An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII Coimhthiú Leabhar agus Doiciméad) Ar Aghaidh (CUID IX Tosach Feidhme, Aisghairm agus Buanú)

1 1981

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981

CUID VIII

Cinntí, Achomhairc agus Ilghnéitheach

Cinntí agus Achomhairc

Oifigigh bhreithiúnachta.

[1952, a. 41]

295. —Féadfaidh an tAire cibé daoine agus cibé méid daoine dá oifigigh is cuí leis a cheapadh ina n-oifigigh bhreithiúnachta chun críocha an Achta seo, agus beidh gach duine a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige mar oifigeach breithiúnachta fad is toil leis an Aire é.

Cinntí oifigeach breithiúnachta.

[1952, a. 42; I.R. Uimh. 9 de 1953 ; I.R. Uimh. 11 de 1953 ]

296. —(1) Faoi réir na Coda seo agus de réir aon rialachán cuí is oifigeach breithiúnachta a chinnfidh gach ceist lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Baineann an t-alt seo le gach ceist—

(a) faoi Chuid II (árachas sóisialach), ar ceist í dá dtagraítear in alt 111,

(b) faoi Chuid III (cúnamh sóisialach) seachas Caibidil 3 (pinsean seanaoise) ach amháin mar a fhoráiltear le halt 162 (2) agus Caibidil 6 (liúntas leasa forlíontach),

(c) faoi Chuid IV (liúntas leanaí), agus

(d) faoi Chuid V (árachas breac-dhífhostaíochta), ar ceist í dá dtagraítear in alt 271.

Oifigigh achomhairc.

[1952, a. 43]

297. —(1) Féadfaidh an tAire cibé daoine agus cibé méid daoine dá oifigigh is cuí leis a cheapadh ina n-oifigigh achomhairc chun críocha an Achta seo, ach amháin na forálacha a bhaineann le liúntas leasa forlíontach, agus beidh gach duine a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige mar oifigeach achomhairc fad is toil leis an Aire é.

(2) Ainmneoidh an tAire duine amháin de na hoifigigh achomhairc chun bheith ina Phríomh-Oifigeach Achomhairc agus ainmneoidh an tAire duine eile díobh chun gníomhú mar ionadaí don Phríomh-Oifigeach Achomhairc nuair nach mbeidh an tOifigeach sin ar fáil.

(3) Beidh an Príomh-Oifigeach Achomhairc freagrach as ceisteanna a tharchuirfear chuig na hoifigigh achomhairc a dháileadh orthu agus as iad a bhreithniú gan mhoill.

Achomhairc agus tarchuir chun oifigeach achomhairc.

[1952, a. 44; 1908 OAP, a. 7 (1) (c); I.R. Uimh. 9 de 1953 ]

[1908 OAP, a.7(1)(d); I.R. Uimh. 9 de 1953 ]

[1966 DC, a. 38]

[1976 (Uimh. 2), a.2]

298. —(1) Má bhíonn aon duine míshásta leis an gcinneadh a dhéanfaidh oifigeach breithiúnachta nó coiste pinsin áitiúil déanfar an cheist, ar fhógra achomhairc a thabhairt don Aire laistigh den am forordaithe, a tharchur chuig oifigeach achomhairc.

(2) Más éagóir le haon duine, lena n-áirítear oifigeach leasa shóisialaigh, diúltú nó faillí ag coiste pinsin áitiúil éileamh ar phinsean seanaoise nó pinsean dall a bhreithniú nó aon cheist a tharchuirfear chucu a chinneadh, féadfaidh an duine sin an ní sin a chur faoi bhráid an Aire agus, más dóigh leis an Aire gur dhiúltaigh nó gur fhailligh an coiste pinsin áitiúil an t-éileamh nó an cheist a bhreithniú agus a chinneadh laistigh de thráth réasúnach, féadfaidh sé an t-éileamh nó an cheist a tharchur chuig an bPríomh-Oifigeach Achomhairc lena chinneadh sa tslí chéanna ina gcinnfí é de thoradh achomhairc ó chinneadh an choiste pinsin áitiúil.

