An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 6 Sochar Pá-Choibhneasa) Ar Aghaidh (CAIBIDIL 8 Pinsean Scoir)

1 1981

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981

CAIBIDIL 7

Pinsean Seanaoise (Ranníocach)

Teideal chun pinsin.

[1952, a. 25A; 1960 L, a. 7]

[1974 (Uimh. 2), a.10]

[1978 L, a. 13(2)]

78. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh teideal ag duine chun pinsin seanaoise (ranníocach) má bhíonn aois inphinsin slánaithe aige agus má chomhlíonann sé na coinníollacha ranníoca in alt 79.

(2) Faoi réir alt 125, leanfar de phinsean seanaoise (ranníocach) a íoc go ceann tréimhse 6 sheachtain tar éis dáta báis tairbhí a raibh cleithiúnaí aosaithe aige.

(3) Chun críocha na Caibidle seo ciallaíonn “meánmhéid bliantúil” i ndáil le haon éilitheoir an meánmhéid i ngach bliain ranníoca de sheachtainí ranníoca a bhfuil ranníocaí cáilitheacha, ranníocaí saorálacha nó ranníocaí creidiúnaithe ag an éilitheoir ina leith sa tréimhse dar tosach tús na bliana ranníoca inar tháinig sé faoi árachas agus dar críoch deireadh na bliana ranníocha is deireanaí roimh an dáta a shlánaigh sé aois inphinsin.

Coinníollacha maidir le pinsean a fháil.

[1952, Sc. 4; 1960 L, a. 16; 1978 L, a.13, 14]

[1974 (Uimh. 2), a.11; 1975, a. 10; 1977, a. 13]

[1974 (Uimh. 2), a.11]

[1975, a. 10]

[1977, a. 13]

[1952, a. 14]

[1952, a. 28A; 1960 L, a. 10]

[1960 L, a. 10; 1964 FI, a. 9]

[1952, a.66A; 1960 L, a. 13]

[1967 FI, a. 11]

79. —(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i leith pinsin seanaoise (ranníocach)—

(a) faoi réir fho-alt (2), gur tháinig an t-éilitheoir faoi árachas sular shlánaigh sé 56 bliana d'aois,

(b) ranníocaí cáilitheacha i leith 156 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an éilitheoir ó tháinig sé faoi árachas, agus

(c) nach lú ná 48 meánmhéid bliantúil an éilitheora.

(2) (a) I gcás duine a shlánaigh 57 mbliana d'aois roimh an 1 Iúil, 1974, forléireofar fo-alt (1) (a) amhail is dá gcuirfí “60 bliain” in ionad “56 bliana”.

(b) I gcás duine a shlánaigh 57 mbliana d'aois an 1 Iúil, 1974, nó dá éis, forléireofar fo-alt (1) (a) amhail is dá gcuirfí “58 mbliana” in ionad “56 bliana”.

(c) I gcás duine a shlánaigh 56 bliana d'aois an 1 Aibreán, 1975, nó dá éis, forléireofar fo-alt (1) (a) amhail is dá gcuirfí “57 mbliana” in ionad “56 bliana” agus ní bheidh feidhm ag mír (b) den fho-alt seo ar 57 mbliana d'aois a shlánú dó.

(d) I gcás duine a shlánaigh 55 bliana d'aois an 1 Deireadh Fómhair, 1977, nó dá éis, ní bheidh feidhm ag mír (c) ar 56 bliana d'aois a shlánú dó ná ní bheidh feidhm ag mír (b) ar 57 mbliana d'aois a shlánú dó.

(3) (a) Duine a shlánaigh 69 mbliana d'aois an 1 Iúil, 1974, nó dá éis, ach roimh an 5 Eanáir, 1976, féadfar a theideal chun pinsin seanaoise (ranníocach) a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Iúil, 1974, más buntáiste dó é sin.

(b) Duine a shlánaigh 69 mbliana d'aois roimh an 1 Iúil, 1974, agus ar dámhadh pinsean seanaoise (ranníocach) dó faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an dáta sin beidh ceart aige ar an dáta sin agus dá éis chun an phinsin sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil is comhionann leis an meánmhéid bliantúil arna ríomh ina chás faoi na forálacha sin.

