|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 5 Sochair Dhíobhála Ceirde) | Ar Aghaidh (CAIBIDIL 7 Pinsean Seanaoise (Ranníocach)) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981
[EN] | ||
[EN] |
CAIBIDIL 6 Sochar Pá-Choibhneasa | |
[EN] |
Léiriú. [1973 SPC, a.1; 1978 L, a.18 (2)] |
71. —Sa Chaibidil seo— |
[EN] | ciallaíonn “tuilleamh ináirithe”, faoi réir rialcahán faoin gCaibidil seo, tuilleamh ó fhostaíocht inárachaithe a bhfuil ranníocaí fostaíochta iníoctha ina leith de réir alt 10 (1); | |
[EN] | ciallaíonn “tuilleamh ináirithe seachtainiúil” meánmhéid, arna ríomh de réir rialachán, an tuillimh ináirithe a gheofar in imeacht seachtaine; | |
[EN] | ciallaíonn “bliain chánach ioncaim iomchuí”, i ndáil le sochar páchoibhneasa is iníoctha i leith aon lae áirithe, cibé bliain mheasúnachta de réir bhrí na nAchtanna Cánach Ioncaim a bheidh forordaithe i ndáil le haon sochar den sórt sin. | |
[EN] |
Teideal chun sochair. [1973 SPC, a.3; 1974 (Uimh. 2), a. 24] |
72. —(1) Faoi réir na Caibidle seo duine a raibh tuilleamh ináirithe aige sa bhliain chánach ioncaim iomchuí beidh sé i dteideal sochair phá-choibhneasa maidir le haon lá— |
[EN] | (a) is lá éagumais chun oibre ar cuid é de thréimhse bhearnaithe fostaíochta agus a bhfuil an duine i dteideal sochair mhíchumais nó liúntais mháithreachais ina leith nó a mbeadh an duine i dteideal cheachtar de na sochair sin mura mbeadh go bhfuil sochar díobhála iníoctha leis an duine faoi Chaibidil 5 i leith an lae sin, nó | |
[EN] | (b) is lá dífhostaíochta ar cuid é de thréimhse bhearnaithe fostaíochta agus a bhfuil an duine i dteideal sochair dhífhostaíochta ina leith, | |
[EN] | agus nach luaithe ná an 13ú lá éagumais chun oibre nó nach luaithe ná an 13ú lá dífhostaíochta, de réir mar a bheidh, sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta. | |
[EN] | (2) Aon lá a bhfuil duine i dteideal liúntais mháithreachais ina leith measfar, chun críocha an ailt seo, gur lá éagumais chun oibre é. | |
[EN] |
An ráta sochair. [1976, a. 12] |
73. —Is é an ráta seachtainiúil sochair phá-choibhneasa is iníoctha le duine in aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta méid is comhionann— |
[EN] | (a) i leith aon chuid den tréimhse sin amach go dtí an 159ú lá éagumais chun oibre, nó i leith aon chuid den tréimhse sin amach go dtí an 159ú lá dífhostaíochta, le 40 faoin gcéad, | |
[EN] | (b) i leith aon chuid den tréimhse sin ón 160ú lá éagumais chun oibre amach go dtí an 237ú lá den sórt sin, nó i leith aon chuid den tréimhse sin ón 160ú lá dífhostaíochta amach go dtí an 237ú lá den sórt sin, le 30 faoin gcéad, | |
[EN] | (c) i leith aon chuid den tréimhse sin ón 238ú lá éagumais chun oibre amach go dtí an 315ú lá den sórt sin, nó i leith aon chuid den tréimhse sin ón 238ú lá dífhostaíochta amach go dtí an 315ú lá den sórt sin, le 25 faoin gcéad, agus | |
[EN] | (d) i leith aon chuid den tréimhse sin ón 316ú lá éagumais chun oibre amach go dtí an 393ú lá den sórt sin, nó i leith aon chuid den tréimhse sin ón 316ú lá dífhostaíochta amach go dtí an 393ú lá den sórt sin, le 20 faoin gcéad, | |
[EN] | den chuid (más aon chuid í) dá thuilleamh ináirithe seachtainiúil in aghaidh na bliana cánach ioncaim iomchuí is mó ná £14 ach nach rachaidh thar an teorainn a bheidh arna forordú de thuras na huaire, faoi réir cibé coinníollacha a bheidh forordaithe chun méid iomlán an tsochair is iníoctha faoin gCuid seo leis an duine i leith aon seachtaine a shrianadh. | |
[EN] |
Ré na híocaíochta. [1976, a. 12] [1980, a. 17] |
74. —(1) In aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta ní bheidh duine i dteideal sochair phá-choibhneasa i leith aon lá éagumais chun oibre tar éis an 393ú lá éagumais chun oibre sa tréimhse sin ná i leith aon lá dífhostaíochta tar éis an 393ú lá dífhostaíochta sa tréimhse sin. |
[EN] | (2) Nuair a bheifear á ríomh chun críocha na Caibidle seo an raibh, i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta, duine éagumasach chun oibre ar feadh uimhir shonraithe laethanta nó dífhostaithe ar feadh uimhir shonraithe laethanta, ní chuirfear i gcuntas ach— | |
[EN] | (a) aon lá nó laethanta éagumais chun oibre sa tréimhse sin ar íocadh sochar míchumais, liúntas máithreachais nó sochar díobhála leis an duine sin ina leith agus aon lá nó laethanta den sórt sin sa chéad tréimhse éagumais chun oibre sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin lena mbaineann alt 18 (2), | |
[EN] | (b) aon lá nó laethanta dífhostaíochta sa tréimhse ar íocadh sochar dífhostaíochta leis an duine sin ina leith agus aon lá nó laethanta den sórt sin lena mbaineann alt 29 (2). | |
