Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Na hAchtacháin a Aisghairtear)

11 1981


Uimhir 11 de 1981


ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA gCÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1924 GO 1961, AGUS ACHTANNA NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961 GO 1979, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA CÚIRTEANNA. [12 Bealtaine, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1924” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ;

ciallaíonn “Acht 1936” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ;

ciallaíonn “Acht 1961” Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 ;

ciallaíonn “Acht 1971” Acht na gCúirteanna, 1971 .

(2) Déanfar tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna chur chun feidhme le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile lena n-áirítear an tAcht seo.

Leathnú ar dhlínse na Cúirte Cuarda.

2. —(1) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1961—

(a) trí mhír (a) i gcolún (3) ag uimhreacha tagartha 18, 20, 21, 22, 24, 25, 26, 27 agus 28 a scriosadh,

(b) trí “£15,000” a chur in ionad “£2,000” (a cuireadh isteach le hAcht 1971) gach áit a bhfuil sé sa cholún sin (3),

(c) trí “£7,500” a chur in ionad “£1,000” (a cuireadh isteach le hAcht 1971) sa cholún sin (3) ag uimhir thagartha 14, agus

(d) trí “£200” a chur in ionad “£100” (a cuireadh isteach le hAcht 1971) gach áit a bhfuil sé sa cholún sin (3).

(2) Leasaítear leis seo an Cúigiú Sceideal a ghabhann le hAcht 1961 trí “do £15,000” a chur in ionad “do dhá mhíle punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1971) i gcolún (3) os coinne lua an Attorneys' and Solicitors' Act, 1870, i gcolún (2).

(3) Leasaítear leis seo Acht 1936—

(a) trí “£15,000” a chur in ionad “dhá mhíle punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1971) in alt 20, agus

(b) trí “£15,000” a chur in ionad “dhá mhíle punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1971) in alt 23.

Leathnú ar dhlínse na Cúirte Cuarda faoin Acht um Stádas Ban Pósta, 1957 .

3. —Leasaítear leis seo alt 12 den Acht um Stádas Ban Pósta, 1957 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Más mó ná £200 luacháil inrátaithe na talún agus gur chun na Cúirte Cuarda a dhéanfar an t-iarratas, déanfaidh an Chúirt sin, má iarrann cosantóir nó freagróir é sula n-éistfear an t-iarratas, na himeachtaí a aistriú chun na hArd-Chúirte, ach is bailí d'aon ordú nó gníomh a rinneadh i gcúrsa na n-imeachtaí sin roimh an aistriú sin mura ndéanfar é a urscaoileadh nó a athrú le hordú ón Ard-Chúirt.”.

Leathnú ar dhlínse na Cúirte Cuarda faoin Acht Comharbais, 1965 .

4. —Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Comharbais, 1965 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Mura rud é go síneoidh na páirtithe riachtanacha sna himeachtaí i gcúis, roimh an éisteacht nó tráth ar bith lena linn, an fhoirm thoilithe a ordaítear le rialacha cúirte, ní bheidh dlínse ag an gCúirt Chuarda, de bhua fho-alt (2), i gcás eastát an duine éagtha, sa mhéid gur eastát réadach é a raibh sé, tráth a bháis, bhfeo-úinéireacht air nó ina sheilbh go tairbhiúil, a bheith níos mó ná £200 ina luacháil inrátaithe.”.

Dlínse na Cúirte Cuarda i ndáil le hidirscaradh a mensa et thoro.

5. —Dílseofar sa Chúirt Chuarda an dlínse a shonraítear in alt 7 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870, maidir le hidirscaradh a mensa et thoro.

Leathnú ar dhlínse na Cúirte Dúiche.

6. —Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1924—

(a) trí na clásail seo a leanas a chur in ionad chlásail (i) go (iii) (a cuireadh isteach le hAcht 1971) de mhír A:

“(i) i gconradh, sárú conartha, tort (ach amháin béadchaint, leabhal, caidreamh collaí, meabhiú, clúmhilleadh teidil, ionchúiseamh mailíseach agus príosúnú neamhdhleathach) agus in éilimh ar dhamáistí nach mbaineann le conradh, mura mó an t-éileamh ná £2,500:

Ar choinníoll nach n-oibreoidh cinneadh ó bhreitheamh den Chúirt Dúiche i gcás ina bhfuil teideal chun talún i saincheist mar urbhac ná mar urchosc ar agra in aon chúirt maidir leis an talamh sin;

(ii) in eisiachtain i leith neamhíoc cíosa nó i leith rósheilbhe in aon aicme tionóntachta nach mó an cíos uirthi ná suim is comhionann, nó a d'fhéadfadh a bheith comhionann, le £2,500 sa bhliain;

