|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 4 Scéim Bhreosla) | Ar Aghaidh (CUID VIII Cinntí, Achomhairc agus Ilghnéitheach) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII Coimhthiú Leabhar agus Doiciméad | |
[EN] |
Feidhm. [1932 LP, a. 1; 1952, a. 63; I.R. Uimh. 168 de 1977] |
290. —Sa Chuid seo ciallaíonn “doiciméad lena mbaineann an Chuid seo” gach leabhar, cárta, ordú, dearbhán nó doiciméad eile a eiseofar chuig aon duine agus a mbeidh aon sochar, cúnamh nó liúntas leanaí faoin Acht seo iníoctha leis an duine sin as é dá sheachadadh nó dá thabhairt ar aird nó dá shealbhú ar dháta nó i ndiaidh dáta a bheidh curtha in iúl, go sainráite nó go hintuigthe, ar an doiciméad sin agus ar dáta é i ndiaidh dáta eisiúna an doiciméid sin. |
[EN] |
Coimhthiú doiciméad a thoirmeasc. [1932 LP, a. 2] |
291. —Gach duine a dhéanfaidh aon doiciméad lena mbaineann an Chuid seo a cheannach, a ghlacadh ar malairt nó a ghlacadh ar geallearbadh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo. |
[EN] |
Coimhthiú doiciméad a sheachaint. [1932 LP, a. 3] |
292. —Gach coimhthiú nó coimhthiú airbheartaithe ar dhoiciméid lena mbaineann an Chuid seo, cibé acu trí dhíol, trí mhalartú nó trí chur i ngeall a dhéanfar é, beidh sé, agus measfar é a bheith i gcónaí, neamhbhailí agus gan éifeacht. |
[EN] |
Doiciméid a thabhairt ar ais ar iad a éileamh. [1932 LP, a. 4] |
293. —(1) Gach duine a mbeidh doiciméad lena mbaineann an Chuid seo ina sheilbh aige de bhua coimhthiú nó coimhthiú airbheartaithe a dhearbhaítear leis an gCuid seo a bheith neamhbhailí, déanfaidh sé, i gcás aon doiciméad den sórt sin a bheidh eisithe i leith aon sochair, cúnaimh nó liúntais leanaí is iníoctha faoin Acht seo, ar éileamh ó oifigeach leasa shóisialaigh, an doiciméad sin a sheachadadh láithreach don oifigeach sin nó, i gcás nach ndéanfaidh oifigeach leasa shóisialaigh aon éileamh den sórt sin, déanfaidh sé, ar éileamh ó úinéir an doiciméid sin nó óna ghníomhaire cuí-údaraithe, an doiciméad sin a sheachadadh láithreach don úinéir nó don ghníomhaire sin. |
[EN] | (2) Gach duine a mhainneoidh, ar éileamh a dhéanamh air faoin alt seo, doiciméad a sheachadadh de réir an ailt seo i gcás gur doiciméad é a cheanglaítear air a sheachadadh amhlaidh leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo. | |
[EN] | (3) I gcás ina gciontófar duine i gcion faoin alt seo, féadfaidh an chúirt a chiontóidh amhlaidh é, más gá sin sna himthosca, cibé ordú is cuí leis an gcúirt a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar an doiciméad ar ina leith a rinneadh an cion a sheachadadh dá úinéir nó, más iomchuí, d'oifigeach leasa shóisialaigh. | |
[EN] |
Pionós mar gheall ar chionta. [1932 LP, a. 5; 1976 (Uimh. 2), a.9] |
294. —Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi aon alt den Chuid seo dlífear— |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air. |