|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 3 Liúntas Máithreachais) | Ar Aghaidh (CAIBIDIL 5 Sochair Dhíobhála Ceirde) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981
[EN] | ||
[EN] |
CAIBIDIL 4 Sochar Dífhostaíochta | |
[EN] |
Teideal chun sochair. [1952, a.15] [1980, a.17] [1974 (Uimh. 2), a.10] |
29. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh teideal ag duine chun sochair dhífhostaíochta in aghaidh aon lae dhífhostaíochta (dá ngairtear lá dífhostaíochta san Acht seo) is cuid de thréimhse bhearnaithe fostaíochta i gcás— |
[EN] | (a) é a bheith faoi bhun aoise inphinsin an lá dá n-éileofar an sochar, agus | |
[EN] | (b) na coinníollacha ranníoca in alt 30 a bheith comhlíonta aige. | |
[EN] | (2) Ní bheidh teideal ag duine chun sochair dhífhostaíochta in aghaidh na chéad trí lá d'aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta. | |
[EN] | (3) Faoi réir alt 125, leanfar de shochar dífhostaíochta a íoc go ceann tréimhse 6 sheachtain tar éis dáta báis tairbhí a raibh cleithiúnaí aosaithe aige. | |
[EN] | (4) Chun críocha aon fhorála den Acht seo a bhaineann le sochar dífhostaíochta— | |
[EN] | (a) ní dhéanfar lá a áireamh i ndáil le duine árachaithe mar lá dífhostaíochta mura rud é an lá sin nach bhfuil sé éagumasach chun oibre agus go bhfuil sé, nó go meastar de réir rialachán go bhfuil sé, ar fáil le haghaidh fostaíochta, | |
[EN] | (b) ciallaíonn “lá bearnaithe fostaíochta” lá is lá dífhostaíochta nó lá éagumais chun oibre, | |
[EN] | (c) déanfar aon 3 lá bhearnaithe fostaíochta, bíodh siad comhleanúnach nó ná bíodh, laistigh de thréimhse 6 lá chomhleanúnacha a áireamh mar thréimhse bhearnaithe fostaíochta agus déanfar aon dá thréimhse den sórt sin nach bhfuil tréimhse is mó ná 13 sheachtain eatarthu a áireamh mar thréimhse bhearnaithe fostaíochta amháin, | |
[EN] | (d) ní dhéanfar an Domhnach ná aon lá eile den sórt sin i ngach seachtain a fhorordófar a áireamh mar lá dífhostaíochta nó mar lá éagumais chun oibre agus déanfar neamhshuim de nuair a bheidh aon tréimhse de laethanta comhleanúnacha á ríomh. | |
[EN] | (5) Féadfar le rialacháin foráil a dhéanamh (faoi réir fho-alt (4)) maidir leis na laethanta a bheidh nó nach mbeidh le háireamh chun críocha sochair dhífhostaíochta mar laethanta dífhostaíochta nó mar laethanta éagumais chun oibre. | |
[EN] | (6) Is é an méid is iníoctha mar shochar in aghaidh aon lae dhífhostaíochta an séú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí. | |
[EN] |
Coinníollacha maidir le sochar a fháil. [1952, Sc. 4; 1974 (Uimh. 3) a.3; 1978 L, a.13(1), 14(2); I.R. Uimh. 156 de 1956] [1952, a.14] [1952, a.28] |
30. —(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás sochair dhífhostaíochta— |
[EN] | (a) go mbeidh ag an éilitheoir ranníocaí cáilitheacha i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad sa tréimhse ó theacht faoi árachas dó go dtí an lá a bhfuil an sochar á éileamh ina aghaidh, agus | |
[EN] | (b) go mbeidh ag an éilitheoir ranníocaí cáilitheacha nó ranníocaí creidiúnaithe i leith 48 seachtain ranníoca ar a laghad sa bhliain ranníoca iomlán dheiridh roimh thosach na bliana sochair ar lá di an lá a bhfuil an sochar á éileamh ina aghaidh. | |
[EN] | (2) I gcás ina raibh duine faoi bhun 65 bliana d'aois i dteideal sochar dífhostaíochta a íoc leis maidir le haon lá nó i gcás ina mbeadh sé ina theideal sin mura mbeadh forálacha alt 29 (2), 35 (1) nó 35 (3) ansin, maidir le sochar dífhostaíochta, measfar, chun críche an choinníll i bhfo-alt (1) (b), an bhliain sochair ina bhfuil an chéad lá sin i ngach tréimhse bhearnaithe fostaíochta atá, nó a meastar a bheith, ina tréimhse bhearnaithe fostaíochta ar leith, a bheith ar leanúint fad a mhairfidh an tréimhse bhearnaithe fostaíochta. | |
[EN] | (3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar na coinníollacha ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) ach, i gcás ina mbeartaítear rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. | |