(iii) in imeachtaí ar agra an Stáit nó aon údaráis Stáit (de réir bhrí Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 ) nó aon oifigigh don Stát nó d'aon údarás Stáit chun aon suim a ghnóthú nach mó ná £2,500 atá dlite don Stát nó inghnóthaithe ag an Stát nó thar a cheann, cibé acu ar mhodh pionóis, féich nó eile, agus d'ainneoin aon achtacháin atá i bhfeidhm faoi láthair lena gceanglaítear agra a dhéanamh i leith na suime sin san Ard-Chúirt nó in aon uaschúirt eile;”, agus

(b) trí “£2,500” a chur in ionad “£250” i gclásal (v) (a cuireadh isteach le hAcht 1936).

Leathnú ar dhlínse na Cúirte Dúiche in idirphléadáil ag foshirriaim.

7. —Leasaítear leis seo alt 22 (1) den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 , trí “£2,500” a chur in ionad “dhá chéad agus caoga punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1971).

Leathnú ar dhlínse na Cúirte Dúiche faoi na hAchtanna Fruilcheannaigh, 1946 agus 1960.

8. —(1) Leasaítear leis seo alt 19 den Acht Fruilcheannaigh (Leasú), 1960 , trí “£2,500” a chur in ionad “dhá chéad agus caoga punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1971) i bhfo-ailt (1) agus (2).

(2) Leasaítear leis seo alt 33 (4) (a) d'Acht 1961 trí “£2,500” a chur in ionad “dhá chéad agus caoga punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1971).

Leathnú ar dhlínse na Cúirte Dúiche faoin Acht Srianta Cíosa, 1960 .

9. —Leasaítear leis seo alt 50 (b) den Acht Srianta Cíosa, 1960 , trí “£2,500” a chur in ionad “£315” (a cuireadh isteach le hAcht 1971) i bhfomhír (ii).

Leathnú ar dhlínse na Cúirte Dúiche i gcásanna míchoinneála.

10. —Leasaítear leis seo alt 33 (3) d'Acht 1961 trí “£2,500” a chur in ionad “£250” (a cuireadh isteach le hAcht 1971).

Leathnú ar dhlínse na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche faoin Acht um Dhílseánaigh Óstán, 1963 .

11. —Leasaítear leis seo alt 10 den Acht um Dhílseánaigh Óstán, 1963

(a) trí “£15,000” a chur in ionad “£2,000” (a cuireadh isteach le hAcht 1971) i bhfo-alt (1), agus

(b) trí “£2,500” a chur in ionad “£250” (a cuireadh isteach le hAcht 1971) i bhfo-alt (2).

Dlínse faoin Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 .

12. —Leasaítear leis seo an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 23:

“23. (1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo beidh dlínse ag an gCúirt Chuarda agus ag an gCúirt Dúiche imeachtaí faoi ailt 5, 6, 7 agus 9 den Acht seo a éisteacht agus a chinneadh.

(2) (a) Ní bheidh ag an gCúirt Dúiche ná ag an gCúirt Chuarda, ar achomharc ón gCúirt Dúiche, dlínse ordú a dhéanamh faoin Acht seo á ordú go n-íocfar suim thréimhsiúil de réir ráta is mó ná £100 sa tseachtain chun céile a chothú nó is mó ná £30 sa tseachtain chun leanbh a chothú.

(b) Faoi réir mhír (d) den fho-alt seo, ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a thugann don Chuirt Dúiche nó don Chúirt Chuarda dlínse ordú nó ordachán a dhéanamh faoi alt 5, 6, 7 nó 9 den Acht seo in aon ábhar a ndearna an Ard-Chúirt ordú nó ordachán i ndáil leis faoi aon cheann de na hailt sin.

(c) Faoi réir mhír (d) den fho-alt seo, ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a thugann don Chúirt Dúiche dlínse ordú nó ordachán a dhéanamh faoi alt 5, 6, 7, nó 9 den Acht seo in aon ábhar a ndearna an Chúirt Chuarda (ach amháin ar achomharc ón gCúirt Dúiche) ordú nó ordachán i ndáil leis faoi aon cheann de na hailt sin.

