|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 6 Liúntas Leasa Forlíontach) | Ar Aghaidh (CUID V Árachas Breac-Dhífhostaíochta) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV Liúntais Leanaí | |
[EN] |
Leanbh cáilithe. [1946 LL, a. 4; 1973, a. 6] [1965 FI, a. 17] |
223. —(1) Is leanbh cáilithe (dá ngairtear leanbh cáilithe sa Chuid seo) chun críocha liúntas leanaí leanbh más rud é— |
[EN] | (a) go bhfuil sé faoi bhun 16 bliana d'aois, nó | |
[EN] | (b) ar 16 bliana d'aois a bheith slánaithe aige go bhfuil sé faoi bhun 18 mbliana d'aois agus— | |
[EN] | (i) go bhfuil sé ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais, nó | |
[EN] | (ii) gur printíseach é, nó | |
[EN] | (iii) go bhfuil sé éagumasach, de dheasca éiglíocht coirp nó meabhrach, ar é féin a chothú agus gur dócha go mbeidh sé faoi éagumas amhlaidh go ceann i bhfad, agus | |
[EN] | (c) go bhfuil gnáthchónaí air sa Stát, agus | |
[EN] | (d) nach bhfuil sé ar coinneáil i scoil cheartúcháin ná i scoil saothair ná faoi phríosúnacht ná faoi choinneáil i gcoimeád dleathach. | |
[EN] | (2) D'ainneoin fho-alt (1), is leanbh cáilithe chun críocha na Coda seo leanbh a chónaíonn lena athair le linn an t-athair (agus é ina chomhalta d'Óglaigh na hÉireann nó de státseirbhís an Rialtais nó an Stáit) a bheith lasmuigh den Stát i seirbhís an Rialtais, an Stáit nó eagraíochta idirnáisiúnta. | |
[EN] |
Daoine cáilithe. [1946 LL, a. 5; 1963 FI, a. 5] [1974 (Uimh. 1), a. 8] [1946 LL, a. 5] [1974 (Uimh. 1), a.9; I.R. Uimh. 196 de 1974] |
224. —(1) Duine a mbeidh leanbh cáilithe ina chónaí go rialta leis beidh sé cáilithe chun liúntais leanaí i leith an linbh sin agus duine cáilithe a ghairtear de sa Chuid seo. |
[EN] | (2) Chun críche fho-alt (1)— | |
[EN] | (a) féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh chun a chinneadh cé leis a measfar leanbh cáilithe a bheith ina chónaí go rialta, | |
[EN] | (b) ní mheasfar leanbh cáilithe a bheith ina chónaí go rialta le níos mó ná duine amháin, agus | |
[EN] | (c) i gcás leanbh cáilithe a bheith ina chónaí i bhforas agus go ndéantar ranníocaí i leith chostas a chothabhála san fhoras sin, measfar é a bheith ina chónaí go rialta leis an duine a gcinnfí de réir na rialacha faoi mhír (a) é a bheith ina chónaí go rialta leis murach é a bheith ina chónaí i bhforas ach, i gcás an leanbh a bheith tréigthe nó fágtha ag an duine a measfaí amhlaidh é a bheith ina chónaí go rialta leis, measfar an leanbh a bheith ina chónaí go rialta le ceann an teaghlaigh ar chomhalta de é de ghnáth murach é a bheith ina chónaí i bhforas. | |
[EN] | (3) Rialacha a dhéanfar faoi fho-alt (2) leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacha a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialacha beidh na rialacha ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacha. | |
[EN] | (4) I gcás máthair nó leasmháthair linbh cháilithe a bheith ag fáil liúntas leanaí i leith an linbh sin díreach roimh an 3 Iúil, 1974, ar í a bheith ainmnithe de réir rialacháin faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1973, chun an liúntas a fháil, measfar, ar í a theacht chun bheith ina duine cáilithe i leith an linbh sin, go ndearna sí an t-éileamh ar an liúntas sin. | |
