|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) | Ar Aghaidh (CAIBIDIL 2 Sochar Míchumais) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981
[EN] | ||
[EN] |
CUID II ÁRACHAS SÓISIALACH | |
[EN] |
Caibidil 1 Daoine Árachaithe, Ranníocaí agus Sochair | |
Daoine Árachaithe | ||
[EN] |
Daoine árachaithe. [1952, a.4] [1978 L, a.13] |
5. —(1) Faoi réir an Achta seo— |
[EN] | (a) is ranníocóir fostaithe, faoi réir alt 65 (1), chun críocha an Achta seo, gach duine os cionn 16 bliana d'aois agus faoi bhun aoise inphinsin a bheidh fostaithe in aon cheann de na fostaíochtaí a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal, ach nach fostaíocht a shonraítear i gCuid II den Sceideal sin, agus | |
[EN] | (b) gach duine a thiocfaidh chun bheith ina ranníocóir fostaithe den chéad uair, beidh sé dá chionn sin, árachaithe faoin Acht seo agus leanfaidh sé dá éis sin ar feadh a shaoil de bheith árachaithe amhlaidh. | |
[EN] | (2) Faoi réir an Achta seo, má scoireann duine de bheith ina ranníocóir fostaithe ar shlí seachas trí aois inphinsin a shlánú agus go mbeidh ranníocaí cáilitheacha aige i leith 156 sheachtain ranníoca ar a laghad, beidh sé, ar iarratas a dhéanamh sa tslí fhorordaithe agus laistigh den tréimhse fhorordaithe, i dteideal a bheith ina dhuine árachaithe ag íoc ranníocaí faoin Acht seo go saorálach (dá ngairtear ranníocóir saorálach san Acht seo). | |
[EN] | (3) Má thagann ranníocóir saorálach chun bheith ina ranníocóir fostaithe, scoirfidh sé de bheith ina ranníocóir saorálach ach amháin a mhéid a fhoráiltear in alt 11 (2). | |
[EN] | (4) Féadfar a fhoráil le rialacháin go n-áireofar mar ranníocóirí fostaithe daoine a bheidh fostaithe in aon cheann de na fostaíochtaí a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal. | |
[EN] | (5) Féadfar a fhoráil le rialacháin— | |
[EN] | (a) go ndéanfar fostaíochtaí áirithe nó aon aicmí fostaíochta a eisiamh ó na fostaíochtaí a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal, nó | |
[EN] | (b) go gcuirfear leis na fostaíochtaí a shonraítear amhlaidh fostaíochtaí áirithe nó aon aicmí fostaíochta, | |
[EN] | agus, más dóigh leis an Aire gurb iomchuí aon mhodhnuithe a dhéanamh ar an Acht seo ag féachaint chun na críche dá ndéantar na rialacháin, féadfaidh na rialacháin na modhnuithe sin a dhéanamh. | |
[EN] | (6) Má bheartaítear rialacháin a dhéanamh chun críocha fho-alt (4) nó (5), leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta. | |
[EN] |
Duine ar fostú ag níos mó ná fostóir amháin. [1978 L, a.7] |
6. —Féadfar le rialacháin— |
[EN] | (a) foráil a dhéanamh do chinneadh dliteanais chun ranníocaí fostaíochta a íoc i gcás duine a oibríonn faoi rialú nó faoi bhainistí ghinearálta duine nach é a neasfhostóir é, agus | |
[EN] | (b) na dálaí a chinneadh ina measfar, chun críocha alt 10 (1) (d), duine a bheith fostaithe ag dhá fhostóir nó níos mó i gcomhthráth. | |
[EN] |
Árachas modhnaithe. [1952, a.12; 1974 (Uimh. 3), a.3] [1956 L, a.3] |
7. —(1) Féadfar le rialacháin forálacha na Coda seo a mhodhnú maidir lena bhfeidhm i gcás— |
[EN] | (a) daoine ar fostú in aon cheann de na fostaíochtaí a shonraítear i míreanna 2, 3, 4, 5, 6, 7, 11 agus 12 de Chuid I den Chéad Sceideal, nó | |
[EN] | (b) daoine ar fostú i ngnóthas iompair reachtúil, nó | |
[EN] | (c) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i scoileanna cuimsitheacha a bhunaigh an tAire Oideachais, nó | |
