|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim, Cáin Acmhainne agus Cáin Chorparáide) | Ar Aghaidh (Caibidil III Cáin Acmhainne) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1981
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil II Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta | |
[EN] |
Meán a thógáil ar bhrabúis feirme. |
10. —Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1974 , tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 20A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ): |
[EN] | “20B.—(1) I gcás measúnacht i leith brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht a bheith déanta ar phearsa aonair, seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16, d'aon bhliain mheasúnachta (arb í an bhliain 1981-82 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin í), féadfaidh sé, ar fhógra sa chéill sin a thabhairt i scríbhinn don chigire laistigh de 30 lá tar éis dáta an fhógra faoin measúnacht, a roghnú go muirearófar cáin air don bhliain sin i leith na mbrabús nó na ngnóchan sin de réir fhorálacha fho-alt (2), agus beidh feidhm ag forálacha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim (lena n-áirítear, go háirithe, na forálacha a bhaineann le hachomhairc in aghaidh measúnachtaí agus íocaíochtaí ar cuntas) i ndáil leis an measúnacht sin ionann is dá mba fhógra achomhairc in aghaidh na measúnachta faoi alt 416 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an fógra a tugadh don chigire, agus leasófar an mheasúnacht sin de réir mar is gá chun éifeacht a thabhairt don roghnú a rinne an phearsa aonair amhlaidh: | |
[EN] | Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le haon bhliain mheasúnachta más rud é, maidir le ceachtar den dá bhliain mheasúnachta díreach roimhe sin, nár muirearaíodh an phearsa aonair i leith cánach i ndáil le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht de réir fhorálacha alt 58 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | |
[EN] | (2) (a) Déanfar pearsa aonair atá le muirearú i leith cánach do bhliain mheasúnachta i ndáil le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht de réir fhorálacha an fho-ailt seo a mhuirearú amhlaidh faoi Chás I de Sceideal D ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan sin a chinnfear ar mheán cothrom cóir de bhrabúis nó de ghnóchain na pearsan aonair ó fheirmeoireacht i ngach ceann de na trí bliana dar chríoch an dáta sin sa bhliain díreach roimh an mbliain mheasúnachta ar anuas go dtí í a dhéantar cuntais amach de ghnáth, nó i gcás nár ghnách cuntais a dhéanamh amach, an 5ú lá d'Aibreán díreach roimh an mbliain mheasúnachta. | |
[EN] | (b) Déanfar aon bhrabúis nó gnóchain a d'eascair chuig pearsa aonair nó aon chaillteanas a thabhaigh sé sna trí bliana sin ag seoladh feirmeoireachta a chomhiomlánú chun críocha an fho-ailt seo: | |
[EN] | Ar choinníoll nach mbainfidh an mhír seo le caillteanas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1981, agus nach ndéanfar an caillteanas sin a chomhiomlánú le brabúis nó gnóchain chun críocha an fho-ailt seo. | |
[EN] | (3) I gcás ina ndéanfaidh pearsa aonair, maidir le bliain mheasúnachta, roghnú go cuí de réir fho-alt (1), déanfar, faoi réir fho-alt (4), cáin a mhuirearú air don bhliain sin agus do gach bliain mheasúnachta dá éis sin, i ndáil le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, de réir fhorálacha fho-alt (2): | |
[EN] | Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo d'aon bhliain mheasúnachta arb amhlaidh don phearsa aonair lena linn— | |
[EN] | (a) gur pearsa aonair é lena mbaineann alt 16, nó | |
[EN] | (b) nach bhfuil sé, de bhua alt 15 (3), inmhuirearaithe i leith cánach ar bhrabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht. | |
[EN] | (4) Más amhlaidh, do bhliain mheasúnachta, go bhfuil pearsa aonair, de bhua fho-alt (3), inmhuirearaithe i leith cánach i ndáil le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht de réir fhorálacha fho-alt (2) agus go raibh sé inmhuirearaithe amhlaidh do gach ceann de na trí bliana measúnachta díreach roimh an mbliain mheasúnachta, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de shé mhí roimh an 6ú lá d'Iúil sa bhliain mheasúnachta sin, a roghnú go muirearófar cáin air don bhliain mheasúnachta sin de réir fhorálacha alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 : | |
[EN] | Ar choinníoll mura mbeidh feidhm, d'aon bhliain mheasúnachta, i gcás pearsan aonair, ag fo-alt (3) de bhíthin mhír (a) den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin (3), go measfar teideal a bheith aige roghnú a dhéanamh agus an roghnú sin a bheith déanta aige go cuí, maidir leis an mbliain mheasúnachta sin, de réir an fho-ailt seo. | |
[EN] | (5) I gcás ina ndéanfaidh pearsa aonair roghnú go cuí, nó ina measfar roghnú a bheith déanta aige de réir fho-alt (4), maidir le bliain mheasúnachta— | |
[EN] | (a) muirearófar cáin air don bhliain sin agus do gach bliain mheasúnachta dá éis sin de réir fhorálacha alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus | |
[EN] | (b) déanfar cibé measúnacht nó measúnachtaí, más ann, is gá chun a áirithiú nach lú méid na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht ar a ndéantar é a mhuirearú do gach ceann den dá bhliain mheasúnachta díreach roimh an mbliain roimh an mbliain mheasúnachta, a ndearna nó a meastar go ndearna an phearsa aonair roghnú ina leith de réir fho-alt (4), ná an méid ar a ndéantar é a mhuirearú de bhua fho-alt (3) de réir fhorálacha fho-alt (2) don bhliain sin roimh an mbliain mheasúnachta. | |
[EN] | (6) Le linn bheith á chinneadh, d'aon bhliain mheasúnachta, cé na liúntais chaipitiúla, na liúntais chothromaíochta nó na muirir chothromaíochta a bheidh le tabhairt do phearsa aonair nó le cur air le linn trádáil feirmeoireachta a bheith á cur faoi cháin de réir fhorálacha fho-alt (2), measfar é a bheith inmhuirearaithe don bhliain mheasúnachta sin i ndáil le brabúis nó gnóchain na trádála sin dé réir fhorálacha alt 58 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | |
[EN] | (7) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar d'oibriú alt 58 (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná ní chuirfidh srian leis, in aon chás ina ndéanfar trádáil feirmeoireachta a dhíscor go buan. | |
[EN] | (8) I gcás ina ndéanfar, d'aon bhliain mheasúnachta, caillteanas a chomhiomlánú le brabúis nó gnóchain de réir fho-alt (2) (b), agus gur mó méid an chaillteanais sin ná na brabúis nó na gnóchain sin, measfar chun críocha Chaibidil I de Chuid XIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gur caillteanas trian den anbharr sin a tabhaíodh sa trádáil feirmeoireachta sa bhliain deiridh de na trí bliana a bhfuil an phearsa aonair le cur faoi mhuirear cánach i leith mheánmhéid na mbrabús nó na ngnóchan lena linn don bhliain mheasúnachta sin, agus ní bheidh aon chaillteanas a bheidh arna chomhiomlánú amhlaidh i dteideal faoisimh faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim, ar leith ón bhfo-alt seo. | |
[EN] | (9) Measfar maidir le brabúis nó gnóchain pearsan aonair ó fheirmeoireacht, a bhfuil cáin le muirearú air ina leith d'aon bhliain mheasúnachta de bhua fho-alt (3) de réir fhorálacha fho-alt (2), gur brabúis nó gnóchain iad a rinne an phearsa aonair sin ó fheirmeoireacht le linn a ioncam iomlán don bhliain sin a bheith á chinneadh chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, ar leith ón alt seo, agus beidh feidhm ag aon fhorálacha de na hAchtanna sin a bhaineann le haon tuairisceán, cuntas (lena n-áirítear clár comhardaithe), ráiteas, dearbhú, leabhar, liosta nó doiciméad eile a sheachadadh nó aon sonraí a thabhairt, ionann is dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 334 (tailte atá ar úinéireacht agus á n-áitiú, agus ceirdeanna atá á seoladh, ag carthanais) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
11. —Leasaítear leis seo alt 334 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an mbliain 1974-75 agus blianta measúnachta dá éis sin, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): |
[EN] | “(2A) Beidh feidhm ag fo-alt (1) (c) maidir leis na brabúis ó thrádáil feirmeoireachta arna seoladh ag carthanas ionann is dá scriosfaí na focail i ndiaidh ‘chun críocha an charthanais amháin'.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 477 (am le cáin a íoc) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
12. —Beidh éifeacht le halt 477 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 )— |
[EN] | (a) “1981-82” a chur in ionad “1980-81” i mír (a), agus | |
[EN] | (b) “1981” a chur in ionad “1980”, agus “1982” a chur in ionad “1981”, gach áit a bhfuil siad, i mír (b). | |
[EN] |
Feirmeoireacht: foráil a bhaineann le faoiseamh i ndáil le méadú ar stocluachanna. |
13. —(1) Más rud é, le linn brabúis ó thrádáil feirmeoireachta a bheith á ríomh, go mbeidh éifeacht don bhliain 1981-82 le hasbhaint a lamháiltear de bhua alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 — |
[EN] | (a) beidh feidhm agus éifeacht le halt 31 (4) (a) den Acht Airgeadais, 1975 (arna chur chun feidhme le halt 12 (2) (a) den Acht Airgeadais, 1976 ), ionann is dá scriosfaí “lúide 20% dá brabúis trádála don tréimhse sin”, agus | |
[EN] | (b) beidh éifeacht leis an alt sin 12 ionann is dá mba nár achtaíodh fo-alt (2) (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ). | |
[EN] | (2) Má bhíonn asbhaint le déanamh faoi fho-alt (2) d'alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 , i ndáil le trádáil na feirmeoireachta d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, beidh feidhm agus éifeacht leis an alt sin 31A maidir leis an tréimhse chuntasaíochta sin ionann is dá scriosfaí “lúide 20 faoin gcéad dá hioncam trádála don tréimhse sin” i bhfo-alt (4) (a). |