27 1981


Uimhir 27 de 1981


AN tACHT UM INFHEISTÍOCHTAÍ TEILEACHUMARSÁIDE NA hÉIREANN TEORANTA, 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ ÚDARÚ DON AIRE AIRGEADAIS SCAIREANNA A THÓGÁIL IN INFHEISTÍOCHTAÍ TEILEACHUM-ARSÁIDE NA hÉIREANN TEORANTA, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN GO RÁTHÓIDH AN tAIRE SIN IASACHT-AÍ AGUS AIRGEAD EILE A BHEIDH DLITE DEN CHUID-EACHTA SIN AGUS LE hAGHAIDH NITHE COMH-GHAOLMHARA EILE. [11 Samhain, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Chuideachta” Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Poist agus Telegrafa.

Cumhacht an Aire Airgeadais scaireanna a thógáil sa Chuideachta.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, scaireanna nach mó ná £100 san iomlán a thógáil sa Chuideachta trí shuibscríobh.

(2) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire Airgeadais ó am go ham tar éis an tAcht seo a rith faoi chomhair íocaíochtaí a cheanglaítear air a dhéanamh i leith aon scaireanna a thóg sé nó a fuair sé ar shlí eile.

An tAire Airgeadais do shealbhú agus do dhíol scaireanna sa Chuideachta.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon scaireanna a thóg sé nó a fuair sé sa Chuideachta a shealbhú fad is cuí leis agus, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, féadfaidh sé, de réir mar is cuí leis, aon cheann de na scaireanna sin a dhíol.

(2) Déanfar na glanfháltais ó dhíol a rinne an tAire Airgeadais ar scaireanna na Cuideachta a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

An tAire Airgeadais d'fheidhmiú ceart nó cumhacht is infheidhme ag sealbhóir scaireanna de chuid na Cuideachta.

4. —I gcás ina sealbhóidh an tAire Airgeadais scaireanna de chuid na Cuideachta féadfaidh sé ceart nó cumhacht is infheidhme ag sealbhóir na scaireanna a fheidhmiú agus, i gcás an ceart nó an chumhacht a bheith infheidhme ag aturnae, féadfaidh sé, más cuí leis sin, é a fheidhmiú trína aturnae.

Díbhinní, etc. ar scaireanna de chuid na Cuideachta atá á sealbhú ag an Aire Airgeadais a dhiúscairt.

5. —Déanfar na díbhinní, na bónais agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna de chuid na Cuideachta atá á sealbhú aige a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

An tAire Airgeadais do ráthú airgid a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht.

6. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais, go n-aisíocfaidh an Chuideachta go cuí príomhshuim aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go ndéanfar an phríomhshuim a aisíoc agus an t-ús a íoc agus féadfaidh ráthaíocht go n-íocfaidh an Chuideachta coimisiún agus caiteachais theagmhasacha a bhainfidh leis an airgead a fháil ar iasacht a bheith ar áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo nó le halt 7 den Acht seo a fheidhmiú i slí gur mó ná £350,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, airgid a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoi cheachtar alt díobh sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire i dteannta an méid airgid (más ann) a bheidh íoctha cheana féin aige ar scór aon ráthaíochta faoin alt sin agus a bheidh gan aisíoc ag an gCuideachta.

(3) Chun méid na n-iasachtaí nó na dtráthchodanna nó an airgid eile a ríomh a bheidh ráthaithe ag an Aire Airgeadais faoin alt seo nó faoi alt 7 den Acht seo faoi threoir na teorann le hairgead i bhfo-alt (2) den alt seo, déanfar an méid in airgead reatha an Stáit is cóimhéid leis na hiasachtaí nó na tráthchodanna nó leis an airgead eile in airgead reatha coigríche a ríomh de réir an ráta iomlaoide a bhí i réim an tráth a tugadh an ráthaíocht.