(3) Féadfaidh oifigeach breithiúnachta, más cuí leis é, aon cheist a bheidh le cinneadh aige a tharchur sa tslí fhorordaithe chuig oifigeach achomhairc in ionad í a chinneadh é féin.

(4) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin maidir leis an nós imeachta a leanfar i gcás achomhairc agus tarchuir faoin alt seo.

(5) Nuair a bheidh oifigeach achomhairc ag cinneadh ceiste a tharchuirfear chuige faoi fho-alt (1) ní bheidh air cloí leis na forais ar a raibh cinneadh an oifigigh bhreithiúnachta bunaithe ach féadfaidh sé an cheist a chinneadh amhail is dá mbeadh sí á cinneadh den chéad uair.

(6) Faoi réir alt 300 (3) agus 300 (4), is cinneadh críochnaitheach dochloíte cinneadh oifigigh achomhairc ar aon cheist—

(a) a shonraítear in alt 111 (1) (a), (b) nó (c), seachas ceist faoi Chaibidil 5 de Chuid II i dtaobh tionóisc a bheith ann de thoradh agus i gcúrsa fostaíochta, nó

(b) faoi Chuid III nó IV, nó

(c) a shonraítear in alt 271 (a) (b) (c) (d) nó (e).

(7) Beidh cumhacht ag oifigeach achomhairc, le linn dó aon ní a tharchuirfear chuige faoin alt seo a éisteacht, fianaise a ghlacadh faoi mhionn agus chun na críche sin féadfaidh sé daoine a bheidh i láthair mar fhinnéithe ag an éisteacht sin a chur faoi mhionn.

(8) Féadfaidh oifigeach achomhairc, trí fhógra chuige sin a thabhairt i scríbhinn d'aon duine, a cheangal ar an duine teacht i láthair cibé tráth agus i cibé áit a bheidh sonraithe san fhógra chun fianaise a thabhairt i ndáil le haon ní a tharchuirfear chuig an oifigeach achomhairc sin faoin alt seo nó chun aon doiciméid a bheidh ina sheilbh, ina choimeád nó faoina urláimh agus a bhaineann le haon ní den sórt sin a thabhairt ar aird.

(9) Féadfar fógra faoi fho-alt (8) a thabhairt trína sheachadadh don duine lena mbaineann sé nó trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a dhíreofar chuig an duine sin ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air.

(10) Duine dár tugadh fógra faoi fho-alt (8) agus a dhiúltóidh nó a fhailleoidh go toiliúil teacht i láthair de réir an fhógra nó, ar bheith i láthair amhlaidh, a dhiúltóidh fianaise a thabhairt nó a dhiúltóidh nó a mhainneoidh go toiliúil aon doiciméad lena mbaineann an fógra a thabhairt ar aird, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(11) Féadfaidh oifigeach achomhairc, i ndáil le haon ní a tharchuirfear chuige faoin alt seo, aon chostais nó caiteachais (lena n-áirítear caiteachais i leith aimsir tuillimh a cailleadh) is réasúnach leis a dhámhadh d'aon duine, agus beidh an dámhachtain iníoctha ag an Aire.

(12) (a) Féadfaidh an tAire aon duine is oiriúnach leis a cheapadh chun suí mar mheasúnóir in éineacht le hoifigeach achomhairc nuair a bheidh aon cheist a fheicfear don Aire cúnamh measúnóirí a bheith ag teastáil chuici á héisteacht.

(b) Féadfaidh an tAire rollaí daoine a ullmhú, de réir ceantar nó ar shlí eile is iomchuí leis, chun suí mar mheasúnóirí in éineacht le hoifigigh achomhairc agus féadfar comhaltaí a roghnú sa tslí fhorordaithe as na rollaí sin chun suí nuair a bheidh aon cheist á héisteacht is ceist d'aicme a bhforordófar cúnamh measúnóirí a bheith iomchuí chuici.

(c) Aon ní a tharchuirfear chuig oifigeach achomhairc faoin alt seo agus a bheidh le héisteacht ag an oifigeach achomhairc agus é ina shuí in éineacht le haon mheasúnóir den sórt sin, féadfar, le toiliú na bpáirtithe a láithreoidh ag an éisteacht, ach ní ar shlí eile, dul ar aghaidh leis in éagmais an mheasúnóra.