[EN] | (d) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i scoileanna náisiúnta faoi na Rialacha agus na Rialacháin do Scoileanna Náisiúnta, nó | |
[EN] | (e) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i gcoláistí oiliúna atá aitheanta ag an Aire Oideachais le haghaidh múinteoirí i scoileanna náisiúnta, nó | |
[EN] | (f) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i meánscoileanna atá aitheanta ag an Aire Oideachais faoi na Rialacha agus an Clár do Mheán-Scoileanna, nó | |
[EN] | (g) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i gcoláistí oiliúna tís atá aitheanta ag an Aire Oideachais, nó | |
[EN] | (h) daoine ar fostú mar chomhaltaí de Sheirbhís Altranais an Airm, nó | |
[EN] | (i) daoine ar fostú in ospidéil shaorálacha lena n-íoctar deontais as Ciste Iontaobhais na nOspidéal do shlánú easnamh ioncaim, nó | |
[EN] | (j) daoine ar fostú ag eagrais shaorálacha a sholáthraíonn seirbhísí altranais áitiúla. | |
[EN] | (2) D'ainneoin alt 9 (1) agus alt 10, féadfar le rialacháin chun críocha an ailt seo foráil a dhéanamh maidir le ranníocaí fostaíochta nach bhfuil iontu ach ranníocaí fostóirí agus, a fhad a bheidh rialacháin i bhfeidhm a fhorálfaidh amhlaidh, beidh na hailt sin arna modhnú dá réir sin. | |
[EN] | (3) Féadfar le rialacháin chun críocha an ailt seo forálacha na Coda seo a mhodhnú i slite éagsúla maidir le fir agus le mná a fhostaítear san fhostaíocht chéanna. | |
[EN] | (4) Is forálacha gan dochar do ghinearáltacht aon fhorála eile den Chuid seo i dtaobh rialachán forálacha an ailt seo. | |
[EN] |
Fostaíocht lasmuigh den Stát. [1952, a.13] |
8. —(1) Féadfar le rialacháin forálacha na Coda seo agus an Chéad Sceidil a mhodhnú maidir lena bhfeidhm i gcás daoine atá nó a bhí lasmuigh den Stát le linn dóibh a bheith árachaithe faoin gCuid seo. |
[EN] | (2) Ar na modhnuithe a fhéadfar a dhéanamh le rialacháin chun críocha fho-alt (1), áireofar, go háirithe, na focail “sa Stát” a scriosadh i mír 1 de Chuid I den Chéad Sceideal. | |
[EN] | (3) Is forálacha gan dochar do ghinearáltacht aon fhorála eile den Chuid seo i dtaobh rialachán forálacha an ailt seo. | |
[EN] | Ranníocaí | |
[EN] |
Foinsí airgid le haghaidh sochar. [1952, a.5] [1952, a.6(3)] |
9. —(1) Chun airgead a sholáthar le caiteachas ar shochar a íoc agus chun aon íocaíochtaí eile a dhéanamh a bheidh le déanamh, faoin Acht seo, as an gCiste Árachais Shóisialaigh, déanfar— |
[EN] | (a) ranníocaí (dá ngairtear ranníocaí fostaíochta san Acht seo) i leith ranníocóirí fostaithe, arb é a bheidh i ngach ranníoc acu, faoi réir alt 10(7) agus alt 65 (2), ranníoc ón ranníocóir fostaithe agus ranníoc (dá ngairtear ranníoc fostóra san Acht seo) ó fhostóir an ranníocóra fhostaithe, | |
[EN] | (b) ranníocaí i leith ranníocóirí saorálacha, agus | |
[EN] | (c) íocaíochtaí as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
[EN] | (2) Déanfar ranníocaí fostaíochta agus ranníocaí saorálacha a íoc isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh. | |
[EN] |
Ranníocaí fostaíochta. [1952, a.6; 1978 L, a.5(1); 1980, a.26] [1978 L, a. 5 (5)] [1978 L, a.5(6)] |
10. —(1) (a) Déanfaidh ranníocóirí fostaithe agus a bhfostóirí ranníocaí fostaíochta a íoc de réir an ailt seo. |
[EN] | (b) Faoi réir mhíreanna (c) agus (d) den fho-alt seo, fho-alt (7) agus rialacháin faoi alt 7, i gcás ina ndéanfar íocaíocht aon bhliain ranníoca le ranníocóir fostaithe nó chun sochair do ranníocóir fostaithe maidir le tuilleamh ináirithe an ranníocóra fhostaithe sin, beidh ranníoc fostaíochta iníoctha arb é a bheidh ann— | |