[EN] | (4) Faoi réir fho-alt (5), féadfar a fhoráil le rialacháin go mbeidh teideal chun sochair dhífhostaíochta ag daoine a mbeadh teideal acu chuige mura mbeadh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) a bheith gan chomhlíonadh. | |
[EN] | (5) Forálfar le rialacháin chun críocha fho-alt (4) go mbeidh sochar is iníoctha de bhua an fho-ailt sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta sin a shonraítear sa Dara Sceideal, agus féadfaidh an ráta a shonrófar leis na rialacháin athrú i gcomhréir leis an méid a bheidh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) comhlíonta, ach má dhéantar aon mhéadú ar shochar i leith linbh cháilithe déanfar é amhail is dá mbeadh an coinníoll sin comhlíonta go hiomlán. | |
[EN] |
Na rátaí sochair. [1952, a.14] |
31. —Faoi réir an Achta seo, is mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal os coinne thagairt 1 (A) i gcolún (1) a bheidh na rátaí seachtainiúla sochair dhífhostaíochta. |
[EN] |
Méaduithe i leith cleithiúnaithe aosaithe agus leanaí cleithiúnacha. [1952, a.26; 1980, a.19] [1952, a. 27; 1960 L, a.9; 1976, a.18] |
32. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair dhífhostaíochta a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (3) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse a mbeidh cleithiúnaí aosaithe ag an tairbhí, faoi réir an tsriain nach mbeidh tairbhí i dteideal in aghaidh na tréimhse céanna méadú ar shochar a fháil faoin bhfo-alt seo i leith níos mó ná duine amháin. |
[EN] | (2) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair dhífhostaíochta a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (4) de Chuid I den Dara Sceideal i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí agus, ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanbh den sórt sin a bheith ann, mar atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt. | |
[EN] |
Rátaí laghdaithe sochair. [1967 FI, a.5] [1978 L, a.13(4)] [1978 L, a.14(2)] |
33. —(1) Faoi réir fho-alt (2), is iad na rátaí seachtainiúla sochair dhífhostaíochta, lena n-áirítear aon mhéaduithe i leith cleithiúnaithe is iníoctha de bhua alt 32, na rátaí laghdaithe atá leagtha amach ag tagairt I (B) de Chuid I den Dara Sceideal tar éis an 156ú lá dá raibh teideal ag an duine sin chun an tsochair sin. |
[EN] | (2) Níl feidhm ag fo-alt (1)— | |
[EN] | (a) i ndáil le duine os cionn 65 bliana d'aois a bhfuil ranníocaí cáilitheacha aige i leith 156 sheachtain ranníoca ar a laghad sa tréimhse ó theacht faoi árachas dó go dtí an lá a bhfuil an sochar á éileamh ina aghaidh, nó | |
[EN] | (b) i ndáil le duine a bhfuil ranníocaí cáilitheacha aige i leith 280 seachtain ranníoca ar a laghad sa tréimhse 7 mbliana ranníoca iomlána díreach roimh an lá a n-éilítear sochar dífhostaíochta ina leith agus sa chuid (más ann) den bhliain ranníoca atá ag rith an tráth sin agus dar críoch an lá sin. | |
[EN] |
Ré na híocaíochta. [1952, a.16; 1967 FI, a.5; 1978 L, a.13] [1976, a.11] [1979, a.22] [1952, a.16] |
34. —(1) Aon duine a raibh teideal aige, i leith aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta, chun sochair dhífhostaíochta in aghaidh 156 lá, ní bheidh teideal dá éis sin aige, faoi réir fho-ailt (3) agus (6), chun an tsochair sin in aghaidh aon lae dhífhostaíochta (cibé acu sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta chéanna nó i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta dá éis sin é) mura rud é, roimh an lá sin, gur athcháiligh sé chun sochair nó mura rud é, i gcás duine os cionn 65 bliana d'aois, go mbeidh ranníocaí cáilitheacha aige i leith 156 sheachtain ranníoca ar a laghad sa tréimhse ó theacht faoi árachas dó go dtí an lá a bhfuil sochar dífhostaíochta á éileamh ina aghaidh. |
[EN] | (2) I gcás duine a bhí i dteideal sochair dhífhostaíochta in aghaidh 156 lá a bheith tar éis a cheart chun sochair dhífhostaíochta a ídiú— | |
