|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Dleachtanna Stampa) | Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Leasú ar Achtacháin) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1981
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI Ilghnéitheach | |
[EN] |
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla. |
51. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ; | |
[EN] | ciallaíonn “alt leasaitheach 1980” alt 88 den Acht Airgeadais, 1980 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an t-aonú blianacht bhreise is tríocha” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo; | |
[EN] | tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt. | |
[EN] | (2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1981, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1980 ach “£24,070,491” a chur in ionad “£20,397,734”. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1980 ach “£15,194,542” a chur in ionad “£13,130,462”. | |
[EN] | (4) Déanfar suim £29,870,308 chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig 1981. | |
[EN] | (5) Déanfar an t-aonú blianacht bhreise is tríocha a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire. | |
[EN] | (6) Féadfar aon mhéid den aonú blianacht bhreise is tríocha, nach mó ná£19,228,162 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc. | |
[EN] | (7) Déanfar iarmhéid an aonú blianacht bhreise is tríocha a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt. | |
[EN] |
Faisnéis a nochtadh don Ombudsman. |
52. —Maidir le haon oibleagáid rúndacht a choimeád nó le haon srian eile le faisnéis (lena n-áirítear doiciméid) a nochtadh nó a thabhairt ar aird, is faisnéis a fuair na Coimisinéirí Ioncaim nó a fuair aon duine thar a gceann nó a tugadh dóibh nó do dhuine den sórt sin chun críocha cánachais, ní bhainfidh sí le faisnéis (lena n-áirítear doiciméid) a nochtadh nó a thabhairt ar aird don Ombudsman chun críocha scrúdaithe nó imscrúdaithe ag an Ombudsman, faoin Acht Ombudsman, 1980 , ar aon ghníomh (de réir bhrí an Achta Ombudsman, 1980 ) a rinne na Coimisinéirí Ioncaim nó a rinneadh thar a gceann, is gníomh den sórt sin a rinneadh i bhfeidhmiú feidhmeanna riaracháin maidir le haon cháin nó dleacht faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim. |
[EN] |
Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna. |
53. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim. |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme. |
54. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1981 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar Cuid I den Acht seo (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide. | |
[EN] | (3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar an Chuid sin II, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin. | |
[EN] | (4) Forléireofar Cuid III den Acht seo i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1980, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1981, a ghairm díobh le chéile. | |
[EN] | (5) Forléireofar Cuid IV den Acht seo i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin. | |
[EN] | (6) Forléireofar Cuid V den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin. | |
[EN] | (7) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite i gCuid I den Acht seo, measfar gur tháinig an Chuid sin i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1981. | |
[EN] | (8) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi. |