An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach Agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III An Banna)

3 1982

AN tACHT IOMPAIR (TIONSCNÓIRÍ TURAS AGUS GNÍOMHAIRÍ TAISTIL), 1982

CUID II

Ceadúnais

Srian le gnó a sheoladh mar thionscnóir turas.

4. —Ní sheolfaidh duine gnó mar thionscnóir turas ná ní thabharfaidh sé le tuiscint, trí fhógraíocht nó ar shlí eile, gur duine é a sheolann gnó den sórt sin mura sealbhóir é ar cheadúnas faoin Acht seo a údaraíonn dó gnó den sórt sin a sheoladh.

Srian le gnó a sheoladh mar ghníomhaire taistil.

5. —Ní sheolfaidh duine gnó mar ghníomhaire taistil ná ní thabharfaidh sé le tuiscint, trí fhógraíocht nó ar shlí eile, gur duine é a sheolann gnó den sórt sin mura sealbhóir é ar cheadúnas faoin Acht seo a údaraíonn dó gnó den sórt sin a sheoladh.

Ceadúnais.

6. —(1) Deonóidh an tAire ceadúnas chun gnó a sheoladh mar thionscnóir turas nó mar ghníomhaire taistil do dhuine más deimhin leis go gcomhlíonann an duine sin ceanglais an Achta seo.

(2) Diúltóidh an tAire ceadúnas a dheonú chun gnó a sheoladh mar thionscnóir turas nó mar ghníomhaire taistil mura deimhin leis go gcomhlíonann an duine sin ceanglais an Achta seo.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) den alt seo, diúltóidh an tAire ceadúnas faoin Acht seo a dheonú do dhuine mura deimhin leis—

(a) gur leor acmhainní airgeadais, gnó agus eagraíochta an duine sin agus aon socruithe airgeadais a bheidh déanta nó le déanamh aige chun a chuid oibleagáidí iarbhír agus a chuid oibleagáidí ionchasacha a chomhlíonadh i leith na ngníomhaíochtaí (más ann) atá á ndéanamh aige, nó atá beartaithe aige a dhéanamh má dheonaítear an ceadúnas, nó

(b) ag féachaint do ghníomhaíochtaí a rinne an duine sin nó a rinne aon duine ar fostú aige nó, i gcás gur comhlacht corpraithe an duine sin, ag féachaint do ghníomhaíochtaí a rinne aon stiúrthóir, rúnaí, scairshealbhóir, oifigeach nó seirbhíseach de chuid an chomhlachta chorpraithe, gur duine ceart oiriúnach an duine sin chun gnó a sheoladh mar thionscnóir turas nó mar ghníomhaire taistil, de réir mar a bheidh.

(4) Maidir le ceadúnas a dheonófar faoin Acht seo féadfaidh cibé téarmaí agus coinníollacha is iomchuí leis an Aire agus a shonróidh sé sa cheadúnas a bheith ann.

(5) Fanfaidh ceadúnas a dheonófar faoin Acht seo i bhfeidhm go ceann cibé tréimhse is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé sa cheadúnas.

Cumhacht chun rialacháin a dhéanamh i ndáil le ceadúnais.

7. —Féadfaidh an tAire le rialacháin a dhéanfar faoin alt seo na nithe seo a leanas a shonrú—

(a) na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh sula ndeonófar ceadúnas faoin Acht seo,

(b) an modh ina ndéanfar iarratais chun go ndeonófar ceadúnas faoin Acht seo,

(c) an cineál faisnéise agus méid na faisnéise a bheidh le tabhairt ag iarratasóir ar dheonú ceadúnais faoin Acht seo,

(d) an fhoirm ina ndéanfar iarratas ar cheadúnas faoin Acht seo,

(e) an fhoirm ina mbeidh ceadúnas a dheonófar faoin Acht seo,

(f) an tslí ina gcuirfear in iúl don phobal gur duine is sealbhóir ar cheadúnas a deonaíodh faoin Acht seo tionscnóir turas nó gníomhaire taistil,

(g) na leabhair, na cuntais agus na taifid eile a bheidh le coimeád ag an duine is sealbhóir ar cheadúnas faoin Acht seo,

(h) an áit ina gcoinneofar aon leabhair, cuntais nó taifid eile a bheidh le coimeád de bhun an Achta seo.

Téarmaí agus coinníollacha ceadúnas a chúlghairm agus a athrú.

8. —(1) Má sháraíonn duine is sealbhóir ar cheadúnas aon téarma nó aon choinníoll a bhaineann le ceadúnas faoin Acht seo, nó má mhainníonn, má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn sé é a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire—

(a) an ceadúnas a chúlghairm, nó

(b) aon téarma nó coinníoll a bhaineann leis an gceadúnas a athrú.

(2) D'ainneoin ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire ceadúnas a deonaíodh faoin Acht seo a chúlghairm, nó féadfaidh sé na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an gceadúnas sin a athrú mura deimhin leis a thuilleadh—

(a) gur leor acmhainní airgeadais, gnó agus eagraíochta an duine is sealbhóir ar an gceadúnas nó aon socruithe airgeadais a bheidh déanta aige chun a chuid oibleagáidí iarbhír agus a chuid oibleagáidí ionchasacha a chomhlíonadh i leith an ghnó ar deonaíodh ceadúnas dó ina leith, nó

(b) ag féachaint don tslí ina bhfuil an duine is sealbhóir ar an gceadúnas ag seoladh a ghnó, gur duine ceart oiriúnach é chun gnó a sheoladh mar thionscnóir turas nó mar ghníomhaire taistil.

Achomhairc.

9. —(1) Aon uair a bheartóidh an tAire ceadúnas a deonaíodh faoin Acht seo a chúlghairm, seachas de bhun alt 10 den Acht seo, nó na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an gceadúnas sin a athrú, cuirfidh sé i bhfios don duine is sealbhóir ar an gceadúnas cad atá beartaithe aige a dhéanamh agus cad iad na fáthanna atá leis, agus, má dhéanann an sealbhóir sin aon uiríoll i scríbhinn laistigh de sheacht lá, breithneoidh an tAire na huiríolla sin.

(2) Aon uair a dhiúltóidh an tAire ceadúnas a dheonú nó a chinnfidh sé, tar éis dó aon uiríolla a bheidh déanta ag an duine is sealbhóir ar cheadúnas a bhreithniú, an ceadúnas a chúlghairm nó aon téarma nó coinníoll a bhaineann leis an gceadúnas a athrú, tabharfaidh sé scéala don té a d'iarr an ceadúnas nó, de réir mar a bheidh, don duine is sealbhóir ar an gceadúnas, faoin diúltú nó faoin gcinneadh agus féadfaidh an t-iarratasóir sin nó an sealbhóir sin, laistigh de sheacht lá, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte i gcoinne an diúltaithe nó an chinnidh sin.

(3) Ar achomharc a éisteacht faoin alt seo i ndáil le diúltú ceadúnas a dheonú faoin Acht seo nó i ndáil le cinneadh an Aire ceadúnas a deonaíodh faoin Acht seo a chúlghairm nó na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le ceadúnas a athrú, féadfaidh an Ard-Chúirt an diúltú nó an cinneadh a dhaingniú nó an t-achomharc a cheadú agus, i gcás ina gceadófar achomharc, deonóidh an tAire an ceadúnas, nó ní chúlghairfidh sé an ceadúnas, nó ní athróidh sé na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an gceadúnas, de réir mar a bheidh.

(4) Ní bheidh dul thar bhreith na hArd-Chúirte ar achomharc faoin alt seo ach amháin go bhféadfar, le cead ón gCúirt sin, achomharc i gcoinne na breithe a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.

(5) Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh in aon chás ina ndiúltóidh an tAire ceadúnas a dheonú d'iarratasóir nach gcomhlíonann forálacha alt 13 den Acht seo ná in aon chás ina gcúlghairfidh an tAire ceadúnas de bhun alt 10 den Acht seo.

(6) Más rud é, tar éis tosach feidhme Chuid III den Acht seo, go ndéanfaidh duine achomharc i gcoinne chinneadh an Aire ceadúnas a chúlghairm nó aon téarma nó coinníoll a bhaineann le ceadúnas a athrú nó go ndéanfaidh sé achomharc i gcoinne an tAire do dhiúltú ceadúnas a dheonú, ní dhéanfaidh an duine sin, go dtí go gcinnfear an t-achomharc, gnó a sheoladh mar thionscnóir turas nó mar ghníomhaire taistil mura gcomhlíonfaidh sé forálacha alt 13 den Acht seo.

Ceadúnas a chúlghairm in imthosca áirithe.

10. —Más rud é, mar gheall ar mhainneachtain nó neamhábaltacht tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha a chomhlíonadh, go mbeidh aon íocaíocht déanta nó le déanamh, de bhun an Bhanna nó as an gCiste, le custaiméir, déanfaidh an tAire aon cheadúnas a deonaíodh faoin Acht seo a chúlghairm láithreach.

Cumhacht chun dul isteach in áitreabh agus iniúchadh a dhéanamh.

11. —Féadfaidh duine a bheidh údaraithe ag an Aire dul isteach gach tráth in aon áitreabh a bhfuil cúis ag an Aire chun a chreidiúint go bhfuil duine ag seoladh gnó ann mar thionscnóir turas nó mar ghníomhaire taistil agus leabhair, cuntais nó taifid a cheanglaítear a choimeád de bhun an Achta seo a iniúchadh agus a scrúdú ann.

Táillí.

12. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a dhéanfar le toiliú an Aire Airgeadais, an scála táillí is iníoctha maidir le hiarratais le haghaidh ceadúnas faoin Acht seo a shonrú.

(2) Féadfaidh an tAire cibé muirir is iomchuí leis a dhéanamh i ndáil le haon ábhar a bhaineann le ceadúnas faoin Acht seo agus cinnfidh an tAire méid aon mhuirir den sórt sin, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, agus sonrófar é i rialacháin a dhéanfar faoi fho-alt (1) den alt seo.

(3) Déanfar na táillí agus na muirir go léir is iníoctha faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste, nó a chur chun tairbhe don Státchiste, de réir ordachán ón Aire Airgeadais.

(4) Ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le haon táillí is iníoctha de bhun an Achta seo.