[EN] |
Forálacha idirlinne. [1975 SPC, a.4; I.R. Uimh. 114 de 1975] [1976, a. 12] |
75. —(1) (a) D'ainneoin alt 74 (1) ach faoi réir alt 72 (1), i gcás ina bhfuair duine, i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta a thosaigh roimh an 5 Meitheamh, 1975, sochar pá-choibhneasa roimh an dáta sin agus go raibh 159 lá ar a laghad éagumais chun oibre aige, beidh sé i dteideal sochair pháchoibhneasa i leith gach lá, suas go dtí 78 lá ar a mhéid, éagumais chun oibre a tharla tar éis an dáta sin ach roimh an 316ú lá éagumais chun oibre sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin. |
[EN] | (b) D'ainneoin alt 74 (1) ach faoi réir alt 72 (1), i gcás ina bhfuair duine, i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta a thosaigh roimh an 5 Meitheamh, 1975, sochar pá-choibhneasa roimh an dáta sin agus go raibh 159 lá ar a laghad dífhostaíochta aige, beidh sé i dteideal sochair phá-choibhneasa i leith gach lá, suas go dtí 78 lá ar a mhéid, dífhostaíochta a tharla tar éis an dáta sin ach roimh an 316ú lá dífhostaíochta sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin. | |
[EN] | (2) (a) D'ainneoin alt 74 (1) ach faoi réir alt 72 (1), i gcás ina bhfuair duine, i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta a thosaigh roimh an 5 Aibreán, 1976, sochar pá-choibhneasa roimh an dáta sin agus go raibh 315 lá ar a laghad éagumais chun oibre aige, beidh sé i dteideal sochair phá-choibhneasa i leith gach lá, suas go dtí 78 lá ar a mhéid, éagumais chun oibre a tharla tar éis an dáta sin ach roimh an 394ú lá éagumais chun oibre sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin. | |
[EN] | (b) D'ainneoin alt 74 (1) ach faoi réir alt 72 (1), i gcás ina bhfuair duine, i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta a thosaigh roimh an 5 Aibreán, 1976, sochar pá-choibhneasa roimh an dáta sin agus go raibh 315 lá ar a laghad dífhostaíochta aige, beidh sé i dteideal sochair phá-choibhneasa i leith gach lá, suas go dtí 78 lá ar a mhéid, dífhostaíochta a tharla tar éis an dáta sin ach roimh an 394ú lá dífhostaíochta sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin. | |
[EN] |
Rialacháin. [1973 SPC, a.8] [1973 SPC, a.9; 1978 L, a. 18 (3)] [1973 SPC, a. 10] [1973 SPC, a. 11] [1973 SPC, a. 13] [1973 SPC, a. 10] |
76. —(1) Féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin— |
[EN] | (a) go ríomhfar nó go measfar méid an tuillimh ináirithe agus méid an tuillimh ináirithe sheachtainiúil ag duine nó ag aicme daoine chun críocha na Caibidle seo, i cibé slí, faoi threoir cibé nithe agus ar cibé foras a bheidh sonraithe; | |
[EN] | (b) go ríomhfar na méideanna is iníoctha i leith sochair pháchoibhneasa de réir scálaí forordaithe agus go ndéanfar cibé coigeartuithe ar na méideanna is gá chun ríomh na méideanna a urasú agus codáin de phingin a sheachaint sna méideanna; | |
[EN] | (c) go mbeidh feidhm ag an gCaibidil seo i gcás daoine a bheidh fostaithe i cibé aicme nó aicmí fostaíochta a shonrófar sna rialacháin agus féadfaidh an tAire leis na rialacháin sin cibé modhnuithe a dhéanamh ar fhorálacha na Caibidle seo is dóigh leis is gá chun na críche sin; | |
[EN] | (d) go n-eisiafar ó fheidhm na Caibidle seo daoine a bheidh fostaithe i bhfostaíocht de cibé aicme nó aicmí a bheidh sonraithe sna rialacháin; | |
[EN] | (e) go modhnófar aon choinníoll de na coinníollacha i dtaobh sochar pá-choibhneasa a fháil i gcás aon éileamh ar shochar den sórt sin sa tréimhse dar thosach an 8 Aibreán, 1974, agus dar críoch cibé dáta a shonrófar sna rialacháin; | |
[EN] | (f) go gceanglófar ar fhostóirí, chun críocha ranníocaí pá-choibhneasa agus sochair phá-choibhneasa, cibé taifid a choimeád a shonrófar sna rialacháin ar thuilleamh daoine a bheidh fostaithe acu agus na taifid a choinneáil go ceann cibé tréimhsí a fhorordófar agus measfar gur doiciméid chun críocha alt 114 aon taifid a shonrófar amhlaidh. | |
[EN] | (2) Féadfar aicme fostaíochta a shonrú i rialacháin faoi fho-alt (1) (c) nó (d) i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is iomchuí leis an Aire. | |
[EN] | (3) I gcás ina mbeartófar rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (1) (c) nó (d) ag modhnú forálacha na Caibidle seo, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. | |
[EN] |
Faisnéis i ndáil le tuilleamh ináirithe. [1973 SPC, a. 12; 1978 L, a. 18 (3)] |
77. —Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé faisnéis a thabhairt don Aire i ndáil le tuilleamh ináirithe is gá chun críche sochair pháchoibhneasa. |