(13) Féadfaidh an tAire cibé suimeanna i leith caiteachas (lena n-áirítear caiteachais i leith aimsir tuillimh a cailleadh) a chinnfidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, a íoc le measúnóirí dá dtagraítear i bhfo-alt (12).

Achomhairc chun na hArd-Chúirte.

[1952, a. 45; 1966 DC, a. 38]

299. —I gcás aon cheist seachas ceist lena mbaineann alt 298 (6) a tharchur chuig oifigeach achomhairc—

(a) féadfaidh an tAire, ar an bPríomh-Oifigeach Achomhairc á iarraidh sin, an cheist a tharchur chuig an Ard-Chúirt chun a cinneadh a fháil uirthi, agus

(b) má dhéanann oifigeach achomhairc cinneadh ar an gceist, féadfaidh aon duine a bheidh míshásta leis an gcinneadh achomharc ina choinne a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar aon cheist dlí.

Cinntí a athbhreithniú.

[1952, a. 46; I.R. Uimh. 9 de 1953 ]

[I.R. Uimh. 305 de 1953]

[I.R. Uimh. 127 de 1963]

300. —(1) Féadfaidh oifigeach breithiúnachta, aon tráth agus ó am go ham, aon chinneadh ag oifigeach breithiúnachta a athbhreithniú, má fheictear dó an cinneadh a bheith earráideach ag féachaint d'fhianaise nua nó d'fhíorais nua a cuireadh in iúl dó ón dáta a rinneadh an cinneadh nó mar gheall ar dhearmad éigin a bheith déanta i ndáil leis an dlí nó leis na fíorais, nó má fheictear dó aon athrú cuí a bheith tagtha ar na himthosca ó rinneadh an cinneadh, agus beidh feidhm ag forálacha na Coda seo a bhaineann le hachomhairc maidir leis an gcinneadh athbhreithnithe sa tslí chéanna a bhfuil feidhm acu maidir le cinneadh bunaidh.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le cinneadh a bhaineann le ní atá ar achomharc nó ar tarchur faoi alt 298 mura mbeadh an cinneadh athbhreithnithe i bhfabhar éilitheora.

(3) Féadfaidh oifigeach achomhairc, aon tráth agus ó am go ham, aon chinneadh ó oifigeach achomhairc a athbhreithniú, má fheictear dó an cinneadh a bheith earráideach ag féachaint d'fhianaise nua nó d'fhíorais nua a cuireadh in iúl dó ón dáta a rinneadh an cinneadh, nó má fheictear dó aon athrú cuí a bheith tagtha ar na himthosca ó rinneadh an cinneadh.

(4) Féadfaidh an Príomh-Oifigeach Achomhairc, aon tráth agus ó am go ham, aon chinneadh ó oifigeach achomhairc a athbhreithniú, má fheictear dó an cinneadh a bheith earráideach mar gheall ar dhearmad éigin a bheith déanta i ndáil leis an dlí nó leis na fíorais, agus, ach amháin i gcás ar ceist lena mbaineann alt 298 (6) an cheist, féadfaidh aon duine a bheidh míshásta leis an gcinneadh athbhreithnithe achomharc ina choinne a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar aon cheist dlí.

(5) Beidh éifeacht mar a leanas le cinneadh athbhreithnithe ó oifigeach breithiúnachta nó ó oifigeach achomhairc—

(a) i gcás ina ndéanfar, de bhua an chinnidh athbhreithnithe, aon sochar (lena n-áirítear sochar forlíontach faoi Chuid V), cúnamh nó liúntas leanaí a dhícheadú nó a laghdú nó go gcúlghairfear deimhniú cáilíochta faoi Chaibidil 2 de Chuid III agus go ndéanfar an cinneadh athbhreithnithe toisc an cinneadh bunaidh a dhéanamh, nó a leanúint de bheith in éifeacht, mar gheall ar aon ráiteas nó uiríoll (scríofa nó ó bhéal) ab eol don duine a rinne é a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha nó mar gheall ar aon fhíoras ábhartha a cheilt go toiliúil, tiocfaidh sé in éifeacht amhail ón dáta a tháinig an cinneadh bunaidh in éifeacht, ach féadfaidh an cinneadh bunaidh, de rogha an oifigigh bhreithiúnachta nó an oifigigh achomhairc (de réir mar a bheidh), leanúint d'fheidhm a bheith aige maidir le haon tréimhse lena mbaineann an cinneadh bunaidh agus nach mbaineann an ráiteas nó an t-uiríoll bréagach nó míthreorach sin nó an cheilt thoiliúil sin ar aon fhíoras ábhartha leis;

