An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III An Banna) Ar Aghaidh (CUID V Ilghnéitheach)

3 1982

AN tACHT IOMPAIR (TIONSCNÓIRÍ TURAS AGUS GNÍOMHAIRÍ TAISTIL), 1982

CUID IV

An Ciste Cosanta Taistealaithe

An Ciste Cosanta Taistealaithe.

15. —(1) Bunóidh an tAire ciste ar a dtabharfar an Ciste Cosanta Taistealaithe (dá ngairtear “an Ciste” san Acht seo) as a ndéanfar íocaíochtaí de réir fhorálacha alt 18 den Acht seo maidir le caillteanais nó dliteanais a thabhaigh custaiméirí de chuid tionscnóirí turas nó ghníomhairí taistil a shealbhaigh ceadúnas faoin Acht seo nó ar cúlghaireadh a gceadúnas agus go bhfuil achomharc á dhéanamh acu chun na Cúirte maidir leis an gcúlghairm sin, mar gheall ar neamhábaltacht nó mainneachtain na dtionscnóirí turas nó na ngníomhairí taistil a n-oibleagáidí airgeadais nó conarthacha i ndáil le conarthaí taistil thar lear a chomhlíonadh.

(2) Is feidhm de chuid an Aire acmhainní an Chiste a bhailiú, a choimeád agus a eisíoc.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo aon duine a shonraítear sna rialacháin a ainmniú chun aon cheann nó gach ceann de na feidhmeanna a thugtar don Aire leis an alt seo a chomhlíonadh.

Ranníocaí leis an gCiste.

16. —(1) Déanfaidh tionscnóir turas cibé méideanna a shonrófar i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais a ranníoc leis an gCiste, agus déanfar na ranníocaí sin cibé tráthanna agus ar cibé foras a shonrófar sna rialacháin.

(2) Féadfaidh rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo—

(a) a fhoráil go bhféadfar ranníocaí i leith an Chiste a íoc leis an Aire nó le cibé duine eile a shonrófar sna rialacháin;

(b) a fhoráil go bhféadfaidh aicmí éagsúla tionscnóirí turas ranníocaí éagsúla a dhéanamh ag féachaint do scála gnó an tionscnóra turas agus féadfaidh siad a shonrú conas a dhéanfar méideanna na ranníocaí éagsúla a chinneadh;

(c) a shonrú cathain agus conas a fhéadfar suimeanna a bheidh dlite maidir le ranníocaí leis an gCiste a íoc.

Acmhainní an Chiste.

17. —(1) Déanfaidh an tAire nó, de réir mar a bheidh, duine a bheidh ainmnithe aige de bhun alt 15 den Acht seo, acmhainní an Chiste a chothabháil agus a riaradh.

(2) Déanfar costais riaracháin an Chiste a íoc as acmhainní an Chiste.

(3) Coimeádfaidh an tAire nó, de réir mar a bheidh, an duine a bheidh ainmnithe aige de bhun alt 15 den Acht seo, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a bheidh íoctha isteach sa Chiste agus ar gach eisíocaíocht as an gCiste lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe.

(4) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana, déanfar na cuntais a bheidh á gcoimeád de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Eisíocaíochtaí as an gCiste.

18. —(1) Féadfar íocaíochtaí a dhéanamh as an gCiste chun gach críche nó chun aon chríche de na críocha seo a leanas—

(a) chun saoráidí taistil a sholáthar d'aon chustaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil atá lasmuigh d'Éirinn agus nach bhfuil in ann an turas ar ais dá bhforáiltear sa chonradh taistil thar lear a dhéanamh mar gheall ar neamhábaltacht nó mainneachtain an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil áirithe a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha i ndáil leis an gconradh taistil thar lear sin a chomhlíonadh;

(b) chun aisíoc a dhéanamh le custaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil ar scór aon chaiteachas réasú nach a thabhaigh an custaiméir sin de riachtanas mar gheall ar neamhábaltacht nó mainneachtain an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha i ndáil le conradh taistil thar lear a chomhlíonadh;

(c) chun go n-aisíocfar, a mhéid is féidir, le custaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil, aon íocaíochtaí a rinne sé leis an tionscnóir turas nó leis an ngníomhaire taistil i leith conradh taistil thar lear nach bhféadfaí a chomhlánú mar gheall ar neamhábaltacht nó mainneachtain an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha i ndáil leis an gconradh taistil thar lear sin a chomhlíonadh;

(d) chun go n-íocfar aon chaiteachais réasúnacha a thabhaigh an tAire, nó chun go bhforálfar d'aon íocaíochtaí ón Aire, thar ceann custaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil i leith conradh taistil thar lear nach bhféadfaí a chomhlánú mar gheall ar neamhábaltacht nó mainneachtain an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha i ndáil leis an gconradh taistil thar lear sin a chomhlíonadh.