(d) Féadfaidh an Chúirt Dúiche nó an Chúirt Chuarda ordú nó ordachán a rinne an Ard-Chúirt faoi alt 5, 6, 7 nó 9 den Acht seo roimh thosach feidhme alt 12 d'Acht na gCúirteanna, 1981 , a athrú nó a chúlghairm—

(i) má bhíonn na himthosca lenar bhain an t-ordú nó an t-ordachán ón Ard-Chúirt athraithe seachas de bhíthin an tosach feidhme sin, agus

(ii) más rud é, i gcás an Chúirt Dúiche d'athrú nó do chúlghairm ordaithe nó ordacháin den sórt sin, go mbeadh forálacha an ordaithe nó an ordacháin faoi réim dhlínse na Cúirte sin dá mba go raibh an t-alt sin 12 i ngníomh tráth an ordaithe nó an ordacháin a dhéanamh.”.

Dlínse faoin Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976 .

13. —Leasaítear leis seo alt 10 den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Más mó ná £200 luach inrátaithe na talún lena mbaineann na himeachtaí agus gur sa Chúirt Chuarda a thionscnófar na himeachtaí, déanfaidh an Chúirt sin, má éilíonn cosantóir sin sula n-éistfear iad, na himeachtaí a aistriú chuig an Ard-Chúirt, ach is bailí d'aon ordú nó ní a rinneadh i gcúrsa na n-imeachtaí sin roimh an aistriú sin mura ndéanfar urscaoileadh nó athrú air le hordú ón Ard-Chúirt.”,

agus

(b) trí “£2,500” a chur in ionad “£1,000” i bhfo-alt (5).

Dlínse faoi Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 .

14. —Leasaítear leis seo alt 19 d'Acht 1971—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) (a) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, beidh dlínse ag an gCúirt Chuarda, i gcomhthráth leis an gCúirt Dúiche, imeachtaí a éisteacht agus a chinneadh faoi Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , a dúradh, agus beidh feidhm ag an Acht sin, fara aon mhodhnuithe agus oiriúnuithe is gá i ndáil le haon imeachtaí den sórt sin sa Chúirt Chuarda, nó ar achomharc ón gCúirt sin, san Ard-Chúirt.

(b) Beidh foráil sna Rialacha Cúirte go ndéanfar imeachtaí sa Chúirt Chuarda faoin Acht sin a stiúradh ar bhealach achomair.”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) (a) Ní bheidh dlínse ag an gCúirt Dúiche ná ag an gCúirt Chuarda, ar achomharc ón gCúirt Dúiche, ordú a dhéanamh faoin Acht sin chun suim thréimhsiúil is mó ná £30 sa tseachtain a íoc le cothabháil agus oideachas linbh.

(b) Faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thugann—

(i) dlínse don Chúirt Dúiche ordú a dhéanamh faoin Acht sin in aon ábhar a bhfuil ordú déanta i ndáil leis ag an Ard-Chúirt nó ag an gCúirt Chuarda faoin Acht sin, nó

(ii) dlínse don Chúirt Chuarda ordú a dhéanamh faoin Acht sin in aon ábhar a bhfuil ordú déanta i ndáil leis ag an Ard-Chúirt faoin Acht sin.

(c) Féadfaidh an Chúirt Dúiche agus an Chúirt Chuarda ordú arna dhéanamh ag an Ard-Chúirt faoin Acht sin roimh thosach feidhme alt 14 d'Acht na gCúirteanna, 1981 , a athrú nó a chúlghairm—

(i) má bhíonn na himthosca lenar bhain an t-ordú ón Ard-Chúirt athraithe seachas de bhíthin an tosach feidhme sin, agus

(ii) más rud é, i gcás an Chúirt Dúiche d'athrú nó do chúlghairm ordaithe den sórt sin, go mbeadh forálacha an ordaithe faoi réim dhlínse na Cúirte sin dá mba go raibh an t-alt sin 14 i ngníomh tráth an ordaithe a dhéanamh.”.

Dlínse faoin Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 .

15. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964

(a) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 5:

“5.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an Chúirt Chuarda nó an Chúirt Dúiche an dlínse a thugtar do chúirt faoin gCuid seo a fheidhmiú.

(2) Ní bheidh dlínse ag an gCúirt Dúiche ná ag an gCúirt Chuarda, ar achomharc ón gCúirt Dúiche, ordú a dhéanamh faoin Acht seo chun suim thréimhsiúil de réir ráta is mó ná £30 sa tseachtain a íoc chun naí a chothabháil.

(3) An dlínse a thugtar leis an gCuid seo is dlínse í i dteannta aon dlínse eile chun caomhnóirí a cheapadh nó a chur as oifig nó maidir le coimircíocht naíonna nó cúram eastát naíonna.”,

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an chúirt” in alt 13:

“ciallaíonn ‘an chúirt’ an Chúirt Chuarda nó an Chúirt Dúiche;”, agus

(c) trí “an Chúirt Chuarda” a chur in ionad “an chúirt” in alt 18 (1).