[EN] | (5) I gcás, díreach roimh an 3 Iúil, 1974, nach ndearna duine a bhí cáilithe chun liúntas leanaí a fháil i leith linbh cháilithe máthair nó leasmháthair an linbh a ainmniú amhlaidh chun an liúntas a fháil, measfar an duine sin, má scoireann sé de bheith ina dhuine cáilithe ag an dáta sin, a bheith ainmnithe amhlaidh ag an duine cáilithe chun an liúntas a fháil mura roghnóidh agus go dtí go roghnóidh an duine cáilithe a mhalairt. | |
[EN] |
Méideanna liúntais leanaí. [1946 LL, a. 6; 1980, a. 24] [1965 FI, a. 18] [1969 FI, a. 8; 1980, a. 25] |
225. —(1) Faoi réir na Coda seo agus na rialachán fúithi, aon duine atá cáilithe le haghaidh liúntais leanaí, íocfar leis, fad a bheidh sé cáilithe amhlaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, liúntas míosúil arb é a bheidh ann an méid atá leagtha amach i gcolún (1) de Chuid IV den Cheathrú Sceideal i leith leanbh cáilithe amháin, agus, ina theannta sin, an méid atá leagtha amach i gcolún (2) den Chuid sin i leith gach leanbh cáilithe (más ann) de bhreis ar dhuine amháin. |
[EN] | (2) D'ainneoin aon ní sa Chuid seo, is é an liúntas míosúil is iníoctha le duine cáilithe i leith leanbh cáilithe a saolaíodh in ilbhreith triúr leanbh nó níos mó a bhfanfaidh triúr ar a laghad díobh cáilithe ná dúbailt an liúntais a bheadh iníoctha dá mba nár achtaíodh an fo-alt seo. | |
[EN] | (3) Aon duine a bheidh cáilithe le haghaidh liúntais leanaí faoin gCuid seo, íocfar leis, faoi réir na Coda seo agus na rialachán fúithi, liúntais leanaí mar dheontas i leith triúr leanbh cháilithe nó níos mó ar saolaíodh gach duine acu san ilbhreith chéanna agus £300 méid an deontais más triúr an líon leanaí cáilithe agus £400 más mó ná triúr an líon. | |
[EN] | (4) Tiocfaidh deontas faoi fho-alt (3) chun bheith iníoctha ar dháta breithe an linbh is déanaí a rugadh de leanaí cáilithe na hilbhreithe. | |
[EN] | (5) Aon deontas a íocfar faoi fho-alt (3) íocfar é i dteannta aon liúntas leanaí is iníoctha mar liúntas míosúil faoin gCuid seo i leith na leanaí iomchuí. | |
[EN] |
Teorainn ama le haghaidh íocaíochta. [1944 LL, a. 18; 1952 LL, a. 6] |
226. —Ní íocfar suim ar cuntas liúntais leanaí mura bhfaighfear íoc na suime laistigh de 3 mhí (nó, más cuí leis an Aire, 6 mhí) tar éis an dáta a thiocfaidh sí chun bheith iníoctha. |
[EN] |
Ceapadh agus dualgais oifigeach leasa shóisialaigh. [1944 LL, a.5, 6; 1960 FI, a. 24] |
227. —(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí, cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh leasa shóisialaigh chun críocha na Coda seo. |
[EN] | (2) Déanfaidh gach oifigeach den sórt sin imscrúdú agus tabharfaidh sé tuarascáil don Aire i dtaobh aon éilimh ar liúntas leanaí nó i leith liúntais leanaí agus i dtaobh aon cheist maidir le liúntas leanaí nó i ndáil le liúntas leanaí a tharchuirfidh an tAire chuige, agus féadfaidh sé, chun críche an imscrúdaithe agus na tuarascála sin, a cheangal ar aon éilitheoir ar liúntas leanaí nó ar aon duine ar faoina chúram atá leanbh a mbeidh an t-éileamh bunaithe ina leith, cibé faisnéis a thabhairt dó agus cibé doiciméid a bhaineann leis an éileamh a theastóidh uaidh le réasún a thabhairt ar aird dó lena n-iniúchadh. | |
