|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil IX Scéimeanna Brabús-Roinnte) | Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1982
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Caibidil X Frithsheachaint agus Frithimghabháil | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Ús ar chánacha neamhíoctha i gcásanna calaoise nó faillí. |
59. —(1) Baineann an t-alt seo le hús is inmhuirearaithe— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) faoi ailt 20 (2) agus 50 (2) den Acht Airgeadais, 1971 , agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) faoi alt 145 (4) den Acht Cánach Corparáide, 1976 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás aon ús lena mbaineann an t-alt seo a bheith inmhuirearaithe d'aon mhí dar tosach an lú lá de Shamhain, 1982, nó aon lá dá éis, nó d'aon chuid de mhí den sórt sin, maidir le cáin a dhlitear a íoc nó a chur ar aghaidh ar an dáta sin nó roimhe nó dá éis, beidh an t-ús sin inmhuirearaithe de réir ráta 2 faoin gcéad do gach mí nó do gach cuid de mhí in ionad an ráta 1.25 faoin gcéad a luaitear in alt 46 (2) den Acht Airgeadais, 1978 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) San alt seo ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, forcháin, cáin ghnóchan caipitiúil, cáin bhrabús corparáide nó cáin chorparáide, de réir mar is iomchuí. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar fhorálacha áirithe de na hAchtanna Cánach a bhaineann le pionóis. |
60. —(1) Más rud é, tar éis dáta an Achta seo a rith (ach maidir le haon bhliain mheasúnachta nó, de réir mar a bheidh, aon tréimhse chuntasaíochta, dar críoch dáta roimh dháta an Achta seo a rith nó dáta ina dhiaidh sin) go dtarlóidh gníomh nó neamhghníomh a mbeadh, murach an fo-alt seo, an pionós nó na pionóis dá bhforáiltear in aon fhoráil de na hAchtanna Cánach a shonraítear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo ag aon uimhir thagartha le cur ar dhuine ina leith, dlífear an pionós a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin ag an uimhir thagartha sin a chur ar an duine in ionad an phionóis nó na bpionós dá bhforáiltear amhlaidh agus forléireofar an fhoráil sin, agus beidh éifeacht léi, dá réir sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I ndáil le gníomhartha nó neamhghníomhartha lena mbaineann fo-alt (1), leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 — | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) in alt 128— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) i bhfo-alt (1), trí “agus ina theannta sin, i gcás neamhchomhlíonadh leanúnaigh, a chóimhéid de phionós in aghaidh gach lae a leanfaidh an neamhchomhlíonadh” a scriosadh, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) trí fho-alt (3) a scriosadh, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) in alt 173— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) i bhfo-alt (6), trí “agus ina theannta sin, i gcás neamhchomhlíonadh leanúnaigh, a chóimhéid de phionós in aghaidh gach lae a leanfaidh an neamhchomhlíonadh” a scriosadh, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) trí fho-alt (8) a scriosadh, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) in alt 426(3), trí “dlífear pionós £500 a chur air” a chur in ionad “forghéillfidh sé suim nach mó ná £500”, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) in alt 500— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) i bhfo-alt (1), trí “agus, má leanann an mhainneachtain tar éis breithiúnas a bheith tugtha ag an gcúirt arb os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, pionós breise £10 in aghaidh gach lae a leanfaidh an mhainneachtain amhlaidh” a scriosadh, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) i bhfo-alt (2), trí “sa phionós” a chur in ionad “sa chéad phionós acu sin”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Gnóthais airgeadais agus daoine faoi dhíolúine ó cháin do cheannach scaireanna. |
61. —Beidh éifeacht le halt 371 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le díbhinní a íocfar an 26ú lá de Mhárta, 1982, nó aon lá dá éis, ionann is dá gcuirfí “deich mbliana” in ionad “sé bliana” gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (1) agus (2). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 9 (comaoin) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 . |
62. —Leasaítear leis seo alt 9 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(3) D'ainneoin fho-alt (1) agus mhír 2 (2) de Sceideal 2, i gcás ina ndéanfaidh cuideachta, an 24ú lá de Mheitheamh, 1982, nó aon lá dá éis, scaireanna sa chuideachta (dá ngairtear ‘na scaireanna nua’ anseo feasta san fho-alt seo) a leithroinnt, ar shlí seachas ar mhodh margán ar neamhthuilleamaí, ar dhuine atá bainteach leis an gcuideachta, measfar, chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, gurb í an chomaoin a thabharfaidh an duine nó a dhlífidh sé a thabhairt i leith na scaireanna nua méid (lena n-áirítear méid nialais) is ionann agus cibé méid díobh seo a leanas is lú, eadhon— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) méid nó luach na comaoine a bheidh tugtha aige i leith na scaireanna nua, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) an méid ar mó margadhluach na scaireanna sa chuideachta a shealbhaigh sé díreach tar éis leithroinnt na scaireanna nua ná margadhluach na scaireanna sa chuideachta a shealbhaigh sé díreach roimh an leithroinnt nó, murar shealbhaigh sé aon scaireanna den sórt sin díreach roimh an leithroinnt, margadhluach na scaireanna nua díreach tar éis na leithroinnte. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) I bhfo-alt (3), folaíonn ‘scaireanna’ stoc, bintiúir agus aon leasanna lena mbaineann mír 5 (2) de Sceideal 2 agus folaíonn sé freisin aon rogha i ndáil leis na scaireanna sin, agus forléireofar dá réir sin na tagairtí ann do leithroinnt scaireanna.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Srian le Sceideal 2 (cuideachtaí agus scairshealbhóirí) a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 . |
63. —(1) Ní bheidh feidhm ag mír 4 ná ag mír 5 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , maidir leis an eisiúint a dhéanfaidh cuideachta, an 24ú lá de Mheitheamh, 1982, nó aon lá dá éis, ar scaireanna sa chuideachta— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) mar mhalartú den chineál dá dtagraítear sa mhír sin 4, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) faoi scéim athchóiriúcháin nó chónasctha den chineál dá dtagraítear sa mhír sin 5, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | mura suífear go bhfuil an malartú, an t-athchóiriú nó an cónascadh á dhéanamh ar chúiseanna tráchtála bona fide agus nach cuid é d'aon chomhshocraíocht, nó scéim arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá leis, dliteanas cánach a sheachaint. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I bhfo-alt (1) tá le “scaireanna” an bhrí chéanna atá leis in alt 62. |