(2) (a) Faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, ní fhorléireofar aon ní san Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 , arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, mar ní a thugann don Chúirt Dúiche dlínse ordú a dhéanamh faoi Chuid II nó III den Acht sin a ndearna an Ard-Chúirt nó an Chúirt Chuarda (ach amháin ar achomharc ón gCúirt Dúiche) ordú i ndáil leis faoin gCuid sin II nó faoin gCuid sin III.

(b) Faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, ní fhorléireofar aon ní san Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 , arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, mar ní a thugann don Chúirt Chuarda dlínse ordú a dhéanamh faoi Chuid II nó III den Acht sin a ndearna an Ard-Chúirt ordú i ndáil leis faoin gCuid sin II nó faoin gCuid sin III.

(c) Féadfaidh an Chúirt Dúiche agus an Chúirt Chuarda ordú a rinne an Ard-Chúirt faoin gCuid sin II nó faoin gCuid sin III roimh thosach feidhme an ailt seo a athrú nó a chúlghairm—

(i) má bhíonn na himthosca lenar bhain an t-ordú ón Ard-Chúirt athraithe seachas de bhíthin an tosach feidhme sin, agus

(ii) más rud é, i gcás an Chúirt Dúiche d'athrú nó do chúlghairm ordaithe den sórt sin, go mbeadh forálacha an ordaithe faoi réim dhlínse na Cúirte sin dá mba go raibh an t-alt seo i ngníomh tráth an ordaithe a dhéanamh.

An láthair i ndáil le dlínsí áirithe de chuid na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche.

16. —(1) Is é breitheamh na cuarda ina bhfuil gnáthchónaí ar aon pháirtí sna himeachtaí nó ina seolann sé aon ghairm, gnó nó slí bheatha, a fheidhmeoidh an dlínse faoi Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , faoin Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 , faoin Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , agus faoi alt 5 den Acht seo a thugtar don Chúirt Chuarda.

(2) D'ainneoin aon ní dá bhfuil in alt 79 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , agus, maidir le himeachtaí faoi Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , in alt 2 den Acht deiridh sin, féadfar imeachtaí faoin Acht deiridh sin, faoin Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964, agus faoin Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , a thionscnamh, a éisteacht agus a chinneadh os comhair bhreithimh agus ag breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche Cúirte Dúiche ina bhfuil gnáthchónaí ar aon pháirtí sna himeachtaí nó ina seolann sé aon ghairm, gnó nó slí bheatha.

Teorainn le méid costas gearánaí in imeachtaí áirithe.

17. —(1) In aon chaingean maidir le tort nó le sárú gealltanais phósta a tosaíodh agus a éisteadh san Ard-Chúirt, ar caingean í inar mó ná £2,500 ach nach mó ná £7,500, méid na ndamáistí a ghnóthaigh an gearánaí, ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costas a ghnóthú ná cibé méid acu seo a leanas is 1ú, is é sin le rá, méid na ndamáistí sin nó méid na gcostas a bheadh sé i dteideal a ghnóthú dá mba sa Chúnt Chuarda a thosófaí an chaingean, mura ndéanfaidh an breitheamh a bheidh ag éisteacht na caingne deimhniú speisialta a dheonú faoin alt seo.

(2) In aon chaingean chun suim leachtaithe a ghnóthú, ar caingean í inar mó ná £2,500 ach nach mó ná £7,500 an méid a ghnóthaigh an gearánaí, ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costas a ghnóthú ná a bheadh sé i dteideal a ghnóthú dá mba sa Chúirt Chuarda a thosófaí an chaingean.

(3) In aon chaingean chun suim leachtaithe a ghnóthú, ar caingean í nach mó ná £2,500 an méid a ghnóthaigh an gearánaí inti, ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costas a ghnóthnú ná a bheadh sé i dteideal a ghnóthú dá mba sa Chúirt Dúiche a thosófaí an chaingean.

(4) I gcás cúirt do dhéanamh ordú i bhfabhar an ghearánaí nó an iarratasóra in aon imeachtaí (seachas caingean a shonraítear i bhfo-ailt (1) go (3) den alt seo) agus nach í an chúirt is ísle a bhfuil dlínse aici ordú a dhéanamh ag deonú an fhaoisimh (abairt a fholaíonn damáistí san alt seo) is ábhar don ordú an chúirt inar tosaíodh na himeachtaí, ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costas a ghnóthú ná a bheadh sé i dteideal a ghnóthú dá mba sa chúirt sin is ísle a thosófaí na himeachtaí mura rud é gur breitheamh a dhéanfaidh an t-ordú agus mura ndeonóidh an breitheamh deimhniú speisialta faoin alt seo.

(5) I gcás a n-éistfidh breitheamh aon chaingean dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo nó a ndéanfaidh sé ordú den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt seo, féadfaidh sé, ar iarratas ón ngearánaí nó ón iarratasóir sna himeachtaí a dhéanfar láithreach ar an éisteacht a chinneadh a bhaineann leis an gcaingean nó leis an ordú, deimhniú speisialta i scríbhinn a dheonú á rá gurbh é tuairim an bhreithimh sin go raibh sé réasúnach, ar mhaithe leis an gceartas i gcoitinne, mar gheall ar chineál neamhchoitianta na n-imeachtaí nó aon cheist dlí iontu, gur sa chúirt inar tosaíodh na himeachtaí ba cheart iad a thosú.

(6) Ní bheidh sé dleathach do rialacha cúirte aon sriantacht a bheith iontu ná aon sriantacht a fhorchur maidir le méid na gcostas is inghnóthaithe ag páirtí ar bith ó pháirtí ar bith eile in aon chaingean nó imeacht eile, ach ní chuirfidh aon ní san fho-alt seo cosc le sriantacht a chur isteach i rialacha cúirte maidir le méid na gcostas is inghnóthaithe atá comhionann le sriantacht a fhorchuirtear leis an alt seo ná leis an méid a shocrú le rialacha cúirte is inghnóthaithe ag aon duine mar na costais agus na caiteachais agus le haghaidh na gcostas agus na gcaiteachas a thabhaigh sé agus aon ní sonraithe á dhéanamh aige in aon saghas áirithe caingne nó imeachta eile.

Dualgais breithiúna áirithe a chomhlíonadh go sealadach.

18. —(1) (a) Más rud é, le linn aon tréimhse, nach mbeidh an Príomh-Breitheamh in ann, de dheasca tinnis nó mar gheall ar aon chúis eile, gnó a oifige a dhéanamh nó go mbeidh oifig an Phríomh-Bhreithimh folamh, déanfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte na dlínsí, na cumhachtaí, na húdaráis agus na feidhmeanna go léir a bheidh dílsithe dó de thuras na huaire de bhua a oifige, seachas an chumhacht maidir le cinneadh a shonraítear in alt 7 (4) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , a fheidhmiú nó a chomhlíonadh nó, mura mbeidh Uachtarán na hArd-Chúirte in ann, de dheasca tinnis nó mar gheall ar aon chúis eile, na dlínsí, na cumhachtaí, na húdaráis agus na feidhmeanna sin a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, nó má bhíonn folúntas in oifig Uachtarán na hArd-Chúirte, déanfaidh an gnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach is sinsearaí a bheidh ar fáil de thuras na huaire iad a fheidhmiú nó a chomhlíonadh.

(b) Beidh an chumhacht maidir le cinneadh a thugtar le halt 7 (4) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , don Phríomh-Bhreitheamh agus is infheidhmithe, má bhíonn sé as láthair, de bhua na forála sin, ag an ngnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach is sinsearaí a bheidh ar fáil de thuras na huaire, infheidhmithe freisin ag an mbreitheamh deiridh sin má bhíonn oifig an Phríomh-Bhreithimh folamh.

(2) Más rud é, le linn aon tréimhse, nach mbeidh Uachtarán na hArd-Chúirte in ann, de dheasca tinnis mó mar gheall ar aon chúis eile, gnó a oifige a dhéanamh, nó go mbeidh oifig Uachtarán na hArd-Chúirte folamh, déanfaidh an gnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt is sinsearaí a bheidh ar fáil de thuras na huaire na dlínsí, na cumhachtaí, na húdaráis agus na feidhmeanna go léir a bheidh dílsithe dó de thuras na huaire de bhua a oifige, seachas iad sin a thugtar dó le fo-alt (1) den alt seo, a fheidhmiú nó a chomhlíonadh.

(3) Más rud é, le linn aon tréimhse nach mbeidh Uachtarán na Cúirte Cuarda in ann gníomhú nó go mbeidh oifig Uachtarán na Cúirte Cuarda folamh, ansin, le linn na tréimhse sin, déanfaidh an breitheamh is sinsearaí a bheidh ar fáil de thuras na huaire de na breithiúna den Chúirt Chuarda a bheidh buansannta do Chuaird Bhaile Átha Cliath na cumhachtaí, na húdaráis agus na feidhmeanna go léir a bheidh dílsithe dó de bhua a oifige a fheidhmiú nó a chomhlíonadh.