[EN] | (3) Má mhainníonn duine, is éilitheoir ar liúntas leanaí nó is duine ar faoina chúram atá leanbh a mbeidh an t-éileamh bunaithe ina leith, cibé faisnéis a thabhairt d'oifigeach leasa shóisialaigh a cheanglaítear air a thabhairt dó leis an alt seo nó cibé doiciméid a thabhairt ar aird d'oifigeach leasa shóisialaigh a cheanglaítear air a thabhairt ar aird dó leis an alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £5 a chur air. | |
[EN] |
Liúntas leanaí a eisiamh chun críocha aoisliúntas nó pinsean. [1944 LL, a. 15] |
228. —Ní dhéanfar ioncam as liúntas leanaí a áireamh chun críche aon fhorálacha laghdaithe in aon achtachán a bhaineann le haoisliúntais nó le pinsin. |
[EN] |
Liúntais leanaí a ró-íocadh a aisíoc. [1944 LL, a. 11; 1946 LL, a. 12] |
229. —(1) Má fhaightear amach tráth ar bith go raibh duine ag fáil liúntais leanaí nach raibh teideal aige chuige, nó go raibh sé ag fáil liúntais leanaí de réir ráta is airde ná an ráta ab iomchuí don chás, ansin, dlífear de nó, i gcás é a bheith marbh, dlífear dá ionadaí pearsanta, aon suimeanna a íocadh leis an duine sin i leith an liúntais leanaí nó, de réir mar a bheidh, suim arb é a bheidh inti an difríocht idir liúntas leanaí de réir an ráta a íocadh iarbhír agus liúntas leanaí de réir an ráta is iomchuí don chás, a íoc leis an Aire ar é á iarraidh sin. |
[EN] | (2) Aon suim is iníoctha ag duine leis an Aire faoin alt seo is fiach é a bheidh dlite den duine sin don Aire agus féadfaidh an tAire é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla nó trína bhaint as aon íocaíocht nó íocaíochtaí ar cuntas liúntais leanaí a mbeidh teideal aige chuici ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (3) Gach suim a aisíocfar, nó a ghnóthóidh an tAire, faoin alt seo, íocfar isteach sa Státchiste í nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste í i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm ag an alt seo, fara na modhnuithe is gá, i gcás duine a n-íocfar liúntas leanaí leis faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo nó faoi rialacháin fúthu, agus nach é an duine é dá ndeonófar an liúntas leanaí sin. | |
[EN] |
Íocaíochtaí le daoine ceaptha agus duine a bheith as láthair ón Stát. [1946 LL, a. 6; I.R. Uimh. 143 de 1973] |
230. —(1) Féadfaidh an tAire, má dhealraítear dó gur cóir sin sna himthosca, duine a cheapadh chun glacadh agus déileáil le liúntas leanaí thar ceann iarratasóra. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, ceapachán a dhéanfar faoi fho-alt (1) a chúlghairm agus féadfaidh aon duine a cheapfar faoin bhfo-alt sin éirí as ach fógra míosa a thabhairt don Aire go bhfuil beartaithe aige sin a dhéanamh. | |
[EN] | (3) Féadfaidh duine, a cheapfar faoi fho-alt (1) glacadh agus déileáil, thar ceann an iarratasóra, le liúntas leanaí agus is urscaoileadh maith don Aire admháil an duine sin ar aon suimeanna a íocadh leis thar ceann an iarratasóra. | |
[EN] | (4) I gcás duine cáilithe a bheith, de thuras na huaire, as láthair ón Stát, féadfar iarratas thar a cheann i leith liúntais leanaí a ghlacadh ó cibé duine is cuí leis an Aire. | |
[EN] | (5) Is sa Stát amháin a íocfar liúntas leanaí. | |
[EN] |
Pionós mar gheall ar ráitis bhréagacha. [1944 LL, a. 12; 1946 LL, a. 12; 1976 (Uimh. 2), a.9, 10, 11] [1976 (Uimh. 2), a.5] [1976 (Uimh. 2), a.12] |
231. —(1) Gach duine— |
