An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Ceadúnais) Ar Aghaidh (CUID IV An Ciste Cosanta Taistealaithe)

3 1982

AN tACHT IOMPAIR (TIONSCNÓIRÍ TURAS AGUS GNÍOMHAIRÍ TAISTIL), 1982

CUID III

An Banna

An Banna.

13. —(1) Beidh ar thionscnóir turas nó ar ghníomhaire taistil, sula ndeonófar ceadúnas dó faoin Acht seo, fianaise is inghlactha ag an Aire a chur ar fáil chun a thaispeáint go ndearna an tionscnóir turas nó an gníomhaire taistil, de réir mar a bheidh, socrú, atá sásúil don Aire, do chosaint daoine a dhéanann, le linn ré bhailíochta an cheadúnais, conarthaí leis maidir le taisteal thar lear.

(2) “An Banna” a ghairfear san Acht seo den socrú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

(3) Forálfaidh an Banna, i gcás neamhábaltacht nó mainneachtain an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil áirithe a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha a chomhlíonadh i ndáil le conarthaí taistil thar lear, go mbeidh suim airgid ar fáil ag an Aire, nó ag aon duine a bheidh ainmnithe nó ceadaithe ag an Aire, mar iontaobhaí, lena cur chun tairbhe d'aon chustaiméir de chuid an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil áirithe a thabhaigh caillteanas nó dliteanas mar gheall ar an neamhábaltacht nó ar an mainneachtain sin oibleagáidí airgeadais nó conarthacha a chomhlíonadh.

(4) Féadfar an tsuim airgid dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo a úsáid chun gach críche nó chun aon chríche díobh seo a leanas—

(a) chun saoráidí taistil a sholáthar d'aon chustaiméir de chuid an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil áirithe atá lasmuigh d'Éirinn agus nach bhfuil in ann an turas ar ais dá bhforáiltear sa chonradh taistil thar lear a dhéanamh mar gheall ar neamhábaltacht nó mainneachtain an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil áirithe a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha i ndáil leis an gconradh taistil thar lear sin a chomhlíonadh;

(b) chun aisíoc a dhéanamh le custaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil ar scór aon chaiteachas réasúnach a thabhaigh an custaiméir sin de riachtanas mar gheall ar neamhábaltacht nó mainneachtain an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha i ndáil le conradh taistil thar lear a chomhlíonadh;

(c) chun go n-aisíocfar, a mhéid is féidir, le custaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil, aon íocaíochtaí a rinne sé leis an tionscnóir turas nó leis an ngníomhaire taistil i leith conradh taistil thar lear nach bhféadfaí a chomhlánú mar gheall ar neamhábaltacht nó mainneachtain an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha i ndáil leis an gconradh taistil thar lear sin a chomhlíonadh;

(d) chun go n-íocfar aon chaiteachais réasúnacha a thabhaigh an tAire, nó chun go bhforálfar d'aon íocaíochtaí ón Aire, thar ceann custaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil i leith conradh taistil thar lear nach bhféadfaí a chomhlánú mar gheall ar neamhábaltacht nó mainneachtain an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha i ndáil leis an gconradh taistil thar lear sin a chomhlíonadh.

(5) Coimeádfaidh an tAire nó, de réir mar a bheidh, an duine a bheidh ainmnithe nó ceadaithe ag an Aire, mar iontaobhaí, na cuntais go léir is cuí agus is gnách, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe, ar an airgead go léir a bheidh faighte aige ar scór banna agus ar gach eisíocaíocht a bheidh déanta aige as aon airgead den sórt sin.

(6) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana déanfar na cuntais a bheidh á gcoimeád de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(7) Gan dochar d'aon cheart láithreach atá ag custaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil damáistí a ghnóthú i ndáil le caighdeán na cóiríochta nó na seirbhíse a bheidh curtha ar fáil de bhun chonradh taistil thar lear, ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chuirfidh ar chumas an chustaiméara sin aon damáistí a ghnóthú as aon suim airgid a bheidh curtha ar fáil faoin mBanna.

Ceanglais i ndáil leis an mBanna.

14. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil—

(a) nach ndéanfar socruithe i ndáil leis an mBanna ach amháin le daoine d'aicme nó d'aicmí a shonrófar sna rialacháin, agus

(b) gur Banna a bheidh ann, i leith cibé suim íosta, agus gur bailí dó ar feadh cibé tréimhse íosta, a shonrófar sna rialacháin.