(4) Más rud é, le linn aon tréimhse, nach mbeidh Uachtarán na Cúirte Dúiche in ann gníomhú nó go mbeidh oifig Uachtarán na Cúirte Dúiche folamh, ansin, le linn na tréimhse sin, déanfaidh an breitheamh is sinsearaí a bheidh ar fáil de thuras na huaire de na breithiúna den Chúirt Dúiche a bheidh buansannta do Dhúiche Chath rach Bhaile Átha Cliath na cumhachtaí, na húdaráis agus na feidhmeanna go léir a bheidh dílsithe dó de bhua a oifige a fheidhmiú nó a chomhlíonadh.

Méadú ar an ús ar fhiacha breithiúnais.

19. —(1) Leasaítear leis seo alt 26 den Debtors (Ireland) Act, 1840, trí “11” a chur in ionad “four pounds”.

(2) Leasaítear leis seo alt 47 (1) d'Acht 1961 trí “nó ar fhoraithne ón gCúirt Dúiche” a chur isteach i ndiaidh “ón gCúirt Chuarda”.

An ráta úis a shonraítear in alt 26 den Debtors (Ireland) Act, 1840, a athrú le hordú.

20. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, más deimhin leis gur cheart, ag féachaint do leibhéal na rátaí úis i gcoitinne sa Stát, an ráta úis sa bhliain atá sonraithe de thuras na huaire in alt 26 den Debtors (Ireland) Act, 1840, a athrú, ordú a dhéanamh ag athrú an ráta úis a shonraítear amhlaidh agus beidh éifeacht leis an alt sin 26 de réir théarmaí aon ordaithe den sórt sin.

(2) Ní thiocfaidh ordú faoin alt seo i ngníomh laistigh de 2 bhliain ó thosach feidhme alt 19 (1) den Acht seo nó ordaithe a rinnead roimhe sin agus nár cuireadh ar neamhní faoin alt seo.

(3) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Alt 27 den Debtors (Ireland) Act, 1840, a leathnú.

21. —Bainfidh alt 27 den Debtors (Ireland) Act, 1840—

(a) le foraitheanta agus orduithe ón gCúirt Chuarda lena bhforáiltear costais, muirir agus caiteachais a íoc, agus

(b) leis na daoine a gceanglaítear na híocaíochtaí sin a dhéanamh leo.

mar a bhaineann sé—

(c) le foraitheanta agus orduithe ón gCúirt Seansaireachta dá dtagraítear san alt sin agus lena bhforáiltear íocaíochtaí den sórt sin a dhéanamh, agus

(d) leis na daoine a gceanglaítear na híocaíochtaí deiridh sin a dhéanamh leo.

Cumhacht na gcúirteanna a ordú go n-íocfar ús ar dhámhachtainí.

22. —(1) Más rud é in aon imeachtaí go n-ordóidh cúirt go n-íocfaidh aon duine suim airgid (abairt a fholaíonn damáistí san alt seo), féadfaidh an breitheamh lena mbaineann, más cuí leis é, a ordú freisin go n-íocfaidh an duine ús de réir an ráta sa bhliain a bheidh sonraithe de thuras na huaire in alt 26 den Debtors (Ireland) Act, 1840, ar an tsuim go léir nó ar aon chuid di i leith na tréimhse go léir nó i leith aon choda di idir an dáta a d'fhaibhrigh an chúis chaingne agus dáta an breithiúnais.

(2) Níl aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) a údaróidh ús a thabhairt ar ús, ná

(b) a mbeidh feidhm aige i ndáil le haon fhiach a bhfuil ús iníoctha air ó cheart de bhua aon chomhaontaithe nó eile, ná

(c) a rachaidh i gcion ar aon damáistí is inghnóthaithe de bharr bille malairte a obadh, ná

(d) a údaróidh ús a thabhairt in aghaidh tréimhse roimh dháta an Achta seo a rith, ná

(e) a údaróidh ús a thabhairt ar dhamáistí i ndíobhálacha pearsanta ná i leith bás duine, a mhéid is damáistí iad—

(i) i leith aon chaillteanais a tharlóidh tar éis dáta an bhreithiúnais le haghaidh na ndamáistí, nó

(ii) i leith aon chaillteanais (nach caillteanas airgid) a tharla idir an dáta a d'fhaibhrigh an chúis chaingne lena mbaineann na damáistí agus dáta an bhreithiúnais sin.

