An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Cáin Acmhainne) Ar Aghaidh (Caibidil V Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide)

16 1981

AN tACHT AIRGEADAIS, 1981

Caibidil IV

Cáin Chorparáide

Am le cáin chorparáide a íoc.

15. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 (4) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis—

(a) i bhfomhír (ii) de mhír (a), trí “de dhá mhí dhéag” a chur in ionad “de chúig mhí dhéag”, agus

(b) i bhfomhír (ii) de mhír (b), trí “de cibé eatramh ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta sin is lú de thrí mhí ná an t-eatramh” a chur in ionad “den eatramh ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta sin mar an t-eatramh a bhí”,

agus tá na fomhíreanna sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(ii) an dara tráthchuid laistigh de dhá mhí dhéag ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta nó, más déanaí é, laistigh de dhá mhí ó thráth na measúnachta a dhéanamh.

(ii) maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dá éis sin, laistigh de cibé eatramh ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta sin is lú de thrí mhí ná an t-eatramh idir deireadh na chéad tréimhse cuntasaíochta a bhí an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide agus an dáta a bheadh nó sula mbeadh an dara tráthchuid den cháin chorparáide don chéad tréimhse chuntasaíochta sin le híoc dá mba go ndearnadh an mheasúnacht don tréimhse chuntasaíochta sin an lá díreach i ndiaidh deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin:

(2) Dá mbeadh d'éifeacht le fo-alt (1), mura mbeadh an fo-alt seo, a cheangal go mbeadh an dara tráthchuid de cháin chorparáide arna measúnú do thréimhse chuntasaíochta ar thráthchuid í a bheadh, ar leith ó fho-alt (1), le híoc laistigh de thréimhse dar críoch dáta an Achta seo a rith nó dáta dá éis sin, le híoc laistigh de thréimhse dar críoch dáta is luaithe ná dáta an Achta seo a rith, beidh an dara tráthchuid sin, d'ainneoin fho-alt (1), le híoc laistigh de thréimhse dar críoch dáta an Achta seo a rith.

(3) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) i ndáil leis an dara tráthchuid de cháin chorparáide arna measúnú do thréimhse chuntasaíochta ar thráthchuid í a bheadh, ar leith ón bhfo-alt sin, le híoc laistigh de thréimhse dar críoch dáta roimh dháta an Achta seo a rith.

Leasú ar alt 143 (tuairisceán ar bhrabúis) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

16. —Leasaítear leis seo alt 143 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Féadfar a cheangal ar chuideachta trí fhógra a sheirbheálfaidh cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim uirthi tuairisceán a sheachadadh don oifigeach laistigh den am a bheidh luaite san fhógra—

(a) ar bhrabúis na cuideachta arna ríomh de réir an Achta seo—

(i) ina sonrófar an t-ioncam a cuireadh i gcuntas le linn na brabúis sin a bheith á ríomh, agus an méid ó gach bunadh,

(ii) ina dtabharfar sonraí na ndiúscairtí go léir as ar eascair gnóchain inmhuirearaithe nó caillteanais inlamhála faoi fhorálacha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus an Achta seo agus sonraí na ngnóchan inmhuirearaithe sin nó na gcaillteanas inlamhála sin, agus

(iii) ina dtabharfar sonraí na muirear go léir ar ioncam a bheidh le hasbhaint in aghaidh na mbrabús sin chun cáin chorparáide a mheasúnú,

agus

(b) ar na dáiltí a fuair an chuideachta ó chuideachtaí a chónaíonn sa Stát agus ar na creidmheasaí cánach a bhfuil an chuideachta ina dteideal i leith na ndáiltí sin.

(2) Féadfaidh fógra faoin alt seo a cheangal go dtabharfar tuairisceán ar bhrabúis a d'eascair in aon tréimhse a raibh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide ar a feadh mar aon le sonraí i dtaobh dáiltí a fuarthas sa tréimhse sin ó chuideachtaí a chónaíonn sa Stát agus i dtaobh creidmheasaí cánach a bhfuil an chuideachta ina dteideal i leith na ndáiltí sin.”.

Leasú ar Chaibidil VI (cuideachtaí monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 .

17. —Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta iomchuí de réir bhrí alt 38 den Acht Airgeadais, 1980 , leasaítear leis seo Caibidil VI de Chuid I den Acht sin—

(a) trí na fo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 39 i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Sa mhíniú ar ‘earraí’i bhfo-alt (1) áireofar—

(a) iasc a táirgeadh sa Stát ar fheirm éisc, agus

(b) beacáin shaothraithe a saothraíodh sa Stát,

i gcúrsa trádála ag an gcuideachta arb í an chuideachta í a éilíonn, i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, faoiseamh faoin gCaibidil seo i ndáil leis an trádáil agus forléireofar tagairtí sa Chaibidil seo do mhonarú—

(i) i ndáil le hiasc, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do tháirgeadh, agus

(ii) i ndáil le beacáin, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do shaothrú,

agus déanfar focail sa Chaibidil seo atá gaolmhar leis an bhfocal ‘monarú’a fhorléiriú dá réir sin.

(1B) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, chun críche faoisimh faoin gCaibidil seo, i ndáil le cuideachta a sheolann trádáil arb éard í nó ar cuid di longa a dheisiú—

(a) measfar gur monarú earraí laistigh den Stát deisiúcháin a dhéantar laistigh den Stát ar long, agus

(b) measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht ar dheisiúcháin den sórt sin a dhéanamh amhlaidh.

(1C)  (a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘seirbhísí innealtóireachta’ seirbhísí deartha agus pleanála ar sa Stát a dhéantar an obair a ghabhann lena dtabhairt i ndáil le hoibreacha innealtóireachta ceimicí, sibhialta, leictrí, nó meicniúla, a dhéantar lasmuigh de chríocha Bhallstáit na gComhphobal Eorpach.

(b) I gcás cuideachta a bheith ag seoladh trádála arb éard í nó ar cuid di seirbhísí innealtóireachta a thabhairt, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chun críche faoisimh faoin gCaibidil seo—

(i) measfar gur monarú earraí laistigh den Stát seirbhísí den sórt sin a thabhairt laistigh den Stát, agus

(ii) measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht ar sheirbhísí den sórt sin a thabhairt amhlaidh.

(1D) Féadfaidh an cigire, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar chuideachta a mbeidh faoiseamh ó cháin á éileamh aici de bhua fho-alt (1B) nó (1C), cibé acu é, cibé faisnéis nó sonraí a thabhairt dó is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt sin, agus beidh éifeacht le halt 41 (2) ionann is dá mba chuid de na hábhair a gceanglaítear leis an bhfo-alt sin cruthúnas a thabhairt orthu an fhaisnéis nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin bhfo-alt seo.”,

agus

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 39:

“Faoiseamh i ndáil le hioncam ó oibríochtaí trádála áirithe a sheoltar in Aerfort na Sionna.

39A.—(1) San alt seo—

tá le ‘an t-aerfort’ an bhrí chéanna atá leis san Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947 ;

ciallaíonn ‘cuideachta’ aon chuideachta a sheolann trádáil;

ciallaíonn ‘Conradh CEE’ an Conradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, a síníodh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957;

ciallaíonn ‘an tAire’ an tAire Airgeadais;

ciallaíonn ‘cuideachta cháilithe’ cuideachta ar san aerfort a sheoltar a trádáil go léir nó cuid di;

ciallaíonn ‘oibríochtaí trádála iomchuí’ oibríochtaí trádála a bheidh sonraithe i ndeimhniú arna thabhairt ag an Aire faoi fho-alt (2);

ciallaíonn ‘oibríocht trádála’ aon oibríocht trádála nach éard í, ar leith ón alt seo, monarú earraí chun críche na Caibidle seo ach ar cuideachta cháilithe a sheolann í.

(2) Faoi réir fho-ailt (5) agus (6), féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt á dheimhniú gur oibríochtaí trádála iomchuí chun críche an ailt seo, le héifeacht ó dháta a bheidh sonraithe sa deimhniú, na hoibríochtaí trádála sin de chuid cuideachta cáilithe a bheidh sonraithe sa deimhniú, agus aon deimhniú a thabharfar amhlaidh, mura ndéanfar é a chúlghairm faoi fho-alt (4), fanfaidh sé i bhfeidhm go dtí an 31 ú lá de Nollaig, 2000:

Ar choinníoll—

(a) nach ndéanfar aon oibríochtaí trádála ar thug an tAire deimhniú ina leith faoi alt 70 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 (nó deimhniú arb ionann éifeacht dó agus deimhniú arna thabhairt faoin alt sin) a dheimhniú mar oibríochtaí trádála iomchuí mura deimhin leis an Aire gur as infheistíocht bhunaidh a d'eascair na hoibríochtaí sin; agus

(b) le linn dó bheith á chinneadh cad is infheistíocht bhunaidh ann chun críocha an choinníll seo, go dtabharfaidh an tAire aird ar na prionsabail a bheidh á bhfeidhmiú de thuras na huaire ag Coimisiún na gComhphobal Eorpach de réir na gcumhachtaí a dhílsítear dó le hAirteagail 92 go 94 de Chonradh CEE.

(3) Féadfar deimhniú faoi fho-alt (2) a thabhairt gan coinníollacha nó faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis an Aire agus a shonróidh sé ann.

(4) Más rud é, i gcás cuideachta ar tugadh deimhniú faoi fho-alt (2) ina leith—

(a) go scoirfidh trádáil na cuideachta nó go dtiocfaidh sí chun bheith á seoladh go hiomlán lasmuigh den aerfort, nó

(b) gur deimhin leis an Aire gur mhainnigh an chuideachta aon choinníoll ar tugadh an deimhniú faoina réir a chomhlíonadh,

féadfaidh an tAire, le fógra i scríbhinn a sheirbheálfar leis an bpost cláraithe ar an gcuideachta, an deimhniú a chúlghairm le héifeacht ó cibé dáta a shonrófar san fhógra.

(5) Ní dheimhneoidh an tAire, faoi fho-alt (2), gur oibríocht trádála iomchuí oibríocht trádála áirithe mura mbeidh sí á seoladh laistigh den aerfort agus go bhfuil sí laistigh de cheann amháin nó níos mó de na haicmí oibríochta trádála seo a leanas—

(a) deisiú nó cothabháil aerárthaí,

(b) oibríochtaí trádála arb é tuairim an Aire ina dtaobh, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Iompair, go gcuireann siad le húsáid nó le forbairt an aerfoirt,

(c) oibríochtaí trádála a ghabhann le haon cheann de na hoibríochtaí sin a thuairiscítear sna míreanna sin roimhe seo nó le haon oibríocht arb éard í, ar leith ón alt seo, earraí a mhonarú.

(6) Ní dheimhneoidh an tAire, faoi fho-alt (2), gur oibríocht trádála iomchuí aon cheann de na hoibríochtaí trádála seo a leanas—

(a) seirbhísí a thabhairt—

(i) do phaisinéirí ag dul ar bord nó ag teacht ó bhord aerárthaí, lena n-áirítear seirbhísí óstán, lónadóireachta, sóinseála airgid nó iompair (seachas aeriompar), nó

(ii) i ndáil le tuirlingt, imeacht, luchtú nó díluchtú aerárthaí,

(b) oibriú seirbhíse aeriompair sceidealta,

(c) miondíol,

(d) díol tráchtearraí intomhailte chun aerárthaí a bhreoslú nó lena loingsiú mar stórais aerárthaí.

(7) I gcás cuideachta cháilithe ag seoladh oibríochtaí trádála iomchuí, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chun críche faoisimh faoin gCaibidil seo—

(a) measfar gur monarú earraí laistigh den Stát na hoibríochtaí trádála iomchuí, agus

(b) measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht as aon ní a dhíol, nó as aon seirbhísí a thabhairt, i gcúrsa na n-oibríochtaí trádála iomchuí.

(8)  (a) I gcás caoga fostaí lánaimsire nó níos mó a bheith ag cuideachta cháilithe ag deireadh aon tréimhse chuntasaíochta iomchuí, ní mó comhiomlán na méideanna go léir d'fhaoiseamh iomchuí faoin gCaibidil seo a mbeidh an chuideachta ina dteideal in aghaidh na dtréimhsí cuntasaíochta iomchuí go léir ná méid a chinnfear de réir na bprionsabal a bheidh á bhfeidhmiú de thuras na huaire ag Coimisiún na gComhphobal Eorpach faoi na cumhachtaí a dhílsítear dó le hAirteagail 92 go 94 de Chonradh CEE, agus déanfar cibé measúnachtaí breise nó cibé coigeartuithe ar mheasúnachtaí is gá in aon chás chun éifeacht a thabhairt don fho-alt seo.

(b) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘fostaithe lánaimsire', i ndáil le cuideachta cháilithe, fostaithe atá ar fostú ag an gcuideachta ar fhoras lánaimsire i ndáil le hoibríochtaí trádála iomchuí agus arb é atá i ndualgais a bhfostaíochta dualgais de chineál gur gá dóibh bunús a gcuid ama go léir a chaitheamh i seirbhís na cuideachta;

ciallaíonn ‘faoiseamh iomchuí faoin gCaibidil seo’ an faoiseamh faoin gCaibidil seo nach mbeadh cuideachta cháilithe ina theideal mura mbeadh forálacha fho-alt (7).

(9)  (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (8) (a) agus chun socrú a dhéanamh maidir le haon nithe cumhalda nó iarmhartacha.

(b) Gach rialachán a dhéanfar faoi mhír (a) leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is feidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(10) Féadfaidh an cigire, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar chuideachta a mbeidh faoiseamh ó cháin á éileamh aici de bhua an ailt seo cibé faisnéis nó sonraí a thabhairt dó is gá chun éifeacht a thabhairt don alt seo, agus beidh éifeacht le halt 41 (2) ionann is dá mba chuid de na hábhair a gceanglaítear leis an bhfo-alt sin cruthúnas a thabhairt orthu an fhaisnéis nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin alt seo.”.