An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VII Brabúis nó Gnóchain ó Dhéileáil i dTalamh nó ó Fhorbairt Talún) Ar Aghaidh (CUID III Cáin Bhreisluacha)

16 1981

AN tACHT AIRGEADAIS, 1981

CUID II

Custaim agus Mál

Léiriú (Cuid II).

30. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Acht 1980” an tAcht Airgeadais, 1980 ;

ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).

Beoir.

31. —(1) Déanfar an dleacht máil ar bheoir a fhorchuirtear le mír 7 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1981, de réir £112.266, i gcás na beorach go léir arna grúdú sa Stát, ar gach 36 ghalún foirte de shaindlús 1,055 chéim, agus, i gcás na beorach go léir arna hallmhairiú, ar gach 36 ghalún beorach a raibh saindlús 1,055 chéim ina foirt roimh ghiosáil, in ionad an ráta a luaitear in alt 64 (1) d'Acht 1980.

(2) Faoi réir mhír 5 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 250) (Beoir), 1981 (I.R. Uimh. 10 de 1981 ), déanfar an aistarraingt ar bheoir dá bhforáiltear i mír 7 (3) d'Ordú 1975 a ríomh, maidir le beoir a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh dleacht uirthi de réir an ráta a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, de réir shaindlús bunaidh na beorach, de réir £112.266 ar gach 36 ghalún beorach ar 1,055 chéim a saindlús bunaidh.

Táirgí tobac.

32. —(1) San alt seo agus sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo tá le “toitíní”, “todóga”, “cavendish nó negrohead”, “tobac cruafháiscthe”, “tobac píopa eile”, “tobac chun a chaite ina dheatach”, “tobac chun a choganta” agus “táirgí tobac” na bríonna céanna atá leo san Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 , arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979 (I.R. Uimh. 296 de 1979).

(2) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1981, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1980.

(3) Leasófar mír 10 (4) d'Ordú 1975, arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979, trí “£1.97 an cileagram ar gach cileagram” a chur in ionad “£0.99 an cileagram ar gach cileagram”.

Biotáille.

33. —(1) San alt seo ciallaíonn “alcól” alcól eitileach íon.

(2) Déanfar an dleacht máil ar bhiotáille a fhorchuirtear le mír 4 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1981, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1980.

(3) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ón dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibí a fhorchuirtear le mír 4 (2) d'Ordú 1975 agus leis an tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin arna leasú le mír 4 (2) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 244) (Dleachtanna Máil ar Bhiotáille, Beoir agus Olaí Hidreacarbóin), 1979 (I.R. Uimh. 415 de 1979), agus leis an tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin, ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.

(4) Má chruthaíonn aon duine chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur milleadh biotáille ar ar íoc sé dleacht máil nó gur éirigh sí neamhoiriúnach lena tomhailt, féadfaidh an duine, le cead na gCoimisinéirí Ioncaim agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur, an bhiotáille a dhíothú agus, ar chruthúnas go ndearnadh an díothú sin chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, féadfaidh siad, faoi réir cibé coinníollacha a chomhalladh is cuí leo a fhorchur, aon dleacht máil a íocadh ar an mbiotáille sin a aisíoc leis an duine sin.

Fíon agus fíon déanta.

34. —(1) Sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

ciallaíonn “an neart alcólach iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;

ciallaíonn “% toirte” an neart alcólach de réir toirte.

(2) Déanfar an dleacht máil ar fhíon a fhorchuirtear le mír 5 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1981, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1980.

(3) Déanfar an dleacht máil ar fhíon déanta a fhorchuirtear le mír 6 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1981, de réir ná rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1980.

Hidreacarbóin.

35. —(1) Déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianrach a fhorchuirtear le mír 11 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1981, de réir £16.53 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 70 (2) d'Acht 1980.

(2) Déanfar an dleacht máil ar ola hidreacarbóin a fhorchuirtear le mír 12 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1981, de réir £10.88 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 70 (3) d'Acht 1980.

(3) Amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1981, is é ráta aon aisíoca a lamháiltear faoi mhír 12 (11) d'Ordú 1975 maidir le hola hidreacarbóin ar a bhfuil an t-aisíoc sin inlamháilte agus ar ar íocadh de réir £10.88 an heictilítear an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, £9.09 an heictilítear in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 29ú lá d'Eanáir, 1981.

(4) Déanfar an dleacht máil ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a fhorchuirtear le halt 41 (1) den Acht Airgeadais, 1976 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1981, de réir £0.40 an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 70 (14) d'Acht 1980.

(5) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn “ola hidreacarbóin” ola hidreacarbóin arna seachadadh an lú lá de Mheitheamh, 1981, nó dá éis, agus ar ar íocadh an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 12 d'Ordú 1975;

ciallaíonn “bád iascaireachta mara” bád iascaireachta mara—

(i) atá cláraithe de réir an Ordaithe um Loingeas Cheannaíochta (Clárú, Leitreáil agus Uimhriú Bád Iascaigh) (Rialacháin), 1927 (R. & O.R., Uimh. 105 de 1927), agus

(ii) atá cláraithe faoin Acht Loingis Thráchtála, 1955 ;

ní fholaíonn “iascaireacht mhara” duánacht mhara.

(b) Má shuíonn úinéir nó máistir báid iascaireachta mara chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur úsáideadh ola hidreacarbóin lena dó in inneall an bháid sin agus í ag gabháil d'iascaireacht mhara, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur, dleacht máil a aisíoc de réir £0.44 an heictilítear ar an ola a úsáideadh amhlaidh.

(c) Ach amháin i gcás ina gceadóidh na Coimisinéirí Ioncaim a mhalairt, is maidir le hola hidreacarbóin a úsáideadh laistigh de thréimhse trí mhí a dhéanfar iarratas ar dhleacht a aisíoc faoin bhfo-alt seo agus déanfar é tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis deireadh na tréimhse sin.

Teilifíseáin.

36. —Déanfar an dleacht máil ar theilifíseáin a fhorchuirtear le mír 5 (1) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979 (I.R. Uimh. 57 de 1979), a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1981, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Séú Sceideal a ghabhann le hAcht 1980.

Leasú ar an dleacht ar uiscí boird.

37. —(1) Leasaítear leis seo mír 9 d'Ordú 1975—

(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (2):

“(2) Chomh maith le haon dleacht eile is inmhuirearaithe, muirearófar, toibheofar agus íocfar dleacht máil de réir £0.372 an galún ar uiscí boird a rinneadh sa Stát agus a chuirtear amach, ar díol nó lena ndíol nó eile, ó áitreabh an mhonaróra nó a dhíoltar chun a gcaite in áitreabh an mhonaróra, agus ar uiscí boird a allmhairítear isteach sa Stát.”,

(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (3):

“(3) San ordú seo folaíonn ‘uiscí boird’ aon uiscí aeraithe agus aon deochanna (lena n-áirítear síoróipí nó leachtanna eile nach bhfuil sé ceaptha iad a chaitheamh ach i bhfoirm chaolaithe) a chuirtear ar díol i mbuidéil, i gcannaí, i gcascaí nó i gcoimeádáin nó gabhdáin dúnta eile seachas—

(a) leacht ar bith ar gá ceadúnas máil chun é a mhiondíol,

(b) bainne agus táirgí bainne, le blastanas nó gan bhlastanas,

(c) anraithí agus bratanna, agus

(d) súnna torthaí agus glasraí nach mbeidh, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, a gcáil bhunaidh caillte acu trí uisce nó substaintí eile a chur leo lena milsiú, lena leasú nó le haghaidh críocha eile.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 69 d'Acht 1980 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (3):

“(a) Faoi réir na míreanna ina dhiaidh seo den fho-alt seo, lamhálfar, an lú lá de Mhárta, 1981, agus dá éis, do gach monaróir uiscí boird a íocfaidh an dleacht máil orthu a fhorchuirtear le mír 9 (2) d'Ordú 1975, arna leasú, lacáiste sa dleacht mar a leanas i ndáil le gach áitreabh ina monaraíonn sé na huiscí boird:

An Ráta Lacáiste

Más í cainníocht a mhonaraigh sé san áitreabh agus ar ar íoc sé an dleacht aon bhliain dar tosach an lú lá de Mhárta, cainníocht nach mó ná 40,000 galún        ...

