An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL A Suibscríobhanna de Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha) Ar Aghaidh (Sceideal C Critéir Cháilithe le haghaidh CITÍ)

7 1982

AN tACHT UM AN gCOMHCHISTE IDIRNÁISIÚNTA DO THRÁCHTEARRAÍ, 1982

Sceideal B

Socruithe Speisialta do na Tíortha is Lú Forás de bhun Airteagal 11, Mír 6

1.   Íocfaidh Comhaltaí in earnáil na dtíortha is lú forás mar atá mínithe ag na Náisiúin Aontaithe na Scaireanna Íoctha dá dtagraítear in airteagal 10, mír 1 (b) ar an modh seo a leanas:

(a) Déanfar 30 faoin gcéad a íoc i dtrí thráthchuid chomhionanna thar thréimhse trí bliana;

(b) Déanfar 30 faoin gcéad a íoc ina dhiaidh sin i dtráthchodanna de réir mar a chinnfidh agus nuair a chinnfidh an Bord Feidhmiúcháin é;

(c) Tar éis (a) agus (b) thuas a íoc, déanfaidh Comhaltaí an 40 faoin gcéad atá fágtha a fhianú trí nótaí gealltanais neamhinchúlghairthe, do-thráchta, neamhúsmhara a thaisceadh, agus íocfar é de réir mar a chinnfidh agus nuair a chinnfidh an Bord Feidhmiúcháin é.

2.   D'ainneoin fhorálacha airteagal 31, ní dhéanfar tír is lú forás a fhionraí óna comhaltas mar gheall ar í do loiceadh na hoibleagáidí airgid dá dtagraítear i mír 1 den sceideal seo a chomhlíonadh gan an deis iomlán a thabhairt di a cás a léiriú, laistigh de thréimhse réasúnach ama, agus a dheimhniú don Chomhairle Rialaithe nach bhfuil ar a cumas na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh.