20.—(1) Ní bhainfidh an t-alt seo—
(a) le gnóchan a réadaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1981, ná
(b) le gnóchan a fhaibhreoidh chuig pearsa aonair agus atá, de bhua alt 25 (áit chónaí phríobháideach) den
Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975
, díolmhaithe ó cháin ghnóchan caipitiúil, nó a bheadh díolmhaithe amhlaidh mura mbeadh forálacha fho-alt (10) den alt sin.
(2) San alt seo agus in alt 21—
ciallaíonn ‘méid caipitiúil’ aon mhéid, in airgead nó i luach airgid, nach bhfuil, ar leith ón alt seo, le háireamh in aon ríomh ioncaim chun críocha na nAchtanna Cánach, agus forléireofar dá réir sin abairtí eile ina bhfuil an focal ‘caipitiúil';
ciallaíonn ‘tréimhse inmhuirearaithe’ tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta nó bliain mheasúnachta;
folaíonn ‘talamh’ aon leas i dtalamh agus folaíonn tagairtí don talamh tagairtí don talamh go léir nó d'aon chuid den talamh;
folaíonn ‘scair’ stoc;
folaíonn tagairtí do mhaoin a dhíorthaíonn a luach ó thalamh tagairtí—
(i) d'aon scairshealbhaíocht i gcuideachta, nó d'aon leas comhpháirtíochta, nó d'aon leas i maoin shocraithe, a dhíorthaíonn a luach nó an chuid is mó dá luach go díreach nó go neamhdhíreach ó thalamh, agus
(ii) d'aon rogha, toiliú nó lánchosc a dhéanann difear do dhiúscairt talún.
(3) Beidh feidhm ag an alt seo in aon chás—
(a) ina ndéanfar talamh, nó aon mhaoin a dhíorthaíonn a luach ó thalamh, a fháil d'aon toisc nó de phríomhthoisc chun gnóchan a réadú ó dhiúscairt na talún,
(b) ina dteachtar talamh mar stoc trádála, nó
(c) ina bhforbraíonn cuideachta talamh d'aon toisc nó de phríomhthoisc chun gnóchan a réadú ón talamh a dhiúscairt tar éis a fhorbartha,
agus ina mbeidh aon ghnóchan de chineál caipitiúil ó dhiúscairt na talún á fháil—
(i) ag an duine atá ag fáil na talún nó á theachtadh nó á fhorbairt, nó ag duine a bhfuil baint aige leis an duine sin, nó
(ii) i gcás comhshocraíocht nó scéim a bheith déanta maidir leis an talamh ar féidir dá cionn an gnóchan a réadú go díreach nó go neamhdhíreach trí aon idirbheart, nó trí aon sraith idirbhearta, ag aon duine is páirtí sa chomhshocraíocht nó sa scéim, nó a bhfuil baint aige leis an gcéanna,
agus beidh feidhm ag an bhfo-alt seo cibé acu is don duine sin féin nó d'aon duine eile a gheobhaidh an duine sin an gnóchan sin.
(4) I gcás ina mbeidh feidhm ag an alt seo, déileálfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach, le méid iomlán aon ghnóchain den sórt a luaitear i bhfo-alt (3)—
(a) mar ioncam a eascraíonn an tráth a réadaítear an gnóchan agus arb éard é brabúis nó gnóchain is inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D don tréimhse inmhuirearaithe ina réadaítear an gnóchan, agus
(b) faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, mar ioncam de chuid an duine a réadaíonn an gnóchan.
(5) Chun críocha an ailt seo déileálfar le talamh mar thalamh a diúscraíodh má dhéantar, trí aon idirbheart amháin nó níos mó, nó trí aon chomhshocraíocht nó scéim, cibé acu a bhaineann sin leis an talamh nó leis an maoin a dhíorthaíonn a luach ón talamh, an mhaoin sa talamh, nó rialú ar an talamh, a dhiúscairt go héifeachtúil, agus déanfar tagairtí i bhfo-alt (3) do thalamh agus do mhaoin a fháil nó a fhorbairt d'aon toisc nó de phríomhthoisc chun gnóchan a réadú ó dhiúscairt na talún a fhorléiriú dá réir sin.
(6) Chun críocha an ailt seo—
(a) i gcás a ndéanfaidh duine, trí dhíol roimh am nó ar shlí eile, deis a thabhairt go díreach nó go neamhdhíreach, do dhuine eile gnóchan a réadú, déileálfar le gnóchan an duine eile sin mar
ghnóchan a fuair an chéad duine a luaitear san fho-alt seo dó, agus
(b) féadfar a mheas gur comhshocraíocht nó scéim aonair aon líon idirbheart má bhíonn comh-aidhm le sonrú iontu, nó má bhíonn leorfhianaise eile ar fáil maidir le comh-aidhm.
(7) Le linn an t-alt seo a chur chun feidhme tabharfar aird ar aon mhodh, díreach nó neamhdhíreach—
(a) trína ndéantar aon mhaoin nó ceart a aistriú nó a tharchur chuig duine eile, nó
(b) trína ndéantar luach aon mhaoine nó aon chirt a mhéadú nó a laghdú,
agus, dá réir sin, féadfar déileáil le hócáid aistrithe nó tarchurtha aon mhaoine nó cirt, ar mhodh ar bith, agus leis an ócáid a dtiocfaidh méadú ar luach aon mhaoine nó cirt, mar ócáid ar a dtiocfaidh cáin chun bheith inmhuirearaithe faoin alt seo.
(8) Bainfidh fo-alt (7) go háirithe—
(a) le díola, conarthaí agus idirbhearta eile a dhéanfar seachas ar lánchomaoin nó ar bhreis agus lánchomaoin,
(b) le haon mhodh trína ndéantar aon mhaoin nó ceart, nó an rialú ar aon mhaoin nó ceart, a aistriú nó a tharchur chuig aon duine trí shannadh a dhéanamh—
(i) ar scairchaipiteal nó cearta eile i gcuideachta,
(ii) ar chearta i gcomhpháirtíocht, nó
(iii) ar leas i maoin shocraithe,
(c) le haon rogha nó toiliú nó lánchosc a bhunú a dhéanann difear do dhiúscairt aon mhaoine nó aon chirt, agus leis an gcomaoin a tugadh ar an rogha, nó as an toiliú a thabhairt nó as an lánchosc a fhuascailt, agus
(d) le diúscairt aon mhaoine nó aon chirt ar aon chuideachta, comhpháirtíocht nó iontaobhas a fhoirceannadh, a dhíscaoileadh nó a thabhairt chun críche.
(9) Chun críocha an ailt seo glacfar le cibé modh chun gnóchan a ríomh is cóir agus is réasúnach sna himthosca, agus tabharfar aird ar an luach a gheofar as an talamh a dhiúscairt, agus ní lamhálfar ach cibé caiteachais is inchurtha i leith na talún a diúscraíodh, agus le linn an fo-alt seo a chur chun feidhme—
(a) i gcás ina bhfaighfear leas i dtalamh agus go gcoimeádfar an frithdhílse ar é a dhiúscairt, féadfar aird a thabhairt ar an modh ina ndéantar na brabúis nó na gnóchain faoi Chás I de Sceideal D de chuid duine a dhéileálann i dtalamh a ríomh i gcás den sórt sin, agus
(b) féadfar aird a thabhairt ar na coigeartuithe a bheidh le déanamh le linn brabúis nó gnóchain den sórt sin a bheith á ríomh faoi alt 84 (2) agus 85 (4) den
Acht Cánach Ioncaim, 1967
.
(10) Ní bhainfidh fo-alt (3) (c) le cibé cion d'aon ghnóchan is inchurtha go cóir i leith na tréimhse, más ann, sular ceapadh an rún an talamh a fhorbairt, agus nach dtiocfadh faoi réim mhír (a) nó (b) den fho-alt sin; agus le linn an fo-alt seo a chur chun feidhme tabharfar aird ar an gcaoi a ndéileáiltear faoi Chás I de Sceideal D le duine a leithreasaíonn talamh mar stoc trádála.
(11) Maidir leis an ngnóchan go léir nó aon chuid den ghnóchan a fhaibhríonn chun aon duine, más ó luach, nó ó áiméar chun gnóchan a réadú, arna chur ar fáil go díreach nó go neamhdhíreach ag duine éigin eile (cibé acu a cuireadh nó nár cuireadh sin ar a dheis don chéad duine a luaitear san fho-alt seo), a dhíorthaíonn sé, beidh feidhm ag fo-alt (4) (b) maidir leis an ngnóchan nó leis an gcuid sin de, ach an duine eile sin a chur in ionad an duine a réadaigh an gnóchan.
(12) I gcás diúscairt scaireanna a bheith i gceist—
(a) i gcuideachta a theachtann talamh mar stoc trádála, nó
(b) i gcuideachta ar léi go díreach nó go neamhdhíreach 90 faoin gcéad nó níos mó de ghnáth-scairchaipiteal cuideachta eile a theachtann talamh mar stoc trádála,
agus go ndéanfaidh cuideachta na talún a theachtadh an talamh go léir atá ar teachtadh amhlaidh a dhiúscairt i ngnáth-chúrsa na trádála agus chun a áirithiú gur chuig an gcuideachta sin a eascróidh gach áiméar chun brabúis i leith na talún, ansin, d'ainneoin fho-alt (3) (i), ní bhainfidh an t-alt seo le haon ghnóchan ar mhaoin a dhíorthaíonn luach ón talamh sin (ach sin gan dochar d'aon dliteanas faoi fho-alt (3) (ii)).
(13) Le linn bheith á fhionnadh chun críocha an ailt seo cad iad intinní aon duine, ní cinntitheach d'aidhmeanna agus do chumhachtaí aon chuideachta, comhpháirtithe nó iontaobhaithe mar a bheidh sin leagtha amach in aon mheabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais nó in aon doiciméad eile.
(14) Chun a fhionnadh an ndíorthaíonn agus cá mhéad a dhíorthaíonn luach aon mhaoine nó cirt ó aon mhaoin nó ceart eile, féadfar luach a rianú trí aon uimhir cuideachtaí, comhpháirtíochtaí agus iontaobhais agus déanfar an mhaoin a bheidh ar teachtadh ag aon chuideachta, comhpháirtíocht nó iontaobhas a chur i leith na scairshealbhóirí, na gcomhpháirtithe nó na dtairbhithe ag gach céim ar cibé slí is cóir agus is réasúnach.
(15) Le linn an t-alt seo a chur chun feidhme—
(a) féadfar aon chaiteachas nó fáltas nó comaoin nó aon mhéid eile a chionroinnt ar cibé modh is cóir agus is réasúnach, agus
(b) déanfar gach uile luacháil is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an ailt.
(16) Chun críocha an ailt seo, féadfar a mheas, maidir le comhpháirtithe, nó iontaobhaithe maoine socraithe, nó ionadaithe pearsanta, gur daoine iad ar leithligh ó na pearsana aonair nó ó na daoine eile ar comhpháirtithe nó iontaobhaithe nó ionadaithe pearsanta iad de thuras na huaire.
(17) Bainfidh an t-alt seo le duine, cibé acu a chónaíonn sé sa Stát nó nach gcónaíonn, más sa Stát atá an talamh go léir nó aon chuid den talamh atá i gceist.
|