An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Cáin Chorparáide) Ar Aghaidh (Caibidil VI Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide: Faoiseamh i leith Caiteachais Chaipitiúil Áirithe)

16 1981

AN tACHT AIRGEADAIS, 1981

Caibidil V

Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide

Íocaíochtaí as Ciste Fóirdheontas Sealadach na bhFostóirí a bheith díolmhaithe.

18. —(1) Ní thabharfar aird chun críocha uile na nAchtanna Cánach ar íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Baineann an t-alt seo le haon íocaíocht arna thabhairt, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis, d'fhostóir maidir le duine ar fostú aige, ar íocaíocht í as an gciste dá ngairtear Ciste Fóirdheontas Sealadach na bhFostóirí a bunaíodh an 28ú lá de Lúnasa, 1980, agus atá á riaradh ag coiste atá ionadaitheach do Chomhar Ceardchumann na hÉireann, do Chumann Cónaidhme na bhFostóirí, agus do Chónaidhm Thionscail na hÉireann.

Leasú ar alt 34 (díolúine ó cháin ar ioncam as ríchíosanna paitinne) den Acht Airgeadais, 1973 .

19. —Leasaítear leis seo alt 34 (3) den Acht Airgeadais, 1973 , trí “aireagán is ábhar do phaitinn cháilitheach” a chur in ionad “aireagán is ábhar do phaitinn”, agus tá an t-alt sin 34 (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(3) Más rud é, faoi alt 92 d'Acht na bPaitinní, 1964 , nó faoi aon fhorálacha comhréire i ndlí aon tíre eile, go mbeidh aireagán is ábhar do phaitinn cháilitheach á dhéanamh, á úsáid, á fheidhmiú nó á dhíol ag an Stát nó le haghaidh seirbhís an Stáit nó ag rialtas na tíre lena mbaineann nó le haghaidh seirbhís an rialtais sin, beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo ionann is dá mba gur de bhun ceadúnas a rinneadh, a úsáideadh, a feidhmíodh, nó a díoladh an t-aireagán sin agus gur ioncam as paitinn cháilitheach aon suimeanna a íocadh ina leith sin.

Leasú ar na forálacha a bhaineann le faoiseamh maidir le méadú ar stocluachanna.

20. —(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 , trí “1981” a chur in ionad “1980”—

(a) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) den choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) a ghabhann le fo-alt (4) (a),

(b) i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ), agus

(c) i bhfo-alt (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) gach áit a bhfuil sé,

agus tá an mhír sin, an fo-alt sin (7) (seachas an coinníoll) agus an fo-alt sin (9) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(iv) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis sin.

(7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1981, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear ‘laghdú ar stocluach’ na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin:

(9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin:

(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976

(a) trí “, 1980-81 nó 1981-82” a chur in ionad “nó 198081” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) i mír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) d'fho-alt (2),

(b) trí “1981-82” a chur in ionad “1980-81” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) i bhfo-alt (3), agus

(c) trí “1981” a chur in ionad “1980” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ) agus i bhfo-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ),

agus tá an mhír sin, an fo-alt sin (3), an fo-alt sin (5) (seachas an coinníoll) agus an fo-alt sin (6) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(c) I gcás a mbeidh éifeacht don bhliain 1979-80, 1980-81 nó 1981-82 le hasbhaint a cheadaítear de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine ó thrádáil a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta, is é méid na hasbhainte, d'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt, trí cheathrú den mhéid arbh é, ar leith ón mír seo, méid na hasbhainte don tréimhse chuntasaíochta sin é.

(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh, ní bheidh éifeacht léi chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1981-82.

(5) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1981, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin:

(6) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis:

Leathnú ar alt 67 (dáiltí chun pearsana aonair neamhchónaitheacha) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

21. —Beidh feidhm ag alt 67 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le dáileadh lena mbaineann alt 64 den Acht sin, is dáileadh a dhéantar an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, agus a fhaigheann cuideachta nach bhfuil cónaí uirthi sa Stát mar atá feidhm aige i ndáil le dáileadh a bheidh á fháil ag pearsa aonair.

Leasú ar alt 152 (forálacha maidir le cáin faoi alt 151) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

22. —Leasaítear leis seo alt 152 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le haon mheasúnacht i leith cánach ioncaim a dhéanfar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Ní bheidh feidhm ag alt 551 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , má dhéantar, de bhua alt 98 (4), aon cháin a measúnaíodh faoi alt 151 a urscaoileadh nó a aisíoc.”.