(b) in aon chás eile, tiocfaidh sé in éifeacht amhail ón dáta is iomchuí leis an oifigeach breithiúnachta nó leis an oifigeach achomhairc (de réir mar a bheidh), ach—

(i) ní dhéanfar difear d'aon íocaíocht sochair (lena n-áirítear sochar forlíontach faoi Chuid V) a bheidh íoctha cheana féin ar dháta an athbhreithnithe (gan dochar dá áireamh, de réir rialachán chun críocha alt 113 (2) (b), mar shochar a íocadh ar cuntas sochair eile), agus

(ii) ní dhéanfar difear d'aon íocaíocht ar chúnamh nó liúntas leanaí a bheidh íoctha cheana féin ar dháta an athbhreithnithe, cé go bhféadfar é a áireamh mar chúnamh nó liúntas a íocadh ar cuntas cúnaimh nó liúntais leanaí eile nó ar cuntas sochair (seachas sochar forlíontach faoi Chuid V) i gcás ina gcinnfear an cúnamh, an liúntas nó an sochar eile sin a bheith iníoctha go cuí.

(6) I gcás ina bhfeicfear don Aire gur tharla ceist nó go bhféadfadh ceist tarlú—

(a) i dtaobh na coinníollacha a bheith comhlíonta, san am i láthair nó san am a caitheadh, i leith cúnamh (seachas liúntas leasa forlíontach faoi Chuid III) nó liúntas leanaí is iníoctha faoi chinneadh a fháil, nó

(b) i dtaobh ar cheart athbhreithniú faoin alt seo a dhéanamh ar chinneadh gur iníoctha an cúnamh sin nó an liúntas sin,

féadfaidh sé a ordú go bhfionrófar íoc an chúnaimh nó an liúntais go hiomlán nó go páirteach go dtí go ndéanfar cinneadh ar an gceist.

(7) Más rud é, de réir fhorálacha an Achta seo—

(a) go ndéanfaidh oifigeach breithiúnachta, coiste pinsin áitiúil nó oifigeach achomhairc cinneadh a athrú nó a fhreaschur ag dícheadú nó ag laghdú cúnaimh (seachas liúntas leasa forlíontach faoi Chuid III) nó liúntais leanaí a íocadh nó is iníoctha le duine, agus

(b) go ndéanfar an cinneadh athbhreithnithe toisc an cinneadh bunaidh a dhéanamh, nó a leanúint de bheith in éifeacht, mar gheall ar aon ráiteas nó uiríoll (scríofa nó ó bhéal) ab eol don duine a rinne é a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha nó mar gheall ar aon fhíoras ábhartha a cheilt go toiliúil,

féadfar aon chúnamh nó liúntas leanaí is inaisíoctha de bhun an chinnidh athbhreithnithe, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile agus i dteannta na gcumhachtaí gnóthaithe atá ann faoin Acht seo, a ghnóthú trí asbhaint a dhéanamh as sochar (seachas sochar máithreachais, liúntas dílleachta (ranníocach) nó sochar forlíontach faoi Chuid V) nó as cúnamh (seachas pinsean dílleachta (neamhranníocach) nó liúntas leasa forlíontach) a bhfuil teideal ag an duine sin chuige an tráth sin nó a dtiocfaidh sé chun bheith ina theideal.

(8) Folaíonn tagairt san alt seo d'athbhreithniú tagairt d'athbhreithniú ina ndéantar freaschur.

Deimhniú ó oifigeach oreithiúnachta nó ó oifigeach achomhairc.