[EN] | (a) athcháileoidh sé chuige sin nuair a bheidh ranníocaí cáilitheacha aige i leith 13 sheachtain ranníoca a thosaigh nó a chríochnaigh tar éis an lae dheiridh dá raibh sé i dteideal an tsochair sin, agus | |
[EN] | (b) ar é athcháiliú chuige sin, beidh feidhm arís maidir leis ag fo-alt (1), ach, i gcás an tréimhse bhearnaithe fostaíochta inar ídigh sé a cheart chun an tsochair sin do mharthain tar éis a athcháilithe, ionann is dá mba thréimhsí bearnaithe fostaíochta ar leithligh an chuid roimh a athcháiliú agus an chuid tar éis a athcháilithe. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht le fo-alt (1), maidir le duine os cionn 18 mbliana d'aois agus nach bean phósta (seachas bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó a bhfuil teideal aici chun méadú sochair i leith linbh nó fearchéile), ionann is dá gcuirfí “390 lá” in ionad “156 lá”. | |
[EN] | (4) I gcás duine a bhí i dteideal sochair dhífhostaíochta in aghaidh 390 lá a bheith tar éis a cheart chun an tsochair sin a ídiú— | |
[EN] | (a) athcháileoidh sé chuige sin nuair a bheidh ranníocaí cáilitheacha aige i leith 13 sheachtain ranníoca a thosaigh nó a chríochnaigh tar éis an 156ú lá dá raibh sé i dteideal an tsochair sin, agus | |
[EN] | (b) ar é athcháiliú chuige sin, beidh feidhm arís maidir leis ag fo-ailt (1) agus (3), ach, i gcás an tréimhse bhearnaithe fostaíochta inar ídigh sé a cheart chun sochair do mharthain tar éis a athcháilithe, ionann is dá mba thréimhsí bearnaithe fostaíochta ar leithligh an chuid roimh an ídiú agus an chuid tar éis an ídithe. | |
[EN] | (5) Más rud é, sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta, go mbeidh duine os cionn 18 mbliana d'aois agus nach bean phósta (seachas bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó a bhfuil teideal aici chun méadú sochair i leith linbh nó fearchéile) tar éis a cheart chun sochar dífhostaíochta 312 lá a ídiú laistigh den tréimhse 78 lá dar críoch an 5 Aibreán, 1976, beidh sé i dteideal sochair dhífhostaíochta i leith gach lae, gan dul thar 78 lá, de dhífhostaíocht a tharlóidh tar éis an dáta sin go dtí an 394ú lá de dhífhostaíocht sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin. | |
[EN] | (6) Beidh éifeacht le fo-alt (1), maidir le bean phósta (seachas bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó a bhfuil teideal aici chun méadú sochair i leith linbh nó fearchéile), ionann is dá gcuirfí “312 lá” in ionad “156 lá”. | |
[EN] | (7) I gcás a ceart chun sochair dhífhostaíochta in aghaidh 312 lá a bheith ídithe ag bean atá i dteideal an tsochair sin— | |
[EN] | (a) athcháileoidh sí chuige nuair a bheidh ranníocaí cáilitheacha aici i leith 13 sheachtain ranníoca a thosaigh nó a chríochnaigh tar éis an 156ú lá dá raibh teideal aici chun an tsochair sin, agus | |
[EN] | (b) ar í athcháiliú chuige, beidh feidhm arís maidir léi ag fo-ailt (1) agus (6) ach, i gcás an tréimhse bhearnaithe fostaíochta inar ídigh sí a ceart chun an tsochair sin do mharthain tar éis a hathcháilithe, ionann is dá mba thréimhsí bearnaithe fostaíochta ar leithligh an chuid roimh an ídiú agus an chuid tar éis an ídithe. | |
[EN] | (8) Más rud é i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta go mbeidh a ceart chun sochar dífhostaíochta 156 lá ídithe ag bean dá dtagraítear i bhfo-alt (6) laistigh den tréimhse 156 lá dar chríoch an 31 Márta, 1979, beidh sí i dteideal an tsochair sin i leith gach lae, gan dul thar 156 lá, de dhífhostaíocht tar éis an dáta sin suas go dtí an 315ú lá de dhífhostaíocht sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin. | |
[EN] | (9) Féadfar a fhoráil le rialacháin go n-áireofar duine chun críocha an ailt seo mar dhuine ag a raibh teideal chun sochair in aghaidh aon lae dá mba rud é go mbeadh an teideal sin aige mura mbeadh aon mhoill nó mainneachtain aige maidir le héileamh a dhéanamh nó a thabhairt ar aghaidh nó maidir le fógra a thabhairt, faoi réir an choinníll nach ndéanfar duine a áireamh amhlaidh má thaispeánann sé nach raibh ar intinn aige, trí gan ceart chun sochair in aghaidh an lae sin a fháil nó a bhunú, dul ón riachtanas chun athcháiliú le haghaidh sochair faoin alt seo. | |