[EN] | (i) ranníoc ón ranníocóir fostaithe de réir 3.5 faoin gcéad, agus | |
[EN] | (ii) ranníoc óna fhostóir de réir 8.5 faoin gcéad, | |
[EN] | de mhéid an tuillimh ináirithe lena mbaineann an íocaíocht sin. | |
[EN] | (c) I gcás ina raibh, i mbliain ranníoca áirithe, suim £7,000 de thuilleamh ináirithe ag ranníocóir fostaithe agus gur íocadh ranníocaí faoi mhír (b) i leith an tuillimh ináirithe sin, ní bheidh aon ranníoc eile den sórt sin iníoctha i leith aon tuilleamh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin an bhliain ranníoca sin. | |
[EN] | (d) I gcás ranníocóir fostaithe a bheith fostaithe, i mbliain ranníoca áirithe, ag dhá fhostóir nó níos mó i gcomhthráth (mar a mhínítear i rialacháin faoi alt 6) beidh feidhm, i ndáil le ranníocaí a luaitear i mír (b) (ii), ag forálacha mhír (c) maidir leis an tuilleamh ináirithe ó gach ceann de na fostaíochtaí ar leithligh. | |
[EN] | (2) (a) Féadfaidh an tAire le rialacháin an tsuim a shonraítear i bhfo-alt (1) (c) a athrú agus glacfaidh an t-athrú sin éifeacht ó thús na bliana ranníoca tar éis na bliana ina ndéanfar na rialacháin. | |
[EN] | (b) Le linn don Aire rialacháin a dhéanamh faoin bhfo-alt seo cuirfidh sé i gcuntas aon athruithe i meántuilleamh oibrithe sna tionscail earraí iniompair mar a bheidh sin taifeadta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ón dáta a ndearnadh an tsuim a shonraítear i bhfo-alt (1) (c) a chinneadh go deireanach ina leith. | |
[EN] | (c) I gcás ina mbeartaítear rialacháin faoin bhfo-alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht de na rialacháin bheartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach. | |
[EN] | (3) Beidh an fostóir, maidir le haon ranníoc fostaíochta, faoi dhliteanas, sa chéad ásc, an ranníoc fostóra a áirítear ann a íoc agus fós, thar ceann agus d'eisiamh an ranníocóra fhostaithe, an ranníoc a áirítear ann agus is iníoctha ag an ranníocóir sin a íoc. | |
[EN] | (4) Beidh fostóir i dteideal, faoi réir agus de réir rialachán, méid aon ranníoca a d'íoc sé nó a bheidh le híoc aige thar ceann ranníocóra fhostaithe a ghnóthú ón ranníocóir sin agus, d'ainneoin aon ní in aon achtachán, féadfar a údarú le rialacháin chun críocha an fho-ailt seo é a ghnóthú trí asbhaintí as luach saothair an ranníocóra fhostaithe, ach forálfar le haon rialacháin den sórt sin— | |
[EN] | (a) mura bhfaigheann an ranníocóir fostaithe aon luach saothair in airgead ón bhfostóir ná ó aon duine eile, nach mbeidh an fostóir i dteideal méid aon ranníoca den sórt sin a ghnóthú uaidh, agus | |
[EN] | (b) má fhaigheann an ranníocóir fostaithe aon luach saothair in airgead ón bhfostóir, nach mbeidh an fostóir i dteideal aon ranníoc den sórt sin a ghnóthú seachas trí asbhaintí. | |
[EN] | (5) D'ainneoin aon chonradh dá mhalairt, ní bheidh fostóir i dteideal an ranníoc fostóra i leith duine ar fostú aige a bhaint as luach saothair an duine sin, ná a ghnóthú ar athrach dóigh ón duine sin. | |
[EN] | (6) Measfar aon suim a bhainfidh fostóir as luach saothair faoi rialacháin chun críocha an ailt seo a bheith curtha ar a iontaobh chun an ranníoc ar ina leith a asbhaineadh é a íoc. | |
[EN] | (7) Ní bheidh an ranníoc fostaíochta is iníoctha ag an ranníocóir fostaithe faoi fho-alt (1) (b) nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 7 iníoctha i gcás ranníocóir fostaithe a fhaigheann aon cheann díobh seo a leanas— | |