1952, a. 56; 1946 LL, a. 8]

301. —Aon doiciméad a airbheartóidh a bheith ina dheimhniú ar chinneadh a rinne oifigeach breithiúnachta nó oifigeach achomhairc de bhun an Achta seo nó de bhun rialachán agus a bheith sínithe aige, beidh sé ina fhianaise prima facie go ndearnadh an cinneadh sin agus ar a théarmaí, gan cruthúnas ar shíniú an oifigigh sin nó ar a cháil oifigiúil.

Ilghnéitheach

Dleacht stampa. [1933 CD, a. 32; 1937 PBD, a. 29; 1942 BD, a. 55; 1946 LL, a. 11; 1952, a. 51; I.R. Uimh. 168 de 1977]

302. —Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon doiciméad trína ndéanfar aon íocaíocht, aisíoc, aisíocaíocht nó aischur de bhun an Achta seo.

Deimhnithe breithe, pósta agus báis.

[1933 CD, a. 31; 1935 PBD, a. 59; 1942 BD, a. 54; 1944 LL, a. 13; 1948, a. 8; 1952, a. 50; I.R. Uimh. 61 de 1953; I.R. Uimh. 384 de 1952]

[I.R. Uimh. 168 de 1977]

303. —(1) I gcás inar gá, chun críocha an Achta seo (seachas Caibidil 6 de Chuid III), aois, pósadh nó bás aon duine a chruthú trí dheimhniú breithe, pósta nó báis a thabhairt ar aird, beidh teideal ag aon duine, ar iarratas i scríbhinn a thíolacadh i cibé foirm agus cibé sonraí ann a ordóidh an tAire Sláinte, na nithe seo a leanas a fháil, ar an táille atá leagtha amach ina leith a íoc—

(a) cóip d'iontráil i gclár breitheanna—cúig phingin,

(b) cóip d'iontráil i gclár básanna—seacht bpingin go leith,

(c) cóip d'iontráil i gclár póstaí—seacht bpingin go leith,

arna deimhniú faoi láimh an chláraitheora nó an chláraitheora mhaoirseachta nó an duine eile a mbeidh an clár faoina choimeád.

(2) I gcás inar gá, chun críocha Chaibidil 6 de Chuid III nó rialachán arna ndéanamh faoin gCaibidil sin, aois, pósadh nó bás aon duine a chruthú trí dheimhniú breithe, pósta nó báis a thabhairt ar aird, beidh teideal ag aon duine, ar iarratas i scríbhinn a thíolacadh i cibé foirm agus cibé sonraí ann a ordóidh an tAire Sláinte, cóip dheimhnithe saor ó mhuirear a fháil d'iontráil breithe, pósta nó báis (de réir mar a bheidh) an duine sin i gclár na mbreitheanna, na bpóstaí nó na mbásanna (de réir mar a bheidh) faoi láimh an chláraitheora nó an chláraitheora mhaoirseachta nó an duine eile a mbeidh an clár sin faoina choimeád.

(3) Déanfaidh gach cláraitheoir breitheanna agus básanna agus gach cláraitheoir maoirseachta nó gach duine eile a mbeidh an clár faoina choimeád foirmeacha chun críocha fho-ailt (1) agus (2) a sholáthar, ar iad a iarraidh, saor ó mhuirear.

(4) Féadfaidh an tAire Sláinte, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, na táillí atá leagtha amach i bhfo-alt (1) a athrú le rialacháin.

Dochoimhthíocht.

[1908 OAP, a. 6; 1933 CD, a. 23; 1935 PBD, a. 62; 1944 LL, a. 16; 1952, a. 33; I.R. Uimh. 168 de 1977]

304. —Faoi réir an Achta seo, beidh gach sannadh nó muirearú sochair nó cúnaimh nó liúntais leanaí ar bith, agus gach comhaontú chun sochar nó cúnamh nó liúntas leanaí ar bith a shannadh nó a mhuirearú, ar neamhní agus, i gcás aon duine a bheidh i dteideal sochair nó cúnaimh nó liúntais leanaí d'fhéimheadh, ní rachaidh an sochar nó an cúnamh nó an liúntas (de réir mar a bheidh) chuig aon iontaobhaí nó duine eile a bheidh ag gníomhú thar ceann na gcreidiúnaithe.

Acmhainn chun críche an Debtors Act (Ireland), 1872.

