An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Cáin Bhreisluacha) Ar Aghaidh (CUID IV Ilghnéitheach)

28 1981

AN tACHT AIRGEADAIS (UIMH. 2), 1981

CUID III

Dleachtanna Stampa

Tobhach ar bhainc.

16. —(1) San alt seo,

ciallaíonn “méid inmheasúnaithe” an méid a gheofar tríd an méid sonraithe a roinnt ar a trí agus £5,000,000 a bhaint as an gcomhrann;

ciallaíonn “banc” duine, ar shealbhóir é, an lú lá d'Aibreán, 1981, ar cheadúnas a deonaíodh faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ;

ciallaíonn “tuairisceáin”, i ndáil le banc, na tuairisceáin mhíosúla bainc a chuireann an banc ar fáil do Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le sócmhainní agus dliteanais an bhainc amhail ar an 15ú lá d'Aibreán, 1981, an 20ú lá de Bhealtaine, 1981, agus an 30ú lá de Mheitheamh, 1981;

ciallaíonn “méid sonraithe”—

(a) i gcás bainc chomhlachaithe, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna a thaispeántar i dtuairisceáin an bhainc sin maidir le Mír 7 i bhFoscríbhinn II de na tuairisceáin mar choigeartú ar chuntais reatha le haghaidh seiceanna idirthurais a dhealú as comhiomlán na suimeanna a thaispeántar sna tuairisceáin maidir le cuntais reatha agus cuntais taisce atá ag daoine ar bith in oifigí an bhainc sa Stát agus ar suimeanna iad a thaispeántar mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin;

(b) i gcás aon bhainc eile, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna a thaispeántar san anailís ar dhliteanais roghnaithe i dtuairisceáin an bhainc sin mar shuimeanna a dhlitear do bhainc (lena n-áirítear bainc nach bainc de réir bhrí fho-alt (1) den alt seo) maidir le cuntais reatha, cuntais taisce, cuntais eile agus iasachtaí urraithe a dhealú as comhiomlán na suimeanna a thaispeántar sna tuairisceáin maidir le cuntais reatha, cuntais taisce, cuntais eile agus iasachtaí urraithe atá ag daoine ar bith in oifigí an bhainc sa Stát agus ar suimeanna iad a thaispeántar mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin.

(2) Déanfaidh banc, laistigh de 14 lá ó dháta an Achta seo a rith, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh an méid inmheasúnaithe le haghaidh an bhainc sin, an méid sonraithe le haghaidh an bhainc sin agus na suimeanna dá dtagraítear sa mhíniú ar “méid sonraithe” i bhfo-alt (1) den alt seo ar faoina dtreoir a ríomhadh an méid sonraithe sin.

(3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2) den alt seo muirearófar dleacht stampa de réir 0.08 faoin gcéad den méid inmheasúnaithe a thaispeántar ann.

(4) Déanfaidh an banc an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) den alt seo ar ráiteas a sheachadfaidh banc de bhun fho-alt (2) den alt seo a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.

(5) Tabharfaidh banc cibé sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar an mBanc a sheachadadh.

(6) I gcás ina mainneoidh banc aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) den alt seo a sheachadadh laistigh den am dá bhforáiltear san fho-alt sin nó ina mainneoidh sé an dleacht a íoc is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin, ar é a sheachadadh, dlífidh an banc, amhail ó dháta an Achta seo a rith go dtí an lá a n-íocfar an dleacht, ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain a íoc uirthi mar phionós, i dteannta na dleachta, agus ina theannta sin, ar cheithre lá dhéag a bheith caite ó dháta an Achta seo a rith, dlífidh sé, mar phionós breise, suim a íoc is ionann agus 1 faoin gcéad den dleacht in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an seachadadh ar aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) den alt seo a chur i bhfeidhm faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba mhainneachtain mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain faoin ráiteas sin a bheith gan seachadadh.

(8) Ní dhéanfar an dleacht stampa a mhuirearaítear leis an alt seo a cheadú mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht is iníoctha ag an mbanc a ríomh agus, ina theannta sin, ní bheidh an banc i dteideal aisíocaíocht ar an dleacht a lorg ó aon duine eile.

Dleacht stampa i leith cártaí creidmheasa agus cártaí muirir.

17. —(1) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn “cuntas” cuntas arna choimeád ag banc ar a muirearaítear méideanna i leith earraí, seirbhísí nó airgead a fhaigheann pearsa aonair trí chárta creidmheasa;

ciallaíonn “cárta creidmheasa” cárta arna eisiúint ag banc chuig pearsa aonair ag a bhfuil seoladh sa Stát trína bhféadfaidh an phearsa aonair earraí, seirbhísí agus airgead a fháil agus trína bhféadfar méideanna i leith na n-earraí, na seirbhísí agus an airgid sin a mhuirearú ar an gcuntas.

(b) Gach bliain (arb í an bhliain 1982 nó bliain dá éis í), laistigh de thrí mhí ón 1ú lá d'Aibreán an bhliain sin, seachadfaidh banc ráiteas i scríbhinn do na Coimisinéirí Ioncaim ina dtaispeánfar líon na gcuntas a bheidh á gcoimeád ag an mbanc an lú lá sin d'Aibreán.

(c) Déanfar dleacht stampa de réir ráta £5 a mhuirearú ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun mhír (b) den fho-alt seo i leith gach cuntas a bheidh ar áireamh i líon na gcuntas a thaispeánfar sa ráiteas.

(2) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn “cuntas” cuntas arna choimeád ag tionscnóir agus ar a muirearaítear méideanna i leith earraí, seirbhísí nó airgead a fhaigheann pearsa aonair trí chárta muirir;

ciallaíonn “cárta muirir” cárta (seachas cárta ar a dtugtar “cárta tí”) arna eisiúint ag duine (dá ngairtear “tionscnóir” san alt seo) chuig pearsa aonair ag a bhfuil seoladh sa Stát trína bhféadfaidh an phearsa aonair earraí, seirbhísí nó airgead a fháil agus trína bhféadfar méideanna i leith na n-earraí, na seirbhísí nó an airgid sin a mhuirearú ar an gcuntas;

ciallaíonn “cárta muirir cuideachta”—

(i) cárta muirir arna eisiúint ag tionscnóir chuig duine (seachas pearsa aonair) ag a bhfuil seoladh sa Stát agus a measfaí, dá mba chuig pearsa aonair a d'eiseofaí é, gur cárta muirir é, nó

(ii) cárta muirir arna eisiúint ag tionscnóir chuig fostaí, ainmní nó gníomhaire duine den sórt sin ina cháil mar fhostaí, mar ainmní nó mar ghníomhaire den sórt sin;

ciallaíonn “ráithe” tréimhse trí mhí dar críoch an 31ú lá de Mhárta, an 30ú lá de Mheitheamh, an 30ú lá de Mheán Fómhair nó an 31ú lá de Nollaig;

ciallaíonn “cárta forlíontach” cárta muirir cuideachta arna eisiúint ag tionscnóir chuig duine (seachas pearsa aonair) agus ar cárta é de bhreis ar chárta cuideachta eile a d'eisigh an tionscnóir chuig an duine sin.

(b) Gach bliain (arb í an bhliain 1982 nó bliain dá éis í), laistigh de dhá mhí ó dheireadh gach ráithe, seachadfaidh tionscnóir ráiteas i scríbhinn do na Coimisinéirí Ioncaim ina dtaispeánfar líon na gcártaí muirir, na gcártaí muirir cuideachta agus na gcártaí forlíontacha a d'eisigh nó a d'athnuaigh an tionscnóir an ráithe sin.

(c) Déanfar dleacht stampa de réir ráta £2.50 a mhuirearú ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun mhír (b) den fho-alt seo in aghaidh gach tréimhse sé mhí nó cuid de shé mhí a ndéarfar ina leith gur bailí do gach cárta muirir, gach cárta muirir cuideachta agus gach cárta forlíontach, a thaispeánfaidh an ráiteas a bheith arna eisiúint nó arna athnuachan.

(3) Tabharfaidh banc nó tionscnóir, de réir mar bheidh, do na Coimisinéirí Ioncaim cibé sonraí a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a bheith riachtanach i ndáil le haon ráiteas a gceanglaíonn an t-alt seo ar an mbanc nó ar an tionscnóir é a sheachadadh.

(4) (a) Déanfaidh an banc an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (1) (c) den alt seo ar ráiteas a sheachadfaidh banc de bhun fho-alt (1) (b) den alt seo a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.

(b) Déanfaidh an tionscnóir an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (2) (c) den alt seo ar ráiteas a sheachadfaidh tionscnóir de bhun fho-alt (2) (b) den alt seo a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.

(5) (a) San fho-alt seo ciallaíonn “dáta cuí”—

(i) i ndáil le ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh de bhun fho-alt (1) (b) den alt seo, an lú lá d'Aibreán an bhliain a gceanglaítear leis an bhfo-alt sin an ráiteas a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim, agus

(ii) i ndáil le ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh de bhun fho-alt (2) (b) den alt seo, deireadh na ráithe a gcuireann an fo-alt sin de cheangal an ráiteas a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de dhá mhí di.

(b) I gcás ina mainneoidh banc nó tionscnóir, de réir mar a bheidh, aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (1) nó (2) den alt seo a sheachadadh laistigh den am a shonraítear sna fo-ailt sin nó ina mainneoidh sé an dleacht a íoc is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin, ar é a sheachadadh, dlífidh an banc nó an tionscnóir, de réir mar a bheidh ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain, ón dáta cuí go dtí an lá a n-íocfar an dleacht a íoc air mar phionós, i dteannta na dleachta, agus ina theannta sin, dlífidh sé, mar phionós breise, suim £300 a íoc in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc tar éis trí mhí ón dáta cuí, agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.

(6) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an seachadadh ar aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (1) nó (2) den alt seo a chur i bhfeidhm faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba ráiteas den sórt sin an cuntas a luaitear san alt sin agus amhail is dá mba mhainneachtain mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain faoin ráiteas sin a bheith gan seachadadh.

(7) Beidh banc nó tionscnóir, de réir mar a bheidh, i dteideal méid na dleachta stampa is iníoctha faoin alt seo a mhuirearú ar an gcuntas iomchuí faoi threoir an chuntais sin nó faoi threoir an chárta mhuirir, an chárta mhuirir cuideachta nó an chárta fhorlíontaigh lena mbaineann an cuntas agus féadfaidh sé na téarmaí agus na coinníollacha a rialaíonn an cuntas sin a chur chun feidhme maidir le hús ar an méid sin.