[EN] | (a) pinsean baintrí (ranníocach), | |
[EN] | (b) pinsean baintrí (neamhranníocach), | |
[EN] | (c) sochar banchéile thréigthe, | |
[EN] | (d) liúntas banchéile thréigthe, | |
[EN] | (e) sochar báis mar phinsean baintrí faoi alt 50, | |
[EN] | (f) liúntas cúnaimh shóisialaigh faoi alt 197, | |
[EN] | (g) íocaíocht ar comhréir le pinsean dá dtagraítear i mír (a) nó (e) ó údarás inniúil Ballstáit (seachas an Stát) de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa faoi reachtaíocht lena mbaineann rialacháin an Chomhphobail ar fheidhmiú scéimeanna slándála sóisialaí i leith daoine fostaithe agus a dteaghlaigh a ghluaiseann laistigh de chríoch an Chomhphobail. | |
[EN] |
Ranníocaí saorálacha. [1978 L, a.5 (3); 1980, a. 26] [1975, a.17] [1978 L, a.8] [1952, a. 37 (2)] [1978 L. a.13(3)] |
11. —(1) (a) Faoi réir mhír (c), beidh ranníoc (dá ngairtear ranníoc saorálach san Acht seo) iníoctha ag ranníocóir saorálach faoi bhun aoise inphinsin gach bliain ranníoca cibé tráth nó tráthanna agus ar cibé dóigh a fhorordóidh an tAire— |
[EN] | (i) de réir ráta faoin gcéad (mar atá leagtha amach i mír (b)) de mhéid ioncam ináirithe an ranníocóra an bhliain ranníoca roimhe sin, nó | |
[EN] | (ii) i gcás nach raibh aon ioncam den sórt sin ann nó nár mhó an t-ioncam sin ná cibé méid a fhorordófar, de réir ráta faoin gcéad de cibé méid a fhorordóidh an tAire. | |
[EN] | (b) Is éard é ráta faoin gcéad chun críche mhír (a) (i)— | |
[EN] | (i) i gcás ranníocóir saorálach a bhí, díreach sular scoir sé de bheith ina ranníocóir fostaithe, ar fostú i bhfostaíocht nach bhfuil na ranníocaí fostaíochta is iníoctha ina leith ináirithe chun críocha pinsin seanaoise (ranníocach), 1.8 faoin gcéad, | |
[EN] | (ii) i gcás ranníocóir saorálach a bhí, díreach sular scoir sé de bheith ina ranníocóir fostaithe, ar fostú i bhfostaíocht a bhfuil na ranníocaí fostaíochta is iníoctha ina leith ináirithe chun críocha pinsin seanaoise (ranníocach), 4.7 faoin gcéad, agus | |
[EN] | (iii) i gcás duine lena mbaineann fo-alt (2) agus a leanann, de bhua an fo-alt sin a chomhlíonadh, de bheith ina ranníocóir saorálach, 2.9 faoin gcéad. | |
[EN] | (c) Ní bheidh ranníoc faoi mhír (a) iníoctha i leith ioncaim ináirithe in aon bhliain ranníoca is mó ná an tsuim a shonraítear in alt 10 (1) (c). | |
[EN] | (d) Chun críocha an fho-ailt seo ciallaíonn “ioncam ináirithe”, faoi réir rialachán, ioncam ó aon fhostaíocht, lena n-áirítear aon cheird, gnó, gairm, oifig nó slí bheatha. | |
[EN] | (2) I gcás duine a bhí, an 31 Márta, 1974, ina ranníocóir saorálach a bhí i dteideal ranníocaí saorálacha a íoc agus a tháinig chun bheith ina ranníocóir fostaithe a raibh ranníocaí de réir ráta speisialta iníoctha ina leith faoi alt 17 (1) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1975 , leanfaidh an duine sin, d'ainneoin alt 5 (3), de bheith i dteideal bheith ina ranníocóir saorálach ar an teideal sin a iarraidh ar an Aire i scríbhinn. | |
[EN] | (3) Nuair a bheifear á chinneadh an bhfuil na coinníollacha ranníoca d'aon sochar seachas pinsean seanaoise (ranníocach), pinsean scoir nó deontas báis comhlíonta, déanfar neamhshuim de ranníocaí saorálacha a bheidh íoctha de bhun fho-alt (2) ag duine lena mbaineann an fo-alt sin. | |