(3) San alt seo—

folaíonn “damáistí i ndíobhálacha pearsanta” damáistí i ndíobhálacha pearsanta a d'éirigh as conradh;

ciallaíonn “caillteanas airgid” caillteanas in airgead nó i luach airgid cibé acu trí scaradh le rud atá ag duine nó trí gan rud a fháil a d'fhéadfadh duine a fháil;

folaíonn “díobhálacha pearsanta” aon ghalar agus aon dochrú ar staid fhisiciúil nó intinne duine;

folaíonn “imeachtaí” imeachtaí ar páirtí iontu an Stát nó údarás Stáit (de réir bhrí Acht 1961).

Ní bheidh ús ar bhreithiúnais nach mó ná £150.

23. —(1) D'ainneoin ailt 26 agus 27 den Debtors (Ireland) Act, 1840, ní bheidh aon ús ar bhreithiúnais, foraitheanta nó orduithe ó aon chúirt—

(a) chun méid nach mó ná £150, nó

(b) chun na costais a ghabhann le breithiúnas, foraithne nó ordú den sórt sin,

nó an dá ní sin, a íoc.

(2) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt ordú a dhéanamh ag athrú an méid atá sonraithe i bhfo-alt (1) (a) den alt seo de thuras na huaire agus beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin (1) (a) de réir théarmaí aon ordaithe den sórt sin.

(3) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Foraitheanta ón gCúirt Dúiche a chlárú mar mhorgáistí breithiúnais.

24. —Measfar maidir le gach foraithne ón gCúirt Dúiche (cibé acu roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin a fuarthas í) gur breithiúnas í a taifeadadh in uaschúirt i mBaile Átha Cliath de réir bhrí agus chun críocha alt 6 den Judgment-Mortgage (Ireland) Act, 1850, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin leis an Acht sin i ndáil le gach foraithne ón gCúirt Dúiche ach sin fara an modhnú go ndéanfar aon mhionnscríbhinn den sórt a luaitear san alt sin 6 agus a dhéanfar i ndáil le haon fhoraithne den sórt sin a chomhdú san oifig chúirte dúiche a ndéanfar an fhoraithne sin a thaifeadadh inti in ionad na huaschúirte nó na cúirte eile a luaitear san alt sin; agus ní mó ná méid na foraithne méid aon chostais a mbeidh teideal iad a lua sa mhionnscríbhinn sin maidir leis an mionnscríbhinn sin a chomhdú agus a chlárú de bhun an ailt sin 6.

Foraitheanta on gCúirt Dúiche a chlárú i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte.

25. —Féadfar aon fhoraithne ón gCúirt Dúiche a dhéanfar tar éis tosach feidhme an ailt seo a chlárú i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte sa tslí chéanna inar féidir breithiúnas den sórt céanna ón Ard-Chúirt a chlárú san Oifig sin.

(2) An cleachtas agus an nós imeachta a úsáidtear sa Phríomh-Oifig sin i ndáil le breithiúnais ón Ard-Chúirt a chlárú beidh feidhm acu i ndáil le foraitheanta ón gCúirt Dúiche a chlárú faoin alt seo agus déanfar dá réir i ndáil leis an gclárú sin.

(3) I gcás foraithne ón gCúirt Dúiche i leith costas nó a n-áirítear costais inti a chlárú sa Phríomh-Oifig sin faoin alt seo, déanfar na costais a tabhaíodh ag clárú na foraithne sin a chur leis na costais agus a áireamh sna costais is iníoctha faoin bhforaithne sin, agus bainfidh an clárú sin dá réir sin leis na costais bhreise sin.

Feidhm alt 336 den Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857, maidir le foraitheanta ón gCúirt Dúiche.

26. —Measfar maidir le gach foraithne ón gCúirt Dúiche a gheofar tar éis tosach feidhme an ailt seo gur breithiúnas ó uaschúirt í de réir bhrí agus chun críche alt 336 den Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin leis an alt sin i ndáil le gach foraithne den sórt sin ón gCúirt Dúiche, ach sin fara an modhnú go ndéanfar, le linn an t-alt sin a bheith á fheidhmiú amhlaidh, clárú i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte faoin Acht seo a chur in ionad chlárú in oifig chláraitheoir na mbreithiúnas.

Leasú ar an Acht Cúirte Cuarda (Breithiúntaisí do Chlárú), 1937 .

27. —Leasaítear leis seo an tAcht Cúirte Cuarda (Breithiúntaisí do Chlárú), 1937 , trí “, mara ndearnadh na costaisí sin amach do réir scála na Cúirte Dúithche,” in alt 2 (3) a scriosadh.

Cúiteamh in anbhuain mheabhrach i dtionóiscí marfacha.