[1935 PBD, a. 62; 1944 LL, a. 16; 1952, a. 33; I.R. Uimh. 227 de 1970, 190 de 1973, 209 agus 220 de 1974, 168 de 1977]

305. —Ní dhéanfar aon suim a bheidh faighte ag aon duine mar shochar, mar liúntas leanaí nó mar chúnamh, seachas cúnamh faoi Chaibidlí 2 agus 3 de Chuid III, a áireamh nuair a bheidh acmhainn an duine sin á ríomh chun críocha alt 6 den Debtors Act (Ireland), 1872.

Eisiamh i gcás damáistí a mheasúnú.

[1935 PBD, a. 60; 1944 LL, a. 14; 1952, a. 34]

306. —(1) Nuair a bheidh damáistí á measúnú in aon chaingean faoin Acht Díobhála Marfacha, 1956 , nó faoi Chuid IV den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 , cibé acu roimh an Acht seo a bheith rite nó ina dhiaidh a tionscnaíodh í, ní áireofar aon liúntas leanaí, pinsean baintrí (ranníocach), liúntas dílleachta (ranníocach), pinsean baintrí (neamhranníocach) nó pinsean dílleachta (neamhranníocach).

(2) Faoi réir alt 68, nuair a bheidh damáistí á measúnú in aon chaingean i leith díobhála nó galair, nó nuair a bheidh an méid cúitimh á ríomh faoi mhír (1) (a) (ii) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Workmen's Compensation Act, 1906, nó faoi Riail 2 nó 4 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934, ní áireofar aon sochar faoi Chuid II, pinsean baintrí (neamhranníocach), pinsean dílleachta (neamhranníocach) nó liúntas leanaí.

Comhshocraíochtaí cómhalartacha.

[1966 FI, a. 15; 1977, a. 22]

307. —(1) Féadfaidh an tAire cibé orduithe is gá a dhéanamh chun go gcuirfear i gcrích aon chomhshocraíochtaí cómhalartacha nó aon chomhshocraíochtaí eile, arna ndéanamh le haon eagraíocht idirnáisiúnta, le haon Stát nó Rialtas eile nó leis an údarás cuí faoi aon Rialtas eile, maidir le nithe a bhaineann le hárachas agus le sochair faoi Chuid II, le pinsean seanaoise agus le pinsean dall, le pinsean baintrí (neamhranníocach) nó le pinsean dílleachta (neamhranníocach), le cúnamh dífhostaíochta agus le liúntais leanaí, agus féadfaidh sé le haon ordú den sórt sin cibé oiriúnuithe agus modhnuithe a mheasann sé is gá a dhéanamh i ndáil leis na nithe sin.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

Rialacháin ag athrú rátaí sochair nó cúnaimh.

[1975, a. 16; 1975 LLF, a. 10]

308. —(1) D'ainneoin aon ní san Acht seo nó in aon rialacháin faoin Acht seo, féadfaidh an tAire aon cheann nó gach ceann de na rátaí sochair, liúntais, pinsin nó cúnaimh a athrú le rialacháin.

(2) Ní dhéanfaidh rialacháin faoi fho-alt (1) ráta aon sochair, liúntais, pinsin nó cúnaimh a athrú sa dóigh go mbeidh laghdú ar an méid is iníoctha nuair a thiocfaidh na rialacháin i bhfeidhm.

Rialacháin á áirithiú go leanfaidh forálacha áirithe a aisghairtear, a leasaítear, etc., i bhfeidhm.

[1978 L, a. 20]

309. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun a áirithiú go leanfaidh forálacha an Achta Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978 , atá san Acht seo, i bhfeidhm maille le haon fhoráil a aisghairtear nó a leasaítear leis an Acht sin nó ar dhóigh eile chun cearta a thugtar faoi réim nó de bhua aon cheann de na forálacha sin a chaomhnú. Gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh faoin dóigh a ndéanfar ranníocaí a íocadh nó a creidiúnaíodh i leith aon tréimhse roimh thosach feidhme aon fhorála den Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978 , a chur i gcuntas d'fhonn teideal chun aon sochair faoin Acht seo tar éis an tosach feidhme sin a chinneadh.