[EN] | (4) D'ainneoin aon fhoráil eile den Acht seo, ach faoi réir fho-alt (5), ní bheidh teideal ag ranníocóir saorálach chun sochair mhíchumais, sochair dhífhostaíochta, sochair mháithreachais, pinsin easláine ná sochair chóireála agus, más de réir an ráta faoin gcéad iníoctha de thuras na huaire faoi fho-alt (1) (b) (i) a bheidh aon ranníocaí saorálacha a íocann sé, déanfar neamhshuim díobh nuair a bheifear á chinneadh an bhfuil na coinníollacha ranníoca do phinsean seanaoise (ranníocach), do phinsean scoir nó do dheontas báis comhlíonta. | |
[EN] | (5) D'ainneoin fho-alt (4), féadfar aon sochar a luaitear san fho-alt sin a dheonú do ranníocóir saorálach i cibé imthosca agus faoi réir cibé teorainneacha a fhorordófar. | |
[EN] | (6) Measfar, maidir le ranníoc saorálach a íocadh faoi fho-alt (1) (a), i gcás ar le bliain ranníoca iomlán a bhaineann an ranníoc, gur íocadh é in aghaidh gach seachtain ranníoca sa bhliain ranníoca sin nó, i gcás ar le tréimhse is giorra ná sin a bhaineann an ranníoc, gur íocadh é i leith gach seachtain ranníoca sa tréimhse sin. | |
[EN] |
Rialacháin ag athrú rátaí ranníocaí. [1952, a. 6(9)] |
12. —Féadfar le rialacháin na rátaí ranníocaí fostaíochta nó ranníocaí saorálacha a athrú ach, i gcás ina mbeartaítear rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. |
[EN] |
Na Coimisinéirí Ioncaim do thabhairt faisnéise áirithe agus tuilleamh ináirithe a ríomh. [1978 L. a.10, 11] |
13. —(1) A mhéid is gá chun an Chuid seo a riaradh go cuí, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis i dtaobh fostóirí agus i dtaobh fostaíocht agus tuilleamh ináirithe daoine árachaithe a fhaigheann siad i ndáil le bailiú cánach ioncaim a thabhairt don Aire. |
[EN] | (2) Chun críocha na Coda seo, féadfar tuilleamh ináirithe a ríomh nó a mheas, do dhuine nó d'aicme daoine, ar cibé modh, faoi threoir cibé nithe agus ar cibé bonn a fhorordófar. | |
[EN] | (3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ríomhfar na méideanna is iníoctha i leith ranníocaí fostaíochta agus ranníocaí saorálacha de réir scálaí forordaithe, agus go ndéanfar coigeartuithe ar na méideanna sin chun an ríomh a éascú agus chun codáin de phingin sna méideanna sin a sheachaint. | |
[EN] |
Eisceachtaí agus creidmheasanna. [1952, a.7] |
14. —Féadfar le rialacháin foráil do na nithe seo a leanas— |
[EN] | (a) eisceachtaí a dhéanamh ón dliteanas chun ranníocaí a íoc in aghaidh aon tréimhsí sonraithe, agus | |
[EN] | (b) ranníocaí a chreidiúnú do dhaoine árachaithe in aghaidh aon tréimhsí sonraithe, lena n-áirítear, go háirithe— | |
[EN] | (i) tréimhsí dá ndéantar eisceacht ón dliteanas chun ranníocaí a íoc de bhua mhír (a), agus | |
[EN] | (ii) an tréimhse ó thús na bliana ranníoca díreach roimh an mbliain ar tháinig siad chun bheith ina ndaoine árachaithe go dtí dáta a dteachta faoi árachas. | |
[EN] |
Ranníocaí a íoc agus taifid a choimeád. [1978 L, a.6] [1978 L, a. 12] |
15. —(1) Féadfar le rialacháin foráil do na nithe seo a leanas— |
[EN] | (a) an t-am agus an modh chun ranníocaí fostaíochta a íoc, | |
[EN] | (b) ranníocaí fostaíochta a bhailiú agus a ghnóthú, agus fostóirí do thabhairt tuairisceán i ndáil le ranníocaí fostaíochta, | |
[EN] | (c) ús a mhuirearú ar riaráistí ranníocaí fostaíochta, | |
[EN] | (d) na méideanna a mheas a bheidh dlite i leith ranníocaí fostaíochta agus achomhairc i ndáil leis na meastacháin sin, | |
[EN] | (e) fostóirí do thabhairt tuairisceán i ndáil le tréimhsí fostaíochta inárachaithe, | |
