An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IX Tosach Feidhme, Aisghairm agus Buanú) Ar Aghaidh ([1980, a. 15, 20, 21] AN DARA SCEIDEAL Rátaí Sochar)

1 1981

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981

AN CHÉAD SCEIDEAL

Fostaíochtaí agus Fostaíochtaí Eiscthe

Alt 5.

CUID I

Fostaíochtaí

[1952, Sc. 1]

1. Fostaíocht sa Stát faoi aon chonradh seirbhíse nó printíseachta, i scríbhinn nó ó bhéal, sainráite nó intuigthe, agus cibé acu is é an fostóir nó duine éigin eile a íocann an duine fostaithe, agus cibé acu is faoi aon fhostóir nó níos mó dó, agus cibé acu is de réir ama nó de réir taisc nó go páirteach de réir ama agus go páirteach de réir taisc, nó ar shlí eile, a íoctar é, nó fostaíocht gan aon íocaíocht airgid.

2. Fostaíocht faoi chonradh den sórt sin a dúradh—

(a) mar mháistir nó mar dhuine d'fhoireann—

(i) aon loinge atá cláraithe sa Stát, nó

(ii) aon loinge nó soithigh eile a bhfuil a húinéir, nó, má tá níos mó ná úinéir amháin ann, a bhfuil a húinéir bainistí nó a bainisteoir, ina chónaí, nó a bhfuil a phríomh-áit ghnó aige, sa Stát, nó

(b) mar chaptaen nó mar dhuine d'fhoireann—

(i) aon aerárthaigh atá claraithe sa Stát, nó

(ii) aon aerárthaigh eile a bhfuil a húinéir, nó, má tá níos mó ná úinéir amháin ann, a bhfuil a húinéir bainistí nó a bainisteoir, ina chónaí, nó a bhfuil a phríomh-áit ghnó aige, sa Stát.

[1960 FI, a. 14]

3. Fostaíocht i státseirbhís an Rialtais nó i státseirbhís an Stáit agus fostaíocht de shórt go meastar nó gurb inmheasta faoi alt 24 den Acht Aois-liúntas, 1936 gur seirbhís i státseirbhís an Rialtais nó i státseirbhís an Stáit seirbhís an duine fhostaithe inti.

4. Fostaíocht mar chomhalta d'Óglaigh na hÉireann.

5. Fostaíocht faoi aon údarás áitiúil nó údarás poiblí eile.

6. Fostaíocht mar dhuine d'fhoireann bhád iascaireachta i gcás inarb é amháin is luach saothair don duine fostaithe cion de na brabúis nó den mhór-thuilleamh as an árthach a oibriú.

7. Fostaíocht mar eachtar-oibrí, is é sin le rá, duine a dtugtar earraí nó ábhair dó le déanamh suas, le glanadh, le ní, le hathrú, le hornáidiú, le críochnú nó le deisiú nó le hoiriúnú chun a ndíolta ina bhaile féin nó in áitreabh eile nach bhfuil faoi rialú ná faoi bhainistí an duine a thug amach na hearraí nó na hábhair chun críocha cheird nó ghnó an duine is deireanaí atá luaite.

[I.R. Uimh. 373 de 1952]

8. Fostaíocht mar theachtaire cúirte faoi alt 4 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 .

[1960 FI, a. 14]

9. Fostaíocht mar bhean chabhartha faoi oiliúint, bean chabhartha foghlama, bean chabhartha faoi theagasc, bean chabhartha ar promhadh, banaltra faoi oiliúint, banaltra foghlama, banaltra faoi theagasc nó banaltra ar promhadh. Sa mhír seo folaíonn “banaltra” banaltra naíolainne nó banaltra leanaí.

