An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Árachas Breac-Dhífhostaíochta) Ar Aghaidh (CAIBIDIL 2 Béilí (Seachas Béilí i Scoileanna Náisiúnta))

1 1981

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981

CUID VI

Scéimeanna Béilí Scoile agus Breosla

CAIBIDIL I

Béilí Scoile (Scoileanna Náisiúnta)

Léiriú.

[1914 PM, a. 5; 1930 BS, a. 1, 2]

[1914 PM, a. 5]

273. —Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “údarás áitiúil” aon chomhlacht—

(a) is bardas contaebhuirge,

(b) is bardas buirge seachas contaebhuirg,

(c) is comhairle cheantair uirbigh, nó

(d) is coimisinéirí baile;

folaíonn “leanbh” aon leanbh atá ag freastal ar scoil náisiúnta

Cumhacht údaráis áitiúil chun béilí a sholáthar.

[1914 PM, a. 1]

[1975, a. 18]

274. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil cibé bearta a dhéanamh is cuí leis chun béilí a sholáthar do leanaí atá ag freastal ar aon scoil náisiúnta ina limistéar, agus chun na críche sin—

(a) féadfaidh sé comhthú le haon choiste a mbeidh ionadaíocht ag an údarás áitiúil air agus a thabharfaidh faoi bhia a sholáthar do na leanaí sin (dá ngairtear “coiste béilí scoile” sa Chaibidil seo), agus

(b) féadfaidh sé cabhrú leis an gcoiste sin trí cibé foirgneamh, troscán agus gaireas a chur ar fáil maille le cibé oifigigh agus seirbhísigh is gá chun na béilí sin a eagrú, a ullmhú agus a sheirbheáil;

ach ní thabhóidh an t-údarás áitiúil aon chaiteachas ag ceannach bia a sholáthrófar sna béilí sin, ach amháin mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo.

(2) I gcás inar deimhin le húdarás áitiúil maidir le cuid nach lú ná a leath de na leanaí atá ag freastal ar scoil náisiúnta atá lasmuigh de limistéar feidhmiúcháin an údaráis gur sa limistéar sin, nó lasmuigh den limistéar sin i dteaghaisí leis an údarás nó a sholáthair an t-údarás, a chónaíonn siad, féadfaidh an t-údarás áitiúil a chinneadh go mbeidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis an scoil náisiúnta sin ionann is dá mba i limistéar feidhmiúcháin an údaráis di.

(3) Féadfaidh údarás áitiúil cinneadh faoi fho-alt (2) a chúlghairm.

(4) Is feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, agus chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí contaebhuirgí, cinneadh a dhéanamh nó a chúlghairm faoi fho-alt (2).

Costas béilí a ghnóthú.

[1914 PM, a. 2]

275. —(1) Muirearófar ar thuismitheoir gach linbh i leith gach béile a thabharfar don leanbh sin faoin gCaibidil seo cibé méid a chinnfidh an t-údarás áitiúil agus, i gcás nach ndéanfaidh an tuismitheoir an íocaíocht, beidh de dhualgas ar an údarás, mura deimhin leis nach bhfuil an tuismitheoir ábalta, mar gheall ar a dheis seachas a fhaillí féin, an méid a íoc, é a chur de cheangal ar an tuismitheoir sin an méid sin a íoc, agus féadfar aon suim den sórt sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(2) Íocfaidh an t-údarás áitiúil leis an gcoiste béilí scoile cibé méid d'aon airgead a íocfaidh aon tuismitheoir leis nó a ghnóthófar ó aon tuismitheoir agus a gcinnfidh an t-údarás ina leith gurb ionann é agus costas an bhia a bheidh tugtha ag an gcoiste do leanbh an tuismitheora sin, lúide asbhaint réasúnach i leith na gcaiteachas a ghabhfaidh leis an airgead sin a ghnóthú.

Cumhacht údaráis áitiúil costas bia a íoc i gcásanna áirithe.

[1914 PM, a. 3; 1957 FI, a. 3]

[1917 PM, a. 1; 1957 FI, a. 3]

[R. & O.R. Uimh. 329 de 1947]

276. —(1) I gcás ina gcinnfidh údarás áitiúil nach bhfuil ar chumas aon duine de na leanaí atá ag freastal ar scoil náisiúnta ina limistéar, cheal bia, leas iomlán a bhaint as an oideachas a sholáthraítear dóibh, agus gur dearbh leis nach bhfuil cistí seachas cistí poiblí ar fáil nó gur neamhdhóthanach a méid chun íoc as an gcostas bia a thabharfar faoin gCaibidil seo, féadfaidh sé a iarraidh ar an Aire, agus féadfaidh seisean, d'ainneoin aon ní in alt 274 (1) nó 275, a údarú dó béilí a sholáthar saor in aisce, nó an t-iomlán nó cuid den chostas a ghlanadh chun béilí a sholáthar saor in aisce, do na leanaí sin atá ag freastal ar an scoil sin.

(2) Féadfar a údarú d'údarás áitiúil cibé suimeanna is gá chun íoc as an gcaiteachas a thabhófar de bhun údaraithe faoi fho-alt (1) a chaitheamh as na rátaí.

(3) I gcás ina ndéanfaidh údarás áitiúil in aon limistéar aon suimeanna a chaitheamh as na rátaí i leith caiteachas a thabhófar de bhun údaraithe faoi fho-alt (1), déanfar méid nach mó ná leath na suimeanna a chaithfear amhlaidh a íoc leis an údarás áitiúil as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, faoi réir rialacháin a bheidh le déanamh ag an Aire chun a áirithiú gur leordhóthanach na socraíochtaí i leith béilí a sholáthar agus go gcuirfear i gcrích go héifeachtúil iad.

Béilí a sholáthar ar laethanta nach mbíonn scoil ann.

[1917 PM, a. 1]

277. —Beidh cumhachtaí údaráis áitiúil faoin gCaibidil seo infheidhmithe i leith leanaí atá ag freastal ar scoil náisiúnta ina limistéar ar laethanta a mbíonn scoil ann agus ar laethanta eile.

Múinteoirí a eisceadh ó dhualgais.

[1914 PM, a. 6]

278. —Ní cheanglófar ar mhúinteoir a bheidh fostaithe i scoil náisiúnta, mar chuid dá dhualgais, maoirseacht a dhéanamh nó cabhair a thabhairt, nó staonadh ó mhaoirseacht a dhéanamh nó ó chabhair a thabhairt, maidir le béilí a sholáthar, nó maidir le costas na mbéilí sin a bhailiú.