|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VIII Cinntí, Achomhairc agus Ilghnéitheach) | Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Fostaíochtaí agus Fostaíochtaí Eiscthe) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981
[EN] | ||
[EN] |
CUID IX Tosach Feidhme, Aisghairm agus Buanú | |
[EN] |
Tosach feidhme agus aisghairm. |
310. —Faoi réir na Coda seo, tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú, agus airghairtear leis seo na hachtacháin a luaitear sa Séú Sceideal (achtacháin a ngairtear achtacháin aisghairthe díobh san Acht seo) a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin amhail ón lá sin: ar choinníoll go leanfaidh forálacha na n-achtachán aisghairthe d'fheidhm a bheith acu maidir le sochar, le cúnamh agus leis na scéimeanna ilghnéitheacha faoi Chodanna IV, V agus VI a bhí ann roimh thosach feidhme an Achta seo amhail mar a bheadh feidhm acu maidir leis na nithe sin dá mba rud é nár ritheadh an tAcht seo. |
[EN] |
Leanúnachas achtachán aisghairthe. |
311. —Ní dhéanfar difear do leanúnachas oibriú an dlí a bhaineann leis na nithe dá bhforáiltear sna hachtacháin aisghairthe mar gheall ar an Acht seo a chur in ionad na n-achtachán sin, agus— |
[EN] | (a) déanfar an oiread sin d'aon achtachán nó doiciméad (lena n-áirítear achtacháin atá san Acht seo) a thagraíonn, go sainráite nó go hintuigthe, d'aon fhoráil den Acht seo, nó do nithe a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoi réim nó chun críocha aon fhorála den Acht seo, a fhorléiriú, má cheadaíonn agus a mhéid a cheadaíonn an cineál ábhair san achtachán nó sa doiciméad é, mar ní a fholaíonn, i ndáil leis na tráthanna, na blianta nó na tréimhsí, na himthosca nó na críocha a bhfuil nó a raibh éifeacht leis an bhforáil chomhréire sna hachtacháin aisghairthe i ndáil leo, tagairt don fhoráil chomhréire sin, nó, de réir mar a bheidh, do nithe a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoi réim nó chun críocha na forála comhréire sin; | |
[EN] | (b) déanfar an oiread sin d'aon achtachán nó doiciméad (lena n-áirítear achtacháin aisghairthe agus achtacháin agus doiciméid a rithfear nó a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo) a thagraíonn, go sainráite nó go hintuigthe, d'aon fhoráil de na hachtacháin aisghairthe, nó, do nithe a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoi réim nó chun críocha aon fhorála de na hachtacháin aisghairthe, a fhorléiriú, má cheadaíonn agus a mhéid a cheadaíonn an cineál ábhair san achtachán nó sa doiciméad é, mar ní a fholaíonn, i ndáil leis na tráthanna, na blianta nó na tréimhsí, na himthosca nó na críocha a bhfuil éifeacht le foráil chomhréire an Achta seo i ndáil leo, tagairt don fhoráil chomhréire sin, nó, de réir mar a bheidh, do nithe a rinneadh nó a mheastar a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoi réim nó chun críocha na forála comhréire sin. | |
[EN] |
Ionstraimí, oifigigh agus doiciméid a bhuanú. |
312. —(1) Gach oifigeach a ceapadh faoi na hachtacháin aisghairthe agus a bheidh i seilbh oifige díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, leanfaidh sé in oifig amhail is dá mba faoin Acht seo a ceapadh é. |
[EN] | (2) Gach ionstraim agus doiciméad a rinneadh nó a eisíodh faoi na hachtacháin aisghairthe agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo (seachas forálacha aon ionstraimí atá corpraithe san Acht seo) leanfaidh siad i bhfeidhm amhail is dá mba faoin Acht seo a rinneadh nó a eisíodh iad. | |
[EN] |
Aoisliúntais oifigeach áirithe. [1950, a. 7] |
313. —(1) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “an Cumann” Cumann an Árachais Náisiúnta ar Shláinte. |
[EN] | (2) I gcás duine a bheith, díreach roimh an 1 Lúnasa, 1950, ina oifigeach nó ina fhostaí de chuid an Chumainn agus, de bhun alt 7 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1950 , gur ceapadh é chun poist i státseirbhís an Rialtais, d'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, measfar, chun críocha na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, gur as airgead a sholáthraigh an tOireachtas a íocadh é ar feadh a sheirbhíse faoin gCumann agus a sheirbhíse roimhe sin (más ann) faoi aon chumann ceadaithe. | |
[EN] | (3) I gcás duine lena mbaineann fo-alt (2) a bheith ina chomhalta den chiste pinsean faoin scéim phinsean a bunaíodh de dhroim na tuarascála a tugadh de bhun mhír (d) d'alt 10 den Acht um Árachas Sláinte Náisiúnta, 1933 , déanfar cibé méid dá sheirbhís faoin gCumann agus dá sheirbhís roimhe sin (más ann) faoi chumann ceadaithe a bheadh, murach Cuid II den Acht Leasa Shóisialaigh, 1950 , ináirithe mar sheirbhís inphinsin chun críche na scéime sin, a áireamh mar sheirbhís bhunaithe chun críocha na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963. | |
[EN] | (4) I gcás aon fheidhm a bheith ag na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, maidir le bean lena mbaineann fo-alt (3), ní bheidh feidhm maidir léi ag aon fhorálacha de na hAchtanna sin is infheidhme maidir léi toisc gur bean í agus, ina ionad sin, beidh feidhm maidir léi ag forálacha comhréire na nAchtanna sin is infheidhme maidir le fir. |