[I.R. Uimh. 51 de 1968]

10. Fostaíocht ag an Aire mar bhainisteoir oifig fostaíochta.

[1972, a. 15]

11. Fostaíocht mar chomhalta den Gharda Síochána.

[1974 (Uimh. 3), a.2]

12. Fostaíocht mar mhinistir reiligiúin i gcás, maidir leis an duine fostaithe—

(a) go bhfaigheann sé luach saothair trí stipinn, trí thuarastal nó trí íocaíocht dá samhail, agus

(b) gur comhalta é d'aicme daoine a bhfuil an tAire sásta ina leith agus a bhfuil deimhnithe aige ina leith go bhfuil curtha in iúl dó i scríbhinn ag údarás nó comhlacht iomchuí ag gníomhú thar ceann comhaltaí na haicme sin gur de chineál na seirbhísí nó na dualgais a dhéanann na daoine den aicme sin, agus na coinníollacha ceapacháin agus na himthosca iomchuí eile a bhaineann leis an gcéanna, gur míréasúnach, ag féachaint do ghairmeacha eile is fostaíochtaí inárachaithe, nár fhostaíocht inárachaithe fostaíocht comhaltaí na haicme sin.

CUID II

Fostaíochtaí Eiscthe

1. Fostaíocht i seirbhís fhearchéile nó bhanchéile an duine fhostaithe.

2. Fostaíocht ócáideach seachas chun críocha cheird nó ghnó an fhostóra, agus seachas chun críocha aon chluiche nó siamsa i gcás ina ndéantar na daoine a fhostaítear a fhruiliú nó a íoc trí chlub.

3. Fostaíocht ag gaol forordaithe leis an duine fostaithe, is fostaíocht i gcomhbhaile an fhostóra agus an duine fhostaithe nó fostaíocht a bheidh sonraithe le rialacháin a bheith ar comhréir le fostaíocht i gcomhbhaile an fhostóra agus an duine fhostaithe.

4. Fostaíocht a bheidh sonraithe le rialacháin a bheith de chineál gur mar fho-fhostaíocht amháin agus nach mar phríomh-shlí bheatha a ghabhtar léi.

5. Fostaíocht a bheidh sonraithe le rialacháin a bheith ina mionfhostaíocht.

[I.R. Uimh. 373 de 1952]

6. Fostaíocht faoi aon údarás áitiúil nó údarás poiblí eile—

(a) mar chróinéir nó leas-chróinéir;

(b) mar anailísí poiblí;

(c) mar chláraitheoir maoirseachta nó cláraitheoir breitheanna, básanna agus póstaí, nó mar leas-chláraitheoir maoirseachta, cláraitheoir maoirseachta cúnta nó cláraitheoir maoirseachta eatramhach nó mar leas-chláraitheoir, cláraitheoir cúnta nó cláraitheoir eatramhach sna nithe sin;

(d) i bhforghníomhú conarthaí (nach fostaíocht de réir bhrí na bhfomhíreanna sin roimhe seo den mhír seo) seachas

(i) conarthaí seirbhíse nó printíseachta;

(ii) conarthaí i leith seirbhísí i gcás ar duine amháin a bheidh fostaithe agus ar fostaíocht í ina ndéantar obair láimhe agus go dtugann an duine fostaithe seirbhís phearsanta.

[1974 (Uimh. 3), a. 2]

7. Fostaíocht seachas fostaíocht a shonraítear i mír 12 de Chuid I den Sceideal seo i gcás inar duine in Ord Beannaithe nó ministir eile reiligiúin nó duine i sámhadh crábhaidh ina chónaí mar chomhalta den sámhadh sin an duine fostaithe.

[I.R. Uimh. 373 de 1952]

8. Fostaíocht mar lia-chleachtóir cláraithe nó lia-chleachtóir arna chlárú go sealadach.

9. Fostaíocht mar fhiaclóir cláraithe.

[I.R. Uimh. 51 de 1968]

10. Fostaíocht ag an Aire mar bhainisteoir oifig fostaíochta i gcás—

(a) freastal ar feadh níos lú ná 18 n-uaire a chloig i seachtain ranníoca a bheith ag gabháil leis an bhfostaíocht, nó

(b) nach mbraitheann slí bheatha an duine a bheidh fostaithe go formhór ar a dtuilleann sé as an bhfostaíocht sin.