|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Custaim agus Mál) | Ar Aghaidh (CUID IV Cáin Fháltas Caipitiúil) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1981
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Cáin Bhreisluacha | |
[EN] |
An Príomh-Acht. |
42. —Sa Chuid seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 . |
[EN] |
Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht. |
43. —Leasaítear leis seo alt 1 (1) den Phríomh-Acht, le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Shamhain, 1972, tríd an méid seo a leanas a chur isteach sa mhíniú ar “forbairt” tar éis “dá réir sin”— |
[EN] | “, agus | |
[EN] | sa mhíniú seo folaíonn ‘foirgneamh', i ndáil le hidirbheart, aon déanmhas réamhdhéanta nó déanmhas dá shamhail a sásaítear na coinníollacha seo a leanas ina leith: | |
[EN] | (a) maidir leis an déanmhas— | |
[EN] | (i) go mbeidh díon docht agus balla docht amháin nó níos mó air agus, ach amháin i gcás déanmhas a úsáidtear chun plandaí a shaothrú, urlár ann, | |
[EN] | (ii) go mbeidh sé ceaptha chun go bhféadfaidh daoine dul isteach ann, agus gluaiseacht go héasca laistigh de, | |
[EN] | (iii) gur le haghaidh críche é nach gá dó a bheith gluaisteach ná iniompair chuige, agus | |
[EN] | (iv) nach mbeidh aon chabhracha ag baint leis ná ann chun é a dhéanamh gluaisteach nó iniompair, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) (i) nach mbeidh sa chomhaontú maidir leis an idirbheart ná in aon chomhaontú eile idir na páirtithe sa chomhaontú sin foráil i dtaobh an déanmhas a dhéanamh gluaisteach nó iniompair nó an déanmhas a bhogadh nó a athshuíomh tar éis a thógtha, agus | |
[EN] | (ii) go ndéanfaidh an duine dá ndearnadh an déanmhas a fhoirgniú, a leathnú, a athrú nó a athfhoirgniú dearbhú a shíniú agus a sheachadadh, tráth an idirbhirt, ar an duine a rinne an déanmhas a fhoirgniú, a leathnú, a athrú nó a athfhoirgniú, á rá go bhfuil ar intinn aige an déanmhas a choinneáil ar an láthair ar a bhfuil sé suite an tráth áirithe sin”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht. |
44. —Leasaítear leis seo alt 12 (2) den Phríomh-Acht trí “aisíocfar an bhreis leis an duine inchánach de réir alt 20 (1)” a chur in ionad “aisíocfar an bhreis leis an duine inchánach”. |
[EN] |
Leasú ar alt 20 (aisíoc cánach) den Phríomh-Acht. |
45. —Leasaítear leis seo alt 20 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): |
[EN] | “(1) Más rud é, i ndáil le tuairisceán a thaiscfear faoi alt 19 nó le héileamh a dhéanfar de réir rialachán, go suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, maidir le haon tréimhse inchánach, gur mó an méid cánach, más ann, a íocadh iarbhír leis an Ard-Bhailitheoir de réir alt 19 mar aon leis an méid cánach, más ann, a bhí cáilithe i leith asbhaint faoi alt 12 ná an cháin, más ann, ab iníoctha go cuí dá mba rud é nach ndearnadh aon asbhaint faoin alt sin 12, aisíocfaidh siad méid na breise lúide aon suimeanna a aisíocadh roimhe sin faoin bhfo-alt seo nó a aisíocadh faoi alt 12 agus féadfaidh siad aon ús a bheidh íoctha faoi alt 21 a áireamh sa mhéid a aisíocfar.”. |