[EN] | (f) fostóir do bhaint as tuilleamh ináirithe ranníocóra fhostaithe aon ranníoc fostaíochta a gcreideann an fostóir le réasún go bhfuil sé dlite den ranníocóir, agus coigeartú in aon chás ró-asbhainte, agus | |
[EN] | (g) aon ní a bhaineann nó a ghabhann le haon ní dá dtagraítear in aon cheann de na míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo. | |
[EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar le rialacháin faoin bhfo-alt sin foráil do na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) aon fheidhm a bhaineann le haon ní dá dtagraítear san fho-alt sin a shannadh don Ard-Bhailitheoir, | |
[EN] | (b) aon fheidhm a thugtar don Aire le halt 116 a shannadh don Ard-Bhailitheoir agus aon fhoráil de chuid an ailt sin a mhodhnú chun na críche sin, | |
[EN] | (c) taifid a fhorordaítear faoi fho-alt (5) a iniúchadh ag na Coimisinéirí Ioncaim nó thar a gceann, | |
[EN] | (d) ranníocaí a íocadh tar éis na dátaí a áireamh, chun críche aon cheart chun sochair, mar ranníocaí a íocadh ar na dátaí sin nó ar cibé dátaí is déanaí ná sin a bheidh forordaithe, nó mar ranníocaí nár íocadh, agus | |
[EN] | (e) ranníocaí fostaíochta is iníoctha ag fostóir i leith duine árachaithe ach nár íocadh a áireamh, chun críche aon cheart chun sochair, mar ranníocaí a íocadh, i gcás ina suífear nach le toiliú ná le cúlcheadú an duine árachaithe a mainníodh na ranníocaí sin a íoc ná nárbh fhaillí ar thaobh an duine árachaithe ba chúis leis an mainneachtain. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh aon ní in aon rialacháin faoin alt seo difear do dhliteanas an fhostóra faoi alt 10 (3) ranníocaí fostaíochta a íoc. | |
[EN] | (4) (a) Beidh ag forálacha aon achtacháin, rialacháin nó rialach cúirte a bhaineann le taifid a iniúchadh, le cáin ioncaim a mheas, a bhailiú agus a ghnóthú nó le fostóirí do thabhairt tuairisceán i ndáil le cáin ioncaim, nó a bhaineann le hachomhairc i ndáil le cáin ioncaim, feidhm, modhnaithe mar is gá, i ndáil le ranníocaí fostaíochta atá de dhualgas ar an Ard-Bhailitheoir a bhailiú mar atá feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim. | |
[EN] | (b) In imeachtaí a thionscnófar de bhua an ailt seo, beidh deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag an Ard-Bhailitheoir agus a dheimhníonn go bhfuil suim a luafar dlite agus iníoctha ag an gcosantóir ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil an méid sin dlite agus iníoctha amhlaidh, agus nuair a thabharfar i bhfianaise é measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe aige. | |
[EN] | (c) Chun críocha an fho-ailt seo, beidh ag rialacha na cúirte áirithe is infheidhme de thuras na huaire maidir le himeachtaí sibhialta feidhm maidir le himeachtaí de bhua an ailt seo. | |
[EN] | (5) Chun críocha na Coda seo, féadfar le rialacháin a cheangal ar fhostóirí cibé taifid a choimeád a fhorordófar i ndáil le tuilleamh daoine a fhostaíonn siad agus leis na tréimhsí a raibh na daoine ar fostú agus na taifid sin a choimeád go ceann tréimhsí forordaithe. | |
[EN] | (6) Féadfar na cumhachtaí a thugtar do chigire faoi alt 114 a fheidhmiú i ndáil le taifid dá dtagraítear i bhfo-alt (5). | |
[EN] |
Ranníocaí a íocadh de dhearmad a thabhairt ar ais. [1952, a.9; 1960 L, a.4; 1974 (Uimh. 2), a. 11; 1975, a. 10; 1977, a.13] [1962 FI, a.10] [1970, a.19] |
