|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 2 Sochar Míchumais) | Ar Aghaidh (CAIBIDIL 4 Sochar Dífhostaíochta) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981
[EN] | ||
[EN] |
CAIBIDIL 3 Liúntas Máithreachais | |
[EN] |
Teideal chun liúntais agus a ré. [1952, a.20] [1979, a.23] [1974 (Uimh. 2), a.17] |
24. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh teideal ag bean chun liúntais mháithreachais i gcás— |
[EN] | (a) go ndeimhneoidh liachleachtóir cláraithe nó go ndeimhneofar ar shlí eile chun sástacht an Aire go bhfuil tuar í bheith i luí seoil i seachtain a shonrófar sa deimhniú (dá ngairtear an tseachtain tuartha luí seoil san alt seo ina dhiaidh seo), agus ar seachtain í nach faide amach ná an líon forordaithe seachtainí tar éis na seachtaine sin ina dtabharfar an deimhniú, agus | |
[EN] | (b) go gcomhlíonfaidh sí na coinníollacha ranníoca in alt 25. | |
[EN] | (2) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, is í an tréimhse ar ina haghaidh a bheidh liúntas máithreachais iníoctha an tréimhse 12 sheachtain dar tosach an 6ú seachtain roimh dheireadh na seachtaine tuartha luí seoil, ach— | |
[EN] | (a) má éagann an bhean ag a bhfuil teideal chun an liúntais, ní bheidh an liúntas iníoctha in aghaidh aon seachtaine ina dhiaidh sin, | |
[EN] | (b) más tar éis na seachtaine tuartha luí seoil don dáta luí seoil, beidh an liúntas iníoctha, faoi réir mhír (a), go dtí deireadh an séú seachtain i ndiaidh na seachtaine ina bhfuil an dáta sin. | |
[EN] | (3) Féadfar le rialacháin fo-ailt (1) agus (2) a mhodhnú i ndáil le cásanna— | |
[EN] | (a) ina ndeimhneoidh liachleachtóir cláraithe nó ina ndeimhneofar ar shlí eile chun sástacht an Aire go raibh bean i luí seoil, agus | |
[EN] | (b) nár tugadh aon deimhniú den sórt sin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a). | |
[EN] | (4) Chun críocha an ailt seo, ní dhéanfar in aon seachtain an Domhnach a áireamh mar lá a mbeadh duine i dteideal liúntais mháithreachais dó, agus, dá réir sin, is é an séú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí an méid is iníoctha mar liúntas den sórt sin in aghaidh aon lá eile de sheachtain. | |
[EN] |
Coinníollacha maidir le liúntas máithreachais a fháil. [1952, Sc. 4; 1960 FI, a.15; 1972, a.14; 1978 L, a.13] [1952, a.14] |
25. —(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás liúntais mháithreachais— |
[EN] | (a) ranníocaí cáilitheacha i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an éilitheoir sa tréimhse dar tosach an dáta a tháinig sí faoi árachas agus dar críoch am díreach roimh an am iomchuí, agus | |
[EN] | (b) ranníocaí cáilitheacha nó ranníocaí creidiúnaithe i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an éilitheoir sa bhliain ranníoca iomlán dheiridh roimh thosach na bliana sochair ina bhfuil an t-am iomchuí nó i mbliain ranníoca iomlán dá éis sin roimh an am iomchuí. | |
[EN] | San fho-alt seo ciallaíonn “am iomchuí” an dáta dar tosach an séú seachtain roimh dheireadh na seachtaine tuartha luí seoil. | |
[EN] | (2) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar na coinníollacha ranníoca seo ach, i gcás ina mbeartaítear rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. | |
[EN] |
An ráta liúntais. [1952, a.14] |
26. —Faoi réir an Achta seo, is mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal a bheidh an ráta seachtainiúil liúntais mháithreachais. |
[EN] |
Dícháiliú. [1952, a.20(4)] |
27. —Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndícháileofar bean chun liúntas máithreachais a fháil i gcás— |
[EN] | (a) go ngabhfaidh sí, i rith na tréimhse a bhfuil an liúntas iníoctha ina haghaidh, d'aon slí bheatha seachas dualgais tís dá líon tí féin, nó | |
[EN] | (b) go mainneoidh sí, gan cúis mhaith, dul, nó teacht i láthair chun dul, faoi aon scrúdú dochtúra is gá de réir na rialachán. | |
[EN] |
Forálacha forlíontacha. [1952, a.21] |
28. —(1) Chun críocha na Caibidle seo— |
[EN] | (a) ciallaíonn “luí seoil” íona tuismidh dá dtagann leanbh beo a bhreith, nó íona tuismidh tar éis 28 seachtain toirchis dá dtagann leanbh, beo nó marbh, a bhreith, agus forléireofar “i luí seoil” dá réir sin, | |
[EN] | (b) aon tagairtí a dhéantar don dáta luí seoil, measfar, i gcás íona tuismidh tosú lá amháin agus leanbh a bhreith dá dtoradh lá eile, gur tagairtí iad do dháta breithe an linbh nó, má bhíonn bean i luí seoil le cúpla nó le huimhir leanaí is mó ná sin, gur tagairtí iad do dháta breithe an linbh is déanaí acu. | |
[EN] | (2) Nuair a bheidh an Breitheamh á chinneadh cé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh sé ordú faoi Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , á ordú na caiteachais a bhain le breith linbh a íoc, ní chuirfidh sé san áireamh go bhfuil máthair an linbh i dteideal liúntais mháithreachais. |