(2) Ní ceadmhach íocaíochtaí a dhéanamh as an gCiste le duine i leith aon chaillteanas nó dliteanas a tabhaíodh i ndáil le conradh taistil thar lear murar shealbhaigh an tionscnóir turas nó an gníomhaire taistil áirithe, san am a ndearna an duine sin an conradh, ceadúnas faoin Acht seo, nó mura rud é gur cúlghaireadh ceadúnas an tionscnóra nó an ghníomhaire taistil sin san am sin agus go bhfuil achomharc á dhéanamh aige chun na cúirte maidir leis an gcúlghairm.

(3) I gcás airgead a bheith iníoctha ar scór an Bhanna le custaiméir, nó chun tairbhe do chustaiméir, de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil d'fhonn an custaiméir sin a chúiteamh as caillteanais nó dliteanais a thabhaigh sé i ndáil le conradh taistil thar lear—

(a) ní dhéanfar íocaíocht as an gCiste go dtí go mbeidh an t-airgead go léir is iníoctha faoin mBanna íoctha leis an duine sin nó curtha chun tairbhe don duine sin, agus

(b) ní dhéanfar íocaíocht as an gCiste le haon duine i leith caillteanais nó dliteanais a thabhaigh sé in aon chás ina bhfuil aisíoc iomlán déanta cheana féin leis an duine sin as airgead is iníoctha de bhun an Bhanna.

(4) Má tharlaíonn aon teagmhas a d'fhéadfadh difear a dhéanamh d'íocaíochtaí de bhun an Bhanna nó iad a mhoilliú, féadfaidh an tAire nó aon duine a bheidh ainmnithe aige de bhun an Achta seo, mar is rogha leis, íocaíochtaí a dhéanamh as an gCiste le haon chustaiméir, nó a chur chun tairbhe d'aon chustaiméir, de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil dá bhféadfar difear a dhéanamh agus déanfar aon suim a íocadh amhlaidh a aisíoc leis an gCiste a luaithe is féidir tar éis aon chistí is iníoctha de bhun an Bhanna a réadú.

(5) Gan dochar d'aon cheart láithreach atá ag custaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil damáistí a ghnóthú i ndáil leis an gcaighdeán cóiríochta nó seirbhíse a bheidh curtha ar fáil de bhun chonradh taistil thar lear, ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chuirfidh ar chumas an chustaiméara sin aon damáistí den sórt sin a ghnóthú as an gCiste.

(6) Féadfar le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo—

(a) a fhoráil go gcinnfear méideanna na n-íocaíochtaí as an gCiste,

(b) a fhoráil cad iad na téarmaí ar a bhféadfar agus cad é an modh ina bhféadfar aon íocaíochtaí as an gCiste a dhéanamh in aon chás áirithe nó i gcineálacha áirithe cáis.

(c) a shonrú conas a dhéanfar íocaíochtaí in aon chás nuair nach leor méid an Chiste agus aon suimeanna a bheidh dlite de bhun an Bhanna ó thionscnóir turas nó ó ghníomhaire taistil chun éilimh gach duine lena mbaineann a shásamh agus, go háirithe, a shonrú go ndéanfar, in aon chás den sórt sin, íocaíochtaí i gcomhréir leis an méid a shuífear a bheith dlite maidir le gach éileamh.

Airgead an Chiste a infheistiú.

19. —(1) Coimeádfar airgead an Chiste i gcuntas reatha a bheidh le bainistí agus le rialú ag an Aire nó i gcuntas infheistíochta a bheidh le bainistí agus le rialú ag an Aire Airgeadais.

(2) Déanfar suimeanna is iníoctha isteach sa Chiste a íoc isteach i gcuntas reatha an Chiste sin agus déanfar suimeanna is iníoctha amach as an gCiste a íoc amach as an gcuntas sin.

(3) Déanfar airgead a bheidh chun creidiúna don chuntas reatha, agus nach mbeidh ag teastáil leis an gcaiteachas reatha a íoc, a aistriú go dtí cuntas infheistíochta an Chiste.

(4) Aon uair nach leor an t-airgead i gcuntas reatha an Chiste chun dliteanais an chuntais sin a íoc, aistreofar go dtí an cuntas sin ó chuntas infheistíochta an Chiste cibé suimeanna is gá chun na dliteanais sin a ghlanadh.

(5) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo infheisteoidh an tAire Airgeadais airgead a bheidh chun creidiúna do chuntas infheistíochta an Chiste agus íocfar ioncam ó aon infheistíocht den sórt sin isteach sa chuntas sin.

(6) Féadfar infheistíocht de bhun fho-alt (5) den alt seo a dhéanamh in aon urrúis a mbeidh cumhacht dlí de thuras na huaire ag iontaobhaithe cistí iontaobhais a infheistiú iontu nó in aon cheann de na stoic, na cistí agus na hurrúis a bheidh údaraithe de thuras na huaire le dlí mar infheistíochtaí do chistí Bhanc Taisce an Phoist.