíontaigh agus a fuair bás lasmuigh de limistéar feidhmiúcháin an bhord sláinte a thabhairt isteach sa limistéar feidhmiúcháin sin agus a adhlacadh ann.

(3) Féadfaidh bord sláinte na caiteachais go léir a íoc a tabhaíodh de riachtanas ag adhlacadh duine faoin alt seo nó ag tabhairt corp duine isteach ina limistéar feidhmiúcháin lena adhlacadh.

(4) I gcás ina dtabhóidh bord sláinte caiteachais faoin alt seo i ndáil le corp éagaigh, féadfaidh an bord sláinte sin aisíoc na gcaiteachas sin a fháil ó eastát an éagaigh sin nó ó aon duine a dhligh an t-éagach sin a chothabháil díreach roimh éag dó.

Meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas i leith liúntais leasa fhorlíontaigh.

[1975 LLF, a. 19]

217. —Déanfaidh bord sláinte meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas i leith liúntais leasa fhorlíontaigh a chur faoi bhráid an Aire i cibé foirm, cibé tráthanna agus i ndáil le cibé tréimhsí a ordóidh an tAire le toiliú an Aire Sláinte agus tabharfaidh sé, freisin, don Aire aon fhaisnéis a theastóidh uaidh i ndáil leis na meastacháin sin.

Caiteachais bhord sláinte a mhaoiniú.

[1975 LLF, a. 20; I.R. Uimh. 156 de 1977]

218. —(1) Gach údarás áitiúil ab údarás cúnaimh phoiblí díreach roimh an 1 Iúil, 1977, íocfaidh sé leis an mbord sláinte ar ina limistéar feidhmiúcháin do limistéar feidhmiúcháin an údaráis áitiúil, i leith gach bliana, suim in ionannas—

(a) le caiteachas iomlán an údaráis áitiúil sin ar chúnamh teaghlaigh sa bhliain dar chríoch an 31 Nollaig, 1975, agus

(b) le cion 40 faoin gcéad den bhreis a bheidh ag caiteachas iomlán na mbord sláinte go léir ar liúntas leasa forlíontach sa bhliain a mbeidh an íocaíocht dlite ina leith ar chaiteachas iomlán na n-údarás áitiúil go léir ar chúnamh teaghlaigh sa bhliain dar chríoch an 31 Nollaig, 1975, agus arb é an cion sin 40 faoin gcéad is iníoctha ag an údarás sin cion is ionann agus an coibhneas idir caiteachas iomlán an údaráis sin ar chúnamh teaghlaigh sa bhliain dar chríoch an 31 Nollaig, 1975, agus caiteachas iomlán na n-údarás áitiúil go léir ar chúnamh den sórt sin sa bhliain sin.

(2) Le linn méid an chaiteachais ar chúnamh teaghlaigh agus ar liúntas leasa forlíontach a chinneadh chun críocha fho-alt (1), ní áireofar costais riaracháin.

(3) An caiteachas a thabhóidh bord sláinte ag riaradh liúntais leasa fhorlíontaigh íocfaidh na húdaráis áitiúla é arbh údaráis chúnaimh phoiblí iad agus arbh i limistéar feidhmiúcháin an bhord sláinte dá limistéir fheidhmiúcháin díreach roimh an 1 Iúil, 1977.

(4) Beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag alt 32 den Acht Sláinte, 1970 , a bhaineann le comhaontú nó, cheal comhaontú, le cinneadh ar an modh a roinnfear ranníocaí idir údaráis áitiúla, maidir le híocaíochtaí faoi fho-alt (3) mar atá feidhm aige maidir le ranníocaí faoin alt sin 32.

(5) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, an modh agus na tráthanna a shonrú a n-íocfaidh údaráis áitiúla íocaíochtaí le boird sláinte faoi fho-alt (1), agus i gcás inarb iomchuí é, féadfar foráil a dhéanamh le haon rialacháin den sórt sin le haghaidh íocaíochtaí eatramhacha arna ríomh de réir meastacháin a bheidh tugtha ag bord sláinte de bhun alt 217.

(6) (a) I gcás ina mbeidh aon suim dlite do bhord sláinte de údarás áitiúil, agus iníoctha ag an údarás áitiúil sin leis an mbord sláinte sin, faoin gCaibidil seo, féadfar méid na suime sin a bhaint as aon airgead is iníoctha leis an údarás áitiúil sin as cistí arna soláthar ag an Oireachtas chun aon chríche ar bith.

(b) Déanfar gach méid a asbhainfear de bhun mhír (a) a íoc leis an mbord sláinte iomchuí agus a chreidiúnú i gcuntais an bhord sláinte sin mar íocaíocht ón údarás áitiúil iomchuí ag íoc na suime ar ina leith a asbhaineadh an méid amhlaidh.

(7) Forléireofar tagairtí do liúntas léasa forlíontach san alt seo mar thagairtí a fholaíonn tagairt do chostas adhlactha de bhun alt 216.

(8) Tabharfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontais do bhoird sláinte chun íoc as an méid dá gcaiteachas ar liúntas leasa forlíontach nach n-íoctar as ioncam faoin alt seo.

Rialacháin.

1975 LLF, a. 21]

219. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) i ndáil le haon ábhar a bhaineann le liúntas leasa forlíontach agus féadfaidh na rialacháin sin, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, aon fhorálacha de chuid, nó aon fhorálacha arna ndéanamh faoi réim, Chodanna I, II agus VIII a chur chun feidhme (modhnaithe nó gan mhodhnú), nó forálacha ar comhréir leo (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhéanamh, agus

(b) chun aon chríche a bhforáiltear rialacháin ina leith le haon cheann d'fhorálacha na Caibidle seo.

(2) Gan dochar d'aon fhoráil shonrach sa Chaibidil seo, féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha nó cibé forálacha forlíontacha a bheith in aon rialacháin faoin gCaibidil seo is dóigh leis an Aire a bheith fóirsteanach chun críocha na rialachán.

Maoin áirithe a aistriú.

[1975 LLF, a. 22]

220. —(1) An mhaoin go léir a aistrítear le halt 22 den Acht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975 , chuig bord sláinte agus a bhí, díreach roimh an 1 Iúil, 1977, i leabhar aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm údaráis chúnaimh phoiblí, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta í a aistriú, ar iarratas ón mbord sláinte, go dtí ainm an bhord sláinte.

(2) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt sin 22 chuig bord sláinte, féadfaidh an bord sláinte agairt ina leith, é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina ainm féin agus ní gá don bhord fógra faoin aistriú a dhéantar leis an alt sin a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean.

(3) Gach banna, ráthaíocht, nó urrús eile de ghné leanúnach a thug údarás cúnaimh phoiblí de bhun a fheidhmeanna faoi Acht 1939 do dhuine eile, nó a thug aon duine d'údarás cúnaimh phoiblí i ndáil leis na feidhmeanna sin, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an 1 Iúil, 1977, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn in ndáil leis na feidhmeanna sin a rinneadh idir údarás cúnaimh phoiblí agus duine eile agus nach raibh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán roimh an dáta sin forléireofar é nó í, agus beidh éifeacht leis nó léi ionann is dá ndéanfaí ainm an bhord sláinte ar ina limistéar feidhmiúcháin do limistéar feidhmiúcháin an údaráis c phoiblí a chur sa chéanna in ionad ainm an údaráis chúnaimh phoiblí, agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú infhorghníomhaithe dá réir sin ag an mbord sláinte nó ina aghaidh.

Oifigigh áirithe a aistriú agus conarthaí a bheith infhorghníomhaithe.

[1975 LLF, a. 23]

221. —(1) Cuirfear faoi bhráid an Aire aon cheist a éireoidh i dtaobh oifigeach áirithe nó oifigigh d'aicme áirithe údaráis chúnaimh phoiblí a bheith aistrithe chuig bord sláinte de bhun alt 23 den Acht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975 agus déanfaidh seisean cinneadh uirthi tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte nó leis an Aire Comhshaoil, cibé acu is iomchuí, agus, má chinntear gur aistríodh amhlaidh aon oifigeach den sórt sin, ansin, chun críche aon achtacháin a bhaineann le haoisliúntais, measfar nár cuireadh a oifig faoin údarás cúnaimh phoiblí ar ceal.

(2) Gach conradh seirbhíse, sainráite nó intuigthe—

(a) a rinneadh idir údarás cúnaimh phoiblí agus aon duine nárbh oifigeach don údarás sin ach ba dhuine a bhí le haistriú chuig bord sláinte de bhun an ailt sin 23, agus

(b) a coimeádadh i bhfeidhm le fo-alt (6) den alt sin agus atá i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo,

leanfaidh sé i bhfeidhm agus leanfar dá fhorléiriú agus d'éifeacht a bheith leis ionann is dá gcuirfí an bord sláinte ann in ionad an údaráis chúnaimh phoiblí, agus beidh gach conradh den sórt sin infhorghníomhaithe dá réir sin ag an mbord sláinte nó ina aghaidh.

(3) Cuirfear faoi bhráid an Aire aon cheist i ndáil le fo-alt (2) i dtaobh ar dhuine nó daoine a bheadh le haistriú de bhun an ailt sin 23 duine áirithe nó daoine d'aicme áirithe, agus déanfaidh seisean cinneadh uirthi tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte nó leis an Aire Comhshaoil, cibé acu is iomchuí.

Forálacha idirlinne.

[1975 LLF, a. 25]

222. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, aon oiriúnú nó modhnú a dhéanamh maidir le haon reacht, ordú nó rialachán a bhí i bhfeidhm an 1 Iúil, 1977, agus a bhaineann le haon ábhar nó ní lena mbaineann an Chaibidil seo nó dá ndéanann an Chaibidil seo difear, is oiriúnú nó modhnú is dóigh leis is gá le go bhféadfaidh an reacht, an t-ordú nó an rialachán sin éifeacht a bheith leis i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

(2) Aon imeachtaí chun suim a ghnóthú a d'fhéadfadh údarás cúnaimh phoiblí a thionscnamh dá mba nár ritheadh an tAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975 , féadfaidh an bord sláinte ar ina limistéar feidhmiúcháin do limistéar feidhmiúcháin an údaráis chúnaimh phoiblí díreach roimh an 1 Iúil, 1977, iad a thionscnamh.

(3) Féadfaidh bord sláinte aon imeachtaí a thionscnamh agus a shaothrú chun ordú faoi alt 29 d'Acht 1939 ag ordú airgead a íoc is iníoctha leis an mbord sláinte de bhua alt 220 a chur i ngníomh, a athrú nó a chúlghairm.