[EN] | (a) a dhéanfaidh, go feasach, aon ráiteas nó uiríoll (scríofa nó ó bhéal) is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, nó a cheilfidh go feasach aon fhíoras a bhaineann le hábhar, chun liúntas leanaí a fháil nó a choimeád i bhfeidhm dó féin nó d'aon duine eile, nó chun liúntas leanaí a fháil nó a choimeád i bhfeidhm dó féin nó d'aon duine eile de réir ráta is airde ná an ráta is iomchuí don chás, nó | |
[EN] | (b) a gheobhaidh, go feasach, íocaíocht liúntais leanaí, nó a leanfaidh de bheith á fháil, gan teideal aige chuige, nó | |
[EN] | (c) a gheobhaidh nó a ghlacfaidh go feasach aon íocaíocht ar cuntas liúntais leanaí nach bhfuil iníoctha leis ar aon chúis ar bith, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear— | |
[EN] | (i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó | |
[EN] | (ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air. | |
[EN] | (2) Duine a chiontófar i gcion faoi fho-alt (1) beidh sé dícháilithe chun an liúntas leanaí, ar ina leith a rinneadh an cion, a fháil go ceann tréimhse 6 mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe. Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le cionta a rinneadh roimh an 12 Iúil, 1976. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag fo-alt (1), fara na modhnuithe is gá, i gcás duine a n-íocfar liúntas leanaí leis faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo nó faoi rialacháin fúthu agus nach é an duine é dá ndeonófar an liúntas leanaí. | |
[EN] | (4) Má tharlaíonn in ionchúiseamh i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, na Coda seo, go suífear chun sástacht na cúirte— | |
[EN] | (a) go bhfuil iarratas déanta ag duine (dá ngairtear an cosantóir san alt seo) ar liúntas leanaí, agus | |
[EN] | (b) go ndearnadh de thoradh an iarratais sin liúntas a íoc le haon duine (cibé acu arbh é an liúntas sin a iarradh nó nárbh é agus cibé acu ar leis an gcosantóir a íocadh é nó nár leis), | |
[EN] | toimhdeofar gur thug an cosantóir aon fhaisnéis a bheidh san iarratas (nó gur chuir sé faoi deara í a thabhairt thar a cheann) agus, i gcás inar faisnéis bhréagach an fhaisnéis sin, gurb eol dó go hiomlán gurbh fhaisnéis bhréagach í agus gur thug sé í le hintinn go meabhlódh sí; ach féadfar an toimhde sin a fhrisnéis. | |
[EN] | (5) D'ainneoin aon fhoráil in aon Acht a shonraíonn an tréimhse inar féidir imeachtaí a thionscnamh, féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, na Coda seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in éag— | |
[EN] | (a) an tréimhse trí mhí dar tosach an dáta a ndeimhneofar i scríbhinn arna séalú le séala oifigiúil an Aire gur tháinig fianaise ar dheis nó i seilbh an Aire ba leor le gur cheart an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó | |
[EN] | (b) an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion. | |
[EN] | (6) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin gCuid seo i dtaobh cionta is sárú nó neamhchomhlíonadh ar na rialacháin sin agus i dtaobh fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a ghearradh, de rogha na cúirte, i gcás ciontú go hachomair i gcionta den sórt sin. | |
[EN] |
Rialacháin. [1944 LL, a.20] [1952 LL, a.6] [1946 LL, a. 12] [1944 LL, a. 20] [1952 LL, a. 5] |
232. —(1) Féadfaidh an tAire— |