(4) (a) Duine a shlánaigh 68 mbliana d'aois an 1 Aibreán, 1975, nó dá éis, ach roimh an 3 Eanáir, 1977, féadfar a theideal chun pinsin seanaoise (ranníocach) a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Aibreán, 1975, más buntáiste dó é sin.

(b) Duine a shlánaigh 68 mbliana d'aois roimh an 1 Aibreán, 1975, agus ar dámhadh pinsean seanaoise (ranníocach) dó faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an dáta sin beidh ceart aige ar an dáta sin agus dá éis chun an phinsin sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil is comhionann leis an meánmhéid bliantúil arna ríomh ina chás faoi na forálacha sin.

(5) (a) Duine a shlánaigh 67 mbliana d'aois an 1 Deireadh Fómhair, 1977, nó dá éis, ach roimh an 1 Eanáir, 1979, féadfar a theideal chun pinsin seanaoise (ranníocach) a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i ngníomh roimh an 1 Deireadh Fómhair, 1977, más buntáiste dó é sin.

(b) Duine a shlánaigh 67 mbliana d'aois roimh an 1 Deireadh Fómhair, 1977, agus ar dámhadh pinsean seanaoise (ranníocach) dó faoi fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh a bhí i bhfeidhm roimh an dáta sin, beidh ceart aige ar an dáta sin agus dá éis chun an phinsin sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil is comhionann leis an meánmhéid bliantúil arna ríomh ina chás faoi na forálacha sin.

(6) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar bhrí meánmhéid bhliantúil atá in alt 78 (3) nó ar na coinníollacha ranníoca atá leagtha amach san alt seo ach, i gcás ina mbeartófar rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(7) Faoi réir fho-alt (8), féadfar a fhoráil le rialacháin go mbeidh teideal chun pinsin seanaoise (ranníocach) ag daoine a mbeadh an teideal sin acu mura mbeadh nach bhfuil an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (c) comhlíonta.

(8) Forálfar le rialacháin chun críocha fho-alt (7) go mbeidh pinsean seanaoise (ranníocach) is iníoctha de bhua na rialachán sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta sin a shonraítear sa Dara Sceideal, agus féadfaidh an ráta a shonrófar leis na rialacháin athrú de réir an méid a bheidh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (c) comhlíonta, ach is é an méadú sochair céanna a bheidh iníoctha faoi alt 81 (1) nó alt 81 (2) ab iníoctha dá mbeadh an coinníoll sin comhlíonta go hiomlán.

(9) Aon ranníocaí a bheidh íoctha nó creidiúnaithe faoin gCuid seo, nó a bheidh íoctha nó maite, nó a mheasfar a bheidh íoctha, nó a ndéileálfar leo amhail agus dá mbeadh siad íoctha, faoi na hAchta um Árachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952 (seachas ranníocaí a bheidh íoctha ag duine nó a bheidh íoctha ina leith in aghaidh tréimhse a bheidh nó a raibh an duine sin fostaithe go formhór i gceann amháin nó níos mó de na fostaíochtaí a shonraítear i bhfo-airteagal (1) d'Airteagal 7 de na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Árachas), 1979 (I.R. Uimh. 87 de 1979)), áireofar iad ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha agus teorainneacha a bheidh forordaithe le haghaidh comhlíonadh na gcoinníollacha ranníoca i leith pinsin seanaoise (ranníocach).

(10) Féadfar freisin a fhoráil le rialacháin faoi fho-alt (9) go ndéanfar modhnuithe, i gcás daoine a bhí árachaithe faoi na hAchta um Árachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952, nó a bhí as láthair ón Stát roimh an 3 Deireadh Fómhair, 1960, ar na coinníollacha ranníoca i leith pinsin seanaoise (ranníocach).

(11) I gcás ina dtiocfaidh duine chun bheith ina ranníocóir fostaithe de bhua alt 65 (1), agus nár ranníocóir fostaithe é ar leithligh ón alt sin, measfar nach teacht faoi árachas chun críocha fho-alt (1) den alt seo a theacht faoi árachas de bhua an ailt sin agus chun na gcríocha sin measfar a theacht faoi árachas tarlú nuair a thiocfaidh sé i gcéadóir chun bheith ina ranníocóir fostaithe de bhua alt 5.