[EN] |
Dícháiliú. [1952, a.17] [1967 FI, a.8] [1967 FI, a.8] |
35. —(1) Duine a chaill fostaíocht mar gheall ar shaotharstad de bharr aighnis cheirde ag an monarcha, ag an gceardlann, ag an bhfeirm nó ag áitreabh nó áit eile ina raibh sé ar fostú, beidh sé dícháilithe chun sochar dífhostaíochta a fháil fad a leanfaidh an saotharstad, ach amháin i gcás ina mbeidh sé, le linn an tsaotharstad, tar éis fostú bona fide a fháil in áit eile sa tslí bheatha a mbíonn sé ag gabháil di de ghnáth nó tar éis gabháil go rialta le slí bheatha éigin eile: |
[EN] | Ar choinníoll nach mbainfidh na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo le duine— | |
[EN] | (a) nach bhfuil páirteach, nó nach bhfuil leas díreach aige, san aighneas ceirde ba chúis leis an saotharstad nó ag íoc chuige, agus | |
[EN] | (b) nach duine de ghrád nó d'aicme oibrithe é a raibh comhaltaí de nó di díreach roimh thosach an tsaotharstad, ar fostú ina áit fostaíochta agus aon duine díobh páirteach san aighneas nó leas díreach aige ann nó ag íoc chuige. | |
[EN] | (2) In aon chás ina ndéantar brainsí leithleacha oibre is gnáth a sheoladh mar ghnóthaí leithleacha in áitribh leithleacha nó in áiteanna leithleacha a sheoladh i ranna leithleacha san áitreabh céanna nó san áit chéanna, measfar, chun críocha fho-alt (1), gur monarcha, ceardlann nó feirm leithleach nó áitreabh leithleach nó áit leithleach, de réir mar a bheidh, gach roinn acu sin. | |
[EN] | (3) Beidh duine dícháilithe chun sochar dífhostaíochta a fháil in aghaidh cibé tréimhse nach faide ná 6 sheachtain a chinnfear faoi fhorálacha an Achta seo más rud é— | |
[EN] | (a) gur chaill sé a fhostaíocht trína mhí-iompar féin nó gur fhág sé a fhostaíocht go saorálach gan cúis mhaith, nó | |
[EN] | (b) gur dhiúltaigh sé tairiscint ar fhostaíocht oiriúnach, nó | |
[EN] | (c) gur dhiúltaigh sé nó gur mhainnigh sé, gan cúis mhaith, glacadh le haon deis réasúnach ar oiliúint a fháil a sholáthraigh nó a cheadaigh An Chomhairle Oiliúna mar oiliúint oiriúnach ina chás, nó | |
[EN] | (d) gur mhainnigh sé nó gur fhailligh sé glacadh le haon deis réasúnach ar fhostaíocht oiriúnach a fháil, | |
[EN] | agus tosóidh an tréimhse dhícháilíochta an lá a chaill nó a d'fhág sé an fhostaíocht nó a rinne sé an diúltú, an mhainneachtain nó an fhaillí (de réir mar a bheidh). | |
[EN] | (4) Féadfar a fhoráil le rialacháin freisin go bhforchuirfear, i gcás aon aicme daoine, coinníollacha breise i ndáil le sochar dífhostaíochta a fháil agus i ndáil le srianta ar ráta agus ré an tsochair sin, más rud é, ag féachaint d'imthosca speisialta, go bhfeictear don Aire gur gá sin a dhéanamh chun éagothromais a chosc nó chun éigeartas a chosc. | |
[EN] | (5) Chun críche an ailt seo, ní mheasfar gur fostaíocht oiriúnach fostaíocht i gcás aon duine más rud é— | |
[EN] | (a) gur fostaíocht í i bpost atá folamh mar gheall ar shaotharstad de bharr aighnis cheirde, nó | |
[EN] | (b) gur fostaíocht í sa cheantar deiridh ina raibh sé ar gnáthfhostú de réir ráta luach saothair is ísle, nó faoi choinníollacha is neamhfhabhraí, ná ba ghnách leis a fháil ina ghnáth-fhostaíocht sa cheantar sin, nó a gheobhadh sé dá leanfadh sé de bheith ar fostú amhlaidh, nó | |
[EN] | (c) gur fostaíocht í in aon cheantar eile de réir ráta luach saothair is ísle, nó faoi choinníollacha is neamhfhabhraí, ná iad sin lena nglactar go ginearálta sa cheantar sin trí chomhaontú idir comhlachais fostóirí agus comhlachais fostaithe nó, cheal comhaontú den sórt sin, ná iad sin a aithníonn fostóirí maithe go ginearálta sa cheantar sin. | |
[EN] | (6) San alt seo ciallaíonn “aighneas ceirde” aon aighneas idir fostóirí agus fostaithe, nó idir fostaithe agus fostaithe, maidir le fostú nó neamhfhostú nó téarmaí fostaíochta nó coinníollacha fostaíochta aon daoine, cibé acu is fostaithe iad i bhfostaíocht an fhostóra lenar tharla an t-aighneas nó nach ea. |