An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Cáin Bhreisluacha) Ar Aghaidh (CUID V Dleachtanna Stampa)

16 1981

AN tACHT AIRGEADAIS, 1981

CUID IV

Cáin Fháltas Caipitiúil

Faoiseamh i leith socraíochtaí áirithe um pósadh.

46. —(1) Leasaítear leis seo Cuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 9:

“10. (a) Sa mhír seo ciallaíonn ‘diúscairt shonraithe' diúscairt—

(i) ar dáta roimh an lú lá d'Aibreán, 1975, is dáta di,

(ii) ar seanathair nó seanmháthair don deontaí nó don chomharba i ndáil léi, an diúscróir, agus

(iii) ar sainíodh gurbh é pósadh tuismitheoirí an deontaí nó an chomharba an chomaoin ar dháta na diúscartha.

(b) Más rud é, ar scor do leas teoranta a raibh teideal seilbhe chuige ag tuismitheoir an deontaí nó an chomharba, go nglacfaidh an deontaí nó an comharba bronntanas nó oidhreacht faoi dhiúscairt shonraithe, ansin, chun an cháin is iníoctha ar an mbronntanas nó ar an oidhreacht a ríomh, measfar gaol linbh a bheith ag an deontaí nó ag an gcomharba leis an diúscróir.”.

(2) D'ainneoin fhorálacha alt 46 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , ní iníoctha ús ar aon aisíoc cánach a eascróidh de bhua an ailt seo i gcás an cháin sin a bheith íoctha roimh dháta an Achta seo a rith.