 

 

£0.16 an galún ar gach galún de.

is mó ná 40,000 galún agus is lú ná 120,000 galún     ...

 

£0.16 an galún ar gach galún den chéad 40,000 galún agus £0.08 an galún ar gach galún eile.

is 120,000 galún nó níos mó

£0.16 an galún ar gach galún den chéad 40,000 galún agus £0.08 an galún ar gach galún den chéad 80,000 galún ina dhiaidh sin.”.

(3) Beidh éifeacht leis an alt seo amhail ar an agus ón lú lá de Mheitheamh, 1981.

Athrú ar an ráta dleachta ar cheadúnas Tithe Urúcháin.

38. —(1) Déanfar an dleacht máil ar cheadúnais Tithe Úrúcháin, a fhorchuirtear le halt 1 den Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir £10 in ionad an ráta a shonraítear in alt 77 (5) d'Acht 1980.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo, agus measfar go raibh éifeacht leis, amhail ar an agus ón lú lá d'Aibreán, 1981, agus féadfar aon dleacht máil os cionn £10 a íocadh faoin alt sin 77 (5) i leith aon cheadúnas Tithe Úrúcháin a eisíodh an lá sin nó dá éis a aisíoc.

Ordú a dhaingniú.

39. —Daingnítear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 246) (Beoir), 1980 (I.R. Uimh. 49 de 1980).

Méadú ar na dleachtanna máil ar cheadúnais d'fheithiclí inneallghluaiste.

40. —Leasaítear leis seo alt 94 den Acht Airgeadais, 1973 ( Uimh. 19 de 1973 ), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2):

“(b) £16.50 maidir le feithicil nach mó ná 16 each-chumhacht, a bhfuil tacsaiméadar feistithe inti agus a úsáidtear go dlea thach mar fheithicil seirbhíse sráide de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile;

(c) £20 maidir le haon fheithicil eile (nach feithicil í nach inmhuirearaithe agus nach intobhaigh an dleacht máil sin ina leith ná feithicil lena mbaineann mír (d) den fho-alt seo);

(d) £10 maidir le feithicil is mó ná 16 each-chumhacht, a bhfuil tacsaiméadar feistithe inti agus a úsáidtear go dleathach mar fheithicil seirbhíse sráide de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile.”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo—

(a) maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , a bhainfear amach in aghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá de Mhárta, 1981, nó aon lá dá éis, maidir le feithiclí sonraithe (de réir bhrí an ailt sin 94) lena mbaineann míreanna (b) agus (c) (a chuirtear isteach leis an alt seo) den fho-alt sin (2), agus

(b) maidir le feithiclí inneallghluaiste eile lena mbaineann míreanna (c) agus (d) (a chuirtear isteach leis an alt seo) den fho-alt sin (2) agus a mbeidh ceadúnais ina leith faoin alt sin 1 bainte amach in aghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá sin de Mhárta, 1981, nó aon lá dá éis.

(3) Déanfar na haisíocaíochtaí iomchuí ag féachaint d'fhorálacha na bhfo-alt sin roimhe den alt seo agus is de réir cibé treoracha a thabharfaidh an tAire Comhshaoil a dhéanfar na haisíocaíochtaí.

Leasú ar an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 .

41. —Leasaítear leis seo alt 1 (2) (b) den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , maidir le ceadúnais faoin Acht sin in aghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá de Mhárta, 1981, nó aon lá dá éis, trí “fiche punt nó níos lú” a chur in ionad “£10 nó níos lú” (a cuireadh isteach le hAcht 1980).