Na rátaí pinsin.

[1952, a. 14]

80. —Faoi réir na Coda seo, is mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal a bheidh na rátaí seachtainiúla pinsin seanaoise (ranníocach).

Méaduithe (lena n-áirítear méaduithe i leith cleithiúnaithe aosaithe agus leanaí cleithiúnacha).

[1952, a. 26; 1960 L, a. 8]

[1952, a. 27; 1960 L, a.9; 1964 FI, a.8; 1976, a. 18]

[1952, a. 26; 1974 (Uimh. 2), a.19]

[1977, a.14 (2)]

[1969 FI, a.9]

81. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin seanaoise (ranníocach) a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (3) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse—

(a) a mbeidh an tairbhí ina chónaí lena bhanchéile nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór, nó

(b) a mbeidh an tairbhí ag cothabháil a fearchéile go hiomlán nó go formhór agus é éagumasach ar é féin a chothabháil de dheasca éiglíocht éigin coirp nó meabhrach,

agus nach tréimhse í a mbeidh céile an tairbhí ag fáil pinsin seanaoise (ranníocach) ina leith.

(2) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin seanaoise (ranníocach) a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (4) de Chuid I den Dara Sceideal i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí agus, ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanbh den sórt sin a bheith ann déanfar é a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt.

(3) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin seanaoise (ranníocach) a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse—

(i) a mbeidh an tairbhí chomh héagumasach sin go dteastaíonn cúram agus aire lánaimsire uaidh,

(ii) a mbeidh gaol forordaithe leis an tairbhí ina chónai leis an tairbhí chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus

(iii) a gcomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe.

(4) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin seanaoise (ranníocach) a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (7) de Chuid I den Dara Sceideal i gcás an duine atá i dteideal an phinsin a bheith ina chónaí ina aonar.

(5) Nuair a bheifear ag cinneadh ráta sheachtainiúil pinsin seanaoise (ranníocach) is iníoctha le baintreach, measfar duine os cionn 18 mbliana d'aois, ar leanbh cáilithe é dá mbeadh sé faoi bhun na haoise sin, a bheith ina leanbh cáilithe ar feadh aon tréimhse a mbeidh sé faoi bhun 21 bhliain d'aois agus é ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais.

Cumhacht chun scéimeanna agus comhshocraíochtaí atá ann faoi láthair do sholáthar aoisliúntas agus íocaíochtaí i leith iomarcaíochta a fhoirceannadh nó a mhodhnú.

[1960 L, a. 18]

82. —(a) Féadfar aon scéim nó comhshocraíocht chun pinsin, cúiteamh i leith iomarcaíochta nó sochair eile a sholáthar (lena n-áirítear aon scéim nó comhshocraíocht arna bunú nó arna soláthar de bhua nó faoi réim aon achtacháin nó ag a bhfuil feidhm reachtúil de bhua aon achtacháin agus aon scéim nach bhfuil fianaithe ach trí pholasaí amháin árachais nó níos mó) a mhodhnú, agus

(b) féadfar aon scéim nó comhshocraíocht den sórt sin, seachas scéim nó comhshocraíocht chun cúiteamh i leith iomarcaíochta a sholáthar, a fhoirceannadh,

i ndáil le scéim pinsean seanaoise (ranníocach) a sholáthar faoin gCaibidil seo—

(i) trí chomhaontú idir na páirtithe éagsúla a mbeidh baint acu leis an scéim nó leis an gcomhshocraíocht, nó

(ii) de réir rialachán a dhéanfar, tar éis breithniú a bheidh déanta ar aon uiríolla a dhéanfaidh na páirtithe éagsúla a mbeidh baint acu leis an scéim nó leis an gcomhshocraíocht, ag cibé Aire a gcinnfidh an tAire Airgeadais gur Aire iomchuí é i ndáil leis an scéim nó leis an gcomhshocraíocht nó, má chinneann an tAire Airgeadais nach bhfuil aon Aire iomchuí ann, ag an Aire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta.