|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV An Ciste Cosanta Taistealaithe) |
AN tACHT IOMPAIR (TIONSCNÓIRÍ TURAS AGUS GNÍOMHAIRÍ TAISTIL), 1982
[EN] | ||||||||||
[EN] |
CUID V Ilghnéitheach | |||||||||
[EN] |
Cionta agus pionóis. |
20. —(1) Aon duine a sheolann gnó nó a thugann le fios go seolann sé gnó mar thionscnóir turas de shárú ar alt 4 den Acht seo, nó mar ghníomhaire taistil de shárú ar alt 5 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná £100,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air. | ||||||||
[EN] | (2) Aon duine a chuirfidh cosc nó bac le duine a bheidh údaraithe ag an Aire agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 11 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air. | |||||||||
[EN] | (3) Aon duine a dhéanfaidh ráiteas chun ceadúnas faoin Acht seo a fháil dó féin nó d'aon duine eile ar feasach dó gur ráiteas bréagach é nó a dhéanfaidh, go meargánta, ráiteas a bheidh bréagach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná £5,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air. | |||||||||
[EN] | (4) Beidh dlínse ag Breitheamh den Chúirt Dúiche cion faoin alt seo a thriail go hachomair— | |||||||||
[EN] | (a) más é tuairim an Bhreithimh sin gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh i gcoinne cosantóir a bheidh cúisithe i gcion den sórt sin, | |||||||||
[EN] | (b) má thoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí leis, agus | |||||||||
[EN] | (c) mura ndéanfaidh an cosantóir (ar an mBreitheamh á chur in iúl dó go bhfuil de cheart aige go dtrialfadh giúiré é) agóid i gcoinne é a thriail go hachomair, | |||||||||
[EN] | agus, ar é a chiontú faoin bhfo-alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur ar an gcosantóir sin. | |||||||||
[EN] | (5) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion faoin alt seo ionann is dá ndéanfaí, in ionad na bpionós a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin 13, an pionós dá bhforáiltear san alt seo a shonrú ann, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú agus beidh éifeacht leo dá réir sin. | |||||||||
[EN] |
Forálacha i ndáil le cionta. |
21. —(1) Féadfaidh an tAire imeachtaí achomaire maidir le cion faoin Acht seo a thabhairt ar aghaidh agus a ionchúiseamh. | ||||||||
[EN] | (2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire mar gheall ar chion faoin Acht seo a thionscnamh— | |||||||||
[EN] | (a) i ngach cás, laistigh de dhá bhliain ó dháta an chiona, agus | |||||||||
[EN] | (b) más rud é, ar dhul in éag don tréimhse sin, go mbeidh an duine a bheidh le cúiseamh lasmuigh den Stát, laistigh de shé mhí ó dháta a theachta isteach sa Stát. | |||||||||
[EN] | (3) I gcás comhlacht corpraithe do dhéanamh ciona faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir ar an gcomhlacht nó arb é bainisteoir, nó rúnaí nó a shamhail d'oifigeach eile de chuid an chomhlachta é, nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin chomh maith leis an gcomhlacht ciontach sa chion sin agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú dá réir sin. | |||||||||
[EN] |
Comhlachtaí corpraithe a dhíotáil. |
22. —(1) Féadfar comhlacht corpraithe a chur ar aghaidh lena thriail ar díotáil mar gheall ar chion faoi alt 20 den Acht seo le cúirtbhannaí nó gan iad. | ||||||||
[EN] | (2) Ar chomhlacht corpraithe a dhíotchúiseamh os comhair na Cúirte Cuarda féadfaidh sé pléadáil ciontach nó neamhchiontach a thaifeadadh i scríbhinn trína ionadaí agus, mura láithreoidh sé trí ionadaí a bheidh ceaptha aige chun na críche, nó, cé go láithreoidh sé amhlaidh, nach dtaifeadfaidh sé aon phléadáil, ordóidh an Chúirt pléadáil neamhchiontach a thaifeadadh agus rachaidh an triail ar aghaidh amhail is dá mbeadh an comhlacht corpraithe tar éis an phléadáil sin a thaifeadadh go cuí. | |||||||||
[EN] |
Forálacha maidir le himeachtaí i gcúirt nó i leachtú. |
23. —Le linn cinneadh a bheith á dhéanamh in imeachtaí in aon chúirt, nó in aon leachtú, ar éileamh ó dhuine i leith conradh taistil thar lear i gcoinne tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil, cuirfidh an chúirt, nó, de réir mar a bheidh, an leachtaitheoir, san áireamh a mhéad a thairbhigh an duine sin, má thairbhigh, de bhun fhorálacha an Achta seo. | ||||||||
[EN] |
Ní bheidh íocaíochtaí leis an gCiste agus leis an mBanna ina gcuid de shócmhainní tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil. |
24. —Ní áireofar íocaíochtaí a dhéanfaidh tionscnóir turas leis an gCiste de bhun alt 15 den Acht seo ná aon airgead is iníoctha de bhun an Bhanna faoina rachaidh an tionscnóir turas sin nó gníomhaire taistil de bhun alt 13 den Acht seo mar chuid de shócmhainní an tionscnóra turas sin nó an ghníomhaire taistil agus ní dhéanfar aon chuid den airgead sin a úsáid chun aon dliteanas de chuid an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil a urscaoileadh ar dhóigh ar bith ach amháin de réir an Achta seo. | ||||||||
[EN] |
Orduithe agus rialacháin. |
25. —(1) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha nó cibé forálacha iarmhartacha a bheith in aon ordú nó rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a mheasfaidh an tAire is gá nó is fóirsteanach chun forálacha an Achta seo a chur i ngníomh. | ||||||||
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire cibé orduithe nó rialacháin a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá nó is fóirsteanach chun forálacha an Achta seo a chur i ngníomh agus féadfaidh an tAire aon ordú a dhéanfar faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm. | |||||||||
[EN] | (3) Gach ordú agus rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán. | |||||||||
|