16. —(1) Forálfar le rialacháin go dtabharfar ar ais, faoi réir aon choinníollacha, srianta agus asbhaintí a shonrófar sna rialacháin, suimeanna a íocadh de dhearmad mar ranníocaí agus an oiread sin d'aon ranníoc a bheidh íoctha ag ranníocóir fostaithe nó ag ranníocóir saorálach a tháinig faoi árachas— |
[EN] | (a) tar éis dó 60 bliain d'aois a shlánú; | |
[EN] | (b) tar éis dó 58 mbliana d'aois a shlánú i gcás duine a shlánaigh 57 mbliana d'aois an 1 Iúil, 1974, nó dá éis, agus | |
[EN] | (c) tar éis dó 57 mbliana d'aois a shlánú i gcás duine a shlánaigh 56 bliana d'aois an 1 Aibreán, 1975, nó dá éis, agus | |
[EN] | (d) tar éis dó 56 bliana d'aois a shlánú i gcás duine a shlánaigh 55 bliana d'aois an 1 Deireadh Fómhair, 1977, nó dá éis; | |
[EN] | agus a chinnfear de réir na rialachán a bheith íoctha i leith pinsin seanaoise (ranníocach). | |
[EN] | (2) (a) I gcás duine a shlánaigh 56 bliana d'aois an 1 Aibreán, 1975, nó dá éis, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (b) ar 57 mbliana d'aois a shlánú dó. | |
[EN] | (b) I gcás duine a shlánaigh 55 bliana d'aois an 1 Deireadh Fómhair, 1977, nó dá éis, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (c) ar 56 bliana d'aois a shlánú dó ná ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (b) ar 57 mbliana d'aois a shlánú dó. | |
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo, measfar ranníocóir, cibé acu is ranníocóir fostaithe nó ranníocóir saorálach é, a theacht faoi árachas tar éis dó an aois iomchuí faoi fho-alt (1) a shlánú más rud é an tráth a shlánaigh sé an aois sin gur tháinig sé den chéad uair chun bheith ina ranníocóir fostaithe a bhfuil ranníocaí iníoctha ina leith atá ináirithe chun críocha na gcoinníollacha ranníoca le haghaidh pinsin seanaoise (ranníocach) agus nach raibh sé ina ranníocóir fostaithe faoi na hAchta Árachais Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952, sular shlánaigh sé an aois sin. | |
[EN] | (4) Forálfar le rialacháin go dtabharfar ar ais, faoi réir aon choinníollacha, srianta agus asbhaintí a shonrófar sna rialacháin, an oiread sin d'aon ranníoc a bheidh íoctha ag ranníocóir fostaithe nó ag ranníocóir saorálach a tháinig faoi árachas chun críocha alt 84 (1) tar éis dó 55 bliana d'aois a shlánú agus a chinnfear de réir na rialachán a bheith íoctha i leith pinsin scoir. | |
[EN] | Sochair | |
[EN] |
Cineálacha sochar. [1952, a.14; 1960 L. a.5; 1966 DC, a.7; 1970, a.4; 1973 SPC, a.2; 1973, a. 17] |
17. —(1) Is iad seo a leanas na cineálacha sochair faoin gCuid seo agus tuairiscítear iad amhlaidh san Acht seo— |
[EN] | (a) sochar míchumais, | |
[EN] | (b) liúntas máithreachais, | |
[EN] | (c) sochar dífhostaíochta, | |
[EN] | (d) sochar díobhálacha ceirde, a mbeidh sochar díobhála, sochar míthreorach agus sochar báis ar áireamh ann, | |
[EN] | (e) sochar pá-choibhneasa, | |
[EN] | (f) pinsean seanaoise (ranníocach) (lena n-áirítear sochar faoi alt 87), | |
[EN] | (g) pinsean scoir (lena n-áirítear sochar faoi alt 87), | |
[EN] | (h) pinsean easláine, | |
[EN] | (i) pinsean baintrí (ranníocach), | |
[EN] | (j) liúntas dílleachta (ranníocach), | |
[EN] | (k) sochar banchéile thréigthe, | |
[EN] | (l) deontas máithreachais, | |
[EN] | (m) deontas báis. | |
[EN] | (2) Faoi réir alt 110 agus fad a fhanfaidh an t-alt sin i bhfeidhm, folóidh sochar, i dteannta na sochar dá dtagraítear i bhfo-alt (1), sochar cóireála faoin alt sin freisin. | |
[EN] | (3) Faoi réir alt 67 (2) (a), is as an gCiste Árachais Shóisialaigh a íocfar sochar agus a dhéanfar soláthar lena aghaidh. |