(4) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais leagfaidh an tAire Airgeadais faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas ina mbeidh, maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo nó faoi alt 7 den Acht seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach na bliana sin, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás ina mbeidh aon íocaíocht déanta aige faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más ann) a bheidh aisíoctha leis ar scór na híocaíochta,

(c) an méid airgid faoi bhrí na ráthaíochta a bhí gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.

(5) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire Airgeadais ó am go ham faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo nó faoi alt 7 den Acht seo.

(6) Déanfaidh an Chuideachta airgead a d'íoc an tAire Airgeadais faoi ráthaíocht faoin alt seo nó faoi alt 7 den Acht seo a aisíoc leis (mar aon le hús ar an airgead sin de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire) laistigh de dhá bhliain ó dháta an airgid a airleacan as an bPríomh-Chiste.

(7) I gcás an t-airgead go léir, nó aon chuid den airgead, a gceanglaíonn fo-alt (6) den alt seo é a aisíoc leis an Aire Airgeadais a bheith gan íoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh gan íoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(8) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (7) den alt seo chun an méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Chuideachta faoi dhliteanas don Aire Airgeadais i leith an méid sin agus déanfaidh an Chuideachta an méid sin mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire sin a aisíoc leis cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh sé agus mura n-aisíocfar an méid sin mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile beidh sé inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is oiriúnach leis an Aire Airgeadais airgead a íocfaidh an Chuideachta faoi fho-alt (6) nó (8) den alt seo.

(10) I ndáil le ráthaíochtaí ón Aire Airgeadais, cibé acu faoin alt seo nó faoi alt 7 den Acht seo díobh, in airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

(i) glacfar le gach tagairt do phríomhshuim, le gach tagairt d'ús agus leis an tagairt do choimisiún agus do chaiteachais theagmhasacha i bhfo-alt (1) den alt seo mar thagairtí don méid in airgead reatha an Stáit is cóimhéid leis an bpríomhshuim iarbhír, leis an ús iarbhír, leis an gcoimisiún agus na caiteachais theagmhasacha iarbhír, faoi seach, agus an cóimhéid sin a ríomh de réir chostas na príomhshuime iarbhír, an úis iarbhír nó an choimisiúin agus na gcaiteachas teagmhasach iarbhír, de réir mar is iomchuí, in airgead reatha an Stáit;

(ii) glacfar le gach tagairt d'airgead i bhfo-alt (1) d'alt 7 den Acht seo mar thagairt do chóimhéid an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit agus an cóimhéid sin a ríomh de réir chostas an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit;

(iii) glacfar leis an tagairt d'airgead i bhfo-alt (4) den alt seo mar thagairt do chóimhéid an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit agus an cóimhéid sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide arb é, de thuras na huaire, ráta iomlaoide an airgid reatha sin agus airgid reatha an Stáit é;

(iv) glacfar le gach tagairt d'airgead i bhfo-ailt (5) go (8) den alt seo mar thagairt do chostas an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit.

(11) Ní bhfaighidh an Chuideachta airgead ar iasacht gan toiliú a fháil roimh ré ón Aire arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais.

An tAire Airgeadais do thabhairt ráthaíochta go n-íocfaidh an Chuideachta tráthchodanna, etc.

7. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, más cuí leis é, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, ráthaíocht a thabhairt go n-íocfaidh an Chuideachta go cuí tráthchodanna nó méideanna eile airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a bheidh dlite den Chuideachta faoi chonradh ina ndeachaigh an Cuideachta agus a bheidh gan íoc aici nó an t-ús ar aon tráthchodanna nó aon mhéideanna den sórt sin a bheidh gan íoc nó go n-íocfaidh sí na tráthchodanna nó na méideanna sin a bheidh gan íoc agus an t-ús sin agus féadfaidh sí ráthaíocht a thabhairt freisin go n-íocfaidh an Chuideachta coimisiún agus caiteachais theagmhasacha i ndáil leis an gconradh sin.

(2) Ní dhéanfaidh an Chuideachta conradh den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo gan toiliú roimh ré a fháil ón Aire arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais.

Srian le hathrú ar mheabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais na Cuideachta.

8. —D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, 1963 agus 1977, nó i meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais na Cuideachta, ní bheidh athrú sa mheabhrán comhlachais nó sna hairteagail chomhlachais bailí ná éifeachtach mura ndéanfar é le ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais agus, nuair is iomchuí, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Srian le heisiúint scaireanna.

9. —Ní dhéanfar scaireanna na Cuideachta a eisiúint mura mbeidh an eisiúint údaraithe ag an Aire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire.

Clár comhardaithe, cuntas agus tuarascáil na stiúrthóirí maidir leis an gCuideachta.

10. —(1) Tabharfaidh an Chuideachta don Aire a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta—

(a) clár comhardaithe amhail mar bhí ag deireadh na bliana cuntasaíochta agus é arna iniúchadh go cuí ag iniúchóir na Cuideachta,

(b) cuntas sochair agus dochair don bhliain chuntasaíochta agus é arna iniúchadh amhlaidh, agus

(c) cóip de thuarascáil na stiúrthóirí do na scairshealbhóirí don bhliain chuntasaíochta.

(2) Déanfar na cláir chomhardaithe agus na cuntais sochair agus dochair a cheanglaítear le fo-alt (1) den alt seo a tharraingt suas i cibé foirm a ordóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Tabharfaidh an Chuideachta, má iarrann an tAire é, aon fhaisnéis a theastóidh uaidh maidir leis na cláir chomhardaithe, na cuntais sochair agus dochair nó na tuarascálacha a cheanglaítear le fo-alt (1) den alt seo, nó i ndáil le polasaí agus oibríochtaí na Cuideachta (seachas oibríochtaí ó lá go lá).

(4) Leagfaidh an tAire cóip de gach clár comhardaithe, cuntas sochair agus dochair agus tuarascáil a chuirfear ar fáil dó faoi fho-alt (1) den alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis an clár comhardaithe, an cuntas sochair agus dochair agus an tuarascáil a chur ar fáil dó amhlaidh.

Stiúrthóirí, oifigigh nó seirbhísigh na Cuideachta a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na hEorpa.

11. —(1) I gcás ina ndéanfar stiúrthóir ar an gCuideachta a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Teach den Oireachtas nó do Thionól na gComhphobal Eorpach nó go gceapfar don Tionól sin é scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta.

(2) I gcás ina ndéanfar duine is oifigeach nó seirbhíseach don Chuideachta a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Teach den Oireachtas nó do Thionól na gComhphobal Eorpach nó go gceapfar don Tionól sin é, beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht na Cuideachta agus ní íocfaidh an Chuideachta leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gCuideachta, aon luach saothair ná liúntais—

(a) i gcás ina ndéanfar é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó é a cheapadh don Tionól sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth an ainmniúcháin nó an cheapacháin sin (de réir mar bheidh) agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann nó den Tionól sin,

(b) i gcás ina ndéanfar é a ainmniú mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Teach acu sin nó don Tionól sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar é agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó den Tionól sin (de réir mar bheidh) nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí.

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó ar comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach é beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó fad is comhalta den sórt sin é, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chuideachta.

(4) Má thagann duine atá nó a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chuideachta chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad is comhalta den sórt sin é, dícháilithe chun an tréimhse a áireamh faoi scéim aoisliúntais arna déanamh ag an gCuideachta agus feidhm aici de thuras na huaire.

An Chuideachta lena costais a íoc as ioncam.

12. —Íocfaidh an Chuideachta a costais go léir as a hoibríochtaí.

Díolúine ó dhleacht stampa.

13. —Ní bheidh dleacht stampa iníoctha maidir le haon tíolacas, aistriú nó ionstraim eile a fhorghníomhófar chun maoin nó aon leas i maoin a dhílsiú don Chuideachta.

Caiteachais.

14. —Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

15. —Féadfar an tAcht um Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta, 1981 , a ghairm den Acht seo.


An tAcht dá dTagraítear

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 agus 1977