28. —(1) Leasaítear leis seo mír (b) d'alt 49 (1) den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 , trí “£7,500” a chur in ionad “míle punt”.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 18 (a cuireadh isteach leis an Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1965 ) den Acht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936 , trí “thar £7,500” a chur in ionad “thar mhíle punt”.

(3) Ní bheidh éifeacht le fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ndáil le cúis chaingne a d'fhaibhrigh roimh an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1980.

Leasú ar alt 35 d'Acht 1936.

29. —Leasaítear leis seo alt 35 d'Acht 1936 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Taistealóidh agus suífidh an Príomh-Bhreitheamh, más cuí leis agus nuair is cuí leis, mar bhreitheamh den Ard-Chúirt ar Cuaird, agus taistealóidh agus suífidh gach breitheamh eile den Chúirt Uachtarach mar bhreitheamh den Ard-Chúirt ar Cuaird nuair a iarrfaidh an Príomh-Bhreitheamh air sin a dhéanamh, agus beidh gach breitheamh eile den sórt sin, agus é ag taisteal agus ag suí amhlaidh, ina bhreitheamh breise den Ard-Chúirt.”.

Leasú ar Acht na gCúirteanna, 1977 .

30. —Leasaítear leis seo Acht na gCúirteanna, 1977

(a) in alt 1, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Dháréag ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh sa Chúirt Chuarda.”, agus

(b) in alt 2—

(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (1):

 “(a) Beidh cúigear breitheamh den Chúirt Chuarda buansannta do Chuaird Bhaile Átha Cliath.”. agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (2):

“(a) do Chuaird Bhaile Átha Cliath más rud é ar dháta an cheaptha gur lú ná cúigear an líon breithiúna a bheidh buansannta don chuaird sin, nó”.

Breithiúna den Chúirt Chuarda d'aistriú trialacha i gcásanna coiriúla.

31. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, i gcás duine a bheidh cúisithe i gcion indíotáilte (dá ngairtear “cúisí” san alt seo) a chur ar aghaidh chun a thrialach go dtí an Chúirt Chuarda ina suí di in áit seachas laistigh de Chuaird Bhaile Átha Cliath, déanfar, maidir le hiarratas ón ionchúisitheoir nó ón gcúisí chuig an mbreitheamh den Chúirt Chuarda a mbeidh an cúisí intriailte os a chomhair ag iarraidh an triail a aistriú, go dtí an Chúirt Chuarda ina suí di laistigh de Chuaird Bhaile Átha Cliath—

(a) géilleadh dó i gcás a ndearna páirtí déanta an iarratais, seacht lá ar a laghad roimh thráth a dhéanta, fógra a thabhairt don chúisí nó don ionchúisitheoir, de réir mar a bheidh, i dtaobh an iarratais, agus

(b) géilleadh dó nó é a dhiúltú in aon chás eile, de rogha an bhreithimh, agus is cinneadh críochnaitheach neamhinachomhairc an cinneadh géilleadh don iarratas nó é a dhiúltú.

(2) Más rud é—

(a) go gcuirfear dhá chúisí nó níos mó ar aghaidh chun a dtrialach go dtí an Chúirt Chuarda ina suí di in áit seachas laistigh de Chuaird Bhaile Átha Cliath agus go mbeartófar iad a thriail le chéile, agus

(b) go ngéillfear d'iarratas ó dhuine amháin nó níos mó de na cúisithe, ach ní uathu go léir, faoi fho-alt (1) den alt seo,

géillfear d'iarratas, a rinneadh gan fógra a thabhairt don chúisí, ón iarratasóir chun an bhreithimh a ghéill don iarratas go ndéanfaí triail duine amháin nó níos mó de na cúisithe eile a aistriú go dtí an Chúirt Chuarda ina suí di laistigh de Chuaird Bhaile Átha Cliath.

(3) Más giorra ná seacht lá an tréimhse idir an dáta ar a gcuirfear an cúisí ar aghaidh chun a thrialach agus an dáta ar a dtosófar ar an triail, géillfear d'iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo.

Aisghairm.

32. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

(2) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Sceideal sin a aisghairm, amhail ar agus ó thosach feidhme ait 17 den Acht seo, a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Gearrtheideal, lua agus tosach feidhme.

33. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna, 1981 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1981, a ghairm d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1979, agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh ailt 2 go 17, 19(2), 20, 21, 23 agus 25 go 27 den Acht seo i ngníomh an lá a bheidh dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith, ach ní bheidh feidhm acu i ndáil le himeachtaí in aon chúirt a tionscnaíodh nó a thionscnófar roimh an lá sin.

(4) Tiocfaidh alt 24 den Acht seo i ngníomh an lá a bheidh dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith.