34 1981


Uimhir 34 de 1981


AN tACHT ÁRACHAIS, 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA ÁRACHAIS, 1909 GO 1978. [23 Nollaig, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Cumhacht Chuideachta Árachais Saoil na hÉireann Teoranta a meabhrán comhlachais a athrú.

1. —(1) San alt seo ciallaíonn “an Bhuan-Chuideachta” Cuideachta Árachais Saoil na hÉireann Teoranta.

(2) D'ainneoin aon ní in alt 14 (2) den Acht Árachais (Leasú), 1938 , nó i gclásal 7 (b) den Chomhaontú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht sin (agus dá ngairtear “an Có-aontú Sceidealta” san Acht sin), féadfaidh an Bhuan-Chuideachta a meabhrán comhlachais a athrú chun a shocrú—

(a) go bhféadfaidh an Bhuan-Chuideachta nó fochuideachta nó fochuideachtaí den Bhuan-Chuideachta nach bhfuil údaraithe gnó a sheoladh in aon cheann de na haicmí árachais dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 73/239/CEE2 ón gComhairle gnó a sheoladh in aon aicme de na haicmí árachais dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 79/267/CEE1 ón gComhairle,

(b) go bhféadfaidh an Bhuan-Chuideachta cuideachta a bunaíodh agus a cláraíodh sa Stát nó cuideachta nó cuideachtaí a bunaíodh agus a cláraíodh lasmuigh den Stát chun gnó a sheoladh in aon aicme nó i ngach aicme de na haicmí árachais dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 73/239/CEE2 ón gComhairle, a chur chun cinn nó a fháil, agus

(c) go ndéanfar na forálacha lena gcomhlíontar clásail 7 (b) (ii) go 7 (b) (iv) den Sceideal sin a scriosadh as an meabhrán comhlachais.

Leasú ar alt 2 (3) den Acht Árachais, 1953 .

2. —Leasaítear leis seo alt 2 (3) den Acht Árachais, 1953 , trí “£300,000,000” a chur in ionad “céad milliún punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Árachais (Leasú), 1978 ), agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(3) Ní mó ná £300,000,000 iomlán an dliteanais a bheas ar an Aire aon tráth i leith príomh-shuimeanna maidir le comhshocraíochta faoin alt seo.

Leasú ar alt 2 den Acht Árachais (Leasú), 1978 .

3. —Leasaítear leis seo alt 2 (1) (a) (ii) (C) den Acht Árachais (Leasú), 1978 , trí “príomh” a chur in ionad “aon” agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(C) d'urrú go n-íocfaidh nó go n-aisíocfaidh duine go cuí ar scór conartha suim airgid (lena n-áirítear ús) atá cinnte nó infhionnta (agus cibé acu in airgead reatha an Stáit nó in airgead reatha eile é), agus arb é an t-íoc nó an t-aisíoc sin príomh-oibleagáid an duine faoin gconradh, nó

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Árachais, 1981 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Árachais, 1909 go 1981, a ghairm de na hAchtanna Árachais, 1909 go 1978, agus den Acht seo le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna Árachais, 1909 go 1978

An tAcht Árachais, 1953

1953, Uimh. 7

An tAcht Árachais (Leasú), 1938

1938, Uimh. 31

An tAcht Árachais (Leasú), 1978

1978, Uimh. 30

2 IO L228, 16.8.1973, lth 3-19.

1 IO L63, 13.3.1979, lth 1-18.

2 IO L228, 16.8.1973, lth 3-19.