[EN] | (a) an modh agus na tráthanna a n-íocfar liúntais leanaí a fhorordú; | |
[EN] | (b) an nós imeachta a fhorordú a bheidh le leanúint i gcás tarchur (a bhaineann le liúntais leanaí) faoi alt 298 agus an nós imeachta chun aon cheann d'fhorálacha an Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1856, a chur i bhfeidhm chun críocha aon tarchuir den sórt sin agus chun feidhmiú aon cheann d'fhorálacha eile an Achta sin a eisiamh; | |
[EN] | (c) rialacháin a dhéanamh chun go bhféadfaidh duine a bhfuil liúntas leanaí iníoctha leis duine eile a ainmniú chun an liúntas sin a fháil thar ceann an duine chéadluaite; | |
[EN] | (d) rialacháin a dhéanamh lena n-údarófar, i cibé cásanna a shonrófar, aon suim a íoc mar liúntas leanaí le linn aon tréimhse idir an tráth a ndéanfar aon éileamh nó a dtarchuirfear aon cheist agus an tráth a gcinnfear an t-éileamh nó an cheist go críochnaitheach; | |
[EN] | (e) rialacháin a dhéanamh lena bhforálfar, d'ainneoin aon ní in alt 226— | |
[EN] | (i) i gcás duine a bhí ag fáil liúntais leanaí d'fháil bháis, go bhféadfar aon suim a íoc a tháinig chun bheith iníoctha laistigh de 3 mhí (nó, más cuí leis an Aire, 6 mhí) roimh dháta a bháis ar cuntas an liúntais leanaí, ach nár íocadh, agus | |
[EN] | (ii) i gcás duine a bhí cáilithe chun liúntais leanaí d'fháil bháis, go bhféadfar aon suim a íoc a thiocfadh, dá mba rud é gur lamháladh éileamh ar an liúntas leanaí díreach roimh a bhás, chun bheith iníoctha ar cuntas an liúntais leanaí amach go dtí dáta a bháis; | |
[EN] | (f) rialacháin a dhéanamh lena bhforálfar go bhféadfar, faoi réir na rialachán, probháid nó cruthúnas eile ar theideal ionadaithe pearsanta an duine éagtha a ligean thar ceal i gcás aon suim den sórt sin atá luaite i mír (e), agus go bhféadfar aon suim den sórt sin a íoc leis na daoine nó a dháileadh ar na daoine a dhealraíonn, amhail mar a fhoráiltear leis na rialacháin a bheith i dteideal an tsuim sin nó aon chuid di a fháil, mar dhaoine a bhfuil teideal tairbhiúil acu chuici faoi aon ionstraim thiomnach nó mar neasghaolta, nó mar chreidiúnaithe an duine éagtha, nó a íoc le haon duine nó daoine áirithe nó a dháileadh ar aon daoine áirithe d'eisiamh na coda eile, nó, i gcás aon neamhdhlisteanacht a bheith ag baint leis an duine éagtha nó le haon leanbh leis, í a íoc le cibé duine nó daoine nó a dháileadh ar cibé daoine a ordófar leis na rialacháin; | |
[EN] | (g) an modh a fhorordú ina ndéanfar éilimh ar liúntais leanaí; | |
[EN] | (h) na dátaí a fhorordú ar a dtosóidh liúntaís leanaí, mar a deonaíodh ar dtús iad, ag faibhriú; | |
[EN] | (i) na dátaí a fhorordú ar a mbeidh éifeacht, d'ainneoin aon ní in alt 300, le liúntais leanaí, arna n-athchóiriú ó am go ham mar gheall ar athruithe sna himthosca; | |
[EN] | (j) rialacháin a dhéanamh chun aon cheann d'fhorálacha ailt 111, 112, 113, 128, 295, 296, 297, 298, 299 agus 300 nó d'fhorálacha arna ndéanamh faoi na hailt sin a chur chun feidhme maidir le liúntais leanaí, cibé acu is feidhm mhodhnaithe nó feidhm gan mhodhnú an fheidhm sin agus cibé acu a dtarlaíonn di bheith i dteannta nó in ionad aon fhorálacha den Chuid seo nó de Chuid VIII. | |
[EN] | (2) Is le toiliú an Aire Poist agus Telegrafa a dhéanfar rialacháin faoin alt seo á fhoráil liúntais leanaí